An Bord Pleanála

Foirm Achomharc Pleanála/Seicliosta

(Léigh na nótaí thall le do thoil roimh chomhlánú)

íoslódáil foirm Formáidigh Word, Formáidigh PDF

 

1.                  Caithfidh an t-achomharc a bheith i scríbhinn (m.sh. ní féidir é a dhéanamh ar mhodh leictreonach).

2.                  Luaigh-

Ainm an achomharcóra (ní gníomhaire f/ch)  
seoladh an achomharcóra (ní gníomhaire f/ch)  

3.         Má bhíonn gníomhaire i gceist, luaigh -

ainm an ghníomhaire  
seoladh an ghníomhaire  

4.         Luaigh Ábhar an Achomhairc*

Tuairisc achomair ar an bhforbairt 
Suíomh na forbartha  
Ainm an údaráis pleanála  
Uimhir thagartha chlár an údaráis pleanála  

* Mar rogha air sin, cuir cóip de chinneadh an údaráis pleanála faoi iamh mar ráiteas d’Ábhar an Achomhairc.

5.  Cuir i gceangal, ina n-iomláine, na forais achomhairc agus na cúiseanna, breithnithe agus argóintí ar a bhfuil siad bunaithe.

6.  Cuir i gceangal, admháil an údaráis pleanála go bhfuarthas d’aighneacht nó do thuairimí chuig an údarás sin i ndáil leis an iarratas pleanála, ábhar an achomhairc seo. (Ní bhaineann i gcás gurb é an t-achomharcóir an t-iarratasóir).

7.   Tá táille de €                 ag gabháil leis seo i ndáil leis an achomharc.

8.   Tá táille de €                 ag gabháil leis seo i ndáil le hiarraidh ar éisteacht ó bhéal ar an achomharc, má tá iarraidh dó sin á dhéanamh.

9.  Cinntigh go bhfaigheann an Bord an t-achomharc sa tslí cheart agus in am.

Arna Shíniú:                                                                  Dáta:                                       

 

Féadfar formáid cosúil leis an gceann thuas a úsáid i gcás go mbíonn duine ag déanamh aighneachtaí nó tuairimí ar achomharc de réir alt 130 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Cuir isteach ‘breathnadóir’ don ‘achomharcóir’ agus ‘aighneacht/tuairim’ don ‘achomharc’ ag gach tagairt. Ní bhaineann míreanna 6 agus 8 le haighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh.

/thall…

Nótaí (Féach Foirm Seicliosta thall)

 

1.   Rialacha d’Achomhairc a Dhéanamh

Moltar duit an leagan is deireanaí de “Treoir do Achomharc Pleanála a Dhéanamh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000” arna eisiúint ag an mBord a sheiceáil. Tá sé ar fáil ón mBord, teileafón (01) 858 8100 agus ar ár láithreán gréasáin ag http://www.pleanála.ie/. D’fhéadfadh sé ar fáil ó do uadrás pleanála chomh maith.

Bíonn líon suntasach d’achomhairc neamhbhailí mar nach mbíonn siad déanta de réir na rialacha reachtúla.

2. Táillí Achomhairc

Moltar duit an táille chuí chun achomharc a dhéanamh a sheiceáil. Tá táillí difriúla i bhfeidhm ag brath ar chineál an achomhairc. Tá bileog “Treoir do na Táillí is iníoctha leis an mBord” ar fáil ón mBord, teileafón (01) 858 8100 agus ar ár láithreán gréasáin www.pleanala.ie. D’fhéadfadh sé ar fáil ó do uadrás pleanála chomh maith. Tabhair ar aird go bhféadfaidh táillí achomhairc athrú ó am go ham.

Bíonn líon suntasach d’achomhairc neamhbhailí mar nach mbíonn aon táille leo nó nach mbíonn an táille cheart leo.

