Cód Iompair do Chomhaltaí den Bhord, D’fhostaithe agus do Dhaoine Áirithe Eile
Arna ghlacadh ag an mBord An 20ú Eanáir 2003
John O’Connor
Cathaoirleach
CLÁR
- RÉAMHRÁ
- COMHALTAS D’EAGRAÍOCHTAÍ, DE CHUMAINN AGUS DE CHOMHLACHTAÍ EILE
- COMHALTAS/LEASANNA AIRGEADAIS I GCOMHLACHTAÍ, COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ NÓ COMHLACHTAÍ EILE
- OBAIR A GHABHÁIL DE LÁIMH LE LINN COMHALTAIS/FOSTAÍOCHTA AGUS DÁ ÉIS
- GLACADH LE BRONNTANAIS
- NOCHTADH FAISNÉISE
- SOLÁTHAR POIBLÍ
- CRUINNEAS FAISNÉISE
- TIMPEALLACHT NA HOIBRE AGUS AN COMHSHAOL SEACHTRACH
- ACHOMHAIRC A BHREITHNIÚ
- CUMARSÁID MHÍCHUÍ
- NÓSANNA IMEACHTA AG CRUINNITHE DEN BHORD
- NÓSANNA IMEACHTA D’FHOSTAITHE/DO DHAOINE EILE A BHEIDH AG DÉILEÁIL LE CÁSANNA
- SANNTADH COMHAD NÓ OIBRE EILE
CÓD IOMPAIR DO CHOMHALTAÍ DEN BHORD AGUS D’FHOSTÓIRÍ
1. RÉAMHRÁ
Ginearálta
Is comhlacht neamhspleách riaracháin é An Bord Pleanála a bunaíodh sa bhliain 1977 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, agus tá sé freagrach as cinneadh ar achomhairc pleanála, tarchur, orduithe ceannaigh éigeantaigh, mórthionsacail bonneagair de chuid rialtas áitiúla agus níthe áirithe eile faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus 2002. Tá an Bord freagrach chomh maith as déileáil le hachomhairc faoin Acht um Rialú Foirgníochta, 1990, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990, agus an tAcht um Thruailiú Aeir, 1987.
Cuireann alt 150 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Aguisín 1) de cheangal ar an mBord glacadh le cód iompair do chomhaltaí agus d’fhostaithe. Tá sé de chuspóir ag an gCód seo na ceanglais reachtúla a chomhlíonadh. Is é an rún go gcloífeadh comhaltaí agus fostaithe ní amháin le focail an Chóid ach lena spiorad i modh a chothaíonn, ag an leibhéal is airde, muinín agus iontaoibh an phobail as an mBord agus a chuid oibreachtaí.
Ba chóir do chomhaltaí agus d’fhostaithe an Bhoird a bhfreagracht maidir le bheith dílis don eagraíocht a admháil. Ba chóir do gach comhalta agus fostaí den Bhord a chinntiú nach mbainfear úsáid as aon cheann d’acmhainní na heagraíochta, lena n-áirítear am na foirne, ar mhaithe le gnóthachtáil phearsanta nó ar mhaithe le gníomhartha nach bhfuil baint acu leis an eagraíocht mura n-údaraítear amhlaidh. Ná níor chóir do chomhaltaí ná don fhoireann gnóthachtáil d’aonturas ó fhaisnéis íogair a fhéadfadh a theacht ina seilbh agus á ndualgais á dtabhairt de láimh acu.
Ráiteas Misin
Ár gcuid a dhéanamh mar chomhlacht neamhspleách lena chinntiú go dtabharfar aird ar phrionsabail forbartha inbhuanaithe ó thaobh fhorbairt fhisiceach agus mhórthionscadail bonneagair in Éirinn agus go bpleanálfar iad ar bhealach a bheidh éifeachtach, cóir agus oscailte.
Cuspóirí
- A dhualgas reachtúil a chomhall maidir le hachomhairc agus nithe eile a chinneadh go dlúsúil, agus, go háirithe, a chuspóirí reachtúla a chomhlíonadh maidir le cinneadh a dhéanamh ar achomhairc, tarchur, orduithe ceannaigh éigeantaigh, tionscadail bonneagair agus nithe eile laistigh de 18 seachtain (sprioc straitéiseach 90%).
