An Bord Pleanála

FEIDHMEANNA AN BHOIRD

GINEARÁLTA

Cuireadh an Bord Pleanála ar bun i 1977 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, agus tá sé freagrach as cinntí a dhéanamh ar achomhairc agus gnóthaí áirithe eile faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2011, agus as cinntí a dhéanamh ar iarratais ar fhorbairt bonneagair straitéisigh, lena n-áirítear mórchásanna bóthair agus iarnróid. Tá sé freagrach chomh maith as déileáil le tograí maidir le talamh a fháil go héigeantach ag údaráis áitiúla agus comhlachtaí eile faoi achtacháin éagsúla. Lena chois sin, tá feidhmeanna ag an mBord chun achomhairc a chinneadh faoi na hAchtanna Truaillithe Uisce agus Aeir agus faoin Acht um Rialú Foirgníochta.

Leagtar amach thíos catagóirí na gcásanna inar féidir a éileamh go ndéanfadh an Bord breithniú agus cinneadh maidir leo.

Achomhairc Phleanála faoin Acht Pleanála 2000

Cion suntasach d’obair an Bhoird is ea na hachomhairc a dhéantar faoi alt 37 d'Acht Pleanála na bliana 2000, dá ngairtear go hiondúil gnáthachomhairc phleanála, agus is leo a bhaineann bunáite na gcinntí a dhéanann sé. Is iad na cinntí a dhéanann na húdaráis phleanála ar iarratais ar chead talamh a fhorbairt (lena n-áirítear iarratais ar chead struchtúir a choinneáil nó leanúint dá n-úsáid) is bonn leis na hachomhairc seo. Roinntear na hachomhairc ina dtrí chatagóir, eadhon:

• Achomhairc céadpháirtí in aghaidh cinntí de chuid na n-udarás pleanála inar dhiúltaigh siad cead.

• Achomhairc céadpháirtí in aghaidh coinníollacha a theastaíonn ó na húdaráis phleanála a chur le ceadanna.

• Achomhairc tríú páirtí, de ghnáth in aghaidh cinntí de chuid na n-údarás pleanála inar dheonaigh siad cead.

I gcásanna áirithe, b'fhéidir go mbeadh achomhairc céadpháirtí agus tríú páirtí araon in aghaidh cinnidh údaráis phleanála.

I dteannta na bpáirtithe san achomharc, féadfaidh daoine eile aighneachtaí nó tuairimí a chur chuig an mBord maidir le hachomharc. Breathnóirí a thugtar ar na daoine sin.

Forbairt Bonneagair Straitéisigh

Is le hiarratais ar chomhthoiliú maidir le forbairt bheartaithe a aicmítear mar fhorbairt bonneagair straitéisigh a bhaineann an catagóir cásanna seo. Gheofar na forálacha agus na sainmhínithe a bhaineann leis an gcatagóir seo forbartha san Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 (I.R. de 2006) lena leasaítear Acht na bliana 2000 agus Achtanna eile. I gceist i gcásanna den chineál seo bíonn iarratais ar chomhthoiliú pleanála arna ndéanamh díreach chuig an Bord Pleanála agus iarratais ghaolmhara ar fháil éigeantach talún. Bíonn comhchomhairliucháin éigeantacha réamhiarratais i gceist i gcásanna áirithe. Rialaíonn forálacha reachtúla ar leith catagóirí difriúla d'fhorbairt bonneagair straitéisigh agus tagraítear dóibh sin thíos:

Forbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS) faoi Acht Pleanála na bliana 2000 (arna leasú ag Acht 2006)

Catagóir 1: An Seachtú Sceideal FBS

Alt 37A/37E

Iarratas ar chead le haghaidh forbartha beartaithe a shonraítear sa Seachtú Sceideal a chinn an Bord a cháilíonn mar fhorbairt bonneagair straitéisigh faoi threoir na gcritéir atá leagtha amach in alt 37A. Déantar an t-iarratas seo go díreach chuig an mBord.

Alt 37B

Iarratas ar chomhchomhairliucháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe a thagann faoi réim an Seachtú Sceidil.

