Mar is féidir faisnéis a fháil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise
Faisnéis Ghinearálta faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise
Ní mór na hiarratais a dhéanamh i scríbhinn agus a rá go bhfuiltear ag iarraidh na faisnéise faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Leis an rochtain a éascú, is féidir an fhoirm iniata a líonadh, dar teideal 'Iarratas ar Rochtain ar Thaifid faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 go 2003’. Tabhair gach eolas is féidir le go bhféadfaidh an fhoireann an taifead a aithint. Bí cinnte go gcuireann tú an táille cheart leis an iarratas, mar a leagtar amach iad ina dhiaidh seo. Más deacair duit na taifid áirithe úd a aithint atá ag teastáil uait, cuideoidh baill foirne na hoifige go lántoilteanach leat an t-iarratas a ullmhú.
Tá iallach ar an mBord freagra a thabhairt ar an iarratas laistigh de cheithre sheachtain. Ní mór na hiarratais a admháil laistigh de choicís.
Faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tá gach duine i dteideal a iarraidh ar an mBord go dtabharfadh sé faisnéis dó atá ina sheilbh agus nach bhfuil le fáil go poiblí aon áit eile. Tá gach duine i dteideal:
- teacht ar na taifid atá i seilbh an Bhoird,
- aon fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis agus atá i seilbh an Bhoird a cheartú , ma tá a leithéid míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach,
- teacht ar na cúiseanna a bhí ag an mBord le cinntí a bhaineann go díreach leis.
Tagann na taifid seo a leanas faoi raon na nAchtanna:
- gach taifead a baineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh an Bhoird, cuma cén uair a cruthaíodh é,
- gach taifead eile a cruthaíodh ón dáta ar tháinig na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm, (is é sin 21 Aibreán, 1998),
- aon taifead eile atá riachtanach leis an taifead reatha a thuiscint.
Ní bhaineann an ceart rochtana le "taifid díolmhaithe", atá arna sainiú sna hAchtanna.
Ní bhaineann na hAchtanna le taifid atá le fáil go poiblí cheana. Mar shampla, tá na hachomhairc a chinn an Bord le ceannach/le léamh i gcóras rochtana poiblí an Bhoird - cuir faisnéis faoi san oifig fháiltithe.
Iarratais faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise
Ba chóir iarratais ar fhaisnéis faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a chur chuig:
Jane Gilvarry, Uas
Oifigeach Feidhmeannach Sinsearach,
An Bord Pleanála,
64 Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath1.
Guthán (01) 858 8100
Facs (01) 278 2684
Ríomhphost foi@pleanala.ie
- Ní mór táille iarratais chaighdeánach €15 a chur le iarratas SF faoi Alt 7 i gcás taifid nó traifead ina bhfuil faisnéis neamhphearsanta..
- Cuirtear táille laghdaithe €10 i bhfeidhm má tá teideal ag an iarrthóir ar chárta leighis.
- Tá na hiarratais seo a leanas saor ó
tháille:
- iarratas faoi Alt 7 ar thaifead nó ar thaifid nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta ag baint leis an iarrthóir.
- iarratas faoi Alt 17 (ceart leasú a dhéanamh ar thaifid a bhaineann le faisnéis phearsanta).
- iarratas faoi Alt 18 (ceart an duine ar fhaisnéis a bhaineann le bearta comhlachtaí poiblí a théann in éifeacht air).
Cearta Athbhreithnithe agus Achomhairc
Leagann na hAchtanna sraith díolúintí amach arb aidhm dóibh faisnéis íogair a chosaint a dhéanfadh dochar do leas an Stáit nó tríú páirtithe dá nochtfaí í. Nuair a invokes comhlacht poiblí na forálacha seo, is féidir an cinneadh a achomharc. Is féidir achomhairc freisin maidir le hiarchur na rochtana, costais, foirmeacha rochtana etc. Ag seo sonraí na meicníochtaí achomhairc:
Athbhreithniú Inmheánach
Féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh tosaigh:
- má tá tú míshásta leis an gcéad fhreagra a fuarthas, m.sh. diúltú na faisnéise, modh na rochtana, costais, etc., nó
- murar freagraíodh an t-iarratas laistigh de 4 seachtain ón iarratas tosaigh. Meastar gurb ionann é seo agus an t-iarratas a dhiúltú agus tugann sé an ceart don iarrthóir dul i gceann an athbhreithnithe inmheánaigh.
Oifigeach ar leibhéal uachtarach a chuireann an t-athbhreithniú i gcrích. Níor mhór iarratais ar athbhreithniú inmheánach a chur i scríbhinn chuig:
An tUas. Chris Clarke
Rúnaí,
An Bord Pleanála,
64 Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath1.
Guthán (01) 858 8100
Facs (01) 872 2684
Ní mór a leithéid d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach faoi cheann ceithre sheachtain ón gcinneadh tosaigh. Ní mór an t-athbhreithniú inmheánach a chríochnú taobh istigh de thrí sheachtain. De ghnáth ní mór an t-athbhreithniú a chríochnú sular féidir achomharc a chur faoi bhríd an Coimisinéara Faisnéise.
- Ní mór táille chaighdeánach €75 a chur le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach faoi Alt 14.
