Baill an Bhoird
Forálann an An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, go gceapfar Cathaoirleach agus baill eile ar an mBord. Comhlíonann Baill an Bhoird a gcuid dualgas ar bhonn lánaimseartha feidhmiúcháin.
Mar a cheaptar Baill an Bhoird.
Is é an Rialtas a cheapann an Cathaoirleach as liosta iarrthóirí a roghnaíonn coiste neamhspleách, arb é Uachtarán na hArdchúirte a chathaoirleach, de réir Alt 105 d'Acht na bliana 2000. De ghnáth caithfidh an Rialtas duine a cheapadh as grúpa iarrthóirí, nach mó ná triúr, a roghnóidh an coiste, toisc iad a bheith oiriúnach don cheapachán, dar leis. Go hiondúil bíonn Cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige ar feadh seacht mbliana agus is féidir é a athcheapadh in oifig téarma eile ar chuntar gurb é an Cathaoirleach é (nó í) nuair a dhéantar an t-athcheapadh. Faoi láthair tá naonúr ball ar an mBord.
Forálann na Achtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2011 go gceapfar naonúr ball eile ar an mBord. Is é an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitúil a cheapann ochtar de na baill, as measc daoine a bheidh arna roghnú as na ceithre ghrúpa eagraíochtaí a fhorordaítear sna rialacháin, a bheidh ina n-ionadaithe ar:
-
Gairmeacha nó slite beatha a bhaineann leis an bpleanáil fhisiceach, an innealtóireacht agus an ailtireacht.
-
Eagraíochtaí a bhaineann leis an bhforbairt eacnamaíochta, leis an bhforbairt a chur chun cinn agus a chur i gcrích, le hinfreastruchtúr a sholáthar nó talamh a fhorbairt, nó a bhaineann ar bhealach eile le tionscal na tógála.
-
Eagraíochtaí a sheasann don rialtas áitiúil, do na feirmeoirí agus do na ceardchumainn.
-
Eagraíochtaí a sheasann do dhaoine ar cás leo cosaint agus caomhnú an chomhshaoil agus na gconláistí/do chomhlachtaí deonacha agus do chomhlachtaí ag a bhfuil aidhmeanna carthannacha/d'fhorbairt comhphobail na tuaithe nó na háite, d'fhorás na teanga Gaeilge nó cur chun cinn na hoidhreachta, na n-ealaíon agus an chultúir/comhlachtaí a sheasann do dhaoine faoi mhíchumas/comhlachtaí a sheasann do dhaoine óga.
Beidh an ball eile ceapaithe ag an Aire ó dhaoine ina bhfuil an tAire den tuairim go bhfuil taithí, inniúlacht nó cáilíochtaí sásúla léirithe aige/aici maidir le cúrsaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus inbhuanaitheacht. De ghnáth bíonn na baill seo I seilbh oifige ar feadh cúig bliana agus is féidir iad a athcheapadh téarma amháin eile nó téarma eile fós ar chuntar gur ball ceanntéarma an duine áirithe nuair an dhéantar an t-áthcheapachán. I mí na Nollag, chuir an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil tús leis an bpróiseas ainmniúchán chun gnáthchomhalta den Bhord a cheapadh agus beidh an t-eolas is deireanaí le fáil nuair a ceapfar iad
Baill an Bhoird
Ceapadh Dr Mary Kelly mar Chathaoirleach ar an mBord sa mhí Lúnasa, 2011. Ceapadh í mar Ard-Stiúrthóir den Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ó mhí na Bealtaine, 2002. Tá dochtúireacht ceimice bainte amach aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá céim Mháistreáchta aici freisin i gcúrsaí Gnó ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. D’oibrigh Mary roimhe sin, le IBEC, an Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, áit ina raibh sí i gceannas ar bheartas comhshaoil agus roimhe sin fostaíodh í sa Tionscal Cógaisíochta. Toghadh í mar bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann i 2008 agus d’fhreastail sí ar Chomhairle an Acadaimh. |
![]() |
Ceapadh Mary MacMahon chun an Bhoird don tréimhse 27 Samhain, 2006 go dtí 26 Samhain, 2011. Athcheapadh ar feadh tréimhse dhá bliana eile í go dtí 26 Samhain, 2013. Tá céim Máistreachta aici sa Phleanáil Baile agus Tuaithe ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. D’oibrigh sí mar shainchomhairleoir pleanála san earnáil phríobháideach agus ba bhall í den Bhord Achomharc i leith Ceadúnas Dobharshaothraithe. |
![]() |
| Ceapadh Conall Boland chun an Bhoird don tréimhse 1 Eanáir, 2007 go dtí 31 Nollaig, 2011.Athcheapadh ar feadh tréimhse dhá bhliain eile é go dtí 31 Nollaig 2013. Is céimí san Innealtóireacht Shibhialta é ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá DEA san Innealtóireacht Shibhialta aige ó ENS Cachan, an Fhrainc. Tá céim Máistreachta freisin aige sa Phleanáil Spásúil ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Sular ceapadh chun an Bhoird é bhí sé ina Stiúrthóir Teicniúil le RPS Consulting Engineers. Is ball cairte é d'Institiúid Innealtóirí na hÉireann. |
![]() | Ceapadh Fionna O’Regan ar an mBord ar feadh tréimhse cúig bliana go dtí 6 Feabhra, 2016. Is céimí san Innealtóireacht Shibhialta í agus tá céim Máistreachta san Innealtóireacht Shibhialta aici freisin, an dá chéim ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Sular ceapadh chun an Bhoird í, bhí sí ag obair ar feadh tréimhse thar deich bliana le Fehily Timoney & Company agus bhí sí ceapaithe mar Phríomh-Innealtóir san ocht mbliana is déanaí sa chomhlacht. D’oibrigh sí cheana féin leis an Oifig Eolais d’Fhuinneamh In-athnuaite mar chuid d’Ionad Fuinnimh na hÉireann, agus roimhe sin bhí sí fostaithe le comhlacht a fhorbraíonn fuinneamh in-athnuaite. Tá taithí ag Fionna le cúig bliana déag i gcúrsaí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe forbairt tionscadail, cúrsaí pleanála, agus measúnacht tionchair timpeallachta. Is ball cairte d’Institiúid Innealtóirí na hÉireann í. |
Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 04/01/2012






