An Bord Pleanála

Treoir Do Achomharc Pleanála

Is féidir cliceáil anseo chun teacht ar leagan pdf de 'Treoir Do Achomharc Pleanála

Tá próiseas cuimsitheach achomhairc sa chóras pleanála. Faoin bpróiseas seo, féadfar gach cinneadh pleanála a dhéanann na húdaráis áitiúla a bheith faoi réir ag athbhreithniú neamhspleách an Bhord Pleanála (an Bord). Tugann an bhileog seo mionsonraí de phríomhghnéithe an phróisis achomhairc agus tá sé beartaithe mar threoir phraiticiúil do nósanna imeachtaí faoi faoin Acht um Pleanála agus Forbairt 2000,arna leasú. Ní léirmhíniú críochnaitheach dlíthiúil é ar an dlí pleanála. Tugtar comhairle duit an bhileog ‘Táillí agus Muirir’ a léamh. Don eolas seo agus do thuilleadh eolais is féidir leat dul i gcomhairle leis an mBord Pleanála nó le d’údarás pleanála áitiúil. NÍ phléann an Treoir seo le hiarratais dhíreacha chuig an mBord le haghaidh ceadanna/faomhuithe pleanála d’fhorbairt straitéiseach bonneagair. Féach treoir ar leith do na nósanna imeachta sin.

1. An bhfuil foirm iarratais achomhairc oifigiuil ann?

Níl aon fhoirm iarratais achomhairc reachtúil ann. Ach, tá ‘Seicliosta Achomhairc Pleanála’ curtha ar fáil ag an mBord, ar féidir í a úsáid mar leathanach clúdaigh in achomharc. Soláthraíonn an doiciméad seo treoir atá éasca le húsáid agus, má leantar go hiomlán é, ba chóir go gcabhródh sé lena chinntiú go mbeidh achomharc bailí déanta agat. Meabhraigh go bhfuil an dualgas ortsa achomharc bailí a dhéanamh. Tá an doiciméad ar fáil ón mBord, is féidir é a íoslódáil óna láithreán gréasáin www.pleanala.ie agus ba chóir go mbeadh sé ar fáil ó d’údarás pleanála áitiúil freisin.

2. Cé a fhéadfaidh achomharc a dhéanamh?

• Iarratasóir ar chead pleanála (an chéad pháirtí), agus

• aon duine, comhlacht nó grúpa leasmhar etc. eile, a chuir aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn chuig an údarás pleanála i ndáil leis an iarratas pleanála de réir na rialachán ceada (tríú páirtí). Tá trí eisceacht ar an gceanglas go mbeadh aighneachtaí nó tuairimí déanta roimh ré:-

(1) i gcás go raibh comhlacht forordaithe i dteideal fógra d’iarratas pleanála a bheith curtha in iúl dó ag an údarás pleanála agus nár cuireadh sin in iúl dó de réir dlí, féadfaidh an comhlacht achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis pleanála, gan aon aighneachtaí nó tuairimí ar an iarratas pleanála a bheith déanta aige;

(2) i gcás gur gá ráiteas um thionchar comhshaoil (RTC) a chur isteach leis an iarratas chuig an údarás pleanála féadfaidh comhlacht, a bhfuil aidhmeanna agus cuspóirí aige maidir le caomhnú an chomhshaoil a chothú agus a chomhlíonann riachtanais áirithe eile, achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis pleanála,

gan aighneachtaí nó tuairimí faoin iarratas pleanála a bheith curtha isteach aige;

(3) féadfaidh duine a bhfuil leas aige nó aici i dtalamh (e.g. úinéir/áititheoir talún) atá tadhlach le láithreán an iarratais, iarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis pleanála, gan aighneachtaí nó tuairimí a bheith curtha isteach chuig an údarás pleanála aige (féach ceist 33).

3. An bhfuil teorainn ama ar achomhairc?

Tá. Ach, i gcás go dtugann an Bord cead do dhuine achomharc a dhéanamh (féach ceisteanna 2(3) agus 33), caithfidh an t-achomharc a bheith faighte ag an mBord laistigh de cheithre seachtaine dar tús dáta déanta an chinnidh ag an údarás pleanála (N.B., ní an dáta a sheoltar nó an dáta a fhaightear an cinneadh). Comhairtear an lá a ndéantar an cinneadh mar an chéad lá. Mar shampla, má dhéantar cinneadh údaráis pleanála ar an gCéadaoin an 2ú lá de mhí, is é an lá deiridh chun achomharc a fháil ná an Mháirt an 29ú lá (agus ní an Chéadaoin an 30ú lá) den mhí chéanna. Tá áis fhéilire ar láithreán gréasáin an Bhoird chun cuidiú leat an lá deiridh chun achomharc a dhéanamh a bhaint amach.

I gcás go dtugtar cead do dhuine achomharc a dhéanamh, caithfidh an t-achomharc a bheith faighte ag an mBord laistigh de dhá sheachtain ó fuair sé nó sí fógra den fhíric sin.

Is dianteorainneacha ama reachtúla iad seo. Níl aon rogha ag an mBord glacadh le hachomhairc dhéanacha, cibé má sheoltar leis an bpost iad nó ar aon slí eile. Is ort féin atá an fhreagracht a chinntiú go seachadtar an t-achomharc nó aon ábhar eile nó go bpostáiltear in am é lena sheachadadh laistigh den tréimhse chuí. Beidh achomharc nó aon ábhar eile a phostáiltear laistigh den tréimhse cheadaithe, ach a fhaightear lasmuigh den tréimhse sin, neamhbhailí. Tá tuilleadh eolais faoi theorainneacha ama tugtha i gceisteanna 29, 30 agus 31.

