7ú Sceideal: Forbairt Bhonneagar StraitéiseachTreoirlínte d’Iarratasóirí
1. Réamhrá
2. Sainmhíniú ar Fhorbairt Bhonneagar Straitéiseach
3. Comhairliúcháin Réamhiarratais (Céim 1)
3.1 Go Ginearálta
3.2 Iarratas ar Chomhairliúcháin
3.3 Comhairliúcháin
3.4 Deireadh na gComhairliúchán
4. Ag Scóipeáil EIS (Céim 2).
4.1 Go Ginearálta
4.2 Iarratas ar Scóipeáil a dhéanamh
4.3 Tuairim Scóipeála
5.Iarratas Pleanála (Céim 3)
5.1 Go Ginearálta
5.2 Fógra Iarratais ar Chead
5.3 Iarratas a Dhéanamh
5.4 Cóip Leictreonach
5.5 Liostaí Seachtainiúla
5.6 Tuarascáil Údaráis Phleanála
5.7 Iarratas a Phróiseáil
5.8 Nithe a chaithfear a bhreithniú
5.9 Cinneadh an Bhoird
5.10 Coinníollacha
5.11 Costais an Iarratais
6. Earráidí Cléireachais / An Cinneadh a Shoiléiriú
7. An Cinneadh a Athrú
8. An Cinneadh a Fhorfheidhmiú
9. An Cinneadh a Achomharc/ a Athbhreithniú
1. Réamhrá
Tháinig forálacha bonneagair straitéisigh an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 (Acht 2006),[1] i bhfeidhm an 31 Eanáir 2007. Forálann an tAcht, a dhéanann leasú ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Acht 2000), go ginearálta d’iarratais ar chead/cheadú d’fhorbairtí bhonneagar straitéiseach príobháideacha agus poiblí sonraithe a dhéanfar díreach chuig an mBord.
Tháinig Cuid 18 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2006 (IR Uimhir 685 de 2006) (Rialacháin 2006) maidir le forbairt bonneagair straitéisigh i bhfeidhm freisin an 31 Eanáir 2007. Déanann Rialacháin 2006 leasú ar Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001[2].
Tá na forbairtí bhonneagar straitéiseach (forbairtí príobháideacha den chuid is mó) lena mbaineann na treoirlínte seo liostaithe sa 7ú Sceideal a ghabhann le hAcht 2000 (a cuireadh isteach le halt 5 d’Acht 2006). Baineann siad sin go ginearálta le mórthionscadail bhonneagair fuinnimh, iompair agus timpeallachta. Forálann na forálacha reachtúla do suas le trí chéim - Comhairliúcháin Réamhiarratais; an EIS a scóipeáil; agus an t-iarratas ar chead.
2. Sainmhíniú ar Fhorbairt Bhonneagar Straitéiseach
Liostaíonn an 7ú Sceideal d’Acht 2000 na haicmí forbartha bonneagair a dteastóidh uathu iarratas díreach ar chead a dhéanamh chuig an mBord in áit an údaráis phleanála áitiúil, ma bhreithníonn an Bord gur forbairt bhonneagar straitéiseach iad. Chun cáiliú mar fhorbairt bhonneagar straitéiseach caithfidh an Bord a bheith den tuairim go mbeidh an fhorbairt bheartaithe, má leantar léi, ar cheann díobh:-
• forbairt a bhfuil tábhacht straitéiseach eacnamaíoch nó sóisialach léi don Stát nó don réigiún ina mbeadh sí lonnaithe, nó
• forbairt a chuirfeadh go mór le haon cheann de chuspóirí na Straitéise Spáis Náisiúnta a bhaint amach nó le haon treoirlíne pleanála réigiúnacha i leith limistéir nó limistéar ina mbeadh sí lonnaithe, nó
• forbairt a mbeadh tionchar suntasach aici ar limistéar de bhreis is údarás pleanála amháin.
Tagann an Bord ar a thuairim ag deireadh na céime réamhiarratais.
3. Comhairliúcháin Réamhiarratais (Céim 1)
3.1 Go Ginearálta.
Tá ceanglas éigeantach ar iarratasóir ionchasach ar chead pleanála maidir le forbairt bhonneagar straitéiseach atá liostaithe sa 7ú Sceideal dul i mbun comhairliúcháin réamhiarratais leis an mBord agus fógra a fháil ón mBord a luann gur ionann an fhorbairt bheartaithe agus forbairt bhonneagar straitéiseach.
