Tuarascáil Bhliantúil an Bhoird Phleanála 2006
An Bord Pleanála Gnóthach le Ról Nua Maidir le hInfrastruchtúr Straitéiseach
Dúirt Seán Ó Conchúir, Cathaoirleach an Bhoird, nuair a foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil an Bhoird Phleanála, 2006, an 9 Samhain 2007, go bhfuil leibhéal ard gníomhaíochta ar siúl ag an mBord faoi láthair faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach), 2006. Tá 64 iarratas faighte go dtí seo ag an mBord ó urraitheoirí tionscadal maidir le comhráite iarratais réamhphleanála de réir fhorálacha Alt 37B agus ailt chomhfhreagracha eile an Achta. Reáchtáladh na chéad chruinnithe idir na hurraitheoirí agus foireann an Bhoird faoi cheannas roinnt de na cigirí is mó a bhfuil taithí acu i ndáil le 52 de na cásanna sin agus tá an chéim réamhiarratais den phróiseas tugtha chun críche i 19 cás. Reáchtáil an Bord os cionn 85 cruinniú réamhiarratais in iomlán go dtí seo. Áirítear ar na cásanna sin, raon leathan tionscadal mar infrastruchtúr leictreachais, infrastruchtúr gáis, dramhaíl, príomhlíne iarnróid, iarnród meitreo agus éadrom, calafoirt, aerfoirt, feirmeacha gaoithe móra, etc. Is éard a bhíonn i gceist leis an gcéim réamhiarratais ná an Bord ag cinneadh cibé an nglacfar leis an tionscadal mar thionscadal Infrastruchtúir Straitéisigh agus comhairle a thabhairt maidir leis na saincheisteanna suntasacha inbhuanaitheachta pleanála agus comhshaoil a mbeidh aghaidh le tabhairt orthu san iarratas foirmiúil. Ina thaobh sin, déanfaidh an Bord iarracht a chinntiú go dtabharfaidh an tionscadal aghaidh ar pholasaithe náisiúnta agus réigiúnacha níos leithne agus go dtabharfar an tionchar a bheidh acu feadh earnálacha eile san áireamh.
I ndiaidh na céime réamhiarratais a bheith tugtha chun críche, tá iarratais fhoirmiúla maidir le ceadú tionscadal faighte i 3 chás viz, síneadh ar iarnród Dhún Búinne, monarcha cumhachta gáis i gCo Lú agus críochfort LNG ag Béal Átha Loingfoirt, Co. Chiarraí. Tá fógra tugtha don phobal i gcoitinne agus do na comhairlí iomchuí agus tá mionsonraí seolta ar mhaithe le tuarascálacha chuig na húdaráis áitiúla lena mbaineann. Is é rogha an Bhoird é cibé an reáchtálfar éisteacht ó bhéal ach is é rún an Bhoird éisteachtaí a reáchtáil i ngach cás lena mbaineann saincheisteanna suntasacha pleanála nó comhshaoil nó sna cásanna sin a léiríonn an pobal áitiúil nó comhairlí reachtúla ábhair imní tromhchúiseacha.
Ní mór béim a chur ar an gcás faoin Acht nua nach mór an dá chritéir de phleanáil cuí agus forbairt inbhuanaithe agus na tionchair ar an gcomhshaol a chur i bhfeidhm ar gach tionscadal infrastruchtúir straitéisigh. Is athrú ollmhór é sin i ndáil le tionscadail iarnróid, mótarbhealaí agus píblínte gáis. Mar shampla, caithfear aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí pleanála níos leithne a bheidh ag tionscadail iarnróid nua, lena n-áirítear suíomh agus leagan amach na stáisiún, lánpháirtiú le seirbhísí iompair eile, etc. Ina theannta sin, caithfear impleachtaí iompair níos leithne ar infrastruchtúr eile mar fhorbairtí calafoirt a mheas go cúramach freisin.
Tá cuspóir reachtúil ag an mBord cásanna Infrastruchtúir Straitéisigh a chinneadh laistigh de 18 seachtain don dáta is déanaí a nglacfar le haighneachtaí ón bpobal i gcoitinne. Ar mhaithe le trédhearcacht agus chun réamhbhreithiúnas a sheachaint, chinn an Bord mar ábhar polasaí nach mbíonn an cigire a bhíonn i gceannas ar fhoireann an Bhoird sa chéim réamhiarratais rannpháirteach sa chéim iarratais fhoirmiúil nó ní bhíonn aon bhaint aige/aici san éisteacht ó bhéal nó i moladh deiridh an Bhoird. Ceapfar cigirí difriúla chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.
