An Bord Pleanála

Treoirlínte Um Sholáthairtí Poiblí 2005

Arna ghlacadh ag an mBord 21ú Nollaig 2005

CLÁR

  1. Réamhfhocal
  2. Saincheisteanna Ginearálta
  3. Iomaíocht agus Tairiscintí – Prionsabail agus Eisiatachtaí
  4. Tairiscintí Oscailte
  5. Tairiscintí Srianta
  6. Tairiscintí Lua Spéise
  7. Tairiscintí AE agus CSR (Comhaontú um Sholáthairtí Rialtais)
  8. Athchonarthaí Rialta
  9. Tionscnamh Seirbhísí/Gnólachtaí Beaga
  10. Modhanna Tairisceana
  11. Beartas Prasíocaíochta
  12. Diúscairt Sócmhainní
  13. Clár na gConarthaí

1. Réamhfhocal

(1) Treoirlínte an ANBSP

Faoi réir Bheartais an Rialtais, oibríonn an Bord, mar Chomhlacht Leath-Stáit, go ginearálta de réir na modhanna imeachta le haghaidh soláthairtí poiblí atá leagtha síos i dTroirlínte um Sholáthairtí Poiblí – Próiseas Iomaíochta a d’ullmhaigh an tAonad Náisiúnta um Bheartas Soláthaírtí Phoiblí (ANBSP) don Roinn Airgeadais. Tá siad sin ann anois in ionad an “Leabhar Glas – Soláthairtí Poiblí”, Eagrán 1995.

(2) Réimse na dTreoirlínte

Mar éascú tagartha, leagann an cháipéis seo amach na príomh-mhodhanna imeachta atá le cleachtadh sa Bhord maidir le: -

  1. Tairiscintí (lena n-áirítear teicneolaíocht eolais agus cumarsáide (TEC), trealamh oifige agus seirbhísí a sholáthar ), agus
  2. Diúscairt Sócmhainní.

(3) Cúrsaí AE agus CSR

(a) Tá an Bord faoi cheangal dlithiúil, más ábhartha, cloí le Treoracha um Sholáthairtí Poiblí an AE agus an Comhaontú um Sholáthairtí Rialtais (CSR) na hEagraíochta Trádála Domhanda.

(b) Aon áit a bhfuil tairseacha an AE nó CSR i bhfeidhm cuirfear i bhfeidhm na modhanna imeachta atá leagtha amach faoi na Treoirlínte um Sholáthairtí Poiblí a d’ullmhaigh an ANBSP – féach mír 7 thíos.

(c) Más dóchúil go rachaidh costas aon thogra nó costas sraith tograí gaolmhara, os cionn na bhfigiúirí tairseacha nó má tá an togra maoinithe ag an AE, go páirteach nó go hiomlán, ní mór do thogra dá leithéid cloí le Treoirlínte ábhartha an AE.

(d) Maidir le haon fhógrán a chumfaí faoi réir Treoilínte an AE agus go luafaí an teanga ann nó na teangacha ina gcaithfear na tairiscintí a dhréachtadh, ní mór go luafaí an Ghaeilge annn freisin mar theanga roghnach.

2. Saincheisteanna Ginearálta

(1) Oifigeach Ainmnithe

I ndáil le cúrsaí a bhaineann le soláthairtí poiblí, tá sé de cheangal ar an mBord Oifigeach Ainmithe a cheapadh. Tá sé mar dhualgas ar an Oifigeach seo deimhin a dhéanamh de go bhfuil na cúrsaí go léir a bhaineann le hoibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a chur ar fáil, chomh maith le diúscairt mhaoine agus trealaimh, go léir faoi réir na gceanglas dlíthiúla agus riaracháin. Tá an Rúnaí mar Oifigeach Ainmnithe le haghaidh an chuspóir seo.

(2) Costas Comhiomlán

Má tá sraith de chonarthaí gaolmhara molta in aon tréimhse 12 mhí, ní mór costas comhiomlán na gconarthaí sin a ríomhadh de réir na dtairseacha a luaitear sna treoirlínte seo.

(3) Saineolas agus Ionracas

Ba chóir don Rúnaí deimhin a dhéanamh de go bhfuil baill foirne atá ag baint le ceannach nó le conarthaí a bhronnadh aitheantúil ar na Treoirlínte seo agus ar aon rialacha AE nó idirnáisiúnta a bheadh ábhartha don chás agus go bhfuil cur amach acu ar an bhfrámaíocht dhlíthiúil agus ar an mbeartas faoina gcaithfear an soláthar seo a dhéanamh. Mar chosaint i gcoinne cleachtais mhíchuibhiosaigh nó neamheiticiúil, déanfar feidhmeanna an thimthrialla sholáthairtí a dheighilt óna chéile, cur i gcás déanfar deimhin de go mbeidh na seirbhísí chun earraí a ordú agus a ghlacadh neamhspleách ón gcóras íocaíochta.

(4) Ceannacháin Ócáidiúla

Ba chóir próifíleacha ceannacháin a scrúdú chun ceannachán ócáidiúla agus aonuaire a laghdú go bun más féidir. Ba cheart do rannáin a bhfuil riachtanais athfhillteacha nó leanúnacha acu anailís a dhéanamh ar a gcuid riachtanas fadtréimhseacha. Ba cheart socruithe cuí conarthacha a chur i bhfeidhm chun soláthairtí agus seirbhísí athfhillteacha a chur ar fáil go seolta agus go héifeachtúil maidir le costas.

(5) Treoirthionscadail

Má tá céim threorach ag baint le próiseas soláthair, ba cheart an treoir a stiúrú ar mhodh a cheadódh agus a spreagfadh an aithne a chur ar raonta éagsúla réiteach nó roghanna. Is cóir a bheith aireach agus gan caradas thar fóir a chothú le páirtí nó le páirtithe ar leith, ná aon rud a rachadh i gcoinne nó a bhacfadh an phróisis chothroim oscailte nó a shrianfadh iomaíocht.