4. Conas a dhéanfaidh mé achomharc?

Is gá gach achomharc a dhéanamh i scríbhinn agus caithfear iad:

• a sheachadadh leis an bpost chuig: An Rúnaí,

An Bord Pleanála64

Sráid Mhaoilbhríde,

Baile Átha Cliath 1,

nó, a sheachadadh le láimh chuig fostaí de chuid an Bhoird ag oifigí an Bhoird i rith uaire oifige (9.15 a.m. go dtí 5.30 p.m. ó Luan go hAoine, seachas saoirí poiblí agus laethanta eile ar a mbíonn na hoifigí dúnta). Bíonn achomhairc a chuirtear i mbosca litreach an Bhoird neamhbhailí.

Caithfidh an t-achomharc a bheith comhlánaithe go hiomlán ó thús – níl aon chead agat aon chuid de a shoiléiriú, a mhíniú a thuilleadh nó a chur isteach ag am difriúil, fiú laistigh den teorainn ama. (Féach ceist 15 freisin).

5. Cad a chaithfidh mé a chur le m’achomharc?

• D’ainm féin agus do sheoladh – le chéile chaithfear a lua go soiléir. I gcás go ndéanann gníomhaire achomharc thar do cheann, caithfidh sé nó sí a (h)ainm féin agus a s(h)eoladh féin a lua go soiléir chomh maith le d’ainmse agus do sheoladh.

• Ábhar an achomhairc – caithfidh tú dóthain mionsonraí a thabhairt le go mbeidh ar chumas an Bhoird ábhar an achomhairc a aithint go héasca ón iarratas (e.g. cóip de chinneadh an údaráis pleanála, nó mionsonraí de chineál agus láithreán na forbartha beartaithe, nó ainm an údaráis pleanála agus an uimhir thagartha ar chlár pleanála an chinnidh a bhfuil achomharc á dhéanamh agat ina leith).

• Forais an achomhairc agus ábhar agus argóintí tacaíochta – ní fhéadfaidh an Bord breithniú ar aon fhorais achomhairc nó ar aon fhaisnéis a chuirtear isteach tar éis an achomhairc (ach amháin faisnéis a iarrann an Bord go sonrach) agus ní fhéadfaidh sé saincheisteanna neamhphleanála a bhreithniú; níor chóir, dá bhrí sin, go mbeadh saincheisteanna den sórt sin sna forais achomhairc. (Féach ceist 26 freisin).

• An táille cheart – tá mionsonraí na dtáillí ar fáil ón mBord nó ó d’údarás pleanála áitiúil.

• I gcás achomharc tríú páirtí, admháil scríofa (nó cóip d’admháil) ón údarás pleanála go bhfuarthas aighneacht, nó tuairim a chuir an duine (tríú páirtí) chuig an údarás pleanála ag an gcéim iarratais, lena thaispeáint gur cuireadh an aighneacht nó an tuairim isteach ag an gcéim sin.

6. Cad a tharlaíonn má bhíonn m’achomharc neamhiomlán?

Mura gcomhlíonann an t-achomharc na ceanglais dhlíthiúla ar fad ag an tráth a ndéantar an t-achomharc (féach na míreanna roimhe seo mar threoir), beidh sé neamhbhailí agus ní féidir leis an mBord é a bhreithniú. (Féach ceist 15 freisin).

7. An mbaineann táillí éagsúla le cásanna éagsúla?

Baineann. I gcás, mar shampla, go mbaineann achomharc le forbairt tráchtála agus/nó le hiarratas ar chead chun forbairt a choinneáil agus go bhfuil an t-achomharc déanta ag an gcéad páirtí, bíonn táillí níos airde ná na gnáth-tháillí i gceist. Baineann forbairt tráchtála mar shampla le forbairt dhá theach cónaithe nó níos mó, (tithe, árasáin agus a leithéid), ag athrú teach cónaithe amháin agus dhá aonad cónaithe nó níos mó a dhéanamh as, ag cur aonad cónaithe ar fáil in éineacht le forbairt tráchtála, nó ag cur úsáid cónaithe i bhfeidhm ar aonad atá ann cheana féin agus úsáid tráchtála a bheith ann ag an am céanna. Baineann táillí éagsúla freisin le catagóirí eile, cuir i gcás “breathnadóirí” (féach ceist 12), comhlachtaí poiblí áirithe agus le héisteachtaí ó bhéal. Is gá tagairt a dhéanamh don treoir an Bhoird dar teideal Táillí agus Muirir chun an t-eolas reatha a aimsiú.

8. An cosúil go n-athrófar táillí achomhairc?

Is cosúil. Faoin Achtanna Pleanála caithfidh an Bhord athbhreithniú a dhéanamh, gach trí bliana ar a laghad, ar an leibhéal táillí atá dlite dó as achomhairc, tarchuir, iarratais ar chead achomhairc, aighneachtaí nó tuairimí agus iarrataí ar éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh. Is cóir duit an staid is déanaí a sheiceáil i gcónaí lena chinntiú go bhfuil an táille iarratais reatha ar eolas agat. Ba chóir duit tagairt a dhéanamh don treoir an Bhoird dar teideal Táillí agus Muirir chun eolais breise a fháil ar na táillí reatha.

9. An féidir liom comhad an údaráis pleanála a fheiceáil sula ndéanfaidh mé achomharc?

Is féidir. Cuirfidh an t-údarás pleanála an t-iarratas pleanála agus aon aighneachtaí nó tuairimí a fuarthas i ndáil leis an iarratas ar fáil d’iniúchadh poiblí ag a oifigí a luaithe is féidir tar éis iad a fháil.

