An Bord Pleanála

Ceisteanna a Chuirtear go Minic

Cén lá is deireanaí ar féidir achomharc a dhéanamh?

Ní mór achomharc in aghaidh cinnidh phleanála a dhéanamh laistigh de thréimhse 28 lá ó dháta an chinnidh. Bain leas as an bhféilire le heolas a chur ar an lá deireanach d'achomharc.

Cé mar is féidir liom a fháil amach an ndearnadh achomharc in aghaidh cinnidh phleanála?

Bain leas as an tsaoráid "cuardach tapa" lena dheimhniú an bhfuarthas achomharc i leith an chinnidh phleanála is suim leat. Iontráltar na hachomhairc nua gach lá.

Cé mhéad a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh?

€220 an costas caighdeánach don phobal i gcoitinne agus cosnaíonn sé €50 tuairim a chur isteach. Ach athraíonn na costais de réir tosca áirithe. Féach leat liosta iomlán na dtáillí is iníoctha d'achomhairc agus do ghnóthaí eile.

An bhfuil cinneadh an Bhoird críochnaitheach?

Tá. Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht an chinnidh ach athbhreithniú breithiúnach a iarraidh ar an Ard-Chúirt ach ní bhreithneoidh an Chúirt tuillteanais an cháis ó thaobh na pleanála. Ní thabharfar cead athbhreithniú breithiúnach a iarraidh mura bhfuil an Ard-Chúirt sásta go bhfuil foras substaintiúil ann lena áitiú nach bhfuil an cinneadh bailí agus go bhfuil leas an duine atá ag iarraidh an athbhreithnithe i dtreis ar bhealach substaintiúil sa ghnó.

An féidir liom comhairle a iarraidh ar an mBord?

Ní cuid de cleachtas fhoireann an Bhoird é ceisteanna nó gnáthaimh pleanála a phlé má bhaineann siad seo le hacomharc a cinneadh cheana, mar nach bhfuil aon chumhacht ag an mBord na ceisteanna seo a athoscailt. Cé gur féidir an cúram a chur ar bhaill áirithe den fhoireann déileáil le fiosruithe ginearálta, níor cheart dul i dteagmháil le baill ná le cigirí an Bhoird faoi ghnó ar bith.

Cé a chuireann cinneadh an Bhoird i bhfeidhm?

Níl aon chumhacht forfheidhmithe ag an mBord. Is é an t-údarás pleanála áitiúil atá freagrach go príomhúil as forfheidhmiú na gcinntí pleanála, cuma an cinntí de chuid an Bhoird iad nó de chuid údaráis phleanála, agus as léirmhíniú na gcoinníollacha a chuirfear leis na cinntí.  De réir na bhforálacha forfheidhmithe i gCuid VIII d'Acht Pleanála na bliana 2000, caithfidh údarás pleanála gníomh a dhéanamh i gcás gearán macánta a dhéanann baill den phobal leis faoi fhorbairtí neamhúdaraithe, lena n-áirítear gan cinntí pleanála a chomhlíonadh.    Féadfaidh duine ar bith urghaire a iarraidh ar an Ard-Chúirt nó ar an gCúirt Chuarda maidir le forbairt neamhúdaraithe in imthosca áirithe.

An féidir liom na comhaid a bhaineann le hachomharc a iniúchadh?

Is féidir gach comhad a bhaineann le cás áirithe a iniúchadh in oifigí an Bhoird, tar éis don chás a bheith cinnte. Ní féidir na comhaid a iniúchadh agus an cás fós á chinneadh.

Foilsítear Tuarascáil na gCigirí ar-líne ar shuíomh gréasáin an Bhoird go gairid i ndiaidh don chás a bheith cinnte. Ní fhoilsíonn an Bord na comhaid eile ar-líne (léarscáileanna, grianghraif, litreacha etc) a bhaineann le hachomhairc nó cásanna eile, ach seans go mbeidh cuid mhaith díobh seo le fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis phleanála lena mbaineann siad.

An féidir cóipeanna de cháipéisí na gcomhad a cheannach?

Is féidir cóip d'aon cháipéis atá sna comhaid a cheannach. Is féidir tuarascáil an chigire, treoir an Bhoird agus ordú an Bhoird a léamh agus a íoslódáil ó shuíomh gréasáin an Bhoird ag www.pleanala.ie, saor in aisce. Tá comhaid eile le fáil ach táille bheag chóipeála a íoc.

