An Bord Pleanála

FÓGRA FAOI ATHBHREITHNIÚ BREITHIÚNACH

Athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh a rinne An Bord Pleanála faoi forálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú)

Nuair is mian le duine agóid dhlíthiúil a chur in aghaidh cinnidh an Bhoird caithfear é sin a dhéanamh trí athbhreithniú breithiúnach amháin. Tá na forálacha chun agóid dhlíthiúil a chur in aghaidh cinnidh an Bhoird le fáil in ailt 50, 50A agus 50B san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna ionadú le halt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Infrastruchtúr Straitéiseach) 2006 agus le hailt 32 agus 33 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (leasú) 2010).

Ní féidir ceistiú a dhéanamh in aghaidh cinnidh an Bhoird ach amháin trí iarratas ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimhir 15 de 1986). Faoi réir fho-alt 50(6) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 déanfar iarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach laistigh den tréimhse 8 seachtain den dáta a rinne an Bord an cinneadh nó laistigh d’aon síneadh ama a cheadaíonn an Ard-Chúirt faoi fo-alt 50(8). Tabhair faoi deara nuair atá athbhreithniú breithiúnach i gceist faoi alt 50 nach féidir ach bailíocht an chinnidh a cheistiú agus ní thugann an Chúirt aon cinneadh faoi fiúntas na forbartha ó thaobh prionsabail pleanála cuí nó forbairt inchothaithe na háite nó éifeachtaí ar an timpeallacht. Tá sé leagtha síos in alt 50 nach ndeonófar cead d’athbhreithniú breithiúnach muna bhfuil an Chúirt sásta go bhfuil forais shubstaintiúla ann chun argóint a dhéanamh go bhfuil an cinneadh neamhbhailí nó gur ceart é a neamhniú. Tá forálacha in alt 50B mar gheall ar costasaí maidir le himeachtaí san Ard-Chúirt i dtaobh athbreithniú breithiúnach i gcásanna áirithe (lena n’áiritear imeachtaí faoi cinntí nó gníomharta de bhun dlí de chuid an Stáit lena dtugtar éifeacht do na forálacha faoi rannpháirtíocht an phobail agus rochtain ar an gceartas atá leagtha amach i dTreoir 85/337/CEE i.e. an Treoir faoi measúnacht tionchair timpeallachta agus na forálacha í dTreoir 2001/42/CE maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an timpeallacht a mheasúnú). Is í an fhoráil ghinearálta in imeachtaí lena mbaineann alt 50B ná go n’iocfaidh gach paírtí a chostais féin.

Séanadh: Tá an t-eolas thuas tugtha mar threoirlíne. Ní éilitear gur léirmhíniú dlí faoi na forálacha ábhartha atá ann agus dá mbeadh sé ar intinn ag éinne cás dlí a thógáil in aghaidh an Bhoird bhéadh sé inmholta comhairle dlí a fháil ar dtús.

24/03/2011

Liostaí Seachtainiúla
Údaráis Phleanála
Cásanna Eile