Chun críocha an chomhairliúcháin sin, caithfidh an t-iarratasóir ionchasach eolas dóthanach a sholáthar don Bhord chun gur féidir leis an mBord an fhorbairt bheartaithe a mheasúnú i bhfianaise na gcritéar atá leagtha amach d’fhorbairt bhonneagar straitéiseach.
3.2 Iarratas ar Chomhairliúcháin
3.2.1 Sula ndéanann iarratasóir ionchasach iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais ba chóir dó nó di seiceáil an bhfuil an fhorbairt bheartaithe mar chuid d’aicme atá liostaithe sa 7ú Sceideal d’Acht 2000. Mura bhfuil, ní féidir í a mheas mar fhorbairt bhonneagar straitéiseach agus ba chóir an t-iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála don limistéar.
3.2.2 Ba chóir iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais a dhéanamh i scríbhinn agus é a sheoladh chuig An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.
3.2.3 Ba chóir go mbeadh an t-eolas seo a leanas san áireamh in iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais:
• ainm agus seoladh an iarratasóra ionchasaigh, uimhreacha teagmhála teileafóin agus seoladh ríomhphoist, má bhíonn sin ar fáil,
• ainm agus seoladh phríomhghníomhaire an iarratasóra ionchasaigh, más ann dóibh, uimhreacha teagmhála teileafóin agus seoladh ríomhphoist, má bhíonn sin ar fáil,
• cur síos ginearálta ar nádúr agus scála na forbartha beartaithe,
• seoladh na forbartha beartaithe agus cur síos gairid ar an suíomh agus ar an gceantar máguaird. (Ba chóir léarscáil/plean a léiríonn suíomh na láithreach a sheoladh isteach),
• an aicme forbartha sa 7ú Sceideal lena mbaineann an fhorbairt bheartaithe,
• ainm an údaráis phleanála nó ainmneacha na n-údarás pleanála, má bhíonn níos mó ná ceann amháin, a bhfuil an suíomh suite ina limistéar[3],
• ráiteas ar an gcúis go gceapann an t-iarratasóir ionchasach gur chóir go measfaí an fhorbairt bheartaithe mar fhorbairt bhonneagar straitéiseach, agus aird á thabhairt ar na critéir atá leagtha amach in Alt 37A(2) d’Acht 2002 – féach mír 2 thuas.
3.2.4 Déanfar fógra ar gach iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais a thaifeadadh ar liosta seachtainiúil straitéiseach an Bhoird d’iarratais nua-fhaighte agus cuirfear in airde ar láithreán gréasáin an Bhoird iad. (www.pleanala.ie).
3.3 Comhairliúcháin
3.3.1 Go Ginearálta
D’fhéadfadh nádúr na gcomhairliúchán réamhiarratais athrú ó chás go cás agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le níos mó ná cruinniú amháin. Déanfar ionadaíocht ar an mBord ag leibhéal oifigiúil (cigire amháin agus riarthóir amháin ar an laghad). Ní bheidh comhaltaí an Bhoird i láthair ag an gcruinniú. D’fhéadfadh sé go n-éileodh an Bord go soláthródh an t-iarratasóir ionchasach eolas breise le go bhféadfaidh an Bord a thuairim a thabhairt. Beidh na comhráití/cruinnithe a bhíonn mar chuid de chomhairliúcháin réamhiarratais go ginearálta ar siúl in oifigí an Bhoird. Meastar go dtionólfar cruinniú laistigh de 4 seachtaine ó dhéantar iarraidh foirmiúil agus ó chuirtear eolas sásúil faoi bhráid an Bhoird. Má thionóltar an dara cruinniú leis an iarratasóir ionchasach ansin, faoi réir iarratasóra ionchasach a bheith ullamh, is é an aidhm an dara cruinniú a thionól laistigh de 3 seachtaine eile.
3.3.2 Saincheisteanna
Le linn na gcomhairliúchán réamhiarratais d’fhéadfadh an Bord na breithnithe a bhaineann le pleanáil agus forbairt inbhuanaithe cheart ar an limistéar a mbeadh tionchar acu ar an gcinneadh a léiriú. Chun treoir ghinearálta a fháil ar bhreithnithe mar sin agus ar chúrsaí a mbeifí ag súil go dtabharfadh iarratasóir ionchasach aghaidh orthu ag comhairliúchán réamhiarratais, féach mír 5.6 thíos a bhaineann le tuarascáil an údaráis phleanála. Beidh formhór na nithe a luaitear ábhartha d’iarratasóirí ionchasacha chomh maith.