Alt 37D

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bheartaithe a thagann faoi réim an Seachtú Sceidil agus a measadh a bheith ina bhonneagar straitéiseach.

Alt 37G (10)

Tarchur chuig an mBord le haghaidh cinneadh mionsonraí a bhí le haontú idir forbróir agus an t-údarás pleanála faoi théarmaí coinníollach arna cheangal le deonú ceadaithe (faoi alt 37B) agus nár aontaíodh amhlaidh.

Catagóir 2: Forbairtí áirithe Stáit a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta

Alt 181A/181B

Iarratas údaráis stáit ar fhormheas maidir le haicmí áirithe forbartha beartaithe a shainítear in airteagal 86 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 agus a n-éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta (m.sh. slándáil íogair agus forbairt bheartaithe eile dá sórt).

Alt 181C (1)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar chomhchomhairliucháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 181A.

Alt 181C (3)(a)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar chinneadh ón mBord maidir le cibé an dóigh go mbeidh ag forbairt nó forbairt bheartaithe d'aicme atá leagtha amach in airteagal 86 éifeacht shuntasach ar an gcomhshaol agus go mbeidh gá le measúnacht tionchair timpeallachta dá réir.

Alt 181(3)(b)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos i gcás forbartha beartaithe a mbaineann alt 181A léi.

Alt 181B(2)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 181A ó riachtanas chun RTT a réiteach.

Catagóir 3: Forbairt Bonneagair Straitéisigh le haghaidh Tarchur Leictreachais

Alt 182A

Iarratas ar fhormheas maidir le forbairt bheartaithe comhdhéanta de nó chun críocha tarchur leictreachais mar a shainítear i bhfo-alt (9) de alt 182A.

Alt 182B(2)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182A ó riachtanas chun RTT a réiteach.

Alt 182E(1)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh chun comhchomhairliucháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182A.

Alt 182E(3)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182A.

Catagóir 4: Forbairt Bonneagair Straitéisigh Gáis

Alt 182C

Iarratas ar fhormheas maidir le forbairt bonneagair straitéisigh gáis bheartaithe mar a shainítear in alt 2(1) d'Acht na bliana 2000 (mar a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht na bliana 2006).

Alt 182D(2)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182C ó riachtanas chun Ráiteas Tionchair Timpeallachta a réiteach.

Alt 182E(1)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh chun comhchomhairliucháin éigeantach réamhiarratais a thosú leis an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182C.

Alt 182E(3)

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann alt 182C.

Catagóir 4: Forbairt Bonneagair Straitéisigh Údaráis Áitiúil faoi acht na bliana 2000

Iarrtar ort a thabhairt ar aird nach bhfuil aon fhorálacha a éilíonn comhchomhairliucháin réamhiarratais i ndáil leis na hiarratais údaráis áitiúil seo.

Alt 175

Iarratas ar fhormheas le haghaidh forbartha bheartaithe údaráis áitiúil a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann (seachas forbairtí bóthair).

. Alt 175(8)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann Alt 175 ó riachtanas chun Ráiteas Tionchair Timpeallachta a réiteach.

Airteagal 117 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001

Iarratas iarrthóra ionchasaigh ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos i gcás forbairt bheartaithe agus a mbaineann alt 175 léi.

Airteagal 120(3) de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001

Iarratas chuig an mBord ar chinneadh cibé an dóigh go mbeidh ag forbairt fo-thairseach bheartaithe údaráis áitiúil éifeachtaí suntasacha agus an éilíonn sé measúnacht tionchair timpeallachta dá réir.

Alt 226 – Forbairt Urthrá

Iarratas ar fhormheas le haghaidh forbartha bheartaithe údaráis aitiúil a bhfuil sé beartaithe a chur i gcrích go hiomlán nó go páirteach ar an urthrá agus a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta.

Alt 175(8)

Deonú díolúine ag an mBord maidir le forbairt bheartaithe ó riachtanas chun Ráiteas Tionchair Timpeallachta a réiteach maidir le forbairt bheartaithe lena mbaineann Alt 226.