- Gach ní a thagann roimhe a chinneadh de réir:
- phrionsabal ceartais aiceanta agus bhunreachtúil,
- phronsabal forbartha inbhuanaithe, agus,
- phleanáil iomchuí agus fhorbairt inbhuanaithe an limistéir lena mbaineann
- Seirbhís d’ardcháilíocht, éifeachtach agus fheidhmiúil a thabhairt trí fhoireann a bheidh oilte agus spreagtha.
- A chuid oibre a thabhairt de láimh ar bhealach neamhspleách lena mbainfidh éiteas na seirbhíse poiblí ó thaobh ionracais, cothroime agus mian freastal ar an leas poiblí ag féachaint go cuí do gach dearcadh agus leas dlisteanach.
- A chinntiú:
- go ndéanfar acmhainní daonna, eagraíocht, cóiríocht agus seirbhísí lárnacha tacaíochta an Bhoird a sholáthar agus a fhorbairt go héifeachtach,
- go ndéanfar bainistiú agus rialú cuí ar a shócmhainní airgeadais, agus
- go mbeidh seirbhís éifeachtach faisnéise/cumarsáide ann don phobal.
- Aird a bheith aige ar bheartais iomchuí Rialtais agus Aireachta agus teacht ar an eolas maidir le cúramaí geallshealbhóirí.
- Céim ard cuntasachta, a bheidh i gcomhréir le nádúr leithdhlíthiúil fheidhmeanna an Bhoird, a léiriú.
- A chinntiú go mbeidh cinnte bunaithe ar chúinsí agus ar chúiseanna a bheidh curtha in iúl go soiléir.
2. COMHALTAS d’EAGRAÍOCHTAÍ, de CHUMAINN AGUS de CHOMHLACHTAÍ EILE
2.1 Ní fhéadfaidh aon chomhalta den Bhord nó an Príomh-Oifigeach, nó an tOifigeach Pleanála, nó an Rúnaí a bheith ina chomhalta/comhalta de pháirtí polaitiúil.
2.2 Más rud é go bhfuil nó go mbeidh fostaí, seachas sealbhóir poist dá dtagraítear i mír 2.1, ina chomhalta/comhalta de pháirtí polaitiúil, ní foláir dóibh dearbhú maidir le sin a dhéanamh don Rúnaí. Thairis sin, más rud é go bhfuil nó go mbeidh fostaí ina shealbhóir/sealbhóir oifige do pháirtí polaitiúil nó ina shealbhóir/sealbhóir oifige ar phost ainmnithe nó tofa do pháirtí polaitiúil, ní foláir é seo a dhearbhú don Rúnaí.
2.3 Féadfaidh comhaltaí den Bhord agus fostaithe a bheith ina gcomhaltaí dá gcomhlachtaí/institiúidí proifisiúnta nó de cheardchumainn, agus a bheith rannpháirteach i ngníomhartha na gcomhlachtaí seo.
2.4 Ba chóir do chomhalta nó d’fhostaí gan ligean d’aon bhaint, a bheidh aige/aici le cumainn sheachtracha, dul thar comhlachas dá chomhlacht/comhlacht proifisiúnta féin nó thar chomhlachas i gclubanna, in eagraíochtaí agus i ngrúpaí eile nach bhfuil sé d’aidhm ag a n-aidhmeanna, a gcuspóirí, a ngníomhartha nó a gcláir sin tionchar a bheith acu ar bheartais phleanála agus/nó chinnte pleanála. Ní bhaineann an srian seo le comhlachas i gcumainn áitritheoirí áitiúla. I gcás go n-éiríonn ceist maidir le heagraíocht a bheith laistigh de raon na fomhíre seo, ba chóir an cheist a tharchur chuig an gCathaoirleach.
3. COMHALTAS/LEASANNA AIRGEADAIS I gCOMHLACHTAÍ, COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ NÓ COMHLACHTAÍ EILE
3.1 Déanfar aon chomhlachas a mbeidh nádúr airgid ag baint leis nó aon leas airgeadais i gcomhlachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó i gcomhlachtaí eile a dhearbhú agus leanfaidh comhlachtaí an Bhoird agus na fostaithe na nósanna imeachta leagtha amach i míreanna 12 agus 13 maidir lena mbaint leo/a gcomhlachas iontu, i gcás go dtiocfadh nó gur dhealraitheach go dtiocfadh coinbhleacht leasa i ndáil le cás áirithe.