3.3.3 Taifead ar na Comhairliúcháin
Déanfaidh an Bord taifead ar aon chruinnithe a thionólfar. Seolfaidh sé cóip den taifead, ar bhonn rúnda, chuig an iarratasóir a luaithe is féidir tar éis an chruinnithe (na gcruinnithe ar fad). Fanfaidh siad faoi rún go dtí go dtiocfaidh an chéim chomhairliúcháin chun críche – féach 3.4.4 thíos.
3.4 Deireadh na gComhairliúchán
3.4.1 Fógra
Tar éis comhairliúchán, seirbheálfaidh an Bord fógra ar a chinneadh ar an iarratasóir ionchasach agus ar an údarás pleanála ábhartha.
3.4.2 Nuair nach mbreithnítear gur forbairt bhonneagar straitéiseac íí
Sa chás go n-eisíonn an Bord fógra nach ionann an fhorbairt bheartaithe agus forbairt bhonneagar straitéiseach, ba chóir ansin an t-iarratas a chur faoi bhráid an údaráis phleanála ábhartha ar ghnáthbhealach. Tá gnáthcheart achomhairc chuig an mBord ag aon duine a bhíonn i gcoinne bhreith údaráis phleanála den sórt sin ar an iarratas.
3.4.3 Nuair a bhreithnítear gur forbairt bhonneagar straitéiseachí
Sa chás go n-eisíonn an Bord fógra gur ionann an fhorbairt bheartaithe agus forbairt bhonneagar straitéiseach, caithfear an t-iarratas a chur faoi bhráid an Bhoird go díreach faoi na nósanna imeachta reachtúla nua. Agus fógra á eisiúint, d’fhéadfadh an Bord an méid seo a leanas a léiriú d’iarratasóir ionchasach:
• cé hiad na comhlachtaí, arna bhforordú faoi airteagal 213 de na Rialúcháin, ar chóir a chur ar an eolas maidir leis an iarratas ón iarratasóir ionchasach,
• sa chás go dtagann an Bord ar an tátal go mbeadh éifeachtaí suntasacha dóchúla ar an timpeallacht i Stáit Trasteorann, cé iad na comhlachtaí, agus cad iad na Stáit, ar chóir a chur ar an eolas agus cé mhéad cóip den iarratas agus EIS ba chóir a sheoladh leis an bhfógra,
• aon sainriachtanais maidir le limistéir Ghaeltachta,
• na pleananna, na sonraí nó aon eolas eile a chaithfear a chur isteach le go mbreithneofar an t-iarratas,
• creataí ama agus seicheamhú an phróisis iarratais,
• aon ní eile maidir leis an bpróiseas iarratais lena n-áirítear eolas maidir le nádúr na gcostas a d’fhéadfaí a dhámhadh i gcoinne iarratasóra faoi alt 37H(2)© d’Acht 2000 agus an fhoirm inar chóir an t-iarratas a chur isteach,
• foirm agus ábhar an fhógra nuachtáin poiblí a chaithfear a fhoilsiú sula gcuirtear iarratas pleanála chuig an mBord,
• cibé an bhfuil nó nach bhfuil an Bord ag éileamh fógra suímh, sonraigh láthair/áit agus/nó láithreán gréasáin chun an t-iarratas, EIS nó aon doiciméadú d’iniúchadh nó do cheannach ag táille réasúnach a chur ar fáil (beidh an t-eolas sin san fhógra poiblí),
• úsáid na meán áitiúil agus náisiúnta, agus/nó cruinnithe a chur ar bun le duine nó comhlacht ar bith nó don phobal.
3.4.4 Nithe Eile
Ar comhairliúcháin réamhiarratais a bheith tugtha chun críche:-
• cuirfear taifead de na comhairliúcháin ar aghaidh chuig an iarratasóir ionchasach agus coinneofar agus cuirfear cóip in éineacht le haon cháipéis a bhaineann leis an iarratas pleanála agus cuirfear ar fáil é don phobal lena n-iniúchadh,
• déanfar taifead ar chinneadh an bhoird maidir le stádas na forbartha beartaithe ar liosta seachtainiúil reachtúil de chásanna cinnte an Bhoird agus cuirfear in airde ar láithreán gréasáin an Bhoird iad. (www.pleanala.ie).
• cuirfear cóip de chomhad an Bhoird, lena n-áirítear taifid de chruinnithe, ar fáil don phobal.
3.4.5 Cruinnithe gan dochar don Bhord
Ní dhéanfaidh na comhairliúcháin atá ar bun dochar don Bhord ar bhealach ar bith agus ní féidir brath orthu sa phróiseas pleanála foirmiúil nó in imeachtaí dlí. Coinneoidh an Bord taifead ar comhairliúcháin, lena n-áirítear ainmneacha na rannpháirtithe.