Alt 226(6)

Tarchur údaráis áitiúil nó an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chuig an mBord ag éileamh go ndéanfadh sé cinneadh cibé an dóigh go mbeidh ag forbairt bheartaithe fo-thairseach údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe a chur i gcrích go hiomlán nó go páirteach ar an urthrá éifeacht shuntasach ar an timpeallacht agus an éilíonn sé measúnacht tionchair timpeallachta dá réir.

Forbairt ar Bhonneagar Straitéiseach faoi na hAchtanna Bóithre 1993-2007

Is le mórthograí bóthair de chuid údarás bóithre (lena n-áirítear an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta) lena n-áirítear mótarbhealaí agus forbairtí eile bóthair a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta a bhaineann sé seo de ghnáth.

Iarrtar ort a thabhairt ar aird nach bhfuil aon fhorálacha a éilíonn comhchomhairliucháin réamhiarratais maidir leis na hiarratais údaráis áitiúil seo.

Alt 49 Acht 1993

Iarratas údaráis bhóthair ar scéim mótarbhealaigh, scéim limistéar seirbhíse, scéim busbhealaigh, scéim bóthair chosanta nó scéim bóthair chosanta ag leasú scéim bóthair chosanta formheasta

Alt 51 Acht 1993

Iarratas údaráis bhóthair ar fhormheas le haghaidh forbartha bóthair beartaithe

Alt 50 1 (b)

Treoir ón mBord d’údarás bóthair chun ráiteas tionchair timpeallaithe a réiteach maidir le forbairt fo-thairseach bóthair bheartaithe i gcás ina measann an Bord gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasachta ag an bhforbairt ar an timpeallacht agus mar sin go bhfuil gá le measúnacht tionchair timpeallachta.

Alt 50 1 (c)

Tarchur ó údarás bóthair chuig an mBord tuairim de chuid údaráis bhóthair gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht ag forbairt fo-thairseach bóthair bheartaithe. Ní mór don Bhord cinneadh a dhéanamh cibé an aontaíonn sé le tuairim an údaráis bhóthair agus má aontaíonn tabharfaidh sé treoir faoi alt 50 1(b) don údarás bóthair chun RTT a réiteach.

Alt 50 (4)

Iarratas chuig an mBord ó údarás bóthair ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bóthair bheartaithe.

Feidhmeanna Gaolmhara an Bhoird faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004

Faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 2004 tugadh isteach forálacha nua maidir le nósanna imeachta i gcás ina bhfaightear séadchomhartha náisiúnta le linn d'fhorbairt bóthair a bheith á cur i gcrích agus nár déileáladh leis an gcéanna san fhormheas bunaidh/RTT don bhóthar. Baineann na luanna le hailt nua d’Acht na bliana 1930 arna gcur isteach ag Acht na bliana 2004.

Alt 14B(3)

Cinneadh ón mBord cibé an ionann athruithe ar fhorbairt bóthair formheasta is gá de dhroim treoracha ón Aire maidir le séadchomhartha náisiúnta agus athrú ábhartha ar fhorbairt bóthair formheasta.

Alt 14B(5)

Cinneadh ón mBord tar éis dó RTT a bhaineann le hathrú ar fhorbairt bóthair formheasta a fháil agus a bhreithniú, athrú a chinn an Bord atá ina athrú ábhartha ar an mbóthar formheasta agus ar dóigh go mbeidh éifeachtaí dochracha suntasacha aige ar an timpeallacht.

Forbairt Bonneagair Straitéisigh faoin Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001

Alt 37

Iarratas ar ordú iarnróid ón nGníomhaireacht um Fháil Iarnróid ó CIÉ nó aon duine eile le toiliú an GFI.

Alt 47B

Iarratas iarratasóra ionchasaigh ar chomhairliucháin éigeantacha réamhiarratais a thosú maidir le hoibreachta iarnróid beartaithe a bheidh faoi réir iarratais ar ordú iarnróid.

Alt 39(3)

Iarratas ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le hoibreacha iarnróid a bheidh mar ábhar le hiarratas ar ordú iarnróid.

