An Bord Pleanála

Treoir chun Táillí a Íoc leis an mBord

Ní airbheartaíonn an treoir seo a bheith ina léiriú dlíthiúil ar na táillí iníoctha don Bhord. Is féidir cóip d’ordú an Bhoird ina gcinntear táillí faoin Acht um Pleanáil, a fháil ón Bhord. Tá faisnéis bhreise maidir le táillí faoi reachtaíocht eile ar fáil sa reachtaíocht iomchuí agus tá sí ar fáil chomh maith ón mBord.

Cineál Cáis
Ar 10ú lá Nollag, 2007 nó tar éis

Na hAchtanna Pleanála[1]

 

a. Iarratas i gcásanna forbairtí Infreastruchtúir Straitéiseacha nó iarratas chun athrú a dhéanamh le forbairt seo atá ceadaithe cheana féin.

€100,000[2]

b. Achomharc i gcoinne cinnidh den údarás pleanála ar iarratas pleanála a bhaineann le forbairt tráchtála[3], agus a dhéanann an té a rinne an t-iarratas pleanála, i gcás go mbaineann an t-iarratas le forbairt neamhúdaraithe.

€4,500 nó €9,000 má tá Ráiteas Tionchar Comhshaoil i gceist[4]

c. Achomharc, i gcoinne cinnidh den údarás pleanála ar iarratas pleanála a bhaineann le forbairt tráchtála[3], déanta ag an té a rinne an t-iarratas plenála, seachas achomharc atá luaite ag (b).

€1,500 nó €3,000 má tá Ráiteas Tionchar Comhshaoil i gceist [4]

d. Achomharc, i gcoinne cinnidh den údarás pleanála ar iarratas pleanála, déanta ag duine a rinne an t-iarratas pleanála, i gcás go mbaineann an t-iarratas le forbairt neamhúdaraithe. seachas achomharc atá luaite ag (b) nó (c).

€660

e. Achomharc seachas achomharc luaite ag (b), (c), (d) or (g). [5].

€220

f. Iarratas ar chead achomhairc.

€110

g. Achomharc tar éis cead achomhairc a bheith deonaithe.

€110

h. Tarchur

€220

i. Táille laghdaithe (iníoctha ag comhlachtaí sonraithe[6]).

€110

j. Aighneachtaí nó tuairimí (ag breathnóir) ar iarratais forbairtí Infreastruchtúir Straitéiseacha, achomhairc, nó tarchur.

€50

k. Iarraidh ó pháirtí ar éisteacht ó bhéal.

€50

Na hAchtanna maidir le Truailliú Uisce

 

Achomharc.

€126

Táille laghdaithe (iníoctha ag comhlachtaí forordaithe áirithe).

€63

Aighneachtaí nó tuairimí (ag breathnóir).

€38

Iarraidh ó pháirtí ar éisteacht ó bhéal.

€63

Na hAchtanna maidir le Truailliú Aeir

 

Achomharc.

€60

Aighneachtaí nó tuairimí (ag breathnóir).

€10

Iarraidh ó pháirtí ar éisteacht ó bhéal.

€60

Na hAchtanna Rialú Foirgníochta

 

Achomharc.

€250

[1] Tá na táillí faoi na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 2001 (I.R. 525 de 2001) i bhfeidhm maidir le hachomhairc agus na hábhair eile chomh fhad is a bhí an t-iarratas déanta roimh 11ú de mhí Mhárta, 2002.

[2] I gcásanna nuair is féidir leis an mBord costais an iarratais a fháil ar ais, cuirfear an táille in aghaidh na gcostas seo.

[3] Folaíonn forbairt tráchtála dhá theach nó níos mó ná sin.

[4] Tá an táille níos airde i gceist i gcásanna a sheoltar RTC chuig an údarás pleanála faoin alt 172(1) Achta Pleanála 2000 nó faoin airteagal 103(1) de na Rialacháin Pleanála, 2001 seachas i gcásanna nuair a bhaineann an t-achomharc ach amháin le scéimeanna ranníocaí forbartha nó forlíontacha faoin alt 48/49 nó ranníocaíocht spesialta.

[5] Baineann sé le (i) gach ghnáth-achomhairc tríú páirtí seachas achomharc a leanann tar éis eisiúint chead achomhairc; (ii) gach gnáth-achomhairc chéad pháirtí nach mbaineann le forbairt tráchtála nó neamhúdaráithe nó le RTC, (iii) gach saghas achomhairc eile (seachas achomharc faoin alt 37).

[6] Tá na comhlachtaí seo sonraithe san ordú den Bhord a chinn táillí. Áirítear orthu sin údaráis phleanála agus comhlachtaí poiblí áirithe eile, m.sh. an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Fáilte Éireann.

Last modified: 21/04/2009

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Appeal Closing Dates