4. Scóipeáil an Ráitis Tionchair Timpeallachta (EIS) (Céim 2).
4.1 Go Ginearálta.
Nuair a gheofar fógra go gcaithfear an t-iarratas a dhéanamh díreach chuig an mBord, féadfaidh an t-iarratasóir ionchasach a iarraidh ar an mBord an EIS a bheidh le seoladh leis an iarratas a scóipeáil, i.e. tuairim a thabhairt i scríbhinn maidir leis an eolas ba chóir a bheith san EIS. Níl an chéim scóipeála éigeantach. Sula soláthróidh an Bord tuairim scóipéala, ní mórdon Bhord dul i gcomhairle le comhlachtaí a fhorordóidh an tAire faoi alt 211 de na Rialacháin lena n-áirítear an t-údarás pleanála ábhartha. D’fhéadfadh sé chomh maith aighneachtaí nó tuairimí a lorg ó réimse leathan comhlachtaí forordaithe eile faoi alt 213 de na Rialacháin.
4.2 Iarratas Scóipeála
• Ba chóir iarratas chun EIS a scóipeáil a dhéanamh i scríbhinn chuig An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.
• Caithfidh an t-iarratasóir ionchasach an Bord a sholáthar le dóthain eolais maidir leis an bhforbairt bheartaithe le go mbeidh comhaltaí forordaithe in ann aighneachtaí eolasacha a dhéanamh agus le to mbeidh an Bord in ann tuairim a thabhairt maidir leis an iarratas.
• Ceanglaítear ar an mBord cloí le hiarratas scóipeála a luaithe agus is féidir sin.
4.3 Tuairim Scóipeála.
4.3.1 Is féidir scóipeáil a shainmhíniú mar réamhchinneadh ar nádúr agus ar mhionsonra an eolais a bheidh san EIS. Féachann sé na réimsí tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann agus na modhanna cuí chun measúnú a dhéanamh orthu a aithint sula gcuirfear tús le bailiú nó measúnú sonraí mionsonraithe. Tá an t-eolas a bheidh in EIS leagtha amach i Sceideal 6 de Rialacháin Phleanála agus Forbartha 2001 (I.R. Uimh 600 de 2001) agus tá na critéir a chinneann cibé an dóigh nó nach dóigh go mbeidh tionchar suntasach ag forbairt ar an timpeallacht leagtha amach i Sceideal 7 de na Rialacháin sin. Is ábhair iad sin a mbeidh aird ag an mBord orthu agus tuairim scóipeála a thabhairt agus ceanglófar ar iarratasóirí ionchasacha eolas dóthanach a chur faoi bhráid an Bhoird lena chur ar a chumas tuairim den chineál sin a sholáthar.
Ba chóir dul i gcomhairle le Treoirlínte maidir leis an Eolas a bhíonn le cur san áireamh sa Ráiteas Tionchair Timpeallachta (Márta 2002) de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil chun tuilleadh eolas a fháil ar an ábhar. Ar deireadh, is faoin iarratasóir a bheidh sé an EIS a ullmhú de réir ceanglais reachtúla agus an t-iarratas á dhéanamh faoi Chéim 3 thíos.
4.3.2 Féadfaidh an Bord cruinniú a thionól (ag leibhéal oifigiúil) leis an iarratasóir ionchasach chun aon ábhar a shoiléiriú nó chun breis eolais a fháil. Seolfar tuairim scóipeála a chuireann an Bord ar fáil chuig an iarratasóir agus beidh sé ceangailte leis na cáipéisí iarratais phleanála agus iarratas á dhéanamh chomh maith.
4.3.3 Beidh comhad an Bhoird ar an nós imeachta scóipeála oscailte d’iniúchadh ag oifigí an Bhoird i ndiaidh thuairim scríofa a thabhairt. Liostófar an cás ar liosta seachtainiúil chásanna cinnte an Bhoird agus cuirfear in airde ar láithreán gréasáin an Bhoird é.
4.3.4 Tugtar tuairim ar bith gan dochar don Bhoird agus ní bhraithfear uirthi sa phróiseas pleanála foirmiúil nó in imeachtaí dlíthiúla.