Laistigh de 3 lá oibre óna chinneadh, cuirfidh an t-údarás pleanála na nithe seo a leanas ar fáil freisin d’iniúchadh poiblí ag a oifigí-

• an t-iarratas iomlán agus aon fhaisnéis bhreise a sholáthraíonn an t-iarratasóir,

• a thuairiscí féin ar an iarratas,

• a chinneadh agus fógra an chinnidh chuig an iarratasóir agus chuig aon duine nó comhlacht a rinne aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an iarratas.

10. An féidir liom cóipeanna de na doiciméid a bhaineann le hiarratas pleanála a fháil?

Is féidir. Is féidir cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear in 9 thuas a cheannach ón údarás pleanála ar chostas réasúnta.

11. An bhfuil cinntí nó coinníollacha áirithe a dhéanann údarás pleanála faoi iarratas pleanála nach féidir achomharc a dhéanamh ina leith?

• Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord i gcás go gcinneann údarás pleanála cead a dhiúltú, bunaithe ar mhainneachtain san am atá caite ag forbróir nó duine gaolmhar an cead a fuarthas roimhe sin a chomhlíonadh (agus nach neamhníonn an Ard-Chúirt an cinneadh sin).

• Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord in aghaidh cinnidh go ndeonófaí cead, de dhroim cead imlíneach a bheith deonaithe i ndáil le haon ghné den chinneadh a cinneadh sa chead imlíneach.

• Tríd is tríd, ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord maidir le coinníollacha in aghaidh ranníocaí airgeadais a fhorchuirtear faoi Scéimeanna Ranníocaí Forbartha nó Scéimeanna Ranníocaí Forbartha Forlíontacha. Mar sin féin, ceadaítear achomhairc a dhéanamh in aghaidh coinníollacha ranníocaíochta speisialta a fhorchuireann údarás pleanála, agus ceadaítear achomhairc a dhéanamh freisin i gcás go measann forbróir nach raibh téarmaí Scéim Ranníocaí Forbartha nó Scéim Ranníocaí Forbartha Forlíontacha curtha i bhfeidhm go cuí. I gcásanna den sórt sin, más rud é nach mbíonn aon achomharc eile (féach ceist 20) in aghaidh chinneadh an údaráis pleanála, ní féidir leis an mBord déileáil ach leis an ábhar atá faoi achomharc agus féadfaidh an t-údarás pleanála an deonú ceada a dhéanamh, ainneoin an achomhairc chuig an mBord, ar choinníoll go dtugann an té atá ag déanamh an achomhairc urrús go n-íocfar méid iomlán an ranníoca nó an ranníoca speisialta, de réir mar is cuí.

12. An féidir liom mo thuairimí a chur in iúl don Bhord gan achomharc a dhéanamh?

I gcás go mbíonn achomharc déanta cheana féin, féadfaidh duine ar bith, seachas aon pháirtí atá páirteach leis an achomharc cheana féin, a bheith ina “bhreathnóir” agus aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh ar an achomharc. Is féidir cóip den achomharc a fheiceáil ag oifig an údaráis pleanála. Is é an teorainn ama (a) ceithre seachtaine ag tosú ar an lá a bhfaigheann an Bord an t-achomharc (nó ón achomharc deiridh i gcás go ndéantar níos mó ná cheann amháin) d’aighneachtaí nó do thuairimí, nó (b) I gcás go mbíonn Ráiteas Tionchar Comhshaoil curtha isteach. Is ceithre seachtaine (c) an teorainn ama, ag tosú ar an dáta a bhfoilsíonn an Bord fógra go bhfuil sé faighte aige, nó, i gcás gur iarr an Bord ar an iarratasóir fógra láithreáin nó fógra nuachtáin eile a fhoilsiú, is tréimhse ceithre seachtaine an teorainn ama ag tosú ar dháta fhoilsiú an fhógra. Mar sin, i cás (a) thuas má fhaightear achomharc ar an gCéadaoin an 2ú lá de mhí, is é an data deiridh chun aighneachtaí no tuairimí ar an achomharc a fháil ó “bhreathnóir” ná an Mháirt an 29ú lá (ní Céadaoin an 30ú lá) den mhí chéanna. Tá áis fhéilire ar láithreán gréasáin an Bhoird chun cuidiú leat an lá deiridh a ríomh le haighneacht/tuairim a dhéanamh. Féach freisin ceisteanna 29, 30 agus 31 maidir le teorainneacha ama.

Más rud é go ndéantar an t-achomharc (nó na hachomhairc ar fad i gcás go mbíonn níos mó ná cheann amháin ann) a tharraingt siar ag duine/daoine a rinne é, seasfaidh cinneadh an údaráis pleanála agus beidh d’aighneacht imithe as feidhm.

13. Conas a fhéadfaidh mé mo thuairimí a chur in iúl don Bhord?

Ba cheart do “bhreathnóir” a (h)aighneacht nó a t(h)uairim a chur isteach i scríbhinn trí:-

• iad a sheoladh leis an bpost chuig: An Rúnaí,

An Bord Pleanála,

64 Sráid Mhaoilbhríde,

Baile Átha Cliath 1

, iad a sheachadadh chuig oifigí an Bhoird. (Is iad na huaire oifige 9.15 R.N. go dtí 5.30 I.N., Luain go hAoine, seachas saoirí poiblí agus laethanta eile a mbíonn na hoifigí dúnta.)