Tá roinnt treoirlínte foilsithe ag an mBord a thugann comhairle d’iarratasóirí agus d’údaráis áitiúla maidir leis na nósanna imeachta a chaithfear a leanúint agus a thugann comhairle don phobal i gcoitinne agus do dhaoine leasmhara maidir le conas a bheith rannpháirteach sa phróiseas.
Tá Rannán Infrastruchtúir Straitéisigh bunaithe, atá comhdhéanta de 5 chomhalta, laistigh den Bhord chun na feidhmeanna atá sannta chuige faoin Acht a fheidhmiú. Tacóidh Rannán ar leithligh laistigh den eagraíocht ina mbeidh foireann de 25 le Rannán nua an Bhoird. Tá seisear Cigireí Sinsearacha breise ceaptha cheana féin agus táthar chun tuilleadh a earcú lena chinntiú go mbeidh an cumas riachtanach ag an Rannán nua chun freastal ar na spriocanna uaillmhianacha atá socraithe don Bhord sa reachtaíocht. Láimhseálann an Rannán Infrastruchtúir Straitéisigh olltionscadail bóithair agus tionscadail infrastruchtúir de chuid na n-údarás áitiúil freisin anois mar aon le hOrduithe Ceannaigh Éigeantaigh (aistrithe chuig an mBord faoi Acht 2000).
Achomhairc phleanála á reáchtáil ag leibhéal nár facthas riamh cheana
Dúirt an tUasal Ó Conchúir freisin nach léiríonn an líon achomharc nó scála na bhforbairtí atá ag teacht chuig an mBord, go dtí seo, aon laghdú ar ghníomhaíocht tógála. Beidh ardú níos mó fós sa bhliain reatha ar líon na n-achomharc pleanála a bhí fíor-ard i 2005 agus i 2006 agus tá sé sin ag cur bru ollmhór ar acmhainní an Bhoird. Mar thoradh air sin, tá sé deacair an fheidhmíocht shásúil a choimeád ó thaobh an t-am a thógann sé achomhairc a chinneadh.
- Suas go deireadh mí Mheán Fómhair 2007 bhí ardú 14% ar an líon cásanna achomharc, infrastruchtúir agus eile ar an líon a cuireadh faoi bhráid an bhliain roimhe sin. Bunaithe ar threochtaí reatha, meastar go rachaidh iontógáil 2007 gar don marc 7,000.
- Cé go bhfuil meadú 10% us na Cásaina Curtha de laímh tá an céatadán cásanna a chinntear laistigh den chuspóir ama reachtúil 18 seachtain tite tuilleadh ó 53% i 2006 go 49% i 2007.
- Má fhéachtar ar an iontógáil ard, ba é 2741 an líon cásanna ar láimh ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2007, ardú 22% ar mhí Mheán Fómhair 2006.
Tá an Bord ag glacadh gach beart a fhéadfar chun déileáil leis an riaráiste agus chun dul ar ais chomh luath agus is féidir chun a chuspóir straitéiseach foriomlán a bhaint amach chun 90% de chásanna a chuir de láimh laistigh de 18 seachtain. Áirítear orthusan acmhainní breise a chur in áit agus roghanna eile a bhreithniú chun cur le haschur. Is oth leis an mBord go mbíonn moilleanna ann.
Is léir go léiríonn líon ard leanúnach na nachomharc an t-ardú ginearálta ar iarratais phleanála chuig údaráis áitiúla agus níl sin mar thoradh ar ardú ar an ráta achomhairc, ráta atá fanta seasmhach ag thart ar 7% go náisiúnta.
Seachas na cásanna Infrastruchtúir Straitéisigh, cuireadh leis an líon cásanna a tógadh isteach, go háirithe, ó achomhairc a bhaineann le scéimeanna tithíochta móra (30+ aonad), cairéil (a léiríonn an daingniú níos géire ar rialú forbairtí cairéal faoi Acht 2000) forbairtí talmhaíochta (a léiríonn na Rialacháin Níotráite), feirmeacha gaoithe, agus tithe i ngairdíní bruachbhailteacha.