Alt 43(b)

Aisghairm ordú iarnróid ag an mBord.

Athruithe ar fhorbairtí bonneagair straitéisigh formheasta

Alt 146B Acht 2000 (arna chur isteach ag Acht 2006)

Foráil ghinearálta í seo is infheidhme maidir le forbairt bonneagair straitéisigh agus forálann d'iarratas chuig an mBord ó dhuine atá ag cur forbairt bonneagair straitéisigh i gcrích nó a bhfuil sé ar intinn aige/aici déanamh amhlaidh ar athrú a dhéanamh ar théarmaí forbartha a bhí formheasta cheana féin.

Alt 146C Acht 2000 (arna chur isteach ag Acht 2006)

Cinneadh ón mBord ar iarratas ar athrú faoi alt 146B mar ar threoraigh an Bord go réiteofaí RTT maidir leis an athrú beartaithe.

Alt 146D Acht 2000 (arna chur isteach ag Acht 2006)

Iarratas ar leasú/athrú maidir le hoibreacha iarnróid lena mbaineann ordú iarnróid.

Cásanna d’fháil éigeantach talún faoi achtacháin éagsúla le haghaidh forbairtí a aicmítear mar fhorbairt bonneagair straitéisigh.

Aicmítear chomh maith mar fhorbairt bonneagair straitéisigh (féach na cásanna d'fháil éigeantach thíos) aon chásanna ar leithligh d'fháil éigeantach a ceapadh chun críche forbairt bheartaithe ar forbairt bonneagair straitéisigh í a éascú. Tabhair ar aird go gcorpraítear san iarratas aon tograí maidir le fáil éigeantach talún chun críocha scéim bóthair (mar a shainítear é in alt 47 den Acht Bóithre 1993) nó oibreacha iarnróid beartaithe atá mar ábhar le hordú iarnróid san iarratas ar fhormheas do scéim bóthair lena mbaineann nó san iarratas ábhartha ar ordú iarnróid.

Cásanna d’Fháil Éigeantach Talún

Is é an Bord an t-údarás breithiúnachta maidir le fáil éigeantach talún ón uair a aistríodh feidhmeanna sa bhliain 2001 ón Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go dtí an Bord maidir le fáil éigeantach údaráis áitiúil faoi achtacháin éagsúla (féach alt 214 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000). Leathnaíodh feidhmeanna an Bhoird maidir le fáil éigeantach ó shin agus áirítear orthu anois gach ceann de na na cineálacha cásanna seo a leanas:

Acht Na d’Tithe 1966 Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (alt 76 agus an Triú Sceideal)

Iarratas arna dhéanamh ag údarás áitiúil Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath chuig an mBord ar dheimhniú ordú ceannaigh éigeantaigh (féadfaidh údarás áitiúil an próiseas OCE (mar atá leagtha amach in Acht na bliana 1966) a ghníomhachtú chun aon cheann de na críocha faoina shainordú ar féidir leis cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh a fheidhmiú lena n-aghaidh). Is é an OCE an nós imeachta is coitianta a úsáideann údaráis áitiúla chun ceannach éigeantach talún a údarú.

An tAcht um Láithreáin Thréigthe 1990 (ailt 14, 15 agus 16

Iarratas údaráis áitiúil chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le le fáil éigeantach láithreáin thréigthe.

Acht Soláthairtí Uisce 1942 (ailt 8, 9 agus 10)

Iarratas údaráis sláintíochta chuig an mBord ar ordú sealadach chun togra a údarú chun soláthar uisce a thógáil ó fhoinse uisce.

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 (alt 8)

Iarratas údaráis sláintíochta chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le fáil éigeantach talún ar áit chontúirteach í anois nó ab í roimhe sin.

Public Health (Ireland) Act, 1878 (Alt 203)

Achainí údaráis sláintíochta chuig an mBord ar ordú sealadach chun fáil éigeantach talún a údarú.

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 Alt 73

Iarratas údaráis phleanála chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le struchtúr faoi chosaint a thógáil go héigeantach.

