Táillí is iníoctha leis an mBord maidir le Forbairt Bonneagair Straitéisigh, Achomhairc, Tarchuir agus nithe gaolmhara.
1 Táillí a Chinneadh
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoi alt 144(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú le halt 27 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006, déanann an Bord leis seo táillí a chinneadh, faoi réir cheadú an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, a bheidh iníoctha leis an mBord i ndáil le hiarratais ar fhorbairt bonneagair straitéisigh, achomhairc, iarratais ar chead achomhairc, tarchuir, éisteachtaí ó bhéal agus aighneachtaí nó tuairimí.
2 Mínithe
Sa doiciméad seo, ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000; ciallaíonn “Acht 2006” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006; ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2006; agus ciallaíonn “Rialacháin 2001” na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.
- leis na habairtí “achomharc”, “tarchur”, “údarás Stáit”, “ráiteas tionchair timpeallachta” agus “forbairt neamhúdaraithe” na bríonna a thugtar dóibh faoi alt 2 d’Acht 2000; tá le “gníomhaireacht forbartha” an bhrí a thugtar dó faoi alt 165 d’Acht 2000; tá le “forbairt bonneagair straitéisigh” an bhrí a thugtar dó faoi alt 6 d’Acht 2006 ach folaíonn sé freisin forbairt maidir le hiarraidh faoi alt 146B d’Acht 2000, arna chur isteach le halt 30 d’Acht 2006; agus tá le “Stát trasteorann” an bhrí a thugtar dó faoi airteagal 3 de Rialacháin 2001. Ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 254 d’Acht 2000;
- “forbairt tráchtála” forbairt chun críche aon ghnóthais ghairmiúil, tráchtála nó tionscail; forbairt i dtaca le seirbhísí a sholáthar ar luaíocht do dhaoine nó do ghnóthais; nó forbairt arb éard atá inti dhá theaghais nó níos mó a sholáthar; ach ní fholaíonn sé forbairt chun críocha talmhaíochta;
- tagairt do mhír nó do Sceideal is tagairt í do mhír nó don Sceideal sa doiciméad seo, agus aon tagairt d’fhomhír is tagairt í d’fhomhír den mhír ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear a mhalairt in iúl.
3 Iarratais ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh
- (1) Faoi réir fhomhíreanna (2) agus (3), is é méid na táille is iníoctha leis an mBord ag duine a dhéanann iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua na forbartha bonneagair straitéisigh i gcolún 1 den Sceideal sin.
- (2) I gcás ina mbeidh táille íoctha nó le híoc maidir le hiarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh, féadfaidh an Bord a chinneadh an táille a tharscaoileadh maidir le hiarratas gaolmhar ar fhorbairt bonneagair straitéisigh má tá fáil éigeantach talún dá dtagraítear in alt 214, 215A nó 215B d’Acht 2000, arna leasú, i gceist i gceann amháin de na hiarratais agus má tá forbairt de chineál a shonraítear i míreanna (a) go (g) den mhíniú ar “forbairt bonneagair straitéisigh” in alt 2(1) d’Acht 2000, arna leasú, i gceist san iarratas eile.
- (3) I gcás ina mbeidh táille íoctha leis an mBord maidir le hiarraidh faoi alt 146B d’Acht 2000, arna leasú, ní bheidh táille eile iníoctha i gcás ina ndéanfaidh an t-iarratasóir ráiteas tionchair timpeallachta a chur faoi bhráid an Bhoird de réir alt 146C den Acht sin, arna leasú.
4 Achomhairc
(1) Faoi réir fhomhír (2) agus mhíreanna 6 agus 10, is é méid na táille is iníoctha leis an mBord ag duine a dhéanann achomharc an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua chuí achomhairc i gcolún 1 den Sceideal.
(2) Faoi réir fhomhír (3), i gcás ina mbeidh ráiteas tionchair timpeallachta curtha faoi bhráid an údaráis pleanála de réir alt 172(1) d’Acht 2000 nó airteagal 103(1) de Rialacháin 2001 i leith an iarratais is ábhar don achomharc, is é méid na táille is iníoctha dúbailt an mhéid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal sin os coinne tagairtí (b) agus (c) i gcolún 1.