Treochtaí ginearálta i dtuarascáil 2006
Seo a leanas roinnt de na treochtaí ginearálta i ngnáthachomhairc phleanála i dtuarascáil 2006: -
- Ba é 33% an sciar de chinntí áitiúla a ndearnadh achomharc ina n-aghaidh a d’aisiompaigh an Bord, i gcomparáid le 30% i 2005.
- Ba é an toradh a bhí le hachomhairc an chéad pháirtí i gcoinne diúltaithe gur tugadh cead i 26% de na cásanna, ardú ó 24% i 2005.
- Ba é an toradh a bhí le hachomhairc ón tríú páirtí in aghaidh cead a bhronnadh gur diúltaíodh 43%, ardú ó 40% i 2005.
- Cuireadh 25% d’achomhairc (27% i 2005) de láimh gan chinneadh foirmiúil ón mBord, go príomha mar gheall go raibh siad neamhbhailí (15%) nó gur aistarraingíodh iad (9%).
Criosú talún nach bhfuil inbhuanaithe
Dúirt an Cathaoirleach gur thug sé an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar aird ag feidhmiú a chumhachtaí maidir le hidirghabháil a dhéanamh nuair a bhíonn cinntí criosaithe i bPleananna Forbartha ag teacht salach ar pholasaithe náisiúnta. Fáiltíonn sé roimhe sin agus roimh idirghabhálacha den sórt céanna ón Aire roimhe sin mar gheall go mbíonn ar an mBord déileáil le hachomhairc a bhaineann le láithreáin i gcásanna nach mbíonn an criosú ag teacht le prionsabail d’fhorbairt inbhuanaithe. Ba chóir go mbeadh criosú talún mar tháscaire soiléir go bhfuil an talamh oiriúnach don fhorbairt den chineál a luaitear (faoi réir ag aon cháilíochtaí a léirítear sa Phlean Forbartha) agus tá sin bunúsach d’fheidhmiú ár gcóras pleanála. Thug an tUasal O’Connor foláireamh áfach, nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh constaic ar an mBord cead a bhronnadh trí chriosanna nach raibh inbhuanaithe nó a tháinig salach ar pholasaithe náisiúnta nó treoirlínte pleanála réigiúnacha.
Thug sé samplaí de chásanna a mbeadh baol tuilte ann do láithreáin, nuair a bhainfeadh forbairt luach d’infheistíocht i mbóithre náisiúnta, nuair a chuirfeadh forbairt bagairt neamhriachtanach d’oidhreacht nó do ghnáthóga, nó sa chás go mbeadh píosaí ollmhóra talún criosaithe lasmuigh de bhailte beaga agus de shráidbhailte. Ní chuirfidh aon ní as don Bhord ó chead a dhiúltú i gcásanna den sórt sin díreach mar gheall go mbeadh an baol ann go mbeadh ar údaráis áitiúla cúiteamh a íoc as criosú dochosanta.
Airde foirgnimh
Dúirt an Cathaoirleach go raibh imní ar an mBord maidir leis an gcás reatha i ndáil le hairde foirgnimh i gcathracha agus i mbailte fiú. Faoi láthair, is féidir le forbairtí, mar gheall ar a n-airde, tionchar ollmhór a bheith acu ar chuma agus ar charachtar uirbeach na gcathracha/mbailte agus ceadaítear iad faoi láthair ar bhonn ad hoc gan leas a bheith á mbaint as polasaithe a ndéantar díospóireacht cheart ina dtaobh ach a nglacann údaráis áitiúla leo. Is léir go minic go mbaineann na deacrachtaí maidir le polasaithe soiléire a ghlacadh le teannas idir forbróirí agus a n-ailtírí ar lámh amháin agus comhairleoirí, a léiríonn ábhair imní áitiúla, ar an lámh eile, agus bíonn bainistíocht na n-údarás áitiúil agus lucht pleanála áit éigin idir eatarthu.
Is léir go ndéantar achomharc i gcoinne móramh na bhforbairtí ardstóracha agus, cé go ndéanann an Bord an méid is féidir i dtaobh cibé comhthéacs polasaí a bhíonn ann a fheidhmiú, bíonn ar an mBord cinneadh a dhéanamh ar thuillteanais áirithe gach aon mholadh a bhíonn beartaithe bunaithe ar imthosca áitiúla ach le haird ar pholasaithe náisiúnta níos leithne ag an am céanna. Ba chóir d’údaráis áitiúla níos mó a dhéanamh chun díospóireacht oilte a chur chun cinn agus chun comhaontú a fhorbairt maidir lena bpolasaithe ionas go mbeidh fís roinnte ann maidir le lárionaid uirbeacha a fhorbairt amach anseo agus ina bhféadfar scéimeanna forbartha aonair a mheas ina n-aghaidh.