14. Cad a chaithfidh mé a chur le m’aighneachtaí nó le mo thuairimí?

• D’ainm féin agus do sheoladh - a chaithfear a lua go soiléir. I gcás go ndéanann gníomhaire aighneachtaí nó tuairimí thar do cheann, caithfidh sé nó sí a (h)ainm féin agus a s(h)eoladh féin a lua go soiléir chomh maith le d’ainmse agus do sheoladh.

• Ábhar na n-aighneachtaí nó na dtuairimí – caithfidh tú dóthain mionsonraí a thabhairt lena chur ar chumas an Bhoird an t-iarratas/an t-achomharc a shainaithint go réidh m.sh. cóip de chinneadh an údaráis pleanála nó uimhir thagartha an achomhairc.

• Forais iomlána na n-aighneachtaí nó na dtuairimí agus ábhar agus argóintí tacaíochta. Ní fhéadfaidh an Bord breithniú a dhéanamh ar aon aighneachtaí a chuirtear isteach tar éis na n-aighneachtaí nó tuairimí curtha isteach ar dtús (ach amháin faisnéis a iarrann an Bord go sonrach) agus ní féidir leis an mBord aird a thabhairt ar shaincheisteanna neamhphleanála.

• An táille cheart. Tugtar comhairle duit an bhileog Táillí agus Muirir leis an mBord a léamh.

15. Má bhíonn m’achomharc nó mo thuairim neamhbhailí, an féidir liom achomharc nó tuairim a ataisceadh?

Má chomhlíonann tú go hiomlán GACH CEANN de na ceanglais ag an tráth a ndéanann tú achomharc nó tuairim a ataisceadh, ansin glacfar leis. Is iad na ceanglais ná go gcaithfear an t-achomharc nó an tuairim a fháil in am (féach ceist 3 nó 12, de réir mar is cuí), é a bheith déanta i gceart (féach ceist 4 nó 13) agus an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad a bheith leis (féach ceist 5 nó 14) nuair a dhéantar ataisceadh. Fiú má taisceadh táille (cibé í a bheith ceart nó gan a bheith) leis an achomharc nó tuairim neamhbhailí, caithfidh an táille iomlán a bheith ag gabháil i gcónaí leis an achomharc nó tuairim nua.

Más rud é nach mbíonn an teorainn ama le haghaidh ataisceadh achomhairc nó tuairime nua imithe as feidhm, ní ráthaíonn an Bord go dtabharfaidh sé fógra d’achomharcóirí nó do “breathnadóirí” in am dóthanach chun achomharc nó tuairim nua a chur isteach laistigh den teorainn ama reachtúil.

16. An féidir liom éisteacht ó bhéal a iarraidh?

Is féidir le páirtí atá páirteach leis an achomharc cheana féin (iarratasóir, údarás pleanála, achomharcóir, ach níl breathnóir san áireamh) éisteacht ó bhéal a iarraidh ar an gcoinníoll go n-íoctar an táille cheart neamh-aisíoctha sa bhreis ar an táille achomhairc. Caithfidh an t-achomharcóir an t-iarraidh a dhéanamh laistigh den tréimhse d’achomharc a thaisceadh ach, i gcás go mbíonn cóip den achomharc curtha chuig páirtí san achomharc nach é nó í an t-achomharcóir, féadfaidh sé nó sí an iarraidh a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón dáta a gcuirtear an chóip chuige nó chuici.

Má iarrann tú éisteacht ó bhéal, caithfidh tú fós na forais atá agat don achomharc a lua go hiomlán agus na ceanglais dhlíthiúla eile a chomhlíonadh nuair a bhíonn d’achomharc á thaisceadh agat. Tá de lánrogha ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól ar iarraidh nó gan iarraidh ó pháirtí agus ní thionólfaidh an Bord éisteacht ó bhéal de ghnáth ach amháin i gcás go gcabhróidh sé lena thuiscint ar chás atá sách casta nó nuair a mheastar go bhfuil saincheisteanna suntasacha náisiúnta nó áitiúla i gceist. Féadfaidh an Bord freisin a ordú éisteacht ó bhéal a thionól lena chinneadh cibé an bhfuil achomharc déanta go huile agus go hiomlán d’fhonn moill a chur ar an bhforbairt nó d’fhonn íocaíocht airgid, bronntanas, comaoine nó aslaigh eile a fháil ó aon duine.

17. Cad a tharlaíonn ansin?

Cuireann an Bord cóip den achomharc chuig an údarás pleanála, i gcás achomharc tríú páirtí, chuig an iarratasóir agus aon achomharcóir eile atá ann. Bíonn ceithre seachtaine acusan chun a dtuairimí a chur in iúl. Ní féidir leis an mBord breithniú a dhéanamh ar thuairimí a bhíonn déanach agus níl cead ag aon pháirtí tuilleadh mínithe a thabhairt ar a t(h)uairimí i scríbhinn, tar éis iad a bheith curtha chuig an mBord.

18. Cad a chuireann an Bord san áireamh agus cinneadh faoi achomharc á dhéanamh aige?

Go ginearálta, caithfidh an Bord breithniú a dhéanamh ar an iarratas pleanála, ábhar an achomhairc, de novo, (i.e. amhail dá ndéanfaí an t-iarratas orthu sa chéad áit) agus an RTC, más ann dó. Déanfaidh an Bord cinneadh faoin iarratas ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair agus na n-iarmhairtí, más ann dóibh, a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol. Ní mór don Bhord aird a thabhairt ar chúrsaí ar nós beartas agus cuspóirí an phlean forbartha áitiúil, treoirlínte pleanála an Aire, treoirlínte pleanála réigiúnacha, an Straitéis Náisiúnta Spásúlachta, beartas agus cuspóirí an Rialtais, agus an leas náisiúnta. Ina theanntasan, ní mór don Bhord breithniú ar fhorais an achomhairc, ar chinneadh an údaráis pleanála áitiúil, ar aon aighneachtaí nó tuairimí a cuireadh chuig an údarás pleanála agus/nó chuig an mBord maidir leis an iarratas agus an achomharc, de réir mar is cuí, agus ar thuairisc agus ar mholadh chigire an Bhoird faoin achomharc.