4. OBAIR A GABHÁIL DE LÁIMH LE LINN COMHALTAIS/FOSTAÍOCHTA AGUS DÁ ÉIS
4.1 Is i gcáil lánaimseartha a bheidh comhlachas an Bhoird. Ní ghlacfaidh aon chomhalta le sochair ó fhostaíocht sheachtrach, ó sheirbhís sainchomhairle nó comhairleach seachas le cead i scríbhinn ón gCathaoirleach.
4.2 Ar fhágáil oifige dó/di, níor chóir d’aon chomhalta den Bhord fostaíocht a ghlacadh a bhfuil baint aici le haon chás a bhí leis an mBord le linn a thréimhse/tréimhse oifige, nó gníomhú mar shainchomhairleoir nó ar chuma eile i ndáil le haon chás a bhí leis an mBord le linn a thréimhse/tréimhse oifige.
4.3 Ní ghlacfaidh ná ní bhfaighidh aon fhostaí, seachas le cead i scríbhinn ón bPríomh-Oifigeach, aon sochair ó fhostaí seachtrach a fhéadfaidh a bheith in aon slí in ionannas le coinbhleacht leasa nó a fhéadfaí, le réasún, a fhorléiriú a bheith in ionannas le coinbhleacht leasa i ndáil le haon nithe a bhaineann leis na feidhmeanna arna ngabháil de láimh ag an mBord Pleanála.
4.4 Ar fhágáil fostaíochta, níor chóir d’aon fhostaí d’aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe chun críocha alt 147 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, fostaíocht a ghlacadh a bhfuil baint aici le haon chás a bhí leis an mBord le linn a thréimhse/tréimhse oifige, nó gníomhú mar shainchomhairleoir nó ar chuma eile i ndáil le haon chás a bhí leis an mBord le linn a thréimhse/tréimhse fostaíochta.
5. GLACADH LE BRONNTANAIS
5.1 Níor chóir do chomhalta nó d’fhostaí glacadh le nó toiliú glacadh le bronntanais, cuirí, urraíocht, comaoineacha nó fabhair, ná níor cheart dó/di iad a fháil nó toiliú iad a fháil, ó aon duine nó ó chomhlacht dó/di féin nó d’éinne eile, a bhféadfaí iad a fhorléiriú mar aslach nó luach saothair as aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh a dhéanamh, nó tionchar a imirt i ndáil le feidhmeanna nó gnó an Bhoird.
6. NOCHTADH FAISNÉISE
6.1 Toirmisceann alt 113 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, ar chomhaltaí nó ar fhostaithe an Bhoird faisnéis shonraithe a nochtadh gan cead an Bhoird. Níl feidhm ag an alt seo maidir le faisnéis a nochtfaidh an Bord (a) don Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, (b) de réir fhorálacha an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, agus (c) de réir Rialachán um Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol), 1998.
6.2 Níor chóir do chomhaltaí ná d’fhostaithe an Bhoird tuairim a chur in iúl d’aon dhuine den phobal a bhaineann le haon ní atá os comhair an Bhoird, seachas faisnéis eile a thabhairt i ndáil le nósanna imeachta agus comhlíonadh an chuspóra reachtúil, a bhfuil sé cuí iad a thabhairt.
6.3 Níor chóir d’aon chomhalta nó fostaí den Bhord faisnéis maidir leis an méid seo a leanas a thabhairt d’aon pháirtí, breathnóir nó duine den phobal:-
- ainmneacha chomhaltaí an Bhoird nó an cigire a bheidh ag déileáil le cásanna áirithe,
- faisnéis shonraithe i ndáil le cruinnithe an Bhoird,
- freastal, sa todhchaí, ar chruinnithe an Bhoird,
- comhshocruithe chomhaltaí an Bhoird maidir le saoire sa todhchaí,
- ábhair mholtaí/thuarascáil an Chigire, nó téarmaí ordú de chuid an Bhoird le linn tréimhse bailíochta achomhairc nó tarchuir, go dtí go mbeidh siad ar fáil go ginearálta de réir na nósanna imeachta cuí.
