An Bord Pleanála

Ráiteas Inrochtaineachta

Comhlíonadh na gCaighdeán

Comhlíonann leathanaigh an tsuímh ghréasáin seo na caighdeáin seo a leanas, ach amháin i gcás seanliostaí de chásanna.

  • Tá na leathanaigh faofa ag WCAG AA, agus comhlíonann siad treoirlínte tosaíochta 1 agus a 2 de na W3C Web Content Accessibility Guidelines.
  • Comhlíonann na leathanaigh an chuid is mó de na treoirlínte atá leagtha síos sna W3C Web Content Accessibility Guidelines.
  • Úsáideann na leathanaigh uasmharcáil shéimeantach stuctúrtha. Úsáidtear taganna H1 do cheannteidill na leathanach, agus taganna H2 do cheannteidil na rannóg ar an leathanach.
  • Tá na leathanaigh bailíochtaithe mar HTML 4.01 Trasdultach nó XHTML 1.0 Trasdultach.
  • Tá go leor leathanach, a foilsíodh roimh Iúil 2007, nach gcomhlíonann ach Leibhéal A de chuid WAI. Tá liostaí seachtainiúla de chásanna nua, agus réitithe, sna leathanaigh seo agus úsáidtear táblaí don leagan amach.

Formáidí na ndoiciméad

  • Nuair is féidir, tugtar an t-eolas uile ar an suíomh seo i bhformáid HTML. Ach, tá roinnt cineálacha seandoiciméad ar fáil i bhformáid Word amháin, agus ní dhearnadh iad a fhormáidiú ar bhealach inrochtana.
  • Tá chuile Threoir ón mBord, Orduithe ón mBord agus Tuarascálacha na gCigirí suas go dtí an 30 Meán Fómhair 2007 ar fáil i bhformáid Word amháin. Ón 1 Deireadh Fómhair 2007, beidh na foilseacháin seo ar fáil i bhfoirm inrochtana HTML.
  • Tá seanfhoilseacháin roimh 2007 ar nós An Tuarascáil Bhliantúil ar fáil i bhformáid PDF amháin. Foilseofar gach tuarascail amach anseo in HTML agus i bhformáid inrochtana PDF.

Eochracha Inrochtana

Tacaíonn an chuid is mó de na brabhsálaithe le léimt chuig naisc áirithe trí úsáid a bhaint as naisc atá ar an suíomh gréasáin féin. Ar Windows, is féidir leat <Alt> a bhrú + an eochair rochtana; ar Macintosh, is féidir leat <Control> a bhrú + an eochtair rochtana. Nuair atá tú ag baint úsáide as Microsoft Internet Explorer, caithfidh tú <Return> a bhrú tar éis duit an eochair rochtana a bhrú, m.sh. <Alt>+1+<Return> chun filleadh ar Leathanach Baile an tsuímh ghréasáin.

Sainíonn gach leathanach ar an suíomh seo na heochracha rochtana seo a leanas:

  • Eochair rochtana 1 - An Leathanach Baile
  • Eochair Rochtana 8 - Cuardaigh
  • Eochair Rochtana 9 - Scipeáil chuig inneachar

Dearadh Físeach

  • Baineann an suíomh seo úsáid as stíl scadála dá bhileoga sa leagan amach.
  • Is toisí coibhneasta iad na toisí cló, agus is féidir iad a mhéadú ach úsáid a bhaint as an rogha"text size" sna brabhsálaithe físeacha.
  • Mura dtacaíonn do bhrabhsálaí le stílbhileoga ar chor ar bith, is féidir gach rud a léamh fós ar an suíomh.

Meiteashonraí

Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 21/09/2007

Cabhair
Dátaí deireannaí Achomharc