Achtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000, mar atá leasaithe
Treoirlínte faoi Nósanna Imeachta ag Éisteachtaí ó Bhéal
1. Na Príomhfhorálacha Dlíthiúla i leith Éisteachtaí ó Bhéal
(1) Tá na príomhfhorálacha dlíthiúla le fáil in-
• Ailt 134, 134A, 135 agus 218 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú ag airteagail 22 agus 23 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006, agus
• Airteagail 67, 76, 77 agus 78 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú ag airteagail 12 agus 16 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2006.
Tá na forálacha ábhartha eile le fáil in ailt 138(3), 252(8) agus 156(1) agus (9) d’Acht 2000, arna leasú ag Acht 2006.
(Ní bhaineann na forálacha in alt 134 ach le héisteachtaí ó bhéal in achomhairc, tarchuir agus iarratais i leith bonneagar straitéiseach faoin alt 34E (7ú Seideal)).
(2) Forálann alt 135 den Acht um Pleanáil 2000, arna leasú, i gcás Cigire[1] atá ag stiúradh éisteacht ó bhéal, go mbeidh-
“lánrogha aige/aici i leith stiúradh na héisteachta agus stiúróidh sé/sí an éisteacht go gasta agus gan ró-fhoirmeáltacht”. Faoi réir na bhforálacha seo, féadfaidh an Cigire-
(a) cinneadh ar ord láithris na ndaoine ag an éisteacht,
(b) cead a thabhairt do dhuine ar bith a bheith i láthair go pearsanta nó do dhuine eile ionadaíocht a dhéanamh dó/di,
(c) teorainn a chur leis an am inar féidir le gach duine pointí nó argóintí a dhéanamh (lena n-áirítear argóintí ag bréagnú argóintí daoine eile ag an éisteacht) nó fianaise daoine eile ag an éisteacht a cheistiú,
(d) cead a dhiúltú chun pointe nó argóint a dhéanamh más amhlaidh-
(i) nár cuireadh an pointe nó achoimre den argóint (i láthair an Chigire) roimh ré, de réir an riachtanais a leagadh síos de bhun treorach a tugadh (ag an mBord),
(ii) nach bhfuil an pointe nó argóint bainteach le hábhar na héisteachta, nó
(iii) go mbeadh athrá míchuí an phointe nó na haragóna céanna i gceist.
(3) Faoi airteagal 76 de Rialacháin 2001, arna leasú, is ionann “daoine ábhartha” agus daoine ar páirtithe iad in achomharc, tarchur nó cás eile, e.g. an t-achomharcóir, iarratasóir agus udarás pleanála in achomharc pleanála, iarratasóir ar fhorbairt straitéiseach bonneagair agus daoine ar bith eile a chuir aighneachtaí nó tuairimí chuig an mBord de réir na nAchtanna nó Rialachán Pleanála.
2. An Riachtanas Éisteacht ó Bhéal a Reáchtáil
Tá lánrogha ag an mBord éisteacht ó bhéal a reáchtáil d’aon chás, e.g. achomharc, tarchur nó iarratas ar chead nó ar fhaomhadh d’fhorbairt straitéiseach bonneagair. I gcás forbairt straitéiseach bonneagair, ordóidh sé éisteacht ó bhéal mar ghnáthnós, ach amháin nuair is féidir an t-iarratas a scrúdú go héasca trí aighneachtaí scríofa. I gcás achomharc agus cásanna eile, ní thabharfar éisteacht ó bhéal de ghnáth, ach amháin má chuidíonn seo chun tuiscint a fháil ar chás chasta nó má tá saincheisteanna móra náisiúnta nó áitiúla i gceist. Tá an éisteacht ceaptha, de bhreis ar na haighneachtaí scríofa, chun mionsaothrú riachtanach, plé agus scrúdú breise a lamháil ar shaincheisteanna ábhartha,.
3. Cé a bhfuil cead acu freastal ar Éisteacht ó Bhéal?
Ball ar bith den phobal.
4. Neamhfhreastal aon Pháirtí nó Duine eile:
Féadfaidh éisteacht ó bhéal dul ar aghaidh, d’ainneoin nach bhfreastlaíonn aon pháirtí nó duine ábhartha eile ar an éisteacht nó go bhfágann siad é.
