Teacht an Phobail ar Chomhaid: Leasú Bealtaine 2006
Ón 1 Bealtaine 2006 amach, tiocfaidh athrú de réir mar a leanas ar an nós imeachta maidir le teacht ar cháipéisí áirithe a mbaineann cóipcheart leo:
Conas a thagann an tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar i gceist maidir le cáipéisí a cheannach?
Foráiltear faoin Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000, nach dtagann cóipeáil ar ábhar ná ábhar a chur ar fáil don phobal chun críche an t-ábhar a bheith le scrúdú in áit eile nó ag tráth eile trasna ar an gcóipcheart sa chás go mbíonn ábhar ar fáil lena scrúdú ag an bpobal de dhroim ceangaltais faoin reachtaíocht nó é ar chlár reachtúil. Ina ainneoin sin, foráiltear faoin Acht Cóipchirt chomh maith gur chóir don té a thugann cead teacht ar ábhar, sa chás gur faoi na coinníollacha sin atá sé á chóipeáil, cinntiú go mbíonn marc air a léiríonn gur chun críche scrúdaithe a chuirtear ar fáil é agus nach féidir aon úsáid eile a bhaint as an ábhar gan ceadúnas chuige sin ón té ag a bhfuil an cóipcheart. Éilítear faoin Acht chomh maith nach foláir don té atá ag iarraidh ábhar dá shórt dearbhú a shíniú arna lua gur chun críche a scrúdaithe amháin atá an t-ábhar á iarraidh. Ní féidir cáipéisí ar chomhaid a thagann faoi réir an Achta a ligean amach gan dearbhú sínithe dá réir sin. Bheadh líníocht, pleananna agus mapaí san áireamh le cáipéisí den chineál sin. Ní thiocfadh cinneadh an Bhoird, treoir an Bhoird ná tuairisc an chigire san áireamh.
Last modified: 02/04/2009



