Tuairim ar iarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta ar líne
Is féidir le duine ar bith tuairim scríofa a thabhairt don Bhord Pleanala ar iarratas ar Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta. Nuair a thugann tú do thuairim, deirtear go bhfuil tuairim á tabhairt agat nó aighneacht á déanamh agat. Ní mór duit an tuairim a thabhairt laistigh den teorainn ama cúig seachtaine ón uair a fhaigheann An Bord Pleanála d’iarratas. Ní mór duit táille a íoc ach amháin más comhlacht forordaithe thú. Ní mór dúinn do thuairim ar líne a bheith againn faoi 5.30 tráthnóna ar an lá deiridh chun tuairim a chur isteach.
1. Na rudaí is gá a chur san áireamh sa tuairim
2. Conas tuairim a thabhairt
3. An tuairim a sheoladh ar líne
Tuilleadh eolais
Trí chéim atá i gceist i dtuairim a thabhairt ar líne.
1. Na rudaí is gá a chur san áireamh sa tuairim
Chun tuairim bhailí a chur chuig an mBord Pleanála, ní mór duit:
✔ do thuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa) ✔ d’ainm agus do sheoladh poist féin a thabhairt go soiléir. Más gníomhaire atá ag tabhairt na tuairime ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh. ✔ dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is ábhar don tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
- ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san iarratas (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) nó
- uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas. Uimhir shé dhigit is ea an cás-uimhir thagartha: 300000).
✔ a thabhairt dúinn
- na forais phleanála le do thuairim (cúiseanna agus argóintí), agus
- aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime
✔ fáil a bheith agat ar chárta sochair nó creidmheasa a bheith agat lenar féidir an táille cheart a íoc.
- tuairim ar thithíocht straitéiseach - €20
- tuairim ar thithíocht straitéiseach agus iarratas ar éisteacht ó bhéal - €70
✔ an tuairim a thabhairt in am agus laistigh den teorainn ama cúig seachtaine ag tosú ar an lá a fhaigheann An Bord Pleanala an t-iarratas. Is féidir an dáta ar taisceadh an cás agus a bhfuair An Bord Pleanála é a sheiceáil ag: http://www.pleanala.ie/lists/oc/TA/index_ga.htm ✔ an doiciméad tuairime a chríochnú agus a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF ina mbeidh d’ainm agus sonraí an cháis. Tar éis é a shábháil, ba chóir an chuma seo a leanas a bheith ar theideal an doiciméid:
- 300000 - Ann Duine.docx
nó- Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) - Seán Ó Murchú.pdf
Má tá eolas breise uait faoi na riachtanais éagsúla, léigh Tuairim a thabhairt ar iarratas ar Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta.
Siar go clár ábhar
2. Conas tuairim a thabhairt
Chun tuairim a thabhairt, is féidir leat aon cheann díobh seo a dhéanamh:
Rogha 1 An Fhoirm Tuairime a íoslódáil. Tá i sé i bhfoirm Microsoft Word agus méid 90Kb ann. Beidh ort an fhoirm a líonadh isteach agus é a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF
Rogha 2 Is féidir leat do dhoiciméad tuairime féin a ullmhú in ionad an fhoirm a úsáid. Mar shampla, seans gur mhaith leat tuairim a thabhairt i bhfoirm litreach i bhfoirm doiciméad Microsoft Word. Beidh ort an doiciméad a shábháil nó a scanadh i gcónaí mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF chun an t-uaslódálaí a úsáid.
Siar go clár ábhar
3. An tuairim iomlán a chur isteach ar líne
Tar éis an tuairim a chríochnú, bíodh do chárta sochair nó creidmheasa réidh agat don táille.
Siar go clár ábhar
Tuilleadh faisnéise
Má tá eolas breise uait, léigh ár dtreoir Tuairim a thabhairt ar iarratas ar Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta.
Is féidir an treoir a íoslódáil mar PDF (PDF, 520kb).
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30/11/2020