An Bord Pleanála

Conas dul isteach i gCruinniú Microsoft Teams mar Aoi ar an bhFeidhmchlár

• Chun dul isteach i gCruinniú Microsoft Teams mar rannpháirtí is féidir an feidhmchlár Microsoft Teams a úsáid tar éis an cuireadh chun cruinnithe a ghlacadh.

• I do chliant ríomhphoist Outlook nó eile, feicfidh tú an cuireadh, cliceáil faoi dhó ar an iontráil ‘Join Microsoft Teams Meeting’ chun an cruinniú a oscailt.

• Nuair a bhíonn an cruinniú ar oscailt ba chóir go mbeadh sé cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.

Nuair a bhíonn an cruinniú ar oscailt ba chóir go mbeadh sé cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.

• Roghnaigh 'Join Microsoft Teams Meeting'.

• Osclóidh fuinneog i do bhrabhsálaí, roghnaigh 'Download the Windows' app.

Osclóidh fuinneog i do bhrabhsálaí, roghnaigh 'Download the Windows' app leis an ngabháil scáileáin.

• Tosóidh an feidhmchlár ag íoslódáil.

Tosóidh an feidhmchlár ag íoslódáil leis an ngabháil scáileáin.

• Tosóidh Microsoft Teams an próiseas suiteála.

Tosóidh Microsoft Teams an próiseas suiteála leis an ngabháil scáileáin.

• Tar éis an feidhmchlár Teams a shuiteáil ar do ghléas, osclóidh sé agus is féidir go n-iarrfar ort d’ainm a chur isteach. Cuir isteach é, más gá, agus roghnaigh 'Join now'.

Tar éis an feidhmchlár Teams a shuiteáil ar do ghléas, osclóidh sé agus is féidir go n-iarrfar ort d’ainm a chur isteach. Cuir isteach é, más gá, agus roghnaigh 'Join now' leis an ngabháil scáileáin.

• Is féidir go mbeidh ort fanacht go dtí go nglacann eagraí an chruinnithe le d’iarratas ar dhul isteach sa chruinniú.

Is féidir go mbeidh ort fanacht go dtí go nglacann eagraí an chruinnithe le d’iarratas ar dhul isteach sa chruinniú  leis an ngabháil scáileáin

• Fad a bhíonn tú sa chruinniú, feicfidh tú scáileán cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.

Fad a bhíonn tú sa chruinniú, feicfidh tú scáileán cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.

Suiteálfar Teams App anois ar do ghléas.

Suiteálfar Teams App anois ar do ghléas leis an ngabháil scáileáin.


Is féidir an treoirleabhar a íoslódáil i bhfoirm PDF anseo. [PDF, 1.2MB]




Dáta an leasaithe deireanaigh: 28/08/2020