An Bord Pleanála:
Dréacht-spriocanna ardleibhéil don Ráiteas Straitéise – Meitheamh 2010
Ár gcuid a dhéanamh mar chomhlacht náisiúnta neamhspleách chun a airíthiú go nglactar leis na prionsabail a bhaineann le forbairt inchothaithe sa forbairt fhisiciúil agus i mórthionscadail infrastruchtúir in Éirinn agus go ngéilleann siad sin don reachtaíocht náisiúnta agus do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.
2. Chun seirbhís ardchaighdeán a chur ar fail do pháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne taobh istigh den am atá leagtha amach sa dlí, ar aon dul leis an gclár Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí agus chórais nua-aimseartha Teicneolaíochta Faisnéise is Cumarsáide ag cabhrú leis an obair seo.
3. Bheith in a fhostóir a ndéanann fostaithe ghairmiúla agus ardoilte rogha air agus na fostaithe a bheith á stiúradh ag Bord a aithníonn a chuid dualgas agus a bhfuil na scileanna riachtanacha aige agus ag an am céanna timpeallacht oibre dearfach a cothú ionas go mbeadh fostaithe an Bhoird in ann a lánacmhainneacht a chomhlíonadh.
4. Tacaíocht a thabhairt chun seirbhís pleanála éifeachtúil ardcaighdeán a chur ar fáil ar fud na tíre mar chomhchuid suntasach den earnáil phoiblí chomhtháite.
5. Go mbeadh an Bord ina chomhlacht neamhspleách ag feidhmiú leis na caighdeáin is airde maidir le rialachas corparáideach agus ag déanamh cinntí ar bhealach éifeachtach, cothrom agus oscailte agus go n-aithnítear é seo go poiblí.
6. A chinntiú go bhfuil córas maoiniúcháin éifeachtúil curtha i gcrích san eagras le bainistíocht fónta airgeadais, lena n-áiritear, foinsí ioncaim nua a aithint agus a uasmhéadú i dteannta leis an tacaíocht airgeadais atá an Bord ag fáil ón gCiste Stáit
7. Go mbeadh dlúth chaidreamh oibre éifeachtúil idir an Bord agus na páirtithe leasmhara ábhartha ar mhaithe le spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha an Bhoird.
Last modified: 31/08/2010