19. Conas is féidir leis an Bord cothrom na féinne a chinntíonn do chách?

Más rud é go measann an Bord gur cuí sin ar mhaithe leis an gceartas, féadfaidh sé iarraidh ar aon pháirtí, bhreathnóir nó aon duine nó comhlacht eile aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach faoi aon ábhar a thagann chun cinn i rith an achomhairc. Ceadóidh sé sin don Bhord, mar shampla, trácht a lorg ar aon ábhar suntasach nua a thagann chun cinn san achomharc. Tá cumhachtaí ag an mBord freisin iarraidh ar aon pháirtí no breathnadóir aon doiciméad, faisnéis etc. a mheasann sé a bheith riachtanach a chur isteach. Sonróidh an Bord teorainn ama (dhá seachtain ar a laghad) chun ábhar a iarrtar a chur isteach agus cuirfear an teorainn sin i bhfeidhm go docht.

20. An féidir leis an mBord nithe nár ardaíodh san achomharc a bhreithniú?

Is féidir. Mar a luadh ag 18 thuas, go hiondúil bíonn ar an mBord an t-iarratas a bhreithniú as an nua. Seachas sna himthosca a luaitear i gceist 21 a leanann seo, breithníonn an Bord na saincheisteanna pleanála iomchuí a bhaineann leis an iarratas agus é ag cinneadh an cháis, cibé ar ardaíonn an t-údarás pleanála, páirtithe eile nó ‘breathnadóirí’ ar bith iad nó nár ardaigh. Mar atá luaite in 19 thuas, má thagann saincheist nua chun cinn tabharfar an deis do na páirtithe agus do na breathnadóirí trácht a dhéanamh orthu sin.

21. Cad iad na himthosca inar féidir leis an mBord an t-iarratas a bhreithniú de novo?

I gcás go mbaineann achomharc le coinníollacha atá ag gabháil le cinneadh údarás áitiúil cead a dheonú, agus leis na coinníollacha amháin, agus nach mbíonn aon achomharc eile ann, féadfaidh an Bord a chumhachtaí roghnacha a úsáid gan an t-iarratas a bhreithniú de novo. Ina áit sin, féadfaidh sé treoracha a eisiúint don údarás pleanála na coinníollacha a leasú, a bhaint amach nó coinníollacha nua a chur leis an gcinneadh. I gcás go gcinneann sé gan úsáid a bhaint as a chumhachtaí roghnacha, féadfaidh an Bord cead a dheonú nó a dhiúltú don fhorbairt, fiú i gcás gurb iad na coinníollacha amháin a ndearnadh achomharc orthu. Ach féach freisin ar phointe 11(c) a bhaineann le coinníollacha na Scéime Ranníocaí Forbartha agus Forlíontacha, agus ranníocaí speisialta a bhféadfadh forálacha éagsúla a bheith bainteach leo.

22. An féidir leis an mBord forálacha an Phlean Forbartha áitiúil a shárú?

Is féidir. Féadfaidh an Bord, cé go bhfuil sé faoi oibleagáid aird a tabhairt ar fhorálacha an phlean forbartha áitiúil, aon cheann de na forálacha dá leithéid a shárú in imthosca áirithe. In imthosca ina gcinneann an t-údarás pleanála cead a dhiúltú ar na forais go sáraíonn an fhorbairt atá beartaithe an Plean Forbartha go hábhartha, féadfaidh an Bord an cead a dheonú ar achomharc, ach amháin más rud é go measann sé: -

• go bhfuil tábhacht straitéiseach nó náisiúnta leis an bhforbairt atá beartaithe, nó

• go bhfuil cuspóirí codarsnacha sa Phlean Forbartha nó nach bhfuil na cuspóirí luaite go soiléir, chomh fada agus a bhaineann leis an bhforbairt atá beartaithe, nó

• gur chóir cead a dheonú le haird ar threoracha pleanála réigiúnacha don cheantar, treoirlínte Aireachta, treoracha polasaí Aireachta, oibleagáidí reachtúla aon údarás áitiúil sa cheantar, agus aon pholasaí iomchuí de chuid an Rialtais, nó de chuid aon Aire Rialtais, nó

• gur chóir cead a dheonú le haird ar phatrún forbartha agus ar cheadanna a deonaíodh sa cheantar ó rinneadh an Plean Forbartha.

Féadfaidh an Bord, ar ndóigh, cead a dhiúltú ar chúiseanna eile fiú i gcás go mbeadh an fhorbairt atá beartaithe de réir fhorálacha an Phlean Forbartha áitiúil.

23. Cad é an teorainn ama chun achomhairc a chinneadh?

Is é cuspóir reachtúil an Bhoird cinneadh a dhéanamh nó déileáil le hachomhairc laistigh de 18 seachtaine. Mar sin féin, más rud é nach measann an Bord go bhfuil sé indéanta nó cuí teacht ar chinneadh laistigh de 18 seachtaine (m.sh. mar gheall ar mhoill ag eascairt as éisteacht ó bhéal a thionól), cuirfidh sé na cúiseanna dó sin in iúl do na páirtithe agus caithfidh sé a rá cathain a bhfuil sé ar intinn ag an mBord an cinneadh a dhéanamh.