3. Teorainneacha Ama

Is é an teorainn ama chun achomharc a dhéanamh, ach amháin i gcás go ndéantar achomharc tar éis iarratas rathúil ar chead achomhairc, ná ceithre seachtaine ó dháta chinneadh an údaráis pleanála (ní an lá a seoltar é nó an lá a fhaightear é). Is é lá a haon an lá a ndéantar cinneadh an údaráis pleanála. Mar shampla, má dhéantar cinneadh an údaráis pleanála ar an gCéadaoin an 2ú lá de mhí, is é an lá deiridh chun achomharc a fháil an Mháirt an 29ú lá den mhí chéanna agus NÍ an Chéadaoin an 30ú. Tá rialacha speisialta ann i gcás gur lá a mbíonn oifigí an Bhoird dúnta an lá deiridh nó má bhíonn an lá deiridh den tréimhse i dtéimhse na Nollag/Chinn Bliana. Seiceáil ár mbileog do thuilleadh eolais.

Bíonn líon suntasach d’achomhairc neamhbhailí mar go mbíonn siad mall – amanna, díreach lá amháin mall.

4. An tAchomharc a Sheachadadh

  • Seol an t-achomharc leis an bpost chuig An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, nó
  • Seachaid le láimh é, chuig fostáí de chuid an Bhoird (ní duine slándála) i rith uaire oifige (9.15 a.m. go dtí 5.30 p.m.) Luan go hAoine,

ionas go sroichfidh an t-achomharc an Bord faoin lá deiridh chun achomharc a dhéanamh.

Ná cuir an t-achomharc i mbosca litreach an Bhoird. Bíonn líon suntasach achomharc neamhbhailí mar nach seachadtar i gceart iad.

5. Comhlánú

Caithfidh an t-achomahrc a bheith comhlánaithe go hiomlán ón tús. Níl cead agat aon chuid de a chur isteach ag tráth níos déanaí, fiú laistigh den teorainn ama. Níl cead agat ach oiread soiléiriú, tuilleadh mínithe nó aighneachtaí breise a dhéanamh chun na rialacha seo a chomhlíonadh nó chun achomharc nó aon rud eile a dhéanamh, mura n-iarrann an Bord sin.

Tá an doiciméad seo á eisiúint mar chabhair chun achomharc pleanála bailí a dhéanamh chuig an mBord.Is féadfar é a úsáid mar ‘leathanach clúdaigh’ agus achomharc den sórt sin á dhéanamh ach níl aon cheanglas dlíthiúil nó eile ann é seo a dhéanamh.. Ba chóir an doiciméad a léamh i dteannta leis na leaganacha is deireanaí de bhileoga an Bhoird “Achomharc a Dhéanamh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000” agus “Treoir do Tháillí is iníoctha leis an mBord”. Baineann an treoir a thugtar sna bileoga sin agus sa doiciméad seo go ginearálta freisin le haighneachtaí agus tuairimí a dhéanamh ag ‘breathnadóirí’ faoi alt 130 den Acht Pleanála 2000. Bíonn líon suntasach aighneachtaí agus tuairimí ó ‘bhreathnadóirí’ neamhbhailí freisin mar nach ndéantar iad de réir na rialacha cuí.

Ní airbheartaíonn an doiciméad seo a bheith ina léirmhíniú dlíthiúil ar an dlí i ndáil le hachomharc pleanála a dhéanamh – ba chóir duit féachaint ar an reachtaíocht chuí, lena n-áirítear ailt 37 agus 127 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 do na rialacha reachtúla a rialaíonn achomhairc a dhéanamh (alt 130 do ‘bhreathnadóirí’).

Beidh achomharc nó aighneacht nó tuairim ar achomharc nach ndéantar go dian de réir na rialacha reachtúla neamhbhailí. Níl aon rogha ag an mBord na rialacha a lagú nó a athrú. Is ORTSA atá an dualgas gach ceann de na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh ag an tráth a ndéantar an t-achomharc/aighneacht/tuairim bailí/bhailí a dhéanamh.

26ú Eanáir 2005

Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 20/05/2008

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Appeal Closing Dates