Formáid na gCáipéisí
Teastaíonn bogearra faoi leith le breathnú ar roinnt comhad ar an suíomh gréasáin seo. Míníonn an leathanach seo cé mar is féidir an bogearra sin a íoslódáil agus a shuiteáil.
Formáid Doiciméad Iniompartha (PDF)
Tá roinnt comhad ar an suíomh gréasáin le fáil i bhformáid PDF amháin.
Formáid is ea PDF le doiciméid a léiriú go neamhspleách agus ar an mbealach céanna ar an iliomad crua-earraí, bogearraí agus córas feidhmiúcháin, sa chaoi is go gcaomhnaítear an bhunfhormáid.
Leis na comhaid seo a léamh, seans go gcaithfidh tú bogearra ar leith a shuiteáil ar do ríomhaire. Tá an bogearra seo saor in aisce agus le fáil d'ardáin éagsúla. Lena shocrú cén clár a chaithfidh tú a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ríomhaire, cliceáil ar an nasc cuí sa tábla anseo thíos:
| Microsoft Windows | Adobe® Acrobat® Reader |
| Macintosh | Tá taca ionsuite cheana i Mac OS X do chomhaid PDF. Ba cheart d'úsáideoirí leaganacha is luaithe ná seo de Mac OS úsáid a bhaint as Adobe® Acrobat® Reader. |
| Linux / Unix | Adobe® Acrobat® Reader nó XPDF |
Doiciméad Microsoft Word (DOC)
Tá cuid de na doiciméid seo le fáil mar chomhaid Microsoft Word.
Osclóidh Microsoft Office do Windows agus do Macintosh na comhaid seo. Mura bhfuil Microsoft Office agat, b'fhéidir go mbeidh ort bogearra faoi leith a shuiteáil ar do ríomhaire leis na comhaid seo a léamh. Tá an bogearra seo saor in aisce agus le fáil d'ardáin éagsúla. Lena shocrú cén clár a chaithfidh tú a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ríomhaire, cliceáil ar an nasc cuí sa tábla anseo thíos:
| Microsoft Windows | |
| Macintosh | Tá taca ionsuite cheana i Mac OS X do chomhaid Microsoft Word. |
| Linux / Unix | OpenOffice.org nó wvWare |
Scarbhileog Microsoft Excel (XLS)
Tá cuid de na doiciméid seo le fáil mar chomhaid Microsoft Word.
Osclóidh Microsoft Office do Windows agus do Macintosh na comhaid seo. Mura bhfuil Microsoft Office agat, b'fhéidir go mbeidh ort bogearra faoi leith a shuiteáil ar do ríomhaire leis na comhaid seo a léamh. Tá an bogearra seo saor in aisce agus le fáil d'ardáin éagsúla. Lena shocrú cén clár a chaithfidh tú a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ríomhaire, cliceáil ar an nasc cuí sa tábla anseo thíos:
| Microsoft Windows | |
| Macintosh | - |
| Linux / Unix | OpenOffice.org nó Gnumeric |
Doiciméad StarOffice Writer (SXW)
Tá doiciméad StarOffice ag dul le go leor comhad Microsoft Word agus Microsoft Excel ar an suíomh seo.
Formáid oscailte chomhroghnach eile í seo seachas ceann Microsoft, agus mar sin is féidir í a léamh ar an iliomad córas.
Bain leas as OpenOffice.org, atá saor in aisce, leis na comhaid seo a léamh.
Closchomhad (WAV)
Closchomhaid iad cuid de na comhaid (ar nós sleachta ón raidió) ar an suíomh gréasáin seo .
Leis na comhaid seo a léamh, seans go gcaithfidh tú bogearra ar leith a shuiteáil ar do ríomhaire. Tá an bogearra seo saor in aisce agus le fáil d'ardáin éagsúla. Lena shocrú cén clár a chaithfidh tú a íoslódáil agus a shuiteáil ar do ríomhaire, cliceáil ar an nasc cuí sa tábla anseo thíos:
| Microsoft Windows | Tá taca ionsuite cheana i Windows do na comhaid WAV seo. Is féidir freisin Windows Media Player nó Winamp nó iTunes a íoslódáil. |
| Macintosh | iTunes |
| Linux / Unix | X Multimedia System |
Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 21/09/2007