6.4 Ba chóir aon fhiosrúchán ó na meáin chuig comhalta nó fostaí an Bhoird a dhíriú chuig an Rúnaí ar an gcéad dul síos.
6.5 Ach amháin le cead an Chathaoirligh i scríbhinn, ní fhéadfaidh aon chomhalta nó fostaí
- ráiteas a dhéanamh nó agallamh a thabhairt do na meáin i dtaobh an Bhoird do chomhall a fheidhmeanna,
- aon ní a bhaineann leis an mBord do chomhall a fheidhmeanna a ullmhú le haghaidh a fhoilsithe, a fhoilsiú, nó, ar aon chuma eile, a chur faoi deara nó a cheadú é a bheith foilsithe nó craobhscaoilte ar an raidió nó ar an teilifís nó trí aon mheán eile,
- páipeár a thabhairt i dtaobh an Bhoird do chomhall a fheidhmeanna,
- tuairim nó tuairimí a chur nó
cabhrú lena gcur in áit a mbeidh teacht ag an bpobal orthu, ar
tuairim nó tuairimí í nó iad a bhaineann le
hábhair phleanála i gcoitinne, i gcás go
bhféadfaí na tuairimí sin a fhorléiriú, le
réasún, mar ábhar a dhéanfadh, in aon slí,
dochar don duine sin, nó a chuirfeadh bac ar an duine sin a
dhualgais/dualgais laistigh den Bhord a ghabháil de láimh go
neamhchlaonta nó go bhféadfaí, le réasún, iad
a fhorléiriú mar ábhair a dhéanfadh difear do
neamhchlaonadh nó d’oibiachtúlacht an Bhoird.
Ní bheidh feidhm ag fomhíreanna (i) go (iii) thuas maidir le sealbhóirí oifige de chuid comhlachtaí proifisiúnta le linn thréimhse a n-oifigí.
7. SOLÁTHAR POIBLÍ
7.1 Déanfar ceannach earraí/seirbhísí a sheoladh de réir Threoirlínte Fála Poiblí an Bhoird Pleanála. Ní foláir do chomhaltaí agus d’fhostaithe an Bhoird a bhfreagracht a aithint i ndáil le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus a fhaightear i ndáil le tairscintí, agus ní foláir dóibh gan an fhaisnéis sin a scaoileadh ach de réir na gcleachtas atá bunaithe.
8. CRUINNEAS FAISNÉISE
8.1 Glacfaidh fostaithe de chúram orthu féin a chinntiú go mbeidh na cuntais, na tuarascálacha agus na staitisticí go léir a bhaineann le gnó an Bhoird cruinn agus nach mbeidh siad míthreorach.
9. TIMPEALLACHT NA HOIBRE AGUS AN COMHSHAOL SEACHTRACH
9.1 Tugann an Bord an tosaíocht is airde do chur chun cinn agus do chosaint sláinte agus sábháilteacht a chomhaltaí agus a fhostaithe. Déanfaidh an Bord a ghnó a oibriú in a leithéid de shlí go gcinnteofar go gcuirfear san áireamh go hiomlán cúramaí an phobail áitiúil sa limistéar ina bhfuil a oifigí suite agus go mbeidh a chleachtais de réir inbhuaine an chomhshaoil.
NÓS IMEACHTA CUÍ
10. ACHOMHAIRC A BHREITHNIÚ
10.1 Tá sé den riachtanas, ar mhaithe le leasanna an cheartais aiceanta agus bhunreachtúil, go leanfaí nósanna imeachta cuí.
10.2 Tá an Bord faoi oibleagáid de réir dlí a chinntiú nach gcuirfear aon mhoill inseachanta ag aon chéim ar an bpróiseas achomhairc, agus tá sé mar chuspóir reachtúil aige cinneadh a dhéanamh ar chásanna laistigh d’ocht seachtain déag nó de cheithre mhí, de réir mar is cuí
10.3 Tá sé de dhualgas ar gach comhalta/fostaí den Bhord -
- gan gabháil d’iompar atá ainionraic nó a fhéadfadh, ar shlí eile, droch-cháil a tharraingt ar sheasamh an Bhoird nó a dhéanfadh dochar don Bhord a fheidhmeanna a chomhall go héifeachtach, agus
- a bheith inniúlach, éifeachtach, cúirtéiseach agus proifisiúnta i gcomhlíonadh a dhualgais/dualgais dó/di.
11. CUMARSÁID MHÍCHUÍ
11.1 Faoi alt 114 den Acht 2000, tá sé neamhdhleathach ag duine cumarsáid a dhéanamh leis an gCathaoirleach, le gnáthchomhalta den Bhord, le fostaí, le sainchomhairleoir, le comhairleoir nó le duine eile a mbaineann an Bord leas as a sheirbhísí/seirbhísí, d’fhonn tionchar míchuí a imirt ar chinneadh ar nithe a bhfuil a gcúram ar an mBord nó ar chinneadh de chuid an Bhoird maidir le haon ní den sórt sin. Tá sé de dhualgas ar aon duine den sórt sin, ar chumarsáid den sórt sin a fháil, gan bacadh a thuilleadh leis an gcumarsáid agus aire an Bhoird a tharraingt uirthi gan mhoill.