5. Cé a bhfuil cead acu labhairt / aighneachtaí a dhéanamh ag an Éisteacht ó Bhéal?
(1) Páirtithe agus daoine eile a rinne aighneachtaí maidir leis an achomharc, tarchur nó iarratas, agus/nó aon duine eile a dhéanann ionadaíocht dóibh, agus
(2) Daoine lasmuigh dá bhfuil thuasluaite, má mheasann an Cigire go bhfuil sin cuí ar mhaithe le ceartas, agus faoi réir an táille chuí a íoc le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí a thairiscint.
Cabhróidh an Cigire le daoine gan taithí a thagann i láthair “go pearsanta”.
6. Ionadaithe Poiblí:
Cabhróidh an Cigire le hionadaithe poiblí a dteastaíonn uathu labhairt ag an éisteacht. Is féidir le hionadaí poiblí-
(a) ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine atá páirteach in achomharc, tarchur nó iarratas gan táille a íoc, nó
(b) aighneacht ar leith a dhéanamh ag an éisteacht faoi réir céadaighneacht scríofa a bheith déanta aige/aici ina c(h)eart féin agus táillí a bheith íoctha de réir na bhforálacha reachtúla. Feach, freisin, 5(2) thuas.
Tá lánrogha féin ag an gCigire maidir leis an bpointe ama ina mbeidh ionadaithe poiblí in ann aighneachtaí a thairiscint nó chun iadsan a cheistiú.
7. Stiúradh na hÉisteachta:
De réir an dlí, tá lánrogha ag an gCigire i leith stiúradh na héisteachta ó bhéal agus cuirfidh sé nó sí an lánrogha seo i bhfeidhm le cúirtéis agus le réasunacht. Go háirithe, tá dualgas ar an gcigire an éisteacht a stiúradh go gasta, gan fhoirmeáltacht mhíchuí.
Is féidir na nósanna imeachta a bheith neamhfhoirmeálta ag éisteachtaí beagfhreastail. Ag éisteachtaí mórfhreastail d’fhéadfadh gá a bheith le níos mó foirmeáltachta. I gcásanna dá shórt, cinneann an cigire ar ord na gcainteoirí agus is féidir an t-ord seo a chur in iúl do na páirtithe roimh ré agus clár oibre a sheoladh roimh an éisteacht freisin. D’fhéadfaí a iarraidh ar chainteoirí seasamh le go n-aithneofaí agus go gcloisfí iad. Nuair atá cainteoirí le ceistiú, déanfar amhlaidh ar an mbealach a chinnfidh an Cigire.
Cé go dtabharfaidh an Cigire go leor ama do rannpháirtithe a gcuid pointí a chur in iúl, beidh fonn air/uirthi an leibhéal eolais agus tuairimí is gá a fháil gan cur amú míchuí ama. Féadfaidh an Cigire ceist a chur faoi línte áirithe fianaise, nó teorainn a chur le hargóintí nó aighneachtaí faoi ábhair ar leith. Nuair is cosúil go mbeidh tuairimí den chineál céanna á gcur in iúl ag líon suntasach breathnóirí nó rannpháirtithe, féadfaidh an Cigire a iarraidh orthu teacht le chéile agus urlabhraí nó beirt a roghnú le hionadaíocht a dhéanamh dóibh. Féadfaidh an Cigire diúltú éisteacht le fianaise nach bhfuil ábhartha don éisteacht nó d’fhonn athrá míchuí a sheachaint ón bhfinné céanna nó ó fhinnéithe eile. Féach freisin 1(2) thuas.
Féadfaidh an Cigire, dá lánrogha féin in imthosca eisceachtúla, an cinneadh a dhéanamh gur cuí aighneachtaí a cheadú ag an éisteacht ó bhéal maidir le saincheisteanna nár ardaíodh cheana in aighneachtaí scríofa. Féadfaidh an Cigire, freisin, saincheisteanna dá shórt a ardú. Tá cumhacht ag an gCigire éisteacht le fianaise faoi mhionn ach is annamh a úsáidtear é seo.