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 - Eolaí ar na Gnáthaimh -

1.   Ginearálta

De réir fhorálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, féadfaidh duine ar bith comhaid a iniúchadh a bhaineann le hachomhairc agus cásanna áirithe eile atá cinnte ag an mBord. Faoi réir an Achta um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara 2000, is féidir cóipeanna de cháipéisí sna comhaid a cheannach freisin.  Tugann an t-eolaí seo freagraí ar cheisteanna a chuirtear go minic maidir le cead rochtana ar na comhaid seo.

2.   Cé na comhaid is féidir liom a iniúchadh?

Is féidir comhad a bhaineann le hachomharc nó le cás eile lena bhfuil baint ag an mBord a iniúchadh saor ó tháille tar éis don chás a bheith cinnte.  Is féidir gach ceann de na comhaid seo a iniúchadh i rith tréimhse nach lú ná cúig bliana ón tríú lá oibre tar éis an lae ar socraíodh an t-achomharc nó an cás eile.

3.   Cén uair is féidir na comhaid a iniúchadh?

Is féidir na comhaid a iniúchadh in oifigí an Bhoird ó Luan go hAoine idir 10 r.n. – 12.30 i.n. agus 2.30 i.n. – 4.30 i.n. ach amháin laethanta saoire poiblí agus laethanta eile a mbíonn na hoifigí dúnta.

4.   An bhféadfar comhad ar bith a iniúchadh ach é a éileamh?

De ghnáth, beidh na comhaid le fáil an tríú lá oibre i ndiaidh an lae ar cinneadh an t-achomharc nó an cás eile.  Go hiondúil bíonn comhaid atá chomh sean le dhá bhliain le fáil ar éileamh, ach ní i gcónaí é. Mar shampla, b'fhéidir go dtógfadh Cigire an Bhoird comhad amach as an oifig leis ar feadh cúpla lá mar gheall ar achomharc reatha.  De ghnáth taisctear comhaid atá níos sine ná 2 bhliain lasmuigh d'áitreamh an Bhoird agus b'fhéidir nár mhór cúpla lá le hiad a fháil ar ais.  Cuir glaoch gutháin ar (01) 858 8100 nó Lóghlao 1890 275 175 má theastaíonn uait a chinntiú an féidir comhad áirithe a iniúchadh gan mhoill nó cóipeanna de cháipéisí a cheannach.

5.   An féidir cóipeanna de cháipéisí na gcomhad a cheannach?

Faoi réir an Achta um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara 2000 (féach leat ceist 6 anseo thíos), is féidir cóipeanna de cháipéis ar bith sna comhaid (lena n-áirítear tuarascáil chigire an Bhoird, treoir an Bhoird agus ordú an Bhoird) a cheannach i rith na n-uaireanta dá dtagraítear faoi 3 thuas.  Mar sin féin, má bhíonn méid mór cóipeála i gceist agus/nó riaráiste iarratas cóipeála ann, seans nach bhféadfar i gcónaí cóipeanna a sholáthar san uair a dhéantar an t-iarratas.  Más amhlaidh atá an scéal, cuirfear na cóipeanna ar aghaidh chugat a luaithe agus is féidir gan aon chostas breise.

Tá sceideal na dtáillí cóipeála arna leagan amach sa tábla leis seo.  Ní fhéadfaidh tú teacht i gcoinne na gcáipéisí ná ní fhéadfar iad a phostáil chugat ach tar éis don táille chóipeála a bheith íoctha, agus, más cuí, tar éis don ráiteas dá dtagraítear i gceist 6 a bheith curtha ar fáil.  Is féidir tuarascáil an chigire, treoir an Bhoird agus ordú an Bhoird a léamh agus a íoslódáil ó shuíomh gréasáin an Bhoird ag www.pleanala.ie saor in aisce..  Tá an áis (féinseirbhíse) seo le fáil inár limistéar Fáiltithe freisin, saor in aisce chomh maith.

6.   Cén éifeacht atá ag an Acht um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara ar cheannach na gcáipéisí?

Forálann an tAcht um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara 2000, maidir le hábhar is féidir leis an bpobal a iniúchadh de bhun riachtanais reachtúil nó atá ar chlár reachtúil, nach sáraítear an cóipcheart nuair a dhéantar cóip den ábhar sin nó nuair a chuirtear ar fáil don phobal é d'fhonn go bhféadfar é a iniúchadh am eile nó in áit eile.  Ar a shon sin, forálann an tAcht um Chóipcheart freisin, nuair a dhéantar cóip d'ábhar sna tosca sin, go gcinnteoidh an duine atá ag ceadú na rochtana ar an ábhar seo go bhfuil marc soiléir air a thugann le fios gur le haghaidh an iniúchta amháin atá sé á chur ar fáil agus nach féidir aon úsáid eile a bhaint as gan cead shealbhóir an chóipchirt a fháil.  Éilíonn an tAcht freisin go síneoidh an duine atá ag iarraidh a leithéid d'ábhar ráiteas a shonraíonn gur le haghaidh an iniúchta amháin atá an t-ábhar ag teastáil.  Ní féidir cáipéisí i gcomhaid atá faoi réir an Achta a fhuascailt gan an ráiteas sínithe seo.  I measc cáipéisí den sórt seo, áirítear léaráidí, pleananna agus léarscáileanna.  Ní áirítear cinneadh ná treoir an Bhoird ná tuarascáil an chigire.

7.   An bhfuil cinneadh an Bhoird críochnaitheach?

Tá.  De réir Ailt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, ní féidir agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht chinneadh an Bhoird ar achomharc pleanála ach trí bhíthin iarratais ar athbhreithniú breithiúnach chun na hArd-Chúirte laistigh de thréimhse 8 seachtain ón dáta ar tugadh an cinneadh.  Ní bhreithneoidh an Chúirt tuillteanais phleanála an cháis agus ní thabharfar cead athbhreithniú breithiúnach a iarraidh mura bhfuil an Ard-Chúirt sásta go bhfuil foras substaintiúil ann lena áitiú nach bhfuil an cinneadh bailí nó gur cheart é a neamhní agus go bhfuil leas an duine atá ag iarraidh an athbhreithnithe i dtreis ar bhealach substaintiúil sa ghnó.

8.   An féidir liom comhairle a iarraidh ar an mBord?

Leagadh amach na gnáthaimh a bhaineann le cáipéisí achomhairc a iniúchadh agus a cheannach d'fhonn rochtain an phobail ar an bhfaisnéis ar ar bunaíodh an cinneadh a fheabhsú.  Ní cuid de cleachtas fhoireann an Bhoird é ceisteanna nó gnáthaimh pleanála a phlé má bhaineann siad seo le hacomharc a cinneadh cheana, mar nach bhfuil aon chumhacht ag an mBord na ceisteanna seo a athoscailt.  Níor chuí don Bhord ach an oiread comhairle a thabhairt faoi na gnáthaimh dhlíthiúla a bhaineann le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach.  Cé gur féidir le baill foirne a ainmneofar lena aghaidh sin déileáil le fiosruithe ginearálta, níor cheart dul i dteagmháil le baill ná le cigirí an Bhoird faoi ghnó ar bith.

9.   Cé a chuireann an cinneadh i bhfeidhm?

Is é an t-údarás pleanála áitiúil atá freagrach go príomhúil as forfheidhmiú na gcinntí pleanála, cuma an cinntí de chuid an Bhoird iad nó de chuid údaráis phleanála, agus as léirmhíniú na gcoinníollacha a chuirfear leis na cinntí.  De réir na bhforálacha forfheidhmithe i gCuid VIII d'Acht Pleanála na bliana 2000, caithfidh údarás planála gníomh a dhéanamh i gcás gearán macánta a dhéanann baill den phobal leis faoi fhorbairtí neamhúdaraithe, lena n-áirítear gan cinntí pleanála a chomhlíonadh.  Níl aon chumhacht forfheidhmithe ag an mBord.  Féadfaidh duine ar bith urghaire a iarraidh ar an Ard-Chúirt maidir le forbairt neamhúdaraithe in imthosca áirithe.

An Bord Pleanála

64 Sráid Mhaoilbhríde

Baile Átha Cliath 1

Teil       (01) 858 8100                                                  Suíomh Gréasáin:  www.pleanala.ie

Lóghlao  1890 275 175                                                  Ríomhphostl:       publicaccess@pleanala.ie

Facs      (01) 872 2684

Nóta.  Mar eolaí a ceapadh an doiciméad seo. Ná ceaptar gur léirmhíniú ar an dlí é.

Arna leasú:  5 Aibreán 2006.

Eolaí ar na Rátaí is iníoctha ar an Rochtain Phoiblí

Cineál CóipeCostas leathanaigh
A4 dubh €0.20
A4 dath €1.25
A3 dubh €0.40
A3 dath €1.75
A2 dubh €2.25
A2 Dath €2.75
A0/A1 dubh €3.00
A0/A1 dath €3.50
CD €6.00 an diosca

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 01/09/2011

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Dátaí deireannaí Achomharc