An Bord Pleanála

Ráisteas Misin:

Ár gcuid a dhéanamh mar chomhlacht neamhspleách chun a chinntiú go nglactar na prionsabail a bhaineann le forbairt inmharthanach san áireamh agus forbairt fhisiciúil agus mórthionscadail infrastruchtúir á ndéanamh in Éirinn agus go ndéantar pleanáil ar fhorbairt fhisiciúil agus ar mhórthionsacadail infrastruchtúir ar bhealach éifeachtach, cothrom agus oscailte.

Cuspóirí:

Chun a mhisean a bhaint amach tá naoi gcuspóir leagtha amach ag an mBord:

1. A dhualgas reachtúil a chomhlíonadh achomhairc agus nithe eile a chinneadh go tapa agus, ach go háirithe, a chuspóir reachtúil a chomhlíonadh achomhairc, tarchuir, orduithe ceannaigh éigeantaigh, tionscadail infrastruchtúir agus nithe eile a chinneadh laistigh de 18 seachtain (sprioc straitéiseach 90%)

2. Gach ní os a chomhair a chinneadh de réir:

1. prionsabail dlí bunreachtúil agus nádúrtha,

2. prionsabail forbartha inmharthanaí

3. agus de réir dhea-phleanáil agus fhorbairt inmharthanch an cheantair atá i gceist

3. Seirbhísí éifeachtacha ar ardchaighdeán a sheachadadh trí fhoireann spreagúil le hard-scileanna.

4. A chuid oibre a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách a léiríonn éiteas na seirbhíse poiblí, is é sin ionracas, neamhchlaontacht agus an mian freastal ar leas an phobail agus ag an am céanna gach leas agus tuairim bhailí a bhreithniú.

5. A chinntiú:

1. go bhfuil soláthar agus forbairt éifeachtach á ndéanamh ar acmhainní daonna, ar eagraíocht, ar chóiríocht agus ar lár-sheirbhísí (le béim ar leith ar theicneolaíocht an eolais agus ar oiliúint foirne) tacaíochta an Bhoird

2. go bhfuil bainistíocht agus rialú cuí á dhéanamh ar a acmhainní airgeadais, agus

3. go bhfuil a sheirbhís cumarsáide/eolais poiblí éifeachtach.

6. Polasaithe Aireachta agus Rialtais chuí a ghlacadh san áireamh agus a bheith ar an eolas maidir le himní gheallshealbhóirí.

7. Uasmhéid cuntasachta a léiriú atá comhsheasmhach le nádúr leath-bhreithiúnach fheidhmeanna an Bhoird.

8. A chinntiú go bhfuil gach cinneadh bunaithe ar bhreithnithe agus ar chúiseanna atá tugtha go soiléir.

9. Feasacht a chur chun cinn i measc na foirne maidir leis an riachtanas agus na buntáistí a bhaineann le cleachtais atá báúil don chomhshaoil agus iad a spreagadh leas a bhaint as cleachtais den chineál sin go laethúil in obair an Bhoird.

Last modified: 27/08/2009

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Appeal Closing Dates