(3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (2) i gcás inar achomharc i gcoinne téarmaí scéime ranníocaí forbartha faoi alt 48(10)(b), nó i gcoinne téarmaí scéime ranníocaí forbartha forlíontaí faoi alt 48(10(b), arna cur chun feidhme le halt 49(3). nó i gcoinne ranníoca speisialta faoi alt 48(2)(c), d’Acht 2000, nó i gcoinne teaglaim de na nithe sin, achomharc an iarratasóra, agus i gcás nach ndéanann an t-iarratasóir achomharc i gcoinne aon choinníollacha eile.
5. Tarchuir
Faoi réir mhír 6, is é méid na táille is iníoctha leis an mBord ag duine a dhéanann tarchur an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua chuí tarchuir i gcolún 1 den Sceideal.
6 Táille Laghdaithe ar Achomhairc agus Tarchuir
I gcás ina ndéanfaidh–
(a) údarás áitiúil nó pleanála,
(b) comhlacht dá dtagraítear in airteagal 29 nó 137 de Rialacháin 2001, arna leasú,
(c) Acadamh Ríoga na hÉireann,
(d) údarás Stáit,
(e) Stát trasteorann, nó
(f) gníomhaireacht forbartha,
achomharc nó tarchur chuig an mBord is í an táille a bheidh le híoc leis an mBord i leith an achomhairc nó an tarchuir an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua táille laghdaithe i gcolún 1 den Sceideal.
7 Aighneachtaí agus Tuairimí
(1) Faoi réir fhomhíreanna (2) agus (3), is é méid na táille is iníoctha leis an mBord ag duine a dhéanann aighneachtaí leis an mBord nó a thugann tuairimí dó i ndáil le hiarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh, achomharc nó tarchur nó ag duine a n-éistear leis nó léi ag éisteacht ó bhéal a bhaineann le hiarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh, achomharc nó tarchur an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua aighneachtaí nó tuairimí i gColún 1 den Sceideal.
(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) más rud é, maidir leis an duine a dhéanann na haighneachtaí nó a thugann na tuairimí nó a ndéantar na haighneachtaí nó a thugtar na tuairimí thar a cheann nó thar a ceann-
(a) gurb é nó í an t-iarratasóir ar fhorbairt bonneagair straitéisigh é nó í,
(b) gur comhlacht é nó í a shonraítear in airteagal 211, 213 nó 215 de Rialacháin 2001, arna gcur isteach le hairteagal 41 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2006, i gcás ina bhfuil aighneacht á déanamh leis an mBord nó tuairim á tabhairt don Bhord ag an gcomhlacht atá i gceist i ndáil le forbairt bonneagair straitéisigh,
(c) gurb é nó í an t-achomharcóir in achomharc nó an duine a dhéanann an tarchur chuig an mBord é nó í,
(d) gurb é nó í an t-iarratasóir ar an gcead nó ar an gceadúnas a ndéantar an t-achomharc i ndáil leis é nó í,
(e) gur duine ar bith é nó í a ndearna údarás pleanála fógra nó ordú nó cóip den chéanna a sheirbheáil air nó uirthi nó a eisiúint chuige nó chuici faoi alt 44, 45, 46, 88 nó 207 d’Acht 2000, a mbeidh achomharc déanta ag duine eile i ndáil leis,
(f) gur comhlacht é nó í dá dtagraítear i mír 6 i gcás ina mbeidh aighneacht á déanamh nó tuairim á tabhairt ag an gcomhlacht atá i gceist i ndáil le hachomharc nó tarchur,
(g) gur páirtí ionchasach é nó í i gcomhaontú faoi alt 96 d’Acht 2000, arna leasú, nó gur duine ar bith eile é nó í ag a bhfuil leas i dtalamh lena mbaineann comhaontú den sórt sin,
(h) gurb é nó í úinéir nó áititheoir talún é nó í a dhiúltaíonn toiliú a thabhairt d’údarás áitiúil faoi alt 182 d’Acht 2000, nó
(i) gurb é nó í úinéir nó áititheoir talún , nó gur duine eile é nó í a bhfuil leas dlíthiúil aige nó aici i dtalamh, is ábhar d’iarratas chun an talamh sin nó cuid de a fháil go héigeanach faoi fheidhmeanna arna n-aistriú chuig an mBord faoi alt 214 nó 215 d’Acht 2000 nó faoi aon fhoráil d’Acht 2006.