24. Cén cineál cinnidh atá indéanta ag an mBord agus an gcuirfear in iúl dom é?

Cuirfear. Go hiondúil, déanfar cinneadh –

• chun cead/cead imlíneach a dheonú/ cead a dheonú de dhroim cead sracléaráide a bhfuil nó nach bhfuil coinníollacha ag dul leis, nó

• cead/cead imlíneach a dhiúltú.

Ach, féach ceist 21 thuas a thagraíonn do chineálacha eile cinnidh atá indéanta ag an mBord. Tabharfar fógra tríd an bpost do gach páirtí agus breathnadóir san achomharc. Cuirtear cóip de Thuarascáil an Chigire, Treoir an Bhoird (m.sh. cibé deonú nó diúltú, cé na coinníollacha, más ann dóibh a ba chóir a chur leis an gcead, aon treoracha eile etc.), agus ordú cinnidh an Bhoird ar láithreán gréasáin an Bhoird ag www.pleanala.ie. Beidh cúiseanna agus tuisceanna chinneadh an Bhoird san ordú cinnidh agus, in aon chás nach nglacann an Bord le moladh an Chigire i ndáil le cead a dheonú nó a dhiúltú, na príomhchúiseanna gan glacadh leis.

25. An bhfuil cinneadh an Bhoird críochnaitheach?

Tá. Ní féidir agóid a dhéanamh in aghaidh cinnidh an Bhoird ach is féidir bailíocht an chinnidh i ndlí a cheistiú. Nuair is mian le duine agóid dhlíthiúil a chur in aghaidh cinnidh an Bhoird caithfear é sin a dhéanamh trí athbhreithniú breithiúnach amháin. Tá na forálacha chun agóid dhlíthiúil a chur in aghaidh cinnidh an Bhoird le fáil in ailt 50, 50A agus 50B san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna ionadú le halt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006, le hailt 32 agus 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (leasú), 2010 agus le hailt 20 agus 21 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011.)

Ní féidir ceistiú a dhéanamh in aghaidh cinnidh an Bhoird ach amháin trí iarratas ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimhir 15 de 1986). Faoi réir fho-alt 50(6) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 déanfar iarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach laistigh den tréimhse 8 seachtain den dáta a rinne an Bord an cinneadh nó laistigh d’aon síneadh ama a cheadaíonn an Ard-Chúirt faoi fho-alt 50(8). Tabhair faoi deara nuair atá athbhreithniú breithiúnach i gceist faoi alt 50 nach féidir ach bailíocht an chinnidh a cheistiú agus ní thugann an Chúirt aon chinneadh faoi fhiúntas na forbartha ó thaobh prionsabail pleanála cuí nó forbairt inchothaithe na háite nó éifeachtaí ar an timpeallacht. Tá sé leagtha síos in alt 50 nach ndeonófar cead d’athbhreithniú breithiúnach muna bhfuil an Chúirt sásta go bhfuil forais shubstaintiúla ann chun argóint a dhéanamh go bhfuil an cinneadh neamhbhailí nó gur ceart é a neamhniú agus go bhfuil suim shásúil ag an iarratasóir leis an ábhar i gceist san iarratas nó i gcásanna a bhaineann le measúnacht tionchair timpeallachta gur eagraíocht í an t-iarratasóir a chomhlíonann coinníollacha áirithe.

Tá forálacha in alt 50B mar gheall ar chostais maidir le himeachtaí san Ard-Chúirt i dtaobh athbhreithniú breithiúnach i gcásanna áirithe (lena n-áirítear imeachtaí faoi chinntí nó gníomhartha de bhun dlí de chuid an Stáit lena dtugtar éifeacht do na forálacha faoi rannpháirtíocht an phobail agus rochtain ar an gceartas atá leagtha amach i dTreoir 85/337/CEE i.e. an Treoir faoi mheasúnacht tionchair timpeallachta agus na pleananna agus clár áirithe ar an timpeallacht a mheasúnú). Is í an fhoráil ghinearálta in imeachtaí lena mbaineann alt 50B ná go n-íocfaidh gach páirtí a chostais féin. Is féidir leis an gCúirt costais a bhronnadh i gcoinne aon pháirtí i gcásanna áirithe. Chomh maith le sin tá forálacha i bhfeidhm ionas gur féidir leis an gCúirt iomlán a chostas nó cuid díobh a bhronnadh ar an iarratasóir, in aghaidh fhreagróra nó fhógrapháirtí i gcásanna ina bhfaightear faoiseamh mar gheall ar gníomhú nó neamhfheidhm an fhreagróra nó an fhógrapháirtí.

Is féidir eolas ginearálta a fháil maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le hathbhreithniú breithiúnach ar an suíomh idirlín www.citizensinformation.ie.

Séanadh: Tá an t-eolas thuas tugtha mar threoirlíne. Ní éilítear gur léirmhíniú dlí faoi na forálacha ábhartha atá ann agus dá mbeadh sé ar intinn ag éinne cás dlí a thógáil in aghaidh an Bhoird bheadh sé inmholta comhairle dlí a fháil ar dtús.