Cáilíocht uisce
Dúirt an Cathaoirleach gur spreag tuarascáil an EPA le déanaí maidir le cáilíocht uisce é chun ábhair imní a thabhairt chun solais arís maidir leis an tionchar a bhíonn ag neamhleathadh dabhach séarachais go leanúnach (lena n-áirítear córais dhílsithe) a bhaineann le tithe faoin tuath. Tá na 15-17,000 teach faoin tuath a thógtar gach bliain ag cur leis an mbrú ar acmhainní screamhuisce agus chaithfeadh go bhfuil baint acu le roinnt den laghdú ar chaighdeáin a thuairiscíonn an E.P.A. (bhí 57% de shuímh shamplála screamhuisce éillithe ag bachaillíní drolannacha faecacha). Tá an baol ó thruailliú mar chúlra de os cionn aon tríú cuid den líon tithe faoin tuath a dhiúltaíonn an Bord. Tá roinnt údarás áitiúil fós ag tabhairt cead pleanála agus gan sraith iomlán tástálacha draenála acu nó gan mheasúnú cuí de na tástálacha a chuirtear faoi bhráid. Breithníonn an Bord nach bhfuil sé cuí cead a bhronnadh nó fiú cead imlíne a bhunú gan a bheith ábalta a léiriú gur féidir draenáil shábháilte a sholáthar ag an láithreán. Níl sé sách maith a bheith ag brath ar choinníollacha a mbíonn gá le meastóireacht agus gníomhartha i ndiaidh an cheada a bheith bronnta agus d’fhéadfadh nach mbeadh siad sin éifeachtach in aon chor. Baineann siad sin le scéimeanna tithíochta freisin ar láithreáin nach ndéantar a sheirbhísiú agus a bhrathann ar chórais chóireála phríobháideacha.
Fáiltíonn an Bord roimh na rialacháin nua maidir le sceitheadh fuíolluisce agus ba chóir go gcinnteodh siad nach dtabharfar cead d’fhorbairtí a bheidh ag sceitheadh chuig gléasra cóireála ró-ualaithe nó atá lochtach ar aon tslí eile.
Caighdeáin fhorbairtí cónaitheacha
Thug an Cathaoirleach le fios go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh chun paraidím phleanála nua níos inbhuanaithe a fhorbairt dár lárionaid uirbeacha atá ag dul i méid. Glactar forleathan go maith anois leis na fiúntais a bhaineann le bheith ag tógáil ag dlúis níos mó (ní gá go mbeadh ardstórais i gceist), leas a bhaint as leagan amach ar ardchaighdeáin, ailíniú le pleananna iompair phoiblí agus infrastruchtúir eile mar oideachas, áineas, siopadóireacht agus mar sin de. I gcás limistéir forbartha móra úrnua glactar le samhail SDZ mar shamhail atá an-éifeachtach. Mar sin féin, is féidir an cur chuige céanna a chur in oiriúint, fiú mura mbeadh sin chomh foirmiúil, chuig cásanna ar scála níos lú. Ba chóir go dtreiseodh feidhmiú na gcaighdeán nua maidir le cóiríocht chónaithe arna fhoilsiú ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil inghlacthacht árasáin mar chóiríocht teaghlaigh chaighdeánach trína chinntiú go dtairgfeadh aonaid caighdeáin mhaithe maidir le spás inmheánach, solas, spás stórála agus spás oscailte príobháideach. Ba chóir go gcuirfeadh Údaráis Áitiúla ina luí ar fhorbróirí go mbeidh siad sa tóir ar na caighdeáin sin mar íoschaighdeáin agus iad ag déileáil le hiarratais phleanála. Is féidir glacadh leis go ndéanfaidh an Bord amhlaidh maidir le haon chás a thiocfaidh faoina bhráid mar achomharc, fiú más rud é go mbeidh caighdeán níos ísle glactha ag an údarás áitiúil ina chinneadh. Tá deireadh tagtha le ré úd na mbloc árasán beaga agus fuinneoge are thaobh amháin ina suí i gcarrchlóis!
Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 09/11/2007



