Cumrú Léitheoirí Nuachta RSS
Tá faisnéis ar an leathanach seo maidir le Léitheoirí Nuachta RSS a chumrú. Tabhair faoi deara le do thoil.
- Ní féidir nuacht RSS a úsáid le leagan a 6 de Microsoft Internet Explorer nó le haon leagan níos luaithe.
- Ní féidir nuacht RSS a úsáid le leaganacha níos luaithe ná Microsoft Outlook 2007
Tacaíonn na brabhsálaithe gréasáin agus cliaint ríomhphoist seo a leanas le nuacht RSS.
- Microsoft Internet Explorer 7
- Mozilla Firefox 2.0
- Mozilla Thunderbird
- Microsoft Outlook 2007
Is féidir faisnéis níos mionsonraithe faoi léitheoirí nuachta RSS agus léitheoirí neamhspleácha nuachta, a fháil ag http://www.dmoz.org/Computers/Software/Internet/Clients/WWW/Feed_Readers/.
Tugann na codanna seo a leanas faisnéis faoin gcaoi chun na feidhmeanna is coitianta a chumrú le tacaíocht ionsuite RSS.
Microsoft Internet Explorer 7
- Cliceáil ar aon nasc RSS agus osclóidh Explorer 7 an nasc mar leathanach gréasáin.
- Cliceáil ar "Subscribe to this feed" agus cuir an fotha seo le do liosta.
- Brú <Ctrl>+<Shft>+J, nó roghnaigh na míreanna roghchláir Tools>Explorer Bar>Feeds chun féachaint ar do chuid fothaí.
Mozilla Firefox
- Cliceáil ar aon nasc RSS, agus osclóidh Firefox 2 an nasc mar leathanach gréasáin.
- Cliceáil ar "Subscribe to this feed" chun an fotha seo a chur le do liosta.
- Chun do chuid fothaí a athbhreithniú oscail an
roghchlár Bookmark, agus cuardaigh na míreanna leis an
deilbhín RSS (
).
Mozilla Thunderbird
- Roghnaigh Account Settings ón roghchlár Thunderbird Tools.
- Cliceáil an cnaipe Add Account a bheidh thíos i gcuid clé na fuinneoige.
- Roghnaigh RSS News & Blogs ón bhfuinneog New Account Setup agus cliceáil Next.
- Iontráil ainm don RSS Account, cliceáil Next, agus ansin Finish chun an Account Wizard a dhúnadh.
- Fill ar an bhfuinneog Account Settings agus roghnaigh do chuntas RSS agus cliceáil Manage Subscriptions.
- Cliceáil an cnaipe Add i bhfuinneog RSS Subscriptions.
- Iontráil seoladh iomlán láithreáin (URL) an fhotha RSS atá uait sa bhfuinneog News Feed Properties agus feicfidh tú bosca dar teideal Feed URL: agus cliceáil OK.
- Is féidir liosta na bhfothaí RSS atá ar an láithreán gréasáin seo a fháil ag: http://www.pleanala.ie/rss/index.htm.
- Cliceáil OK chun an cumrú a chríochnú agus an fillteán RSS a chur leis.
- Féadfaidh tú Add a chliceáil arís chun URL eile a iontráil nó an X sa chúinne thuas ar dheis a chliceáil chun an fhuinneog RSS Subscriptions a dhúnadh.
- Cliceáil OK chun an fhuinneog Account Settings a dhúnadh.
- Chun ceannlínte fotha RSS a íoslódáil: Roghnaigh an fotha RSS atá uait i bpríomhfhuinneog Thunderbird, roghnaigh an fotha RSS ar mhian leat breathnú air ón liosta Folders. Feicfidh tú ceannlínte na n-alt ón bhfotha RSS agus beidh tú in ann na hailt a léamh a théann leis na ceannteidil sin.
Más rud é nach bhfeiceann tú an fotha atá uait féadfaidh tú cliceáil ar an gcomhartha plus taobh le do chuntas News & Blogs chun na fillteáin atá faoi a mhéadú.
Má tharlaíonn sé nach ndéantar na ceannlínte fotha RSS a íoslódáil sa ghnáthchúrsa déan athsheiceáil, le do thoil, ar URL fotha RSS agus do chumraíocht Thunderbird agus tú ag athbhreithniú an doiciméid seo.
(Curtha in oiriúint ó http://www.itc.virginia.edu/desktop/email/thunderbird/configure/ - RSS)
Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 06/11/2007