(3) I gcás ina mbeidh táille íoctha faoin mír seo ag duine, nó thar ceann duine, a dhéanann aighneachtaí nó a thugann tuairimí i dtaca le hiarratas áirithe ar fhorbairt bonneagair straitéisigh, achomharc nó tarchur, ní bheidh táille iníoctha i leith aon aighneachtaí nó tuairimí eile a dhéanann nó a thugann an duine céanna nó a dhéantar nó a thugtar thar ceann an duine chéanna i ndáil leis an iarratas, achomharc nó tarchur céanna, de réir mar is cuí.
8 Éisteacht ó Bhéal
I dteannta na táille dá dtagraítear i mír 4, 5 nó 6, de réir mar is cuí, is é méid na táille is iníoctha leis an mBord ag duine a dhéanann iarraidh chuig an mBord ar éisteacht ó bhéal ar achomharc nó tarchur, an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua iarrata ar éisteacht ó bhéal i gcolún 1 den Sceideal.
9 Iarratas ar Chead achomhairc
Is é méid na táille is iníoctha leis an mBord ag duine a dhéanann iarratas faoi alt 37(6)(a) d’Acht 2000, arna leasú, ar chead achomhairc i gcoinne cinnidh ó údarás pleanála an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua chuí iarratais ar chead achomhairc i gcolún 1 den Sceideal.
10 Achomharc tar éis Cead Achomhairc a Dheonú
Is é méid na táille is iníoctha leis an mBord ag duine a dhéanann achomharc agus ar thug an Bord cead achomhairc dó nó di faoi alt 37(6)(d) d’Acht 2000, arna leasú, an méid a chuirtear in iúl i gcolún 2 den Sceideal os coinne lua achomhairc tar éis cead achomhairc a dheonú i gcolún 1 den Sceideal.
11 Aisíoc Táillí maidir le Forbairt Bonneagair Straitéisigh
(1) I gcás ina bhfaigheann an Bord ar ais na costais arna dtabhú aige agus a ghabhann le cinneadh a dhéanamh ar iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh faoi fhorálacha Acht 2006, déanfaidh sé an táille arna gearradh i leith dhéanamh an iarratais a fhritháireamh i gcoinne na gcostas sin nó, i gcás inar mó an táille ná na costais sin, déanfaidh sé aisíoc ar chuid den táille is comhionann leis an difear idir na costais sin agus an táille.
(2) I gcás nach bhfuil an Bord i dteideal na costais a ghabhann le cinneadh a dhéanamh ar iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh faoi fhorálacha Acht 2006 arna dtabhú aige a fháil ar ais agus i gcás inar lú na costais a ghabhann le cinneadh a dhéanamh ar an iarratas ná an táille arna gearradh chun an t-arratas a dhéanamh, déanfaidh an Bord cuid den táille is comhionann leis an difear idir na costais sin agus an táille a aisíoc.
12 Tosach Feidhme agus Socruithe Idirthréimhseacha
(1) Beidh feidhm ag na táillí atá leagtha amach sa Sceideal agus a bhaineann le hiarratais ar fhorbairt bonneagair straitéisigh lena n-áirítear táillí chun aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt i ndáil le hiarratais den sórt sin i gcás ina bhfaigheann an Bord an t-iarratas ar an no tar éis an 10ú lá de mhí Nollag, 2007.
(2) Faoi réir fhorálacha fhomhíreanna (3) agus (4), beidh feidhm ag na táillí atá leagtha amach sa Sceideal i ndáil le hachomhairc, tarchuir, iarratais ar chead achomhairc agus aighneachtaí agus tuairimí i ndáil le hachomhairc agus tarchuir maidir leis na cásanna sin a fhaigheann an Bord ar an no tar éis an 10ú lá de mhí Nollag, 2007.
