An Bord Pleanála

Ról na nIonadaithe Poiblí in Achomhairc Phleanála

1.

Is féidir le hionadaí poiblí a bheith páirteach sa phróiseas achomhairc phleanála ina cheart féin mar pháirtí don achomharc nó mar “bhreathnadóir” (i.e. aighneacht/breathnadóireacht a dhéanamh chuig an mBord Pleanala faoi alt 130 den Acht Pleanála 2000). Sa chás sin, caithfidh sé/sí na gnáthcheangalais reachtúla a chomhlíonadh m.sh. a bhaineann le teorainneacha ama, íocaíocht táillí agus nach féidir le duine tuilleadh mínithe a thabhairt i scríbhinn ar fhorais achomhairc nó aighneachta mura n-iarrann an Bord sin.

2. Ionadaíocht Scríofa:

Más scríobhann ionadaí poiblí chuig an mBord ag déanamh fiosrucháin maidir leis an seasamh in achomharc nó ag iarraidh próiseáil an achomhairc a dheifriú nó go simplí ag tacú le hachomhairc i dtéarmaí ginearálta gan tuilleadh mínithe a thabhairt ar na forais achomhairc nó aighneachta ag an mbreathnadóir, ní bhíonn táille iníoctha ag an ionadaí. Bíonn formhór an chomhfhreagrachta a fhaigheann an Bord ó ionadaithe poiblí laistigh de na catagóirí sin.

Sa chás, áfach, go gcuireann ionadaí poiblí litir chuig an mBord agus go mbreithníonn an Bord go dtugann an litir sin tuilleadh mínithe ar na forais achomhairc nó ar aighneacht ag breathnadóir nó go n-ardaíonn sé ceist shubstaintiúil nua, measfaidh an Bord gur ionann an litir sin agus aighneacht fhoirmiúil. Sa chás sin, ní féidir leis an mBord an litir sin a bhreithniú mura mbíonn an táille reatha (€50 faoi láthair) ag gabháil léi agus go ndéanann an litir ar mhodh eile de réir cheanglais alt 130 d’Acht 2000.

3. Éisteachtaí ó Bhéal

De réir dlí, tá rogha ag an Cigire maidir le stiúradh éisteachta ó bhéal agus éilítear air a rogha a chleachtadh le cúirtéis agus réasúnacht. Go háirithe, caithfidh an Cigire an éisteacht a stiúradh gan aon fhoirmiúlacht mhíchuí. Is é an Cigire a chinneann ord na gcainteoirí.

Is féidir le páirtí chuig an achomharc nó “breathnadóir” agus/nó duine eile a dhéanann ionadaíocht orthu (m.sh. ionadaí poiblí nó gníomhaire) labhairt/aighneachtaí a dhéanamh ag an éisteacht ó bhéal gan táille a íoc.

Tá sé de rogha ag an gCigire éisteacht le duine seachas páirtí nó breathnadóir, nuair a mheastar é a bheith cuí, ar mhaithe leis an gceartas, cead a thabhairt go n-éistfí leis an duine sin, ar an gcuntar go n-íocann an duine a bhíonn i gceist an táille riachtanach (€50 faoi láthair).

4. Seoladh

Ba chóir comhfhreagas maidir leis na hachomhairc a sheoladh chuig:

An Rúnaí,
An Bord Pleanála,
64 Sráid Maoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1.

Níor chóir comhfhreagras maidir le hachomhairc reatha nó cinntí atá déanta cheana ag an mBord a sheoladh chuig an gCathaoirleach ná chuig aon chomhalta eile den Bhord.

Athbhreithnithe ar 4ú Meitheamh 2004

Last modified: 12/12/2007

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Appeal Closing Dates