26. An féidir cás dlí a chur i mo leith de bharr ráiteas déanta agam in achomharc nó aighneacht?

Is féidir. Caithfidh aon duine a ghlacann páirt i gcásanna os comhair an Bhoird a bheith cúramach nach ndéanfar aon ráiteas clúmhillteach i gcoinne daoine nó eagraíochtaí áirithe. Is féidir le daoine cásanna dlí a chur in aghaidh na rannpháirtithe féin de dheasca aon rud clúmhillteach a bhí ráite ag na rannpháirtithe sin in achomharc nó in aighneacht agus ba cheart aon ráiteas clúmhillteach a sheachaint. I gcónaí nuair a fhaigheann an Bord aighneachtaí, tá said scaipthe amach do rannpháirtithe eile nó le fáil chun iniúchadh poiblí a dhéanamh. Tar éis cinneadh an Bhoird a bheith déanta, tá gach ábhar a bhaineann leis an gcinneadh sin ar fáil go poiblí. Tabhair faoi deara le do thoil má thosaíonn cás dlí in aghaidh an Bhoird de dheasca rud éigin clúmhillteach, is féidir leis an mBord slánú a fháil ón duine a rinne nó a scríobh an rud clúmhillteach. Caithfear a thuiscint nach bhfuil cúram nó suim ag an mBord ach in ábhair a bhaineann le cúrsaí pleanála agus forbairt inchothaithe na háite agus go ginearálta níl aon baint ag an mBord le ráiteas phearsantaithe nuair atá cinneadh le déanamh. Baineann an méid seo atá ráite thuasluaite le haon ráiteas nó aighneacht a déantar ag éisteacht ó bhéal freisin.

27. An féidir leis an mBord achomhairc a dhíbhe?

Is féidir. Tá lán de rogha ag an mBord achomharc a dhíbhe i gcás gur deimhin leis go bhfuil an t-achomharc cráiteach, suaibhreosach, nó más achomharc é atá gan substaint nó bunús, nó i gcás gur deimhin leis go bhfuil an t-achomharc á dhéanamh go huile agus go hiomlán ag aon daoine chun moill a chur ar fhorbairt nó chun íocaíocht airgid, bronntanais, breithnithe nó aslú eile a fháil. Féadfaidh an Bord freisin, iarratas pleanála nó achomharc a dhearbhú a bheith tarraingthe siar más rud é gur deimhin leis go bhfuil sé tréigthe.

28. An féidir liom m’achomharc a tharraingt siar?

Is féidir. Is féidir le hachomharcóir achomharc a tharraingt siar agus is féidir le hiarratasóir iarratas pleanála a tharraingt siar ag aon tráth roimh chinneadh an cháis ag an mBord. I gcás go ndéantar achomharc a tharraingt siar (nó na hachomhairc ar fad, i gcás go bhfuil níos mó ná ceann amháin ann), beidh éifeacht le cinneadh bunaidh an údaráis pleanála. I gcás go ndéanann an t-iarratasóir an t-iarratas pleanála a tharraingt siar, ní fhéadfaidh an t-údarás pleanála aon chead a dheonú i ndáil leis an iarratas.

29. Cé chomh dian atá na teorainneacha ama?

Tá na tréimhsí ama, maidir le hachomhairc a thaisceadh nó aighneachtaí agus tuairimí a dhéanamh chuig an mBord, leagtha amach sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Níl aon rogha ag an mBord na tréimhsí ama atá i gceist a fhadú. Is cuspóir reachtúil ag an mBord cinneadh a dhéanamh ar achomharc laistigh de 18 seachtaine ó dháta an lóisteála.

30. Cad a tharlaíonn má bhíonn oifigí an Bhoird dúnta ar an lá deiridh a cheadaítear chun achomharc nó aighneacht a chur isteach?

Nuair is deireadh seachtaine, saoire poiblí nó lá eile a mbíonn oifigí an Bhoird dúnta an dáta deiridh d’achomharc nó d’ábhar eile, is é an dáta deiridh d’fháil ná an chéad lá eile a mbeidh oifigí an Bhoird ar oscailt.

31. Cad a tharlaíonn má bhíonn an tréimhse chun achomharc a dhéanamh ann i rith na Nollag nó ag Ceann Bliana?

Tá an tréimhse ón 24ú Nollaig go dtí an 1ú Eanáir, agus an dá dháta sin san áireamh, (i.e. 9 lá) eisiata chun críche ríomh na dtréimhsí ama ar fad i ndáil le hachomhairc phleanála. Dá bhrí sin, más idir an 24ú Nollaig go dtí an 1ú Eanáir (an dá dháta sin san áireamh), an tréimhse chun achomharc a dhéanamh, fadaítear an lá deiridh chun achomharc a dhéanamh. Mar sin, mar shampla, más é an 24ú Nollaig an lá deiridh den tréimhse ceithre seachtaine, is é an lá deiridh chun achomharc a dhéanamh ná an 2ú Eanáir, agus má é an 29ú Nollaig an lá deiridh den tréimhse ceithre seachtaine, is é an 7ú Eanáir an lá deiridh chun achomharc a dhéanamh.

Tá eisiamh thréimhse na Nollag/Chinn Bliana i bhfeidhm freisin d’aon ábhar eile i ndáil leis an achomharc ina sonraítear tréimhse ama. Mar sin, más i dtréimhse na Nollag/Chinn Bliana a bhíonn an lá deiridh den tréimhse cuspóra reachtúla 18 seachtaine inar chóir don Bhord cinneadh a dhéanamh ar achomharc, fadaítear an tréimhse de líon cuí laethanta.