12. NÓSANNA IMEACHTA AG CRUINNITHE DEN BHORD
12.1 I gcás leas airgid nó leas tairbhiúil eile, a bheith ag comhalta den Bhord, ar leas é in aon achomharc nó ní eile, nó ar leas é atá ábhartha d’aon achomharc nó ní eile atá le cinneadh ag an mBord faoi aon achtachán
- déanfaidh sé/sí nádúr a leasa a nochtadh do Chathaoirleach an Bhoird;
- ní bheidh sé/sí rannpháirteach in aon díospóireacht nó breithniú nó vóta ar an ní ;
- ní dhéanfaidh sé/sí tionchar a imirt nó ní dhéanfaidh sé/sí iarracht tionchar a imirt ar chinneadh an Bhoird i ndáil leis an ní.
12.2 Nuair a bheidh comhalta den Bhord ag tíolacadh comhaid ag cruinniú den Bhord, ba chóir do gach comhalta eile aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a nochtadh.
12.3 I gcás go n-éiríonn ceist i dtaobh coinbhleacht leasa a bheith ann nó gan í a bheith ann, cinnfidh Cathaoirleach an Bhoird an bhfuil sé iomchuí don chomhalta a bheith rannpháirteach. Nochtfaidh an Cathaoirleach don Bhord gur éirigh ceist den sórt sin.
12.4 Nuair a bheidh comhalta den Bhord ag tíolacadh comhaid, ní foláir na nithe iomchuí maidir le nósanna imeachta agus pointí teicniúla a bheidh i gceist a phlé. Tá sé de dhualgas ar an gcomhalta an t-achomharc a thíolacadh go hoibiachtúil agus ba chóir deis a thabhairt do chomhaltaí eile a bheidh i láthair a dtuairimí a chur in iúl sula ndéanfar cinneadh.
13. NÓSANNA IMEACHTA D’FHOSTAITHE/DO DHAOINE EILE A BHEIDH AG DÉILEÁIL LE CÁSANNA
13.1 I gcás leas airgid nó leas tairbhiúil eile a bheith ag fostaí den Bhord, Cigire ar tháille-in-aghaidh-cáis, sainchomhairleoir, nó comhairleoir fostaithe ag an mBord, nó aon duine eile a mbaineann an Bord úsáid as a sheirbhísí/seirbhísí, ar leas é in achomharc nó in aon ní eile, nó ar leas é atá ábhartha d’aon achomharc nó ní eile atá le cinneadh ag an mBord, déanfaidh siad de réir na gceanglas seo a leanas:
- ní imreoidh siad tionchar ná ní dhéanfaidh siad iarracht tionchar a imirt ar phróiseáil an cháis nó ar chinneadh an Bhoird maidir leis an ní;
- nochtfaidh siad i scríbhinn chuig an Rúnaí nádúr a leasa agus comhlíonfaidh siad aon orduithe a fhéadfaidh an Bord a thabhairt i ndáil leis na ní.
13.2 I gcás go measfar go bhfuil leas airgid nó tairbhiúil ag fostaí, Cigire ar tháille-in-aghaidh-an-cháis, sainchomhairleoir, comhairleoir nó aon duine eile a mbaintear leas as a sheirbhísí/seirbhísí ar leas é in aon achomharc nó ní eile nó ar leas é atá ábhartha d’aon achomharc nó ní eile, taifeadfar é seo i bhfoirm meamraim agus déanfar an comhad a chur ar ais chuig an Oifigeach Pleanála an Leas-Oifigeach Pleanála nó chuig maor eile, de réir mar is cuí, le haghaidh athshannta. Ba chóir don duine an meamram a chur ar aghaidh chuig an Rúnaí a choimeádfaidh clár de nithe den sórt sin.
14. SANNADH COMHAID AGUS OIBRE EILE
14.1 Ciallaíonn sannadh,
- obair, lena n-áirítear comhad nó ní eile, a shannadh chuig fostaí, Cigire, sainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile a mbaineann an Bord úsáid as a sheirbhísí/seirbhísí chun tuarascáil/moladh nó aon ní eile a bhfuil baint aige le cás, a ullmhú, nó
- leithdháileadh comhaid nó ní eile ar chomhalta den Bhord lena bhreithniú nó lena thíolacadh os comhair an Bhoird.