(3) Beidh feidhm ag na táillí atá leagtha amach sa Sceideal i ndáil le hachomharc tar éis cead achomhairc a dheonú nó géilleadh d’iarraidh chun achomharc nó tarchur a éisteacht ó bhéal i gcás ina bhfaightear an t-iarratas ar chead achomhairc nó i gcás ina bhfaightear an t-achomharc nó an tarchur (nó i gcás ina bhfuil níos mó ná achomharc nó tarchur amháin ann i gcoinne cinnidh nó breithe eile ó údarás pleanála i gcás ina bhfaightear an chéad achomharc nó tarchur) is ábhar don achomharc nó don iarraidh, ar an no tar éis an 10ú lá de mhí Nollag, 2007.
(4) In aon chás ina bhfaigheann an Bord achomharc nó ní eile faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1963 go 1999, leanfaidh na táillí a shonraítear i gCaibidil III de na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt) 1994, arna leasú, d’fheidhm a bheith acu maidir leis na hachomhairc sin nó leis na nithe eile sin.
13 Cúlghairm
Déantar leis seo ordú an Bhoird dár dáta an 10 Nollaig 2004 inar cinneadh na táillí is iníoctha leis an mBord i ndáil le hachomhairc, iarratais ar chead achomhairc, tarchuir, éisteachtaí ó bhéal agus aighneachtaí agus tuairimí a chúlghairm le héifeacht ón 9ú lá de mhí Nollag, 2007 ach amháin go leanfaidh táillí le haghaidh achomharc tar éis cead achomhairc a dheonú nó le haghaidh éisteachtaí ó bhéal atá leagtha amach in ordú an 10 Nollaig 2004 d’fheidhm a bheith acu i gcás ina ndearnadh an t-achomharc, an tarchur nó an t-iarratas ar chead achomhairc is ábhar don achomharc nó don iarraidh ar éisteacht ó bhéal roimh an 10ú lá de mhí Nollag, 2007.
Táillí is Iníoctha leis an mBord
An Sceideal
| Colún 1 | Colún 2 |
|---|---|---|
(a) | Iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh | €100,000 |
(b) | Achomharc i gcoinne cinnidh ó údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála a bhaineann le forbairt tráchtála, arna dhéanamh ag an duine a rinne an t-iarratas pleanála, i gcás ina mbaineann an t-iarratas le forbairt neamhúdaraithe. | €4,500[1] |
(c) | Achomharc i gcoinne cinnidh ó údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála a bhaineann le forbairt tráchtála, arna dhéanamh ag an duine a rinne an t-iarratas pleanála, seachas achomharc a luaitear ag (b). | €1,500[1] |
(d) | Achomharc i gcoinne cinnidh ó údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála arna dhéanamh ag an duine a rinne an t-iarratas pleanála, i gcás ina mbaineann an t-iarratas le forbairt neamhúdaraithe, seachas achomharc a luaitear ag (b) nó (c). | €660 |
(e) | Achomharc seachas achomharc a luaitear ag (b), (c), (d) nó (g). | €220 |
(f) | Iarratas ar chead achomhairc. | €110 |
(g) | Achomharc tar éis cead achomhairc a dheonú. | €110 |
(h) | Tarchur. | €220 |
(i) | Táille laghdaithe. | €110 |
(j) | Aighneachtaí nó tuairimí. | €50 |
(k) | Iarraidh chun achomharc nó tarchur a éisteacht ó bhéal. | €50 |
Le hOrdú ón mBord
John O’Connor , Cathaoirleach , 2007
[1]Is
dúbailt an mhéid a luaitear an táille i gcás inar cuireadh ráiteas
tionchair timpeallachta faoi bhráid an údaráis pleanála i
dtaca leis an iarratas is ábhar don achomharc ach amháin i gcás
nach mbaineann iarratas an chéad pháirtí ach amháin le nithe
faoi alt 48 agus/nó faoi alt 49.
Last modified: 12/05/2009



