Reachtaíocht a bhaineann le Íoc Pras Cuntas
Tá cúrsaí maidir le sonraisc a íoc go sciobtha eagraithe faoin Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997 arna leasú ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Idirbhirt Tráchtálacha Íoctha go Déanach), 2002. Faightear sa reachtaíocht sonraí maidir le hús a íoc i gcásanna nuair nach mbíonn sonraisc bhailí íoctha 30 lá imithe tar éis iad a fháil ar dtús.
Scríobhtar faoi chúram Finance Section i ngach cás go soiléir ar gach sonrasc nó is féidir an bille a sheoladh chuig finance@pleanala.ie.
Áirítear an t-ús maidir leis an tréimhse a tharlaíonn idir an chéad spriocdháta agus an dáta nuair a bheidh na sonraisc íoctha.
Polasaí nua chun íoc a dhéanamh laistigh de thréimhse 15 lá, Iúil 2011.
Rinne an Rialtas cinneadh maidir leis an riachtanas neamhreachtúil a shíneadh ó na Ranna Stáit do gach Údarás Áitiúil, na Gníomhaireachtaí Stáit agus na hEagrais Earnála Poiblí ó mhí Iúil 2011 chun an tréimhse íocaíochta a laghdú ó 30 lá go 15 lá. Caithfear gach iarracht a bhaint amach, ag cloí leis na nósanna imeachta airgeadais mar is cuí ionas go mbeidh na soláthraithe íoctha faoi cheann tréimhse nua.
Is féidir cliceáil ar an nasc seo chun feidhmíocht an Bhoird a fheiceáil maidir leis an dualgas seo ó tháinig an riail seo i bhfeidhm.
Íoc Pras ag Gníomhaireachtaí Stáit - Tréimhse ráithiúil atá i gceist: 1 Eanáir 2012 go 31 Márta 2012
Last modified: 12/04/2012