(6) Soláthróirí Eisiacha

Nuair is gá déileáil le soláthróir, le seirbhíseoir nó le conrathóir eisiach ba cheart idirbheartaíocht a dhéanamh chun na socruithe a thugann an luach is fearr ar airgead a bhaint amach. Ba cheart a bheith aireach ag déileáil soláthróir, seirbhíseoir nó conrathóir a bhfuil ceartas eisiach aige/aici chun soláthair nó séirbhíse a dhéanamh i limistéar tíre faoi leith. Ba cheart socruithe oscailte leis na dáileoirí eisiacha seo a sheachaint más féidir. Ní choscann dlí iomaíochta na hÉireann ná an AE an soláthróir eisiach ó sholáthairtí a dhéanamh le custaiméirí leasmuigh den limistéar ainmnithe má iarrann an custaiméir ar an soláthróir eisiach é sin a déanamh.

Is féidir luach níos fearr ar airgead a bhaint amach trí thairiscintí a lorg ó sholáthróirí, seirbhíseoirí nó conrathóirí eile taobh amuigh den réigiún ina bhfuil dáileoir eisiach. B’fhéidir gur chóir fógra a chur in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IOAE) sa chás sin nó marach é sin soláthróirí a chuardach thar tír amach.

Má dhiúltaítear soláthairtí don Bhord ar an gcúis go bhfuil soláthóir eisiach ag soláthar earraí i limistéar údaráis an chonartha, ba chóir an scéal a thabhairt go dtí aire an Údaráis Iomaíochta: teileafón (01) 804 5400.

(7) Coinbhliochtaí Leasa

Ba cheart fios a bheith ag baill den bhfoireann faoi na coinbhliochtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith i bpróiseas na tairisceana agus gníomhú dá réir chun a leithéidí a sheachaint. Ba cheart a bheith aireach agus deimhin a dhéanamh de go mbeadh sonraíochtaí agus critéir na dtionscadal chomh hoscailte agus chomh cineálach agus is féidir, ionas ná tabharfaí fábhar d’aon réiteach ar leith ná d’aon pháirtí ar leith.

(8) Forálacha Reachtúla

Sula ndéanfaí conradh a bhronnadh, ba cheart don Bhord a bheith siúráilte go bhfuil na forálacha uilig comhlíonta, ag áireamh nithe mar phá íosta, comhaontuithe tionsclaíocha/earnálacha a bhfuil ceanglas dleathach leo, chomh maith le saincheisteanna ábhartha maidir le sláinte agus sábháilteacht. Ba chóir tagairt iomchuí don ghá atá le bheith géilliúil do na forálacha sin a chur sna cáipéisí tairisceana.

(9) Tairiscint Chlaonpháirteach

Ba chóir don bhfoireann a bheith ag faire amach do chleachtais frithiomaíochta cosúil le tairiscint chlaonpháirteach. Ba cheart aon fhianaise faoi chlaonpháirtíocht thairisceana a thabhairt chuig aird an Údaráis Iomaíochta: teileafón (01) 804 5400.

(10) Ciontuithe Coiriúla

De réir na dTreorach athbhreithnithe um sholáthaírtí tá iarrthóirí nó tairisceoirí nach foláir a eisiamh as feidhmiú conartha phoiblí .i. iad siúd a chiontaíodh i gcoireacht eagraithe, i gcalaois, in éilliú nó i sciúradh airgid.

(11) Cáin Breis Luacha (CBL)

Ba cheart iarraidh ar thairisceoirí na tairiscintí a dhéanamh gan an CBL a lua. Foráileann dlí an CBL cóiriú cothrom maidir le soláthar earraí agus seirbhísí. Mar sin, ní chóir go mbeadh aon bhuntáiste nó míbhuntáiste iomaíochta ag baint leis na rialacha CBL a chur i bhfeidhm i gceart.

Tá de cheangal ar an mBord CBL a íoc ar earraí agus ar sheirbhísí agus, go ginearálta ní féidir an CBL a íoctar a aisghabháil. I gcás earraí agus seirbhísí ar shonrasc ó laistigh d’Éirinn, gearrtar an CBL ar an mBord agus íocann soláthróir na n-earraí nó na seirbhísí an CBL do na Coimisinéirí Ioncaim. Mar sin féin, má tá an Bord ag fáil earraí, nó más dealrach go bhfaighidh, in aon tréimhse dhá mhí dhéag, os cionn luach áirithe ((€41,000 ón 1ú Eanáir, 2002) ó Bhallstáit eile san AE, tá de cheangal ar an mBord agus an CBL a bhaineann leis na soláthairtí seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim (Ardbhailitheoir).

Caithfidh an Bord CBL a íoc ar gach sheirbhís atá ar sceideal (ag áireamh na seirbhísí is coitianta a bhfaightear) go bhfaightear sonrasc orthu, saor ó CBL ó thar lear .i. níl íosthairseach ar bith ann. Má tá ceangal ar an mBord clárú le haghaidh CBL toisc go bhfaightear seirbhisí ar sceideal ó thar lear, tá CBL Éireannach dlite ar na hearraí ar fad a bhfaigheann sé, is cuma cad é méid na bhfáltas céanna. Ní mór don Bhord an CBL, áirithe ar an ráta cuí iníoctha in Éireann, a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, nuair a bhfaightear earraí nó seirbhísí den chineál sin.

Is achoimre ghairid í an méid atá thuas ar na rialacha CBL a chuirtear i bhfeidhm ag fáil soláthairtí agus seirbhísí agus níl an fhaisnéis sin iomlán ann féin. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa bhilleog fhaisnéise maidir le CBL eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an láithreán gréasáin www.revenue.ie (Billeog Uimhir. 11/01), nó is féidir é a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Riarachán CBL, Foirgneamh na Stampála, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2: teileafón (01) 647 5000

(12) Cáin Shiarchoinneála ar Sheirbhísí Gairmiúila

Ní mór Cáin Shiarchoinneála ar Sheirbhísí Gairmiúla (CSSG) a bhaint de réir an ráta chaighdeánaigh as íocaíochtaí a dhéanann an Bord as seirbhísí gairmiúla. Tá faisnéis chuimsitheach maidir le CSSG le fáil i dtreoirleabhrán maidir le Cáin Shiarchoinneála ar Sheirbhisí Gairmiúla i gcomhair Daoine Cuntasacha agus Daoine Sonraithe (“A Revenue Guide to Professional Services Withholding Tax (PSWT) for Accountable Persons and Specified Persons”). Tá seo foilsithe ar an láithreán gréasáin www.revenue.ie nó is féidir é fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim ach glaoch ar (01) 878 0100.

(13) Teastais Imréitigh Cánach

Déantar achoimriú ar imréiteach cánach conraitheoirí i gcearclán na Roinne Airgeadais ‘Circular 22.95 Tax Clearance Procedures – Public Sector Contracts’ nó in aon leagan athbhreithnithe den bhfoilseachán céanna a bhéas ar fáil ar www.revenue.ie, agus ní mór don Bhord cloí leis na forálacha seo.

Ba cheart do thairisceoirí teagmháil a dhéanamh lena gCeantar Cánach áitiúil féin nó le Rannán na gCásanna Móra, de réir mar is cuí. Is féidir lánshonraí maidir le conarthaí a fháil, agus freisin, d’fhormhór na gcásanna, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh Teastas Imréitigh Cánach faoi ‘What’s New’ ar www.revenue.ie.

Ba cheart de thairisceoirí, nach áitreoirí iad, teagmháil a dhéanamh leis an Ardbhailitheoir, Teach an tSáirséalaigh, Luimneach: teileafón (061) 310 310 nó 1890 203 070

3. Comórtas agus Tairiscint – Prionsabail agus Eisiatachtaí

    1. Is bunphrionsabal an Rialtais agus, dá bhrí sin, beartas an Bhoird um sholáthairtí, go n-úsáidfí tairiscintí iomaíochta i gcónaí le haghaidh fáltas oibreacha/seirbhísí, áit a bheadh an costas níos mó ná an íosfhigiúr (féach fo-mhír (b)), sé sin mura mbeadh imthosca eisceachtúla i gceist. I gcásanna nuair a moltar gan tairiscintí iomaíochta a úsáid, ní mór ceadú a fháil ón mBord chuige sin.
    2. Ní bhaineann na riachtanais seo le: -
      1. Ceannacháin ar chostas níos lú ná an figiúr breactha síos faoi Rang A (gan CBL) in Aguisín 1A, nó
      2. I gcás, mar shampla, go mbeadh teip i gcomhpháirt teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TEC), nó go mbeadh cliseadh sa chóras, go mbeadh gá le páirteanna ar an dtoirt chun an córas TEC a chur ar siúl arís. Nuair a tharlaíonn a leithéid seo agus go mbíonn costas an cheannaithe níos mó ná an figiúr luaite faoi (i) thuas, ba chóir tuarascáil a chur chuig an oifigeach laistigh de sheachtain, ag míniú nádúr na práinne, an ghníomhaíocht a ndearnadh, agus méid na gcostaisí.
      3. Fostú comhairleach faoi alt 120(2) nó 124 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, más rud é go dóigh leis an mBord nach chun leasa an phobail é tairiscintí a lorg faoi choinne seirbhísí dá leithéid agus/nó nach ndéantar aon idirdhealú maidir le fostú na gcomhairleach atá i gceist.
      4. Aturnaetha nó abhcóidí a fhostú chun comhairle dhíthiúil a thabhairt maidir le gníomhú ginearálta an Bhoird nó i gcásanna ar leith.
    3. Mura bhfuil tairiscintí de dhíth faoi (a) thuas, ba chóir go leanfaí mar sin féin den mhodh imeachta bunaithe ar an luach is fearr ar airgead, agus ba cheart go bhfaighfí meastacháin ar an nguthán mar shampla. Ba cheart freisin go ndéanfaí taifead de na himeachtaí sin.
  1. Is iad na modhanna imeachta ba cheart a úsáid de ghnáth le haghaidh tairiscintí ná:
    1. Tairiscintí oscailte
    2. Tairiscintí Srianta
    3. Tairiscintí Lua Spéise
    4. Tairiscintí AE agus CSR

      Faoi Aguisín 5 tá achoimre de mhodhanna tairisceana leagtha amach i bhfoirm cairte.

4. Tairiscintí Oscailte

Tá an cinneadh déanta ag an mBord gurb iad na tairiscintí oscailte a ghlacfaí mar ghnáthmhodh chun soláthairtí a fháil chomh fada is a bhaineann le hoibreacha nó trealamh nó seirbhísí faoi bhun an luach atá leagtha amach sa raon faoi Rang C in Aguisín 1A (gan CBL). Déanfar tairscintí a lorg trí fhógraíocht phoiblí, ar an láithreán gréasáin eTenders go hiondual, agus tig le páirtithe a bhfuil spéis acu ann, tairiscintí a chur isteach faoi réir chritéir ar bith a bheadh leagtha síos ag an mBord. Is féidir cur le tairscintí oscailte trí chuireadh díreach a thabhairt do ghnólachtaí oiriúnacha tairiscintí a chur isteach.

Tá an mhír 5(1)(b) ábhartha freisin.

5. Tairiscintí Srianta

  1. Tá an cinneadh déanta ag an mBord gur féidir tairiscintí srianta a úsáid go coitianta i gcomhair soláthair oibreacha nó soláthair trealaimh nó seirbhísí:-
    1. má tá costas na n-earraí nó na seirbhísí laistigh den réimse atá leagtha amach faoi Rang B in Aguisín 1A (gan CBL), nó
    2. má cinneann an Bord go foirmiúil, fiú má tá an luach os cionn an fhigiúir is airde a luatar faoi (a) thuas (gan CBL), go mbeadh sé inchosanta ar bhonn na córa, in imthosca áirithe, tairiscintí srianta a úsáid.
  2. Go hiondual, déanfar cuirí a thabhairt i scríbhínn do ghnólachtaí tofa ag an mBord. Iarrfar ar chúig ghnólachtaí ar a laghad tairiscintí a dhéanamh d’fhonn trí chinn ar a laghad de thairiscintí réadúla a fháil i ngach cás. Is féidir, dar ndóigh, gnólachtaí a thugann seirbhís sásúil a úsáid go rialta, ach tá sé tábhachtach freisin caoi a thabhairt i ngach cás do ghnólachtaí beag-aithnide nó úrbhunaithe, más féidir. Féach freisin alt 9 thíos.

6. Tairiscintí Lua Spéise

I gcásanna áirithe, mar shampla, má cheapann an Bord go bhfuil conraitheoirí saineolacha speisialta ag teastáil chun dul i mbun na n-oibreacha nó na seirbhísí, tig leis an mBord ‘luanna spéise’ a lorg ar bhonn oscailte ach, ina dhiaidh sin, tairiscintí a shrianadh do líon roghnaithe gnólachtaí óna lorgófaí e tairiscintí sonraithe. Is féidir leis an cineál tairisceana seo a úsáid is cuma cén costas a chuirfí leis na hearraí nó na seirbhísí. Ag am an lua spéise, ni mór a mhíniú go soiléir na critéir a úsáidfear chun na gnólachtaí a roghnú, sé sin na gnólachtaí go n-iarrfar orthu ar ball tairiscintí sonraithe a chur isteach.

7. Tairiscint AE agus CSR

Cé go gcuirtear na tairseacha AE agus CSR (Comhaontú um Sholáthairtí Rialtais) i bhfeidhm ba chóir na gnáis a chomhlíonadh de réir mar atá leagtha síos faoi mhír 6 – nósanna imeachta um sholáirtí poiblí an AE i dtreoirlínte an ANBSP (An tAonad Náisiúnta um Bheartas Soláthaírtí Phoiblí ). Tá an doiciméad seo ar fáil ar www.etenders.gov.ie. Tá cur síos ar na tairseacha faoi Aguisín 3.

8. Conarthaí Rialta

Tá conarthaí a dhéantar a athnuachan ar bhonn rialta/tréimhsiúil m.sh cothabháil, glantóireacht, comhairligh le haghaidh tuarascálacha bliantúla srl., tá siad siúd go léir faoi réir forálacha an fhógra seo. Ar a shon san, ar mhaithe le leanúnachas agus éifeachtacht is féidir conarthaí den chineál sin a bhronnadh le haghaidh tréimhsí cúig bhliana. Ní mór é seo a bheith ráite go soiléir in aon chuireadh ar a leithéid de thairiscintí. Is féidir méadú sna praghsanna a cheadú idir bliain a dó agus bliain a chúig den chonradh, ach ní mór an mheicníocht a aontaíodh i gcomhair an mhéadaithe (m.sh. an ráta boilscithe bliantúil) a bheith luaite sa tairiscint agus curtha isteach sa chonradh nuair a shínítear an conradh. Mar mhalairt ar sin beidh praghas á lorg a chlúdóidh an tréimhse iomlán. Chomh fada is a bhaineann le méaduithe sa phraghas so dara bhliain den chonradh agus ina dhiaidh, d’fhonn a bheith cinnte gur féidir comparáidí bailí a dhéanamh idir thairiscintí, tá sé inmholta nach ndéanfadh an Bord ach meicníocht amháin a shonrú in aon chuireadh chun tairisceana.

9. Tionscnamh Seirbhísí / Gnólachtaí Beaga

Tá tiomantas sa Chlár Iomaíochais agus Oibre (CIO) go n-ullmhódh na Ranna Rialtais agus na Gníomhaireachtaí go léir pleananna chun seirbhísí/gnólachtaí beaga a chur chun cinn i gcomhthéacs jabanna a chruthú. Is cuid de bheartas an Bhoird go mbeadh faisnéis ábhartha ar fáil as oibriú a chuid Treoracha um Sholáthairtí Poiblí a thabharfadh an cúnamh agus an deis do ghnólachtaí beaga tairiscintí a chur isteach, agus go ndéanfaí na tairiscintí sin a mheas de réir a bhfiúntas. Go háirithe, déanfar gnólachtaí beaga a mheas go cúramach, de réir mar is cuí, in oibriú na dtairiscintí srianta atá luaite faoi 5 thuas.

10. Modhanna Imeachtaí maidir le Tairiscintí

(1) Réamhthairiscintí

a) I ngach cás, nuair atá soláthar poiblí beartaithe, ba chóir an togra a chur faoi bhráid an Rúnaí. Ba chóir riachtanas, scóip agus nádúr an togra a mhíniú, conas a bheadh an scéal mura ndéanfaí dada, an costas dóchúil / an costas comhiomlán, agus an modh tairisceana atá molta. I gcás tairiscintí srianta ba chóir ainmneacha na ngnólachtaí atá molta a lua. Má tá luach na hoibre / an trealaimh / na seirbhísí os cionn tairseach na dtairscintí srianta, agus nach bhfuil sé beartaithe an modh oscailte a úsáid, ba cheart an chúis gan tairiscintí oscailte a lorg, a mhíniú, ionas gur féidir leis an mBord an cheist a bhreithniú faoi réir na míre 5(1)(b).

b) Maidir le costais, ba cheart a mheabhrú go bhfuil costais cuimhdeacha eile ann dar chóir a chur san áireamh i ndáil le meastachán foriomlán caiteachais an Bhoird, sé sin de bhreis ar ghlanchostas an chonartha. I measc na gcostas úd bheadh costais comhairleach, costais rag-oibre foireann an Bhoird agus CBL. Ba chóir soláthar a dhéanamh do chostais mar sin sna bunmheastacháin agus iad a bheachtú sa togra.

c) Ba chóir a bheith sa togra -

  1. tréimhsí ama ábharta m.sh. i gcás oibreacha le déanamh:-
    • tréimhse réamhullmhúcháin,
    • tréimhse le haghaidh comhairleach, más ann dóibh, chun doiciméad a ullmhú,
    • an dáta molta chun cuirí chun tairisceana a thabhairt,
    • an dáta is deireannaí chun glacadh le tairiscintí,
    • dáta bronnta an chonartha
    • dáta i gcomhair an chonartha a chríochnú
      1. ainm an duine sa Bhord a bhéas freagrach as an dtionscadal / gceannach
      2. i gcásanna nuair atá oibreacha le déanamh, cur síos mion a dhéanamh ar cad tá ag teastáil. Tá seo thar a bheith tábhachtach má tá sé i gceist ag an mBord comhairligh seachtracha a fhostú (cur i gcás, Ailtirí, Innealtóirí). Ba chóir an togra / an cur síos a sheoladh chuig an bPríomh-Oifigeach le haghaidh a cheadaithe sula gcuirtear na cuirí chun tairisceana amach.