14.2 Ní dhéileálfaidh comhalta nó duine eile dá dtagraítear in 14.1, d’aonturas le comhad nó ní eile nó ní dhéanfaidh sé/sí rannpháirtíocht i gcinneadh cáis a bhaineann lena neaschomharsanacht féin nó a bhaineann le daoine a bhfuil aithne mhaith ar bhonn pearsanta aige/aici orthu.
14.3 Ní dhéileálfaidh comhalta nó duine eile dá dtagraítear ag 14.1, d’aonturas le comhad a bhaineann le húdarás pleanála nó le cleachtas príobhaideach ina raibh sé/sí fostaithe le linn an dá mhí dhéag roimhe sin nó le haon eagraíocht dheonach nó phroifisiúnta a bhfuil nó a raibh an duine ina chomhalta/comhalta di le linn an dá mhí dhéag roimhe sin
14.4 Ní dhéileálfaidh comhalta nó duine eile dá dtagraítear in 14.1, d’aonturas le comhad nó ní dhéanfaidh sé/sí rannpháirtíocht i gcinneadh aon cháis a bhaineann le talamh, gnó nó leasanna proifisiúnta atá ina n-ábhar dá dhearbhú/dearbhú leasanna.
14.5 I gcás go bhfuil amhras ann maidir le haon cheist a éiríonn faoi 14.2, 14.3 nó 14.4, is iad an Cathaoirleach (do chomhaltaí den Bhoird), an Rúnaí (don fhoireann riaracháin) nó an tOifigeach Pleanála (d’fhoireann na Cigireachta) a dhéanfaidh an ní a réiteach.
14.6 Ní iarrfaidh aon chomhalta nó fostaí, seachas an Cathaoirleach, go ndéanfar comhad a shannadh dó/di.
14.7 I gcás go sanntar d’aon chomhalta nó d’aon fhostaí den Bhord, comhad a thiteann isteach sna catagóirí a imlítear i míreanna 14.2, 14.3 nó 14.4, ba chóir seo a thaifead i bhfoirm meamraim agus ba chóir an comhad a athshannadh. Ba chóir an meamram a chur ar aghaidh chuig an Rúnaí a choimeádfaidh clár de nithe den sórt sin
AGUISÍN 1 RIACHTANAIS REACHTÚLA – ALT 150 DE RÉIR MAR ATÁ SIAD IOMCHUÍ DON BHORD
Forálann alt 150 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, go nglacfaidh an Bord le cód iompair le haghaidh déileáil le coinbhleachtaí leasa agus le haghaidh muinín an phobail in ionracas sheoladh a ghnó a chur chun cinn.
- Ráiteas i scríbhinn a leagfaidh amach beartas an Bhoird ar an nithe seo a leanas, ar a laghad, a bheidh mar ábhar chód iompair:
- leasanna agus caidrimh a nochtadh i gcás na leasanna agus na caidrimh a bheith iomchuí maidir le hobair an Bhoird
- comhaltas d’eagraíochtaí, de chumainn agus de chomhlachtaí eile, proifisiúnta nó eile;
- comhaltas de chuideachtaí, de chomhpháirtíochtaí nó de chomhlachtaí eile nó leasanna airgid iontu;
- obair a ghlacadh de láimh, nach obair thar ceann an Bhoird, le linn aon tréimhse fostaíochta leis an mBord nó dá éis, mar shainchomhairleoir, mar chomhairleoir nó eile;
- glacadh le bronntanais, urraíocht, comaoineacha nó fabhair;
- faisnéis a nochtadh a bhaineann le nithe a bhaineann le hobair an Bhoird
- nós imeachta cuí a leanúint i ndáil le feidhmeanna an Bhoird, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir leis na nithe seo a leanas-
- achomhairc phleanála a phróiseáil,
- deonú ceadaithe a sháródh go hábhartha an plean forbartha, agus
- comhaltaí agus fostaithe do nochtadh aon uiríoll a dhéanfar chuig na comhaltaí nó na fostaithe sin i scríbhinn nó eile, i ndáil leis na nithe sin.
- Beidh feidhm ag an alt seo maidir leo seo a leanas –
- comhalta den Bhord, agus
- fostaí de chuid an Bhoird nó aon duine eile –
- a mbainfidh an Bord úsáid as a sheirbhísí/seirbhísí, agus
- is d’aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo.
