Forbairt Bonneagair Straitéisigh (FBS) Sreabhchairt
(Tugtar léiriú ginearálta sa tsreabhchairt seo ar na céimeanna atá i gceist i gcásanna FBS. Is féidir le nósanna imeachta a bheith éagsúil áfach ag brath ar an gcineál FBS atá i gceist)
Céim réamhiarratais
Comhairliúcháin1 Iarrann an t-iarratasóir ionchasach comhairliúcháin réamhiarratais leis an mBord | ||
Tugann an Bord comhairle maidir leis an iarratas beartaithe, PC&FI2, saincheisteanna a bhaineann leis an timpeallacht agus nósanna imeachta. I gcásanna a thagann faoi réim an 7ú Sceideal (forbairt phríobháideach), tugann an Bord fógra don iarratasóir agus don údarás pleanála más féidir iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh a dhéanamh. (Mura féidir iarratas a dhéanamh, ní féidir iarraidh scóipe a dhéanamh ach oiread). | ||
Féadfaidh an t-iarratasóir ionchasach a iarraidh ar an mBord scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos3 | ||
Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle le daoine nó le comhlachtaí eile. | Féadfaidh an Bord faisnéis bhreise a iarraidh. Déanann an Bord de réir na hiarrata a luaithe is indéanta. | Téann an Bord i gcomhairle le comhlachtaí forordaithe. |
Céim an Iarratais
Foilsíonn an t-iarratasóir fógra i dtaobh an iarratais | ||
Cuirtear an t-iarratas agus an RTT4 faoi bhráid an Bhoird. Táille ag teastáil. Cuirtear an t-iarratas ar fáil lena iniúchadh/lena cheannach | ||
Féadfaidh an Bord diúltú déileáil le hiarratas mura bhfuil an RTT leordhóthanach nó mura bhfuil sé de réir comhairliúchán réamhiarratais nó Rialachán | ||
I gcásanna a thagann faoi réim an 7ú Sceideal, déantar aighneachtaí agus Tuarascáil ó údarás pleanála/údaráis phleanála5 de ghnáth laistigh de 10 seachtaine ón iarratas a dhéanamh6. | Aighneachtaí ón bpobal agus ó dhreamanna eile laistigh den tréimhse ama (tréimhse íosta 6 seachtaine ó dháta an fhógra phoiblí) agus san fhormáid cheart. Táille ag teastáil. | Féadfaidh an Bord faisnéis (bhreise) a iarraidh ar aon údarás pleanála i gcás ina mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt |
Féadfaidh an Bord faisnéis a iarraidh ar aon duine/comhlacht | Féadfaidh an Bord cruinniú a thionól (roimh éisteacht ó bhéal, ina diaidh nó ina hionad) leis an iarratasóir nó le haon duine eile | 1. Éigeantach i gcásanna áirithe. 2. Pleanáil chuí agus forbairt inmharthana. 3. Faisnéis is ceart a bheith i Ráiteas Tionchair Timpeallachta. 4. B’fhéidir nach mbeidh RTT ag teastáil i ngach cás a bhaineann le línte tarchuir leictreachais. 5. Folaíonn aon údarás pleanála a mbeidh an fhorbairt suite laistigh dá limistéar development will be located. 6. Féadfaidh an Bord tréimhse ama is faide ná 10 seachtaine a shonrú. |
Ní mór don Bhord aighneachtaí a iarraidh ar chomhlachtaí forordaithe in imthosca áirithe | Féadfaidh an Bord faisnéis bhreise a iarraidh ar an iarratasóir lena n-áirítear RTT athleasaithe | I gcás ina mbeidh níos mó faisnéise suntasaí san fhaisnéis bhreise nó sa RTT athleasaithe, cuirfidh an Bord an fhaisnéis ar fáil agus iarrfaidh sé aighneachtaí breise |
Má bhaineann an fhorbairt le nithe a bhaineann le CRCT7 / dramhaíl, nó leis an Treoir um Mórthionóiscí, tuairimí a iarraidh ar an GCC8 nó ar an ÚSS9 | ||
De ghnáth seolann an Bord éisteacht ó bhéal | ||
Féadfaidh an Bord a chur in iúl go bhfuil sé ag smaoineamh ar ghéilleadh don iarratas faoi réir pleananna athleasaithe, faisnéis etc. a chur faoina bhráid | ||
Tugann an Bord aird ar ghnáthnithe e.g. PC&FI, an timpeallacht, beartais náisiúnta, an leas náisiúnta, pleananna forbartha (a d’fhéadfadh a bheith sáraithe), SSN10, TPR11 etc | ||
Tá feidhm ag an gcuspóir ama reachtúil 18 seachtaine chun cásanna a chinneadh ón dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ón bpobal | Cinneadh Féadfaidh an Bord an t-iarratas a dheonú/a cheadú go hiomlán nó go páirteach fara modhnuithe/coinníollacha nó dá n-éagmais, nó féadfaidh sé diúltú dó. Luann an Bord na príomhchúiseanna leis an gcinneadh agus na príomhrudaí a cuireadh san áireamh agus é á dhéanamh. Eisíonn sé an cinneadh chuig an iarratasóir agus chuig daoine/comhlachtaí eile a bhfuil baint acu leis. | Féadfaidh coinníollacha maidir le tairbhe don phobal, alt 48/4912, sonraí a bheidh le comhaontú13, ráiteas maidir leis an méid costas a bheidh le híoc14 a bheith ar áireamh ar na coinníollacha. |
|---|
Céim Iar-Chinnidh
Féadfaidh an Bord an cinneadh a leasú chun aon earráid chléireachais a cheartú nó chun soiléiriú a dhéanamh ar an méid a bhí beartaithe aige a chur in iúl. Féadfaidh sé aighneachtaí a iarraidh ar dhaoine iomchuí. Ní gá go mbeidh athrú ábhartha ar an bhforbairt arna ceadú mar thoradh ar an leasú. | Féadfaidh an forbróir athrú ar an bhforbairt a iarraidh |
7. Cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú. 8. An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. 9. An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta. 10. An Straitéis Spáis Náisiúnta. 11. Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha 12. Coinníollacha faoi alt 48/49 a a bhaineann le rannaíocaí airgeadais. 13. Níl feidhm aige ach amháin maidir le cásanna a thagann faoi réim an 7ú Sceideal. 14. Ní mór é a eisiúint le cinneadh faoin 7ú Sceideal. I gcásanna eile ina bhfuil feidhm aige, féadfar é a eisiúint ar dháta is déanaí. | Déanann an Bord breithniú i dtaobh ar athrú ábhartha a bheadh san athrú nó i dtaobh an mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an athrú ar an timpeallacht. Mura mbeadh, déanann sé cinneadh. |
Más athrú ábhartha an t-athrú, ordaíonn an Bord go gcuirtear faisnéis ar fáil do dhaoine sonraithe, d’aicmí sonraithe daoine nó don phobal agus iarrann sé tuairimí. Déanann sé cinneadh ar an iarraidh. | |
Dá mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an athrú ar an timpeallacht, beidh feidhm ag forálacha ginearálta a bhaineann le measúnú tionchair timpeallachta lena n-áirítear RTT nua, fógra poiblí, aighneachtaí úra ón bpobal etc. |
ar lean ar an gcéad leathanach eile /….
I gcásanna a bhaineann le bonneagar straitéiseach gáis,
deimhniú ón Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha nó ón gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh ag teastáil
An 6 Márta 2007.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh : 13/10/2008