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 Alt 83

Iarratas údaráis phleanála chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le struchtúr nó talamh eile laistigh de limistéar caomhantais ailtireachta a thógáil go héigeantach.

An tAcht Gáis 1976 Alt 32 (alt 215A den Acht um Pleanáil agus 2000 arna leasú)

Iarratas chuig an mBord ar ordú fála chun aon fháil éigeantach talún nó ceart thar talamh a údarú maidir le tógáil nó oibriú píblíne gháis ar forbairt bonneagair straitéisigh gáis í.

An tAcht Gáis 1976 Alt 31 (alt 215A den Acht um Pleanáil agus 2000 arna leasú)

Iarratas chuig an mBord ar chead píblíne gháis a thógáil, a chothabháil, a dheisiú nó a athchur ar forbairt bonneagair straitéisigh gáis é laistigh de theorainneacha formheasta diallais.

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú) 1998 Alt 17

Iarratas ag Údarás Aerfoirt Bhaile Átha Cliath chuig an mBord ar ordú fála chun críocha a bhaineann le forbairt de nó ag Aerfoirt Stáit (mar atá leagtha amach ag Alt18 d'Acht na bliana 1998).

An tAcht Cuanta 1996 Alt 16

Iarratas Chuideachta Cuain chuig an mBord ar ordú fála chun fáil éigeantach talún a údarú le haghaidh forbartha a bhaineann le cuan.

Achomhairc eile faoi Acht Pleanála na bliana 2000

• Alt 44(6)     achomharc in aghaidh cúlghairme nó athraithe ceadúnais phleanála.

• Alt 45(3)      achomharc in aghaidh tógála talún le haghaidh spáis oscailte.

• Alt 46(6)      achomharc in aghaidh díláithrithe nó athraithe struchtúir nó scoir úsáide.

• Alt 88(5)     achomharc in aghaidh fógra a éilíonn go ndéanfaí bearta i leith struchtúir nó talún eile i limistéar atá faoi réir ag Rialú Speisialta Pleanála.

• Alt 169(6)   achomharc in aghaidh scéim phleanála a dhéanamh i gcrios forbartha straitéisí.

• Alt 169(6)   achomharc in aghaidh scéim phleanála a chúlghairm i gcrios forbartha straitéisí.

• Alt 182(4)   achomharc rialtais áitiúil in aghaidh dhiúltú an tsealbhóra/áititheora go leagfaí cáblaí, sreanganna nó píblínte ar a réadmhaoin.

• Alt 207(5)   achomharc in aghaidh ceart slí phoiblí a dhéanamh.

• Alt 254(6)   achomharc a bhaineann le ceadúnú fearais, gléasra, struchtúir, cábla nó rudaí eile ar bhóthar poiblí.

• Alt 261(9)   achomharc a bhaineann le coinníollacha cairéal áirithe a fhorchur, a athshonrú, a mhéadú nó a athrú.

Tarchuir faoi Acht Pleanála na bliana 2000 – déileálann tarchuir le nithe áirithe pleanála is féidir a tharchur chuig an mBord dá mbreithniú foirmiúil, de ghnáth tar éis d'údarás pleanála an cheist a bhreithniú ar dtús.

• Alt 5(3)(a)  tarchur ráitis de chuid údaráis phleanála lena thuiscint an forbairt nó forbairt dhíolmhaithe atá i gceist nó nach ea.

• Alt 5(3)(b)  tarchur sa chás nach n-eisíonn údarás pleanála aon ráiteas laistigh de 4 seachtaine ón dáta dlite ag cur in iúl an forbairt nó forbairt dhíolmhaithe atá i gceist nó nach ea.

• Alt 5(4)  tarchur ráitis de chuid údaráis phleanála lena thuiscint an forbairt nó forbairt dhíolmhaithe atá i gceist nó nach ea.

• Alt 34(5)    tarchur mionphointí a bhaineann le cead a thabhairt, in éagmais comhaontaithe idir an t-údarás pleanála agus an forbróir.

• Alt 37(5)    tarchur díospóide lena thuiscint an mbaineann an t-iarratas ar chead le forbairt/saghas forbairte atá á achomharc cheana.