d) Ba chóir go mbeadh bonn measúnaithe na dtairiscintí sonraithe sna doiciméid tairisceana e.g. Praghas, an Tairiscint Oiriúnach is Lú (TOL) nó an Tairiscint Eacnamaíoch is Buntáistí (TEB). Má úsáidtear an TEB, caithfear an córas meáite a shocrú agus a thaifeadadh roimh an dáta is deireannaí chun glacadh le tairiscintí.

e) Nuair atá gléasra éagsúla áirithe luaite i gcuireadh chun tairisceana e.g. ríomhairí agus printéirí, ba cheart go ndéarfaí, de ghnáth. cibé acu a dhéanfar an tairiscint a mheas mar thairiscint aonair ar an ngléasra go léir nó mar thairiscintí difrúla ar rudaí aonaracha nó ar ghrúpaí de rudaí.

f) Ba chóir dul i gcomhairle leis an Rúnaí maidir leis an bhfoclaíocht sa bhfógra poiblí nó sa litir chuiridh atá molta. Ba chóir oiread ama agus is gá a ligint le haghaidh ullmhúcháin na dtairiscintí, ag brath ar mhéid agus ar chastacht an tionscadail, srl. Ba chóir a bheith ráite i bhfógra na tairisceana / sa litir go gcaithfear Teastas Imréitigh Cánach nó Doiciméid C2 a chur ar fáil sular féidir aon chonradh a bhronnadh. Féach freisin na míreanna 2(8) agus (10) thuas.

g) Ba cheart don bhfógra / litir a chur in iúl do na tairisceoirí gur féidir le tairiscintí a bheith faoi réir ceartais iarrata rochtana faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997. Mura n-iarrfaidh an Rúnaí a mhalairt, ba cheart an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid:-

“Geallann an Bord go gcoimeádfar faoi rún aon ábhar a chuirfear ar fáil faoin dtairiscint seo, faoi réir oibleagáidí an Bhoird faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, (ASF), 1997. Iarrtar ar thairisceoirí meabhrú má tá aon chuid den fhaisnéis atá curtha ar fáil mar fhreagra ar an bhfógra seo, nár chóir a nochtadh de dheasca an eolais atá ann, an fhaisnéis sin thabhairt chun aithne agus cúiseanna na híogaireachta a bheachtú. Rachaidh an Bord i gcomhairle le tairisceoirí faoi fhaisnéis íogair sula ndéanfar cinneadh maidir le haon iarraidh um shaoráil faisnéise a gheobhfar. Más dóigh le tairisceoirí nach bhfuil iogaireacht ar bith ag baint le haon chuid dá bhfaisnéis, ba cheart dóibh ráiteas a dhéanamh a chuireann sin in iúl. Is féidir faisnéis den chineál sin a scaoileadh mar fhreagra ar iarraidh ASF”.

h) Ba cheart tairiscintí a sheoladh chuig an Rúnaí, faoina (h)ainm. Ba cheart na clúdaigh a mharcáil ar bhealach chun gur féidir iad a aithint mar thairiscintí gan na clúdaigh a oscailt.

i) Cuirfidh an Rúnaí uimhir le gach tairiscint. Is é an Rúnaí a chuirfidh na fógraí tairisceana go léir amach i gcomhair a bhfoilsithe. Ní chóir litreacha a bhaineann le tairiscintí srianta a eisiúint ach amháin go mbíonn a bhfuil iontu agus/nó a bhfoclaíocht faofa ag an Rúnaí.

j) Ba cheart fógraí le haghaidh tairiscintí oscailte a chur ar láithreán gréasáin an Bhoird agus ar Thairseach Soláthairtí na hEarnála Poiblí (www.etenders.gov.ie). Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh aon doiciméad tairisceana réamh-ullmhaithe le híosluchtú ó na láithreáin céanna.

(2) Fáil agus Oscailt Tairiscintí

a) Coinneoidh an Rúnaí na tairiscintí ar fad gan oscailt go dtí go mbeidh an t-am / an lá deireannach chun glacadh le tairiscintí tagtha. Ní osclófar aon tairiscint roimhré agus ní cheart aon fhaisnéis a bheadh tagtha (as rith focail soláthróra, cur i gcás) a chur in iúl do dhaoine eile.

b) Osclófar tairiscintí chomh luath agus is féidir i láthair aon fhostaí amháin eile ar a laghad den ghrád Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach (OFS) nó níos airde. I gcás tairiscintí a bhaineann le tionscadal ollmhóra nó le suimeanna móra airgid, tig leis an gCathaoirleach comhalta den Bhord a ainmniú chun a bheith i láthair le linn do na tairiscintí a bheith á n-oscailt. Déanfar tuarascáil (Aguisín 2) a réiteach a shíneoidh beirt fhostaí lena n-áirítear an Rúnaí agus an comhalta más ann dó/dí.

c) Ní osclófar tairiscintí a thiocfaidh isteach i ndiaidh an am is deireannaí chun glacadh le tairiscintí, murar ghá é seo a dhéanamh chun ainmneacha agus seoltaí na dtairisceoirí a fháil. Cuirtear ar ais gach tairiscint nach n-osclaítear nó aon tairiscint nach bhfuiltear chun breithniú a dhéanamh air.

d) I gcás tairiscíntí a bhaineann le Billí Cainníochtaí, ná hosclaítear ach an Bille is ísle ar dtúis. Ní foláir ceadú i scríbhinn a fháil chun Billí eile a oscailt. Ba chóir Billí Praghsáilte Cainníochtaí a chur ar ais gan oscailt chuig na tairisceoirí nár éirigh leo, chomh luath agus is féidir tar éis don chonradh a bheith bronnta.

e) Ba cheart tairiscintí agus gach faisnéis a bhaineann leo a choimeád faoi dhianrúndacht, fiú amháin i ndiaidh don chonradh a bheith bronnta.

(3) Meastóireacht na dTairiscintí

a) Ba cheart na critéir le haghaidh bronnta a léiriú go soiléir sa bhfógra nó sna doiciméid tairisceana. Cé nach é an praghas an t-aon chritéar dámhachtana amháin le haghaidh conartha, go hiondual is cóir tairiscintí a mheas de réir phrionsabail an luach is fearr a fháil ar airgead. Is féidir é seo a dhéanamh ag baint úsáid as ceachtar an dá choras: Tairiscint Oiriúnach is Lú (TOL) nó an Tairiscint Eacnamaíoch is Buntáistí (TEB)

  1. Baineann an TOL le praghas go príomha, ach is féidir aird a thabhairt freisin ar cháilíochtaí mar chumas, eagrúchán, taithí, seirbhís ar chonarthaí cheana féin, seasamh airgeadais maidir leis an gconradh agus géilliúlacht le sonraíocht nó le caighdéain cáilíochta leagtha síos don chonradh. Ba chóir go ndéanfaí taifead scríofa don mhodh agus do na critéir faoina roghnófaí gnólachtaí agus faoina ndéanfaí conarthaí a bhronnadh agus ba chóir go mbeidís oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus cothrom.
  2. Maidir le conarthaí atá á mbronnadh faoin gcóras TEB ba cheart go mbeadh sé mar ghnáthchleachtas go ndéanfadh foireann leis an gcumasaíocht chuí an mheastóireacht. B’fhéidir go mba ghá ionadaíocht neamhspleách chuige seo .i. duine cumasach seachas an dreama a bhainfeadh go díreach le bronnadh an chonartha. Is fearr a léirítear trédhearcacht agus oibiachtúlacht trí córas scórála a úsáid nó clár marcála bunaithe go cuí ar na critéir meáite, lena n-áirítear praghas, agus a léiríonn measúnú compráideach idir thairiscintí faoi gach chritéar. (Féach Aguisín 4 ina bhfuil clár scórála samplach)

b) Ba cheart d’oifigeach de ghrád nach lú ná OFS tuarascáil a chríochnú faoi mheastóireacht na tairisceana.

c) Ní ghá go nglacfaí leis an dtairiscint is ísle ná le tairiscint ar bith.

d) Ní mór do thairiscintí a bheith faofa ag OFS, Príomh-Oifigeach nó ag an mBord de réir na leibhéal leagtha amach faoí Aguisín 1B.

(4) Ag Faisnéisiú Tairisceoirí.

a) Má tá sé i gceist ag an mBord glacadh le tairiscint agus go bhfuil earráid sa tairiscint sin, ba cheart aird an tairisceora a tharraingt ar an earráid agus iarraidh air í dheimhniú go foirmiúil nó an tairiscint a tharraingt siar. Má dheimhnítear an tairiscint ba cheart formhuiniú sínithe a cheangal leis an meastachán.

b) Ba cheart tairisceoirí nár éirigh leo a fhaisnéisiú gan ró-mhoill. Is féidir a rá leo go ginearálta cén chúis nár éirigh leo e.g. ar bhonn praghais, ach ba cheart é seo a dhéanamh gan fhaisnéis a thabhairt faoi thairisceoirí eile a d’fhéadfadh an praghas nó sonraí eile maidir le tairiscintí ar leith a thabhairt le fios.

(5) Athchuireadh chun Tairisceana

I gcúinsí áirithe b’fhéidir go mbeadh sé riachtanach conradh a fhógairt athuair e.g. má cuirtear conradh ar athló nó mura bhfuil dóthain iomaíochta ann a chéaduair. I gcúinsí dá leithéid bainfidh na modhanna imeachta céanna leis an athchuireadh is a bhain leis an gcéad chuireadh.

(6) Athchonarthaí

Uaireanta, tráth an chuireadh a thabhairt chun tairisceana, is féidir a mheas go dtarlódh go mbeadh tuilleadh den trealamh nó den tseirbhís chéanna de dhíth uair éigin sa todhchaí. Is féidir athorduithe as an bpróiseas tairisceana, oscailte nó srianta, a cheadú le linn tréimhse cheithre mhí agus fiche tar éis don bhunfhógra a bheith foilsithe, ar an gcoiníoll:

  1. go raibh an fhíric sin ráite sna bunchuirí chun tairisceana, agus
  2. go gcuirtear an t-athordú isteach laistigh den tréimhse a luadh sa bhunchuireadh.

Má tá moladh ann athordú a dhéanamh nach dtagann leis na coiníollacha thuas, tá ceadú an Phríomh-Oifigigh de dhíth i gcás conartha atá bronnta faoin gcóras srianta tairisceana, agus ceadú an Bhoird i gcás conartha bronnta faoin gcóras oscailte. Dá mbeadh sé mar thoradh ag an mbunordú agus an t-athordú le chéile go mbeadh an luach comhiomlán den chonradh rite isteach faoi thairseach úr, ba cheart sin a chur i gcomhairle an Phríomh-Oifigigh. Má tá an luach comhiomlán mar sin os cionn na tairsí AE/CSR ní cheadófar athordú a dhéanamh.

(7) Socruithe Conarthacha

Ba cheart doiciméid an chonartha a bheith sínithe i ndúblach ag an Rúnaí agus ag an té a ghníomhíonn thar cheann an chonraitheora. Ba cheart bunchóip amháin a choinneáil ag an mBord agus an ceann eile a thabhairt don chonraitheoir. I gcásanna eile eiseoidh an Bord litir ghlactha, sínithe ag an Rúnaí.

(8) Costais thar maoil

Ní mór faire dhian a dhéanamh ar na tionscadail ar fad le bheith cinnte go ndéantar na hoibreacha nó na seirbhísí a chur i gcrích faoi teorainneacha na sonraíochta, an ama agus an chostais. Maidir le seo, ceapfaidh an Bord oifigeach tionscadail, más cuí, chun maoirseacht a dhéanamh ar an dtionscadal. Ní chóir go mbeadh ceist ar bith faoi dhearadh nua, ceaptha ag an gcliaint, nó athruithe ar bith eile a tharraingeodh costais breise tar éis don chonradh a bheith sínithe / aontaithe. Má airítear go rachaidh an costas thar maoil, nó má thiteann a leithéid amach, ní mór é seo a chur in iúl don Phríomh-Oifigeach chomh luath agus is féidir.

11. An Beartas Prasíocaíochta

Is é beartas an Bhoird íoc as earraí agus seirbhísí laistigh le 30 lá tar éis don sonrasc cóir a bheith faighte. Do tháinig Acht Prasíocaíochta na gCuntas 1997 i bhfeidhm, le éifeacht ón 2ú Meitheamh, 1998, agus ba cheart na nósanna imeachta atá achoimrithe sa bhfógra oifige 8/97 agus 9/97 a leanúint. De ghnáth, eisítear seiceanna ag deireadh na míosa lena mbaineann siad. Mar chuidiú leis an mbeartas seo, agus leis na hAchtanna, tá sé tábhachtach go gcuirfí na sonraisc/iarrataí go léir chuig an Rannóg Airgeadais chomh luath is a thagann siad go dtí an Bord, fiú amháin murar féidir údarú íocaíochta a fháil ag an tráth sin.

12. Diúscairt Sócmhainní

Caitear le nithe neamh-inchaite a cheannaítear suas go dtí an luach €1,000, nó thairis, mar shócmhainní caipitiúla, chun críche córais chuntasaíochta an Bhoird, agus cuirtear isteach faoi Chlár na Sócmhainní iad. Áirítear iad seo faoin gClár Comhardaithe.

Má cinneann an Bord sócmhainn a dhúisceart ní mór Clár na Sócmhainní agus an Clár Comhardaithe a choigeartú mar is cóir.

De bhreis ar ghnásanna cuntasaíochta a bhfuil tagairt dóibh thuas, is bunphrionsabal na Soláthairí Poiblí rialú a dhéanamh ar dhiúscairt gach uile mhaoin agus shócmhainn. Maidir le seo, ní mór cloí go docht leis an bhFógra Oifige don 16ú Iúl 1999 ó Rannóg Foirgníochta na Roinne Imshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, a bhaineann le diúscairt maoine de chuid an Stáit (lena n-áirítear léasanna foirgneamh). Tá cóip den Fhógra seo le fáil ar chomhad G/74.

Má tá moladh ann mír éigin neamh-inchaite a dhúisceart tiocfaidh na gnásanna seo a leanas i bhfeidhm:-

  1. Is é an Rúnaí a bhéas freagrach as diúscairt míreanna dá leithéid ar fad.
  2. Má tá luach ag mír, nó ag cnuasach de mhíreanna, os cionn an fhigiúir lena mbeadh tairiscint i gcomhair earraí nó seirbhísí ag teastáil (féach Aguisín 1C), cuirfidh an Rúnaí an dhiúscairt faoi bhráid an Bhoird i gcomhair a cheadaithe. Faoi réir treoirlínte na Roinne Airgeadais, ní foláir mír a bhfuil luach os cionn €70,000 innti a dhíol ar thairiscint / cheant oscailte. Maidir le mireanna faoi bhun an fhigiúir seo, a bhéas á ndíol le comhaltaí nó le baill foirne, ni mór iad a dhiúscairt ar luach nach lú ná praghas cothrom an mhargaidh, agus, go ginearálta de réir na ngnásanna luaite faoi (3) thíos.
  3. Nuair atá mír le luach níos lú ná an figiúir lena mbeadh tairiscint riachtanach i gcomhair earraí nó seirbhísí (féach Aguisín 1C), tig leis an bPríomh-Oifigeach fógra a údarú do na comhaltaí agus don bhfoireann go léir ag tabhairt le fios go bhfuiltear chun an mhír a dhiúscairt. Beidh comhaltaí an Bhoird agus an fhoireann i dteideal tairiscint scríofa a dhéanamh ansin faoi réir na dtreoracha a eisítear leis an ofráil. Má ceannaítear mír mar sin, ní mór don cheannach a bheith chun críocha neamhthráchtála, agus níl cead an mhír a athdhíol nó a dhiúscairt thairis sin le duine ar bith eile nó le heagraíocht, ar phraghas níos mó ná an praghas a tugadh uirthi, go ceann bliana ar a laghad tar éis an tseilbh a fháil uirthi. Tig leis an mBord teorainn a chur le líon na míreanna is féidir le duine amháin a cheannach nó leis an úsáid is féidir a chur leo.
  4. Tar éis diúscairt na míre déanfaidh an tOifigeach Riaracháin Sinsearach (ORS, Airgeadas) an t-ioncam ón ndíolachán a chur i gcuntas agus na hiontrálacha cuí a dhéanamh i gClár Sócmhainní an Bhoird agus sna leabhair cuntais eile, lena n-áirítear an iontráil ‘brabús de bharr diúscairte’ nuair is iomchuí. Déanfaidh sé / sí deimhin de go mbíonn an Fhoirm um Dhiúscairt Sócmhainní Seasta (Aguisín 5) comhlánaithe agus curtha i gcomhad ar an gClár um Dhiúscairt Sócmhainní Seasta.
  5. Déanfaidh an Rúnaí tuarascáil a thabhairt faoin scéal ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Bainistíochta.

13. Clár na gConarthaí

Osclóidh agus coinneálfaidh an Rúnaí Clár de na tairiscintí um sholáthairtí poiblí go léir. Déanfaidh sé / sí tuarascáil a chur chuig an gCoiste Bainistíochta faoí na conarthaí a fad a síníodh agus a chuireadh isteach ar an gClár.

Aguisín 1 – Tairseacha an Bhoird

Aguisín 1A - Teorainneacha Tairisceana ¹

RangTeorainneachaCineál TairisceanaTag. Míre
A< €5,000Ní ghá tairiscint, ach iarrtar meastachain béil más mó ná €1,0003(1)(b)(i) agus (c)
B=>€5,000 < €50,000Tairiscintí srianta5
C=> €50,000 < Tairseach AE²Tairiscintí oscailte4
D= > Tairseach AE²Modhanna imeachta AE³7

Aguisín 1B - Faomhadh Conarthaí¹ (Mír. 10(3)(d))

 <€12,000=>€12,000 <€48,00=>€48,000 <€96,000=>€96,000
Tairiscint is ísle glacthaORSPOPOBord
Gan an tairiscint is ísle glacthaPOPOBordBoard

Aguisín 1C - Diúscairt Sócmhainní (Mír 12)

Méid<€5,000=>€5,000
ÚdarásPríomh-OifigeachBord
  1. Ní áirítear CBL sna figiúirí a luatar le teorainneacha tairisceana nó le faomhadh conarthaí.
  2. Tá tairseach €236,945 i bhfeidhm ar sholáthairti agus seirbhísí suas go dtí 31ú Nollaig 2005. Tá tairseacha difriúla i bhfeidhm in áiteanna eile. Féach Aguisín 3 le haghaidh réimse iomlán de thairseacha an AE agus an Chomhaontaithe Soláthairtí Rialtas (CSR) den Eagraíocht Trádála Domhanda.
  3. Féach Treoir an AE 2004/18/EC; tá na nósanna imeachta leagtha amach faoi mhír 6 de Public Procurement Guidelines – Competitive Process foilsithe ag an ‘Aonad Náisiúnta um Bheartas Soláthaírtí Phoiblí’ na Roinne Airgeadais faoi Procurement Guidelineswww.gov.ie/finance (faoi ‘publications’).