Féadfaidh Cigire éisteacht ó bhéal a chur ar atráth. Déantar é sin nuair atá aighneachtaí suntasacha faighte agus nuair atá gá ann níos mó ama a chaitheamh chun iad a scrúdú. Beidh fonn, áfach, ar an gCigire dul ar aghaidh leis an éisteacht ó bhéal go gasta agus í a chríochnú faoi chlár ama réasúnta.
8. Caighdeáin Iompair / Cionta:
Bítear ag súil le cuíchaighdeáin iompair ó gach duine a fhreastalaíonn ar éisteachtaí ó bhéal. San áireamh caithfear iompar cuí agus dea-mhúinte a bheith i bhfeidhm i gcónaí. Ní mór do na rannpháirtithe uile glacadh le rialú an Chigire maidir le stiúradh na héisteachta, lena n-áirítear ord na gcainteoirí, an tuin agus an modh ina mbeidh na finnéithe á gceistiú, an t-am labhartha a lamháiltear, intriachtaí etc.
Is cion é faoi alt 135(7)(b) den Acht um Pleanáil 2000, trí ghníomh nó neamhghníomh, cosc nó bac a chur ar an gCigire agus é/í ag iarraidh a c(h)uid dualgas a chomhlíonadh, agus gearrtar píonóis ghéara ar dhaoine a chiontaítear i gcionta dá shórt. Má chuirtear moill ar an éisteacht ó bhéal de bharr coisc nó baic, féadfaidh na cúirteanna freisin ordú a thabhairt do dhuine, arna chiontú ar dhíotáil, na costais bhreise a tharla de bharr na moilleanna i gceist a íoc leis an mBord nó le haon pháirtí nó duine a bhí i láthair ag an éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na cúirteanna, freisin, ordú a thabhairt go n-íocfadh éinne a ndearnadh an cion lena c(h)omhthoil, c(h)úlcheadú nó f(h)aomhadh na costais a íoc. Féadfaidh an Cigire, faoi réir alt 252(8) den Acht, a iarraidh ar Gharda cabhrú leis/léi i gcomhlíonadh a c(h)uid dualgas, agus géillfidh an Garda don iarratas sin.
Go ginearálta, reáchtáiltear éisteachtaí ó bhéal go críochnúil agus bíonn caighdeán iompair na rannpháirtithe gairmiúil. Cuidíonn sin le gach duine ar mian leo go stiúrfaí an éisteacht go héifeachtúil cumasach. Nuair nach stopann duine de bheith ag cur coisc nó baic ar éisteacht tar éis dó/di rabhadh a fháil, bainfidh an Cigire feidhm as a chumhacht faoi alt 252(8) den Acht um Pleanáil agus tabharfar ar an duine imeacht ón éisteacht.Ina theanntasan, breithneoidh an Bord ar ghníomh a thionscnamh faoi 135(7) den Acht, chun go gciontófar an duine.
9. Ord na gCainteoirí / na nAighneachtaí:
(1) In achomhairc agus tarchuir, nuair a osclaíonn an Cigire an éisteacht agus ag tógáil láithreacht daoine ábhartha faoi deara, is féidir leis an gCigire achoimre ghearr ar an bhforbairt atá beartaithe a dhéanamh, chomh maith le achoimre ghearr, ar chinneadh an údaráis phleanála agus ar na tuairimí a fuarthas. Cinnfidh an Cigire ar ord na léirithe, freisin, agus breithneoidh sé nó sí aon iarratais ar leith a bhaineann leis an ordú seo.
In achomhairc iarratasóra (an chéad pháirtí), de ghnáth éistfear leis an iarratasóir ar dtús, agus ansin leis an údarás pleanála, agus ansin leis na hachomhairceoirí agus breathnóirí eile, má tá siad ann.
I gcásanna ‘tríú páirtithe’ tá lánrogha ag an gCigire, athrú a dhéanamh ar ord na léirithe, is iad na gnáth-roghanna atá ann maidir leis an ord ná:
• iarratasóir, údarás pleanála, achomhairceoirí tríú páirtí agus breathnóirí,
• iarratasóir, achomhairceoirí tríú páirtí agus breathnóirí, údarás pleanála, ná
• achomhairceoirí tríú páirtí, iarratasóir, údarás pleanála agus breathnóirí.