32. An féidir doiciméid an Bhoird a iniúchadh agus a cheannach?

Faoi réir Ailt 146(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, tá dualgas ar an mBord na cáipéisí a bhaineann le haon chinneadh an Bhoird a bheith ar fáil chun iad a iniúchadh nó a cheannach ag oifig an Bhoird laistigh de trí lá tar éis chinneadh a bheith déanta ag an mBord. Caithfear na cáipéisí seo a bheith ar fáil ar feadh tréimhse cúig bliana, ag tréimhse sin ag tosú ar an lá ina gcaithfidís a bheith le fáil. Chomh maith le sin cuireann an Bord tuairisc an chigire, treoir agus cinneadh an Bhoird a bhaineann leis an gcás le fáil ar shuíomh idirlín an Bhoird. De ghnáth bíonn an t-eolas seo ar fáil ar ar liosta cásanna cinnte ar an suíomh idirlín ar an gCéadaoin a leanann an tseachtain ina raibh an cinneadh déanta.

Is féidir leis an bpobal dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Rochtain Phoiblí chun cáipéisí a iniúchadh nó a cheannach. Tá an tseirbhís seo le fáil idir 9.15 r.n. agus 5.30 i.n. i rith na seachtaine (san áireamh am lóin) ach amháin ar laethanta saoire poiblí agus laethanta eile a mbíonn na hoifigí an Bhoird dúnta. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar “Treoir maidir le Rochtain Phoiblí ar Chomhaid” on www.pleanala.ie.

33. Cé hiad na daoine atá in ann iarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead achomharc a dhéanamh faoi chinneadh údaráis pleanála? (Féach freisin na freagraí ar cheisteanna 2 agus 3).

Féadfaidh duine a bhfuil leas aige nó aici i dtalamh atá tadhlach le láithreán an iarratais (m.sh. úinéir /áititheoir talún) nár chuir aighneacht nó tuairim chuig an údarás pleanála i ndáil leis an iarratas pleanála iarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead chun achomharc a dhéanamh in aghaidh chinnidh an údaráis pleanála laistigh de ceithre seachtaine de chinneadh an údaráis cead a dheonú.

Ní féidir leis an mBord cead chun achomharc a dheonú ach i gcás go léiríonn an duine;

• Bhfuil leas aige nó aici I dtalamh atá tadhlach le láithreán an iarratais,

• Go bhfuil cinneadh an údaráis pleanála cead a dheonú difriúil go hábhartha ón iarratas de bharr na gcoinníollacha atá curtha leis an gcead pleanála, agus

• Go ndéanfaidh na coinníollacha atá forchurta difear ábhartha do theachtadh na talún ag an iarratasóir nó go laghdófaí luach na talún de bharr na gcoinníollacha sin.

Teipeann ar chuid is mó de na hiarratais ar chead chun achomharc a fháil toisc nach mbíonn an t-iarratasóir in ann an Bord a shásúil go gcloítear leis na riachtanais a mbíonn i gceist.

Cosúil le hachomharc pleanála, caithfidh an duine atá ag lorg cead chun achomharc a dhéanamh a (h)ainm féin agus a s(h)eoladh a lua, na forais ar a bhfuil sé nó sí ag bunú an cheada achomhairc a lua (féach thuas), tuairisc a thabhairt ar a leas sa talamh agus an táille cheart a íoc.

Más rud é go ndeonaítear cead achomhairc ar dhuine, caithfidh an t-achomharc pleanála a bheith faighte ag an mBord laistigh de dhá sheachtain ón tráth a bhfaigheann an t-iarratasóir an fógra maidir leis an gcead agus caithfidh an t-iarratasóir cloí leis na riachtanais eile maidir le hachomharc pleanála a thaisceadh (féach ceisteanna 4 agus 5), lena n-áirítear táille bhreise a íoc. Tá mionsonraí na dtáillí ar fáil ón mBord nó ó d’údarás pleanála áitiúil.

34. Conas is féidir iarratas a dhéanamh maidir le cead chun achomharc a fháil?

Caithfear cloí leis na riachtanais atá leagtha amach i gceist 5 thuasluaite, seachas ní gá cloí leis an riachtanas maidir le cóip d’admháil ón údarás pleanála a thaispeáint go bhfuarthas aighneacht ag an gcéim iarratais. Feach ceist 33.

35. Má fhaightear cead chun achomharc a dhéanamh, cad a tharlaíonn tar éis sin?

Nuair a fhaigheann duine cead chun achomharc a dhéanamh, caithfidh an duine sin achomharc pleanála a sheoladh chuig an mBord agus é faighte ag an mBord laistigh de dhá sheachtain ón tráth a bhfuair an duine sin fógra go raibh cead aige achomharc a dhéanamh. Ina theannta sin caithfear cloí leis na riachtanais eile a bhaineann le hachomharc a dhéanamh (féach ar ceist 4 agus 5) san áireamh bíonn táillí i gceist. Ba chóir duit tagairt a dhéanamh don treoir an Bhoird dar teideal Táillí agus Muirir chun eolais breise a fháil ar na táillí reatha.

36. An féidir liom diúltú an údaráis pleanála déileáil leis an dara hiarratas pleanála a tharchur chuig an mBord?

I gcás go mbíonn cinneadh údaráis pleanála maidir le hiarratas pleanála ar achomharc chuig an mBord, ní fhéadfar an dara iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála ar an bhforbairt chéanna nó ar fhorbairt den chineál céanna. I gcás go mbíonn díospóid ann, an bhfuil an fhorbairt chéanna i gceist maidir leis an iarratas nó an fhorbairt dhifriúil í, féadfar an t-ábhar a tharchur chuig an mBord.

-----------------------------------

An Bord Pleanála Teil: (01) 858 8100

64 Sráid Mhaoilbhríde LóGhlaol: 1890 275 175

Baile Átha Cliath 1 Facs: (01) 872 2684

Láithreán Gréasáin:www.pleanala.ie

Ríomhphost: bord@pleanala.ie

 

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19/12/2018

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Dátaí deireannaí Achomharc