- Is coinníoll de choinníollacha ceaptha
comhaltaí den Bhord go gcomhlíonfaidh siad an cód
iompair.
Is coinníoll de choinníollacha ceaptha daoine atá liostaithe ag fo-alt (3)(c) in Acht 2000 go gcomhlíonfaidh siad an cód iompair.
- Féadfaidh an Bord tráth ar bith an cód iompair arna ghlacadh faoin alt seo a athbhreithniú agus féadfaidh sé -
- an cód iompair a leasú, nó
- cód iompair nua a ghlacadh.
2. NOCHTADH LEASANNNA AGUS CAIDRIMH: - FORÁLACHA REACHTÚLA IOMCHUÍ
2.1 Deir alt 147 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, go mbeidh sé de dhualgas ar dhuine dearbhú a bheidh sínithe aige/aici maidir lena leasanna a thabhairt fad is a bhaineann an t-alt seo leis/léi. Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis na daoine seo a leanas:
- comhalta den Bhord,
- fostaí de chuid an Bhoird nó aon duine eile –
- a mbaineann an Bord úsáid as a sheirbhísí/seirbhísí, agus
- is d’aicme, de thuairisc nó de ghrád a
bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo.
Leagann Airteagal 180 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, amach an aicme, an tuairisc agus an grád mar seo a leanas:
- Tá na haicmí, na tuairiscí agus na grádanna d’fhostaithe de chuid an Bhoird agus na daoine eile seo a leanas forordaithe leis seo chun críocha altanna 147 agus 150 den Acht–
- gach fostaí de chuid an Bhoird, ach amháin iad siúd i bhfostaíocht –
- nach bhfuil na cáilíochtaí lena haghaidh go hiomlán nó i bpáirt proifisiúnta nó teicniúil, agus atá
- a bhfuil an t-uasluach saothair lena haghaidh níos lú na an t-uasluach saothair le haghaidh oifig Oifigeach Feidhmiúcháin sa Státseirbhís,
- gach oifigeach de chuid an Aire, atá, de bhun comhshocraíochta arna déanamh faoi alt 122(1) den Acht,
- gach duine fostaithe, i gcáil páirtaimseartha,
ag an mBord de réir alt 120(2) den Acht, agus atá
ag gabháil do dhualgais a bhaineann le hachomhairc, tarchuir nó nithe eile a atá lecinneadh ag an mBord faoin Acht nó faoi aon achtachán eile.
- Beidh gach duine fostaithe mar shainchomhairleoir nó
mar chomhairleoir don Bhord faoi alt 124 den Acht forordaithe leis seo chun
críocha alt 150 den Acht.
Ar a gceapadh chuig an mBord nó ar thosach fostaíochta leis an mBord, beidh sé de cheangal ar chomhaltaí agus ar fhostaithe den Bhord nó ar aon duine eile a mbaineann an Bord úsáid as a sheirbhísí/seirbhísí agus a bhaineann le haicme, tuairisc nó grád atá forordaithe chun críocha an ailt seo, dearbhú reachtúil a dhéanamh ina mbeidh sonraí maidir le gach leas lena mbaineann an t-alt seo maidir le
- aon eastát nó leas in aon talamh ina sheilbh aige/aici, ach ní chuirfear san áireamh leas i dteach príobhaideach, laistigh de mhíniú mhír 1(4) den Dara Sceideal den Acht a ghabhann leis an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995;
- aon ghnó ag déileáil i dtalamh nó i bhforbairt talún a bhfuil sé/sí ag gabháil dó nó fostaithe leis nó léi nó aon ghnó den sórt sin atá á sheoladh ag cuideachta nó ag comhlacht eile ar comhalta di/de eisean/ise nó aon ainmní dá chuid/cuid;
- aon slí beatha, gnó nó ceard a bhfuil sé/sí ag gabháil di/dó ar mhaithe leis/léi féin nó eile, agus a bhaineann le déileáil nó le forbairt talún
- aon ghairm, gnó nó slí beatha dá
bhfuil an duine sin ag gabháil, dó/di féin nó ar
shlí eile, agus a bhaineann le déileáil i dtalamh nó
le forbairt talún.