Ina theannta sin, féadfaidh an Cigire, in ainneoin oird na léirithe, iarraidh ar an iarratasóir tús a chur leis na himeachtaí le hachoimre ar na fíricí agus taispeántas léaráidí a bhaineann leis an bhforbairt, chun tuiscint ar an bhforbairt bheartaithe a éascú.
Nuair a bhíonn na fianaise go léir tugtha agus ceistiú na bhfinnéithe thart, beidh seans ag na páirtithe go léir achoimre ghearr a chur in iúl, de gnáth ar a mhalairt d’ord na léirithe. Ní féidir pointí nua, ábhair nua nó argóintí dlí nua a chur chun cinn i rith na hachoimre seo.
(2) I gcás éisteachtaí ó bhéal faoi fhorbairt straitéiseach bonneagair, de ghnáth éistfear leis an iarratasóir ar dtús, ina dhiaidh na húdaráis phleanála, na comhlachtaí forordaithe nó iad a fuair cuireadh agus breathnóirí eile.
(3) Féadfaidh an Cigire ord na léirithe a athrú in aon chás ar leith. Féadfar ceistiú cainteoirí áirithe, go háirithe sainfhinnéithe, a cheadú láithreach tar éis do na cainteoirí sin fianaise a thabhairt. Mar sin féin, féadfaidh an Cigire a chinneadh gur chóir ceistiú dá shórt a fhágáil go dtí deireadh aighneacht iomlán an pháirtí ábhartha nó, mar mhalairt, go dtí deireadh na héisteachta, ar an mbonn go bhfreagraítear ceisteanna féideartha go minic le linn aighneachtaí finnéithe eile.
I gcásanna casta, féadfaidh an Cigire a chinneadh gur féidir na léirithe a fhoroinnt i roinnt saincheisteanna nó modúil aitheanta ar leith agus i gcásanna dá shórt, feidhmeoidh an nós imeachta thuas i gcás gach saincheist nó modúil ar leith, ar a uain, agus ceadófar freagraí deiridh ag deireadh na héisteachta foriomláine.
10. Cé ar féidir leo Finnéithe a Cheistiú agus Cén Dóigh?
I gcónaí tabharfaidh an Cigire cead do na páirtithe san achomharc ceisteanna a chur go díreach ar léiritheoirí fianaise na bpáirtithe eile. De ghnáth, ní bheadh cead ag na breathnóirí ceisteanna a chur ar na finnéithe go díreach, ach uaireanta nuair a mheasann an Cigire gur cuí é, féadfaidh grúpa breathnóirí ceisteanna díreacha a chur trí ionadaí nó beirt a bhfuil comhaontú orthu nó is féidir leis an gCigire féin a gcuid ceisteanna a chur ar na finnéithe.
Coinneoidh an Cigire smacht ar leibhéal agus thréine na gceisteanna d’fhonn leibhéal inghlactha faisnéise agus tuairimí a fháil gan cur isteach ar an bhfinné nó ceisteanna míchuí a chur.
Is cóir do shainfhinnéithe a thugann fianaise theicniúil a gcáilíochtaí gairmiúla agus a dtaithí ábhartha a lua. Mar sin féin, ní cheadóidh an cigire scrúdú míchuí a bheith déanta ar chúlra aon fhinné.
Ní féidir le páirtithe ag freastal ar an éisteacht ó bhéal úsáid a bhaint as croscheistiú chun a gcuid cásanna a chur in iúl ach seans atá ann ag na páirtithe scrúdú a dhéanamh ar an tábhachtach a bhaineann leis na hábhair a bhí luaite sna aighneachtaí.