5. Iarratas Pleanála (Céim 3)
5.1 Go Ginearálta.
Sa chás gur eisigh an Bord fógra chuig iarratasóir ionchasach go meastar forbairt bheartaithe a bheith ina forbairt bhonneagar straitéiseach (Céim 1 thuas), ní féidir iarratas ar chead i scríbhinn don fhorbairt bheartaithe a dhéanamh ach amháin chuig an mBord agus ní mór EIS a bheith in éineacht leis. Tá foirm iarratais ar fáil agus ba chóir ía líonadh agus a chur isteach leis na cáipéisí iarratais. (Ní ghlactar le hiarratais leictreonacha faoi láthair). Má bhreithníonn an Bord go bhfuil an t-iarratas nó an EIS neamhdhóthanach nó neamhiomlán d’fhéadfadh sé diúltú déileáil leis an iarratas nó d’fhéadfadh sé breis eolais a éileamh.
5.2 Fógra Iarratais.
Sular ndéantar iarratas chuig an mBord, ní mór don iarratasóir ionchasach fógraí a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a bheidh á scaipeadh sa limistéar ina bhfuil an suíomh ag léiriú an méid seo a leanas:-
• nádúr agus láthair na forbartha beartaithe,
• go bhfuil cead á lorg ón mBord agus go bhfuil EIS ullmhaithe,
• na hamanna agus na háiteanna sa tréimhse (nach lú ná 6 seachtaine) inar féidir an t-iarratas agus an EIS a iniúchadh nó a cheannach (ba chóir don tréimhse ama seo tosú ar a laghad 5 lá oibre i ndiaidh don iarratas a bheith curtha faoi bhráid an Bhoird),
• gur féidir aighneachtaí agus tuairimí a dhéanamh leis an mBord a bhaineann le pleanáil agus forbairt inbhuanaithe cheart ar an limistéar agus leis na tionchair dhóchúla ar an timpeallacht, má chomhlíontar an fhorbairt,
• na cineálacha cinntí a d’fhéadfadh an Bord a dhéanamh maidir leis an iarratas a léiriú,
• sa chás go dteastódh rialú agus cosc comhtháite ar thruailliú (IPPC) nó Ceadúnas Dramhaíola nó go mbíonn Rialacháin Mhórthionóiscí i gceist, léiriú ar an bhfíric sin – féach chomh maith 5.6.3 thíos.
Ina theannta sin, d’fhéadfadh gá a bheith le fógraí suímh, le húsáid na meáin áitiúla nó náisiúnta nó le cruinnithe poiblí a a bhaineann leis an iarratas beartaithe a thionól. Beidh ceangaltais, más ann, i ndáil leis sin sonraithe ag an mBord ag an gcéim réamhiarratais.
Tá fógra poiblí samplach ar fáil ón mBord.
5.3 Iarratas a dhéanamh.
5.3.1 Cáipéisí is gá a sheoladh isteach.
Agus iarratas ar chead á dhéanamh, ceanglaítear ar an iarratasóir na cáipéisí seo a leanas a chur faoi bhráid an Bhoird i scríbhinn.:-
• Foirm iarratais chomhlánaithe,
• 10 cóip de phleananna agus sonraí na forbartha beartaithe, lena n-áirítear an EIS, agus aon phleananna, sonraí nó eolas eile a éilíonn an Bord,
• Cóip d’fhógra(í) foilsithe lena n-áirítear aon fógra suímh,
• Liosta de na comhlachtaí a bhfuil fógraí tugtha dóibh faoin iarratas agus léiriú ar an dáta a tugadh an fógra dóibh,
• Liosta d’fhógraí poiblí eile nó de chomhairliúcháin eile, agus léiriú ar dháta nó dátaí d’fhógra(í) nó comhairliúchá(i)n den chineál sin (lena n-áirítear fógra nó comhairliúchán ar bith a éilíonn an Bord agus a léirítear don iarratasóir ionchasach i gcomhráití réamhiarratais),
• Táille iarratais de €100,000 atá ceadaithe i leith iarratais den chineál sin a lóisteáladh ar nó i ndiaidh an 10ú Nollaig, 2007. Bíonn an táille sin iníoctha nuair a lóisteáiltear an t-iarratas.
5.3.2 Cóipeanna chuig an Údarás Pleanála
Sula ndéantar iarratas ar phleanáil chuig an mBord, ceanglófar ar an iarratasóir líon cóipeanna forordaithe den iarratas agus an EIS a sheoladh chuig an údarás pleanála ábhartha ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite ina limistéar.
5.3.3 Cóip chuig Comhlachtaí Forordaithe
Ceanglófar ar an iarratasóir chomh maith cóip den iarratas agus den EIS a sheoladh chuig comhlacht forordaithe ar bith (liostaithe in alt 213) a aithníonn an Bord chun na críche sin ag an gcéim chomhairliúcháin réamhiarratais. (D’fhéadadh go mbeadh an Bord ag iarraidh go seolfaí níos mó ná cóip amháin). Beidh ráