Léim go dtí an príomhábhar

Iarraidh ar Thuairim maidir le Solúbthacht

Ba cheart iarraidh ó iarratasóir ionchasach chuig an mBord ar thuairim maidir le solúbthacht faoi alt 287A den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, a chur faoi bhráid an Bhoird mar chuid de na comhairliúcháin faoi alt 287 den Acht. 

Is i scríbhinn a bheidh aon iarraidh, agus beidh na nithe seo a leanas inti— 

(a)     ainm agus seoladh an iarratasóra ionchasaigh, 

(b)     léarscáil de shuíomh an láithreáin atá dóthanach chun an limistéar muirí ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite a shainaithint, 

(c)    tuairisc ghairid ar chineál agus cuspóir na forbartha beartaithe agus ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aici ar an gcomhshaol,

(d)     dréachtphlean leagan amach don fhorbairt bheartaithe, 

(e)     tuairisc ar na nithe seo a leanas— 
(i)     na mionsonraí, nó na grúpaí mionsonraí, faoin bhforbairt bheartaithe nach dócha, de bharr na n-imthosca atá leagtha amach i bhfomhír (ii), go mbeidh siad deimhnithe tráth an iarratais bheartaithe, agus    
(ii)    na himthosca a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe, lena n-áirítear cibé imthosca a fhorordóidh an tAire i ndáil le haon aicme forbartha nó aon tuairisc forbartha chun críocha na fomhíre seo, a léiríonn gur cuí an t-iarratas beartaithe a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, sula mbeidh na mionsonraí dá dtagraítear i bhfomhír (i) deimhnithe ag an iarratasóir ionchasach, lena n-áirítear, go háirithe, cé acu a bheidh nó nach mbeidh an t-iarratasóir ionchasach in ann leas a bhaint as teicneolaíocht a bheidh ar fáil tar éis an t-iarratas beartaithe a dhéanamh, ar teicneolaíocht í a bheidh níos éifeachtaí nó níos éifeachtúla ná an teicneolaíocht atá ar fáil tráth an iarratais,

 (f)     gealltanas á rá go soláthrófar in éineacht leis an iarratas beartaithe— 
 (i)     dhá rogha nó níos mó, i leith gach mionsonra nó grúpa mionsonraí dá dtagraítear i mír (e)(i), ina bhfuil faisnéis ar ar a bonn a fhéadfar an iarraidh bheartaithe a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, nó
(ii)     paraiméadair ar laistigh díobh a thiocfaidh gach mionsonra dá dtagraítear i mír (e)(i) agus ar ar a mbonn a fhéadfar an iarraidh bheartaithe a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, nó
(iii)     teaglaim d’fhomhíreanna (i) agus (ii), 

(g)     cibé faisnéis, líníochtaí nó uiríll eile is mian leis an iarratasóir ionchasach a sholáthar nó a chur ar fáil, agus 

(h)     cibé faisnéis eile a fhorordófar.

Ba cheart Foirm Uimh. 20 de Sceideal 3 a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú, a chur isteach in éineacht leis an iarraidh.  
 

Táillí

Ní cheanglaítear aon táille a íoc i leith iarraidh faoi alt 287A den Acht. 
 

Cruinniú

Tionólfar cruinniú amháin chun tuairim a thabhairt maidir le solúbthacht. Déanfaidh an Bord taifead d’aon chruinnithe arna dtionól. Seolfaidh sé cóip den taifead chuig an iarratasóir ionchasach a luaithe is féidir tar éis an chruinnithe. 
 

Rúndacht

Coinneofar faoi rún gach iarraidh maidir le solúbthacht roghanna deartha agus aon tuairim arna heisiúint ag an mBord, agus ní dhéanfar iad a phoibliú ach amháin nuair a bheidh iarratas pleanála déanta chuig an mBord. 
 

Tuairim

I gcás gur deimhin leis go bhfuil imthosca cuí ann, eiseoidh an Bord tuairim, ina leagfar amach na mionsonraí a bhféadfaidh an t-iarratasóir ionchasach iad a dheimhniú tráth níos déanaí agus na himthosca a mheastar a bheith cuí chun gur féidir le hiarratas dul ar aghaidh ar an mbonn sin. Foráiltear dó sin faoi alt 287B den Acht. Tá sé de rogha ag an mBord freisin a chinneadh nach deimhin leis go bhféadfar an t-iarratas a dhéanamh sula ndeimhneofar mionsonraí áirithe faoin iarratas. 

Agus cead nó ceadú á dheonú i leith aon iarratas pleanála, ní mór don Bhord coinníoll a cheangal ina leagtar amach na roghanna ceadaithe agus/nó na paraiméadair cheadaithe i leith na mionsonraí neamhdheimhnithe agus ina gceanglaítear ar an iarratasóir an mionsonra iarbhír faoin bhforbairt lena mbaineann an coinníoll a dheimhniú sula dtosófar an chuid sin den fhorbairt.