11. Caipéisí / Fianaise a Chur Isteach:
Beidh gach doiciméadacht ábhartha a chuirtear faoi bhráid an Bhoird faoin iarratas, achomharc nó cás eile, (seachas na doiciméid atá le fáil cheana féin go poiblí – i.e. na doiciméid curtha faoi bhráid an údaráis pleanála maidir leis an iarratas) ar fáil le haghaidh iniúchta agus/nó ceannaigh ag oifigí an údaráis phleanála nó áitiúil agus an Bhoird, 7 lá ar a laghad roimh oscailt na héisteachta ó bhéal. Ina theanntasan, beidh an doiciméadacht seo ar fáil le haghaidh iniúchta, freisin, (ach ní bheidh siad ar fáil le haghaidh ceannaigh) ag an éisteacht ó bhéal, an fhad a mhaireann sé. Ós rud é go mbeidh na haighneachtai ó gach duine ábhartha ar comhad cheana agus ar fáil le haghaidh iniúchta, caithfear iad a bheith “glactha mar ábhar léite” nach gá a chur i láthair in athuair seachas, b’fhéidir, i bhfoirm achoimre ghearr chun bonn a leagann faoi sholáthar sonraí agus tuairimí mionsaothraithe.
Má tá sé beartaithe ráitis scríofa faoi fhianaise nó doiciméadacht eile a chur faoi bhráid na héisteachta, is cóir dhá chóip ar a laghad a thabhairt don Bhord agus ba cheart cóipeanna a chur ar fáil lena scaipeadh ag an éisteacht ó bhéal ionas go mbeadh ceann ag gach páirtí agus breathnóir ag freastal ag an éisteacht ó bhéal. Ní gá do dhaoine ráitis fhianaise a chur faoina bhráid roimh ré, seachas nuair atá an Cigire ag iarraidh ar daoine é sin a dhéanamh, ach caithfear cóipeanna de fhianaise a bheith le fáil nuair atá daoine ag cur a gcuid fianaise os comhair na héisteachta. Tá an dualgas chun cóipeanna a chur ar fáil ar na páirtithe féin agus níl an dualgas ar an mBord an rud seo a eagrú. Má chuirtear doiciméidí, etc. faoi bhráid na héisteachta, cuirfear ceann de na cóipeanna leis an doiciméadacht eile a bheidh ar fáil le haghaidh iniúchta poiblí ag an éisteacht. Ma bhíonn sé i gceist cur i láthair a dhéanamh trí Powerpoint, caithfear crua chóipeanna a sheoladh freisin.
Faoin Alt 135 (2A), is féidir leis an mBord iarraidh ar dhaoine a bhfuil beartaithe acu bheith i láthair ag an éisteacht ó bhéal, na pointí nó achoimre den argóint atá beartaithe acu don éisteacht a chur faoina bhráid roimh ré, nó dá mhainneachtain sin, cead a dhiúltú don duine i gceist an pointe nó argóint a dhéanamh.
Má mheasann an Cigire é a bheith cuí, féadfaidh sé/sí mionathruithe a iarraidh ar an bhforbairt beartaithe, nó glacadh leo go sealadach, ar choinníoll nach n-athraíonn siad nádúr an togra. Nuair a ghlacann an Cigire go sealadach le mionathruithe, lena measúnú sa todhchaí, glactar leo ar an tuiscint nach ndéanann sé dochar do cheist ghlacadh an Bhoird leo ar deireadh agus faoi réir a chinntiú go mbeidh am réasúnta ag na páirtithe eile na mionathruithe a scrúdú agus tuairimí a thabhairt orthu.
Ní fhéadfaidh an Cigire glacadh le faisnéis a n-iarrtar air/uirthi í a choinneáil faoi rún ó pháirtithe eile. Níl cead ag daoine labhairt leis an gCigire faoin gcás ar bhonn duine le duine, ná socruithe a dhéanamh chun breis faisnéise a thabhairt dó/di, seachas ag an éisteacht ó bhéal.
12. Coinníollacha Féideartha a Phlé:
Féadfaidh an Cigire iarraidh ar na daoine i láthair aighneachtaí a dhéanamh faoi choinníollacha a bhféadfaí a cheangail le haon cheadú nó fhaomhadh féideartha. Ní dhéanann iarratas dá shórt dochar ar bith do mholadh an Chigire don Bhord nó do chinneadh an Bhoird.