• Alt 57(8)  tarchur a dhéanann duine dár eisigh údarás pleanála ráiteas faoi fho-alt 57(3) nó ráiteas a athbhreithníodh faoi fho-alt 57(7), a bhaineann le struchtúr faoi chosaint nó struchtúr a mholtar a chur faoi chosaint, d'fhonn go ndéanfadh an Bord athbhreithniú.

• Alt 96(5)    tarchur díospóide a bhaineann le tithíocht shóisialach nó inacmhainne a d'fhéadfadh a bheith faoi réir ag comhaontú idir an tÚdarás Pleanála agus iarrathóir/nó duine eile a bhfuil leas aige/aici i dtailte lena mbaineann an t-iarratas.

• Alt 193(2)  tarchur díospóide nó ceiste maidir le cibé an dtagann struchtúr nua go substaintiúil in ionad struchtúir a scartáladh nó a scriosadh.

Cásanna eile faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000

• Alt 37(6)      iarratas sealbhóra thadhlaigh ar chead achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh údaráis phleanála ar iarratas pleanála.

• Alt 146A cumhacht an Bhoird chun aon chinneadh dá ndéanann sé a leasú chun críocha, inter alia, aon earráid chléireachais nó theicniúil ann a cheartú.

• Alt 172(3)   iarratas iarrthóra/ábhair iarrthóra ar chead pleanála ar a bheith saor ón riachtanas atá ann ráiteas faoin tionchar ar an gcomhshaol (RTC) a ullmhú maidir le hiarratas pleanála.

• Alt 173(3)   iarratas ó dhuine RTC a raonadh más é an chaoi é go bhfuil iallach air RTC a chur faoi bhráid an Bhoird.

• Alt 203(2)   aighneacht údaráis phleanála ag iarraidh go ndaingneofaí ordú um limistéar taitneamhachta speisialta.

ACHOMHAIRC FAOI ACHTANNA EILE

Achtanna um Rialú Foirgníochta 1990 agus 2007

• Alt 7(1)(a)    achomharc chuig an Bhord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dhispeansáid ó aon riachtanas de chuid na rialachán foirgníochta nó ar mhaolú orthu.

• Alt 7(1)(b)    achomharc chuig an Bhord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dheimhniú sábháilteachta ó dhóiteán nó ar dheimhniú sábháilteachta leasaithe ó dhóiteáin.

• Alt 7 (1)(d) achomharc chuig an Bhord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dheimhniú tabhairt chun rialtachta.

• Alt 7 (1)(e) achomharc chuig an Bhord arna dhéanamh ag iarrthóir atá míshásta le cinneadh údaráis rialaithe foirgníochta maidir le hiarratas ar dheimhniú rochtana do dhaoine faoi mhíchumas nó ar dheimhniú rochtana leasaithe do dhaoine faoi mhíchumas.

Na hAchtanna um Thruailliú Uisce, 1977 agus 1990

• Alt 8            achomharc duine maidir le deonú, diúltú, athrú nó cúlghairm ceadúnais doirte eisiltigh go huiscí.

• Alt 20          achomharc maidir le ceadúnas eisilteach trádála a dhoirteadh go séarach arna dhéanamh ag-

o áititheoir an áitribh i gcás chúlghairm an cheadúnais nó athrú a bheith á chur air nó coinníollacha á gcur leis, nó

o duine ar diúltaíodh dá iarratas ar an gceadúnas.

An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987

• Alt 34          achomharc duine maidir le deonú nó diúltú ceadúnais faoi Alt 32, nó ceadúnais athleasaithe faoi Alt 33 den Acht, astaíochtaí a dhoirteadh san aer.

Nótaí:

Ní haon léirmhíniú dlíthiúil an cháipéis seo ar na forálacha reachtúla a bhaineann le hábhar. Féadfar sonraí nó eolas maidir le feidhmeanna an Bhoird a lorg trí ghlao a chur ar oifigí an Bhoird le linn uaireanta oifige.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26/01/2012

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile