An Bord Pleanála

Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí - Ráiteas Beartais maidir le hEisiúint Sonraí

Cloíonn an Bord Pleanála leis na Rialacháin faoi Athúsáid Faisnéise de chuid na hEarnála Poiblí 2005 (SI 279 na bliana 2005) agus is éard atá uainn go n-athúsáidfí an fhaisnéis a chuirimid ar fáil.

Tá cóipcheart ag an mBord Pleanála ar an gach faisnéis dá bhfuil ar a shuíomh gréasáin, mura ndeirtear a mhalairt. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh seo a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith.

Cuimsíonn an téarma athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craobhscaoileadh agus aistriú go teangacha eile.  Cuimsíonn sé freisin an taighde agus an staidéar neamhthráchtála.

Is féidir an fhaisnéis agus na cáipéisí a fhaightear ar an suíomh seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais FEP (Faisnéis Earnála Poiblí) is déanaí atá le fáil anseo.

Tá an athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas.  Caithfidh tú:

  • An fhoinse agus ár gcóipcheart a admháil má chuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile.
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go beacht.
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach a chuirfeadh daoine ar míthreoir.
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críche na fógraíochta go príomhúil ná chun táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn.
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críche nó ar mhaithe le haidhmeanna neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha, mímhacánta.

Níl an Bord Pleanála freagrach as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid na faisnéise agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis sa riocht is nua nó saor ó cháim.  Ní thugann an Bord Pleanála aon cheart eisiach d'aon úsáideoir ar athúsáid a chuid faisnéise.

Coinníonn an Bord an fhaisnéis seo a leanas ar a shuíomh gréasáin:

Tá na naisc thuas á gcur ar fáil le go bhféadfaidh an pobal teacht go héasca ar an bhfaisnéis agus níl d'aidhm acu ach a bheith áisiúil do lucht úsáidte an tsuímh ghréasáin seo.

Má tá breis faisnéise uait ar athúsáid na faisnéise atá á coinneáil ag an mBord Pleanála, téigh i gcomhairle le:

Duine Teagmhála: Bernie Redmond

Sonraí Teagmhála: Teileafón: 01 8737285

Ríomhphost: b.redmond@pleanala.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 21/09/2007

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Appeal Closing Dates