An Bord Pleanála

Rochtain Phoiblí ar Chomhaid faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 - Treoir do Nósanna Imeachta

1. Ginearálta

Faoi fhorálacha san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 is féidir le haon duine iniúchadh a dhéanamh ar chomhaid a bhaineann le hachomhairc agus le cásanna áirithe eile a chinneann an Bord. Faoi réir an Achta Cóipcheart agus Ceart Gaolmhar, 2000 is féidir cóipeanna de cháipéisí ar chomhaid a cheannach freisin. Leagann an treoir seo amach freagraí do cheisteanna a chuirtear go coitianta maidir le rochtain ar na comhaid sin.

2. Cé hiad na comhaid is féidir liom a iniúchadh?

Is féidir comhad ar achomharc agus ar chás eile lena bhfuil baint ag an mBord a iniúchadh saor in aisce tar éis cinneadh a bheith glactha ar an gcás. Is féidir gach ceann de na comhaid sin a iniúchadh ar feadh ar a laghad tréimhse cúig bliana ag tosú an tríú lá oibre tar éis an lae a ndéantar cinneadh ar an achomharc nó an ní eile.

3. Cathain is féidir liom na comhaid a iniúchadh?

Is féidir comhaid a iniúchadh ag oifigí an Bhoird ar laethanta i rith na seachtaine idir 10 r.n. – 12.30 i.n. agus idir 2.30 i.n. – 4.30 i.n. ach amháin ar laethanta saoire poiblí agus laethanta eile a mbíonn na hoifigí dúnta.

4. An mbeidh gach comhad ar fáil nuair a éilítear iad?

Beidh na comhaid ar fáil tríd is tríd ar an tríú lá oibre tar éis an lae a ndéanfar cinneadh ar an achomharc nó ar an ní eile. Bíonn comhaid suas go dtí dhá bhliain d’aois ar fáil tríd is tríd, ach ní i gcónaí, ar iad a éileamh. Mar shampla, d’fhéadfadh Cigire den Bhoird comhad a bheith amuigh aige/aici as oifigí an Bhoird ar feadh cúpla lá maidir le cigireacht a bhaineann le hachomharc reatha. Tríd is tríd stóráiltear comhaid níos sine ná dhá bhliain amuigh ón oifig agus is féidir go dtógfadh sé cúpla lá chun iad a athfháil. Glaoigh le do thoil ar (01) 858 8100 nó Ló-Ghlao 1890 275 175 más mian leat seiceáil an féidir leat comhad ar leithligh a iniúchadh gan mhoill nó más mian leat cóipeanna de cháipéisí a cheannach.

5. An féidir liom cóipeanna de cháipéisí ar chomhaid a cheannach?

Faoi réir an Achta Cóipcheart agus Ceart Gaolmhar, 2000 (féach ceist 6 thíos) is féidir cóipeanna d’aon cháipéis ar na comhaid (lena n-áirítear tuarascáil Chigire an Bhoird, Treoir an Bhoird agus ordú an Bhoird) a cheannach i rith na n-uaire dá dtagraítear ag 3 thuas dóibh. Cibé scéal é, ag braith ar mhéid na cóipeála i gceist agus/nó ar riaráiste na n-iarratas, ni féidir i gcónaí cóipeanna a chur ar fáil ag am an iarratais. Ina leithéid de chás, seolfar chugat na cóipeanna chomh luath agus is féidir gan chostas breise.

Tá sceideal na dtáillí cóipeála leagtha amach sa chlár iniata. Ní féidir leat cóipeanna de cháipéisí a bhailiú ná ní féidir iad a phostáil chugat ach amháin nuair a bhíonn an muirear cóipeála íoctha agus, i gcúinsí chuí, an dearbhú luaite i gceist 6 faighte. Is féidir tuarascáil an Chigire, Treoir an Bhoird agus Ordú an Bhoird a fheiceáil agus a íoschóipeáil ó láithreán gréasáin an Bhoird ag www.pleanala.ie gan chostas. Tá an áis seo (féin-freastal) ar fáil freisin in ár ionad failte, arís gan chostas.

6. Cén tionchar atá ag an Acht Cóipcheart agus Ceart Gaolmhar, 2000 ar cheannach cáipéisí?

Forálann an t-Acht Cóipcheart agus Ceart Gaolmhar, 2000, i gcás go bhfuil ábhar ar fáil d’iniúchadh poiblí de bhun riachtanais reachtúil nó go bhfuil sé ar chlár reachtúil, nach sáraítear an cóipcheart trí chóipeanna den ábhar sin a dhéanamh nó é a chur ar fáil don phobal ar chuspóirí a chumasaíonn iniúchadh an ábhair ag am nó in áit eile. Cibé scéal é, forálann an t-Acht Cóipcheart freisin, i gcás go ndéantar cóipeanna den ábhar sna cúinsí sin, nach mór don duine a dheonaíonn an rochtain a chinntiú go n-iompraíonn an t-ábhar marc ag taispeáint go soiléir gur foráladh é ar chuspóir iniúchta agus nach féidir aon úsáid eile a dhéanamh de gan cheadúnas choimeádaí an chóipchirt. Forálann an t-Acht freisin nach mór don duine a iarraíonn a leithéid d’ábhar dearbhú a shíneadh ag cur in iúl go bhfuil an t-ábhar ag teastáil ar chuspóir iniúchta amháin. Ní féidir cáipéisí ó chomhaid faoi réir an Achta seo a scaoileadh gan an dearbhú sínithe. Áirítear sna cáipéisí seo líníochtaí, pleananna agus léarscáileanna. Ni áirítear cinneadh nó treoir an Bhoird nó tuarascáil an chigire.

7. An é cinneadh an Bhoird an cinneadh deiridh?

Is é. Ní féidir bailíocht chinneadh an Bhoird ar an achomharc pleanála a cheistiú ach amháin trí iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt d’athbhreithniú breithiúnach laistigh de 8 seachtaine ag tosú ar an dáta a dtugtar cinneadh de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt. 2000. Ní athosclóidh an Chúirt fiúntais phleanála an cháis agus ní féidir cead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach mura mbíonn an Ard-Chúirt sásta go bhfuil forais shubstaintiúla ann d’áiteamh go bhfuil an cinneadh neamhbhailí nó gur chóir é a chur ar neamhní agus go bhfuil leas substaintiúil ag an duine atá ag lorg athbhreithnithe bhreithiúnaigh san ábhar.

8. An féidir liom an cás a phlé le duine den Bhord/foireann an Bhoird?

Tá na nósanna imeachta d’iniúchadh agus do cheannach cáipéisí achomhairc deartha chun rochtain níos fearr a sholáthar don phobal ar fhaisnéis ar a mbíonn an cinneadh bunaithe. Ní hé cleachtas fhoireann an Bhoird ceisteanna pleanála ná nósanna imeachta a bhaineann le hachomharc aonair a bhfuil cinneadh déanta ina leith a phlé óir nach bhfuil aon chumhacht ag an mBord na ceisteanna sin a athoscailt. Ní bheadh sé cuí ach oiread don Bhord comhairle a thabhairt ar na nósanna imeachta dlí a bhaineann le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach. Cé go ndéileálfaidh daoine ainmnithe den fhoireann le ceisteanna ginearálta, níor chóir teagmháil a dhéanamh le comhaltaí agus Cigirí an Bhoird maidir le haon ábhar.

9. Cé a fhorfheidhmíonn an cinneadh?

Is é freagracht d’údaráis phleanála áitiúil go príomhúil forfheidhmiú na gcinntí pleanála, cibé déanta ag an mBord nó ag an údarás pleanála, mar aon le léirmhíniú na gcoinníollacha a leagann nacinntí. Faoi réir na bhforálacha fhorfheidhmiú i gCuid VIII den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, nuair a dhéanann baill den phobal gearáin dáiríre d’údarás pleanála ag baint le forbairt neamhúdaraithe ina n-áirítear neamhchomhlíonadh le cinntí pleanála, ní mór d’údarás pleanála na gearáin sin a leanúint go haireach. Níl aon chumhachtaí forfheidhmithe ag an mBord. Is féidir le haon duine iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt nó chuig an gCúirt Chuarda i gcomhair urghaire maidir le fhorbairt neamhúdaraithe in imthosca ar leith.

Nóta: Is treoir atá i gceist leis an gcáipéis seo agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil í ar an dlí.

An Bord Pleanála
64 Sráid Maoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
Teil.: (01) 858 8100
Ló-Ghlao: 1890 275 175
Faics: (01) 872 2684
Láithreán Gréasáin: http//www.pleanala.ie
Ríomhphost: bord@pleanala.ie

Athbhreithnithe: 5ú Aibreán 2006

Treoir - Doma ataí inípctha ar Rochtain Poiblí

Cíneál CóipCostas ar Leathannach
A4 Dubh€0.20
A4 Daite€1.25
A3 Dubh€0.40
A3 Daite€1.75
A2 Dubh€2.25
A2 Daite€2.75
A0/A1 Dubh€3.00
A0/A1 Daite €3.50
   
CD€6.00 an diosca

Last modified: 12/12/2007

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile
Appeal Closing Dates