Beidh an clár leasanna arna choimeád ag oifigí an Bhoird agus beidh sé ar fáil le haghaidh a iniúchta poiblí le linn uaireanta oifige. Tabharfar dearbhú ar a laghad uair sa bhliain agus i gcás ina dtarlóidh athrú maidir le sonraí leasa. Bainfear úsáid as an fhoirm dhearbhaithe reachtúil chun na críche seo.
2.2 Ní mheasfar leas a bheith ag daoine más leas chomh fánach nó chomh beag sin é nach inmheasta le réasún gur dóigh dó dul i gcion orthu agus é nó í ag breathnú nó ag plé nó ag vótáil ar aon cheist i ndáil le haon ní a éireoidh nó a thiocfaidh os comhair an Bhoird nó le linn dó/di aon fheidhm i ndáil le haon ní den sórt sin a chomhlíonadh.
2.3
- I gcás ina mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile dá dtagraítear i bhfo-ailt (3), (4) nó (5) d’alt 147 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, de dhroim agus amháin de dhroim scaireanna i gcuideachta nó i gcomhlacht eile a bheith ar úinéireacht thairbhiúil aige/aici nó ag a ainmní/hainmní agus nach mó luach iomlán na scaireanna sin ná cibé acu seo a leanas is lú-
- €12,697.38, nó
- an céadú cuid de luach ainmniúil
iomlán scairchaipitil eisithe na cuideachta nó an chomhlachta
nó, i gcás inar eisíodh an caipiteal sin ina scaireanna
d’aicmí de bhreis ar aon aicme amháin, scairchaipiteal
eisithe na haicme nó na n-aicmí scaireanna ina bhfuil leas
aige/aici,
ní bheidh feidhm ag na ceanglais reachtúla a bhaineann le dearbhú agus nochtadh i ndáil leis an leas sin.
- Measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine:
- má tá sé/sí nó a chéile/céile, nó aon ainmnitheach dá chuid/cuid nó dá chéile/céile, ina chomhalta/comhalta de chuideachta nó d’aon chomhlacht eile a bhfuil leas tairbhiúil aige/aici i ní dá dtagraítear i bhfo-altanna (1) go (5) d’alt 148 den Acht um Pleanáil, 2000, nó ar leas é atá ábhartha do leas i ní dá dtagraítear i bhfo-altanna (1) go (5) d’alt 148 den Acht um Pleanáil, 2000,
- má tá sé/sí nó a chéile/céile i gcomhpháirtíocht le duine nó i bhfostaíocht ag duine a bhfuil leas tairbhiúil aige/aici ar leas é i ní den sórt sin nó ar leas é atá ábhartha do leas i ní den sórt sin,
- má tá sé/sí nó a chéile/céile ina pháirtí/páirtí in aon socrú nó comhshocraíocht (cibé acu infheidhmithe nó nach ea) a bhaineann le talamh a bhfuil baint ag an ní sin leis, nó
- má tá leas tairbhiúil ar leas é i ní den sórt sin nó leas atá ábhartha do ní den sórt sin ag a chéile/céile.
AGUISÍN 2 MÍNITHE
Ar mhaithe le caoithiúlacht, ba chóir tagairt sa Chód seo d’achomharc a fhorléiriú i gcoitinne mar thagairt d’achomharc nó do ní eile a bhfuil a chúram ar an mBord. Ba chóir tagairt sa Chód seo d’fheidhm a bheidh le hurscaoileadh ag an gCathaoirleach a fhorléiriú mar fheidhm a bheidh le hurscaoileadh ag an Leas-Chathaoirleach nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair.
Ciallaíonn comhalta an Cathaoirleach nó gnáthchomhalta den Bhord mura sonraítear a mhalairt.
Ciallaíonn fostaí, i gcás go mbaintear úsáid as an bhfocal gan cháilíocht, duine atá fostaithe ag an mBord faoi chonradh seirbhíse, cibé acu ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, ach ní áiríonn sé, ach amháin mura ndeirtear a mhalairt, daoine ar shaoire gairme nó ar shocraithe saoire speisialta eile seachas saoire tinnis i gcás go sínfidh an tsaoire sin thar sé mhí, agus áiríonn sé chomh maith daoine a bheidh ar fostú ag an mBord ar shocraíocht iasachta nó ar shocraíocht shealadach eile.
Ciallaíonn sainchomhairleoir duine atá fostaithe nó ar fostú ag an mBord faoi alt 120(2) den Acht um Pleanáil, 2000 ach ní áirítear sainchomhairleoirí ar fostú faoi alt 124 den Acht sin.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25/06/2007