Aguisín 2 – Sceideal Foirme na dTairiscintí

SCEIDEAL NA dTAIRISCINTÍ

LE hAGHAIDH_______________________________________.

Faighte roimh i.n. ar 200

AINM AN GHNÓLACHTA AG TAIRISCINT
1.10.
2.11.
3.12.
4.13.
5.14.
6.15.
7.16.
8.17.
9.18.

Líon na dTairiscintí a fuarthas: __________

Líon na dTairiscintí Bailí: __________

_____________________________________________________________________

D’osclaíodh Tairiscintí ar / /200 ar r.n/i.n

SINITHE SINITHE

(RúNAí AN BHOIRD)

(BLOCLITREACHA) (BLOCLITREACHA)

Aguisín 3 – Tairseacha AE agus CSR

Má tá tairiscintí os cionn na dtairseach seo a leasas (gan CBL a áireamh) tá oibleagáid ann iad a fhógairt in Iris Oifigiúil an AE; i bhfeidhm ó 1ú Eanáir 2004 go dti 31 Nollaig, 2005¹.

Tá córais na dtairseach beagán éagsúil óna chéile ann faoi Threoracha an AE agus faoin gComhaontú Soláthairtí Rialtas (CSR) na hEagraíochta Trádála Domhanda.

1. Tá na Treoracha agus an CSR le cur i bhfeidhm ar fhormhór mhór na gconarthaí poiblí agus is iad seo a leanas na tairseacha fógraíochta:

Oibreacha
Fógra Conartha / Fógra Taispeántach Roimhré€5,923,624Baineann an tairseach le Ranna Rialtais agus Oifigí, le hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus le comhlachtaí poiblí eile.
Soláthairtí agus Seirbhísí
Fógra Conartha€154,014Baineann an tairseach le Ranna Rialtais agus Oifigí
Fógra Conartha€236,945Baineann an tairseach le hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus le comhlachtaí poiblí lasmuigh d’earnáil na bhFóntas.
Fógra Taispeántach Roimhré€750,000Baineann an tairseach le Ranna Rialtais agus Oifigí, le hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus le comhlachtaí poiblí eile.
Fóntais
Oibreacha / Fógra Taispeántach Roimhré€5,923,624I gcomhair aonad in earnálacha na bhFóntas atá clúdaithe faoi CSR
Soláthairtí agus Seirbhísí€473,890I gcomhair aonad in earnálacha na bhFóntas atá clúdaithe faoi CSR
Fógra Taispeántach Roimhré / Soláthairtí agus Seirbhísí€750,000  

2. Tairseacha fógraíochta i gcomhair conarthaí agus i gcomhair aonad áirithe nach bhfuil clúdaithe faoi CSR:

Conarthaí Seirbhíse€200,000D’fhormhór T&F agus seirbhísí teileachomarsáide áirithe.
Aonaid d’Earnáil na bhFóntas

€5,000,000 d’oibreacha

€400,000 do sholáthairtí agus do sheirbhísí

Aonaid ag obair i ngás, teas, ola agus earnálacha iarnróid.

Déantar na tairseacha a athbhreithniú gach dhá bhliain. Is féidir tairseacha reatha a sheiceáil ar www.etenders.gov.ie agus ar an láithreán gréasáin um sholáthairtí poiblí an AE http://simap.eu.int

Aguisín 4 – Billeog Scórála Shamplach um Mheasúnú Tairiscintí

Clár Samplach Scórála um mheastóireacht tairiscintí – le haghaidh seachadta agus bainistíochta seirbhíse.

Critéir BronntaCáilíocht an togra chun seirbhís a chur ar fáil ag xxxx d’IAT.Bainistíocht agus struchtúr seirbhíse moltaSain-eolas agus scil foirne i mbun tionscadailFad ama chun seachadtaCostas molta na seirbhíseIomlán marcanna tugtha
Iomlán Marcanna ar fáil7030302050200
Gnó A6024221230148
Gnó B6230271542176
Gnó C4911121525112
Gnó D5522251440156
Gnó E6025161540156

Aguisín 5 – Achoimre na Nósanna Imeachta i gcomhair Tairiscintí

Aguisín 6 – Foirm Diúscairte Sócmhainní Seasta

Uimhir na Sómhainne Seasta:___________________________________

Cineál Sócmhainne: Earraí TE / Trealamh Oifige (Scrios amach mar is cuí)

Cur síos ar shócmhainn: ________+____________________________

(i.e. Tiomántán Crua, Monatóir srl)

___________________________________________

Suíomh na Sócmhainne:_____________________________________

Dátá a cheannaigh:_________________________________________

Luach ar cheannach:________________________________________

Luach anois: ___________________________________________

Cúis le diúscairt:_________________________________________

Brabús ar Dhiúscairt:________________________________________

Modh Diúscairte: Léirscriosta Díolta Athchúrsáilte

iarraidh i gcomhair an mhír thuas a dhiúscairt:

Sínithe: ________________________________ Dáta:________________

Diúscairt na míre údaraithe:

Sínithe: __________________________________ Dáta:________________

Comhalta den Bhord / Príomh-Oifigeach

D’ÚSÁID RANNÓIGE AIRGEADAIS AMHÁIN – OFS NÓ NÍOS AIRDE

Diúscairt iontráilte ar Chlár: _______________________ Dáta: ___________

Last modified: 19/12/2007

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Appeal Closing Dates