- Cuirtear táille laghdaithe €25 i bhfeidhm má tá teideal ag an iarrthóir ar chárta leighis nó má tá sé i gcleithiúnas duine a bhfuil teideal aige ar chárta leighis.
- Tá na hiarratais seo a leanas ar
athbhreithniú inmheánach saor ó tháille:
- iarratas i leith cinnidh ar thaifid nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir.
- iarratais i leith cinnidh faoi Alt 17 (ceart taifid a leasú a bhaineann le faisnéis phearsanta).
- iarratas i leith cinnidh faoi Alt 18 (ceart an duine ar fhaisnéis a bhaineann le bearta comhlachtaí poiblí a théann in éifeacht air).
- iarratas i leith cinnidh táille nó éarlais a éileamh, nó i leith mhéad na táille nó na héarlaise.
Athbhreithniú an Choimisinéara Faisnéise
Tar éis don athbhreithniú inmheánach a bheith curtha i gcrích, féadfaidh an t-iarrthóir athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise. Chomh maith leis sin, mura bhfaightear freagra ar an iarratas ar athbhreithniú inmheánach taobh istigh de thrí sheachtain, meastar gurb ionann é seo agus diúltú agus féadfaidh an t-iarrthóir achomharc a chur faoi bhráid an Choimisinéara.
Is féidir achomhairc scríofa a chur faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
18 Sráid Líosáin Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán (01) 639 5689 nó Lóghlao 1890 22 30 30
Facs (01) 661 0570 Líon www.oic.ie
Beidh a chuid cinntí siúd ceangailteach, faoi réir achomhairc chun na hArdchúirte ar phointe dlí.
- Ní mór táille chaighdeánach €150 a chur leis na hiarratais chun an Choimisinéara Faisnéise ar athbhreithniú ar chinntí a rinne comhlachtaí poiblí faoi Alt 34.
- Cuirtear táille laghdaithe
€50 €10 i bhfeidhm
- má tá teideal ag an iarrthóir ar chárta leighis nó má tá sé i gcleithiúnas duine a bhfuil teideal aige ar chárta leighis nó
- más duine é atá arna shainiú in Alt 29(2) is é sin, tríú páirtí a bhfuil an ceart aige iarratas a chur go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise má chinneann comhlacht poiblí faisnéis a bhaineann leis? a nochtadh ar mhaithe leis an leas poiblí.
- Tá na hiarratais seo a leanas chuig an
gCoimisinéir saor ó tháille:
- iarratas i leith taifead nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir.
- iarratas i leith cinnidh faoi Alt 17 (ceart taifid a leasú a bhaineann le faisnéis phearsanta).
- iarratas i leith cinnidh faoi Alt 18 (ceart an duine ar fhaisnéis a bhaineann le bearta comhlachtaí poiblí a théann in éifeacht air).
- iarratas i leith cinnidh táille nó éarlais a éileamh de bhreis ar €25.00 faoi Alt 47, ar chuardach, athfháil agus fótachóipeáil na dtaifead (níl cinntí a bhaineann le táillí nó éarlaisí is lú ná €25 a éileamh ar chuardach agus athfháil agus/nó fótachóipeáil faoi réir athbhreithniú an Choimisinéara Faisnéise).
- iarratas i leith cinnidh táille a ghearradh faoi Alt 47(6A), nó suim áirithe táille faoi Alt 47(6A), ar an ábhar nach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir amháin atá sna taifid nó ar an ábhar nach bhfuil teideal ag an iarrthóir ar chárta leighis nó nach bhfuil sé i dtulleamaí duine a bhfuil teideal aige ar chárta leighis.
Táillí Saorála Faisnéise (Tábla)
Eolaí ar tháillí a bhaineann le hIarratais i leith Saorála Faisnéise
I bhfeidhm ón Luan 7 Iúil 2003
| Cineál Iarratais | Táille Chaighdeánach* | Táille Laghdaithe * & ** & *** | |
|---|---|---|---|
| Iarratas ar thaifead faoi Alt Section 7 | Iarratas Tosaigh | €15 | €10 |
| Achomharc Inmheánach | €75 | €25 | |
| Achomharc chun an Choimisinéara Faisnéise | €150 | €50 | |
| Iarratas faoi Alt 7 ar fhaisnéis phearsanta | Táille ar bith | Táille ar bith | |
| Iarratas faoi Alt 17 go leasófaí faisnéis phearsanta atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach | Táille ar bith | Táille ar bith | |
| Iarratas duine faoi Alt 18 ar na cúiseanna ba bhun le cinneadh a chuaigh in éifeacht air | Táille ar bith | Táille ar bith | |
* Ní ghearrfar aon táille i gcás achomhairc in aghaidh cinnidh táille nó éarlais a éileamh, nó suim áirithe táille nó éarlaise faoi Alt 47 den Acht um Shaoráil Faisnéise
**Cuirfear táille laghdaithe i bhfeidhm i gcás tríú páirtithe a dhéanann achomharc in aghaidh cinnidh de chuid comhlachta phoiblí faisnéis a bhaineann leo a nochtadh ar mhaithe leis an leas poiblí
***Cuirfear táille laghdaithe i bhfeidhm i gcás daoine a bhfuil teideal acu ar chárta leighis agus a gcleithiúnaithe ach an cárt leighis a thaispeáint
Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 25/11/2008