13. Saincheisteanna Comhshaoil a Bhreithniú:
Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) an comhlacht a bhfuil príomhdhualgas uirthi astuithe in Éirinn a rialú. Nuair a bhreithníonn an Bord iarratais ar chead pleanála nó ar fhaomhadh d’fhorbairt ina bhfuil gníomhaíocht a éilíonn ceadúnas um rialú comhtháithe truaillithe nó ceadúnas dramhaíola ón EPA, nó d’fhorbairt chun críocha gníomhaíochta dá shórt, ní mór dó a chur san áireamh go bhfuil rialú astuithe ón ngníomhaíocht sin mar fheidhm den EPA. I gcásanna dá shórt ní ceadmhach don Bhord coinníollacha a nascadh le cead nó faomhadh pleanála a thabhairt a bhfuil sé mar aidhm acu rialú a dhéanamh ar astuithe a tharlaíonn mar thoradh ar fheidhmiú na gníomhaíochta nó atá bainteach le feidhmiú na gníomhaíochta nó a leanann é.
Mar sin féin, tá ceangail ar an mBord dearcadh foriomlán a bheith aige ar inghlacthacht na forbartha agus d’ainneoin ceadú gníomhaíochta faoin EPA nó faoi na hAchtanna Dramhaíola, breithneoidh sé iomlán na saincheisteanna comhshaoil i gceist, i gcomhthéacs chuíphleanáil agus fhorbairt inbhuaine an cheantair agus féadfaidh sé cead nó faomhadh pleanála a dhiúltú ar bhonn comhshaoil. Is féidir leis an gCigire cosc nó stop a chur ar aighneachtaí agus díospóireacht ar ‘astuithe’ ag tabhairt aire ar na forálacha reachtúla mar atá luaite sna Treoirlinte seo.
14. Taifeadadh na nImeachtaí:
Ag féachaint do na ceanglais dhlíthiúla in alt 135 den Acht um Pleanáil 2000, go stiúrfaidh an Cigire an éisteacht “gan ró-fhoirmeáltacht”, cuirfear bac ar fhístaifeadadh príobháideach, ar fhuaimthaifeadadh agus ar thaifeadadh imeachtaí an luathscríbhneora ghairmiúil le linn na héisteachta. I gcásanna éisteachtaí ó bhéal a bhaineann le forbairt bonneagair straitéisigh nó achomhairc mhóra nó chasta, féadfaidh an Bord socrú a dhéanamh le haghaidh taifeadta ag luathscríbhneoir gairmiúil nó le clostéip nó dlúthdhiosca. Tá an taifead seo eagraithe chun cúnamh a thabhairt don Chigire agus ní bheidh sé ar fáil do na páirtithe i rith na héisteachta In éisteachtaí ó bhéal áirithe, féadfaidh an Bord áis fhógartha phoiblí a shocrú.
15. Tuarascáil an Chigire agus Cinneadh an Bhoird:
I ndiaidh na héisteachta, cuirfidh an Cigire tuarascáil (a chuimseoidh moladh) faoi bhráid an Bhoird agus cinnfidh sé siúd ar an gcás. Cé go bhfuil dualgas ar an mBord tuarascáil agus moladh a chigire a chur san áireamh, ní gá dó glacadh leis an moladh sin. Mura nglacann sé leis an moladh maidir le glacadh nó diúltú, luafaidh sé an fáth nach ndearnadh amhlaidh.
Cuirtear cóipeanna de thuarascáil an Chigire agus de threoir agus chinneadh an Bhoird agus de na cáipéisí eile ar fad ar an gcomhad, agus ar fáil don phobal lena n-iniúchadh agus a gceannach ar chostas réasúnach ag oifigí an Bhoird, trí lá oibre tar éis cinneadh an Bhoird a bheith déanta. Má dhéantar taifead den éisteacht, cuirfear sin ar fáil san am céanna.
Foilsítear tuarascáil an Chigire, agus treoir agus cinneadh an Bhoird faoin gcás ar shuíomh gréasáin an Bhoird www.pleanala.ie.
Nóta: In ainneoin na Treoirlínte seo i leith stiúradh na héisteachta, tá lánrogha ag an gCigire chun athrú a chur i bhfeidhm ar na forálacha seo maidir leis an stiúradh ionas go stiúróidh sé/sí an éisteacht go gasta agus ar dóigh chuí agus ordúil.
Leasaithe Márta 2010
[1] Sa doiciméad seo, ciallaíonn an focal ‘Cigire’ duine ina bhfuil ceapachán faighte aige ón mBord éisteacht ó bhéal a chur i bhfeidhm
Last modified: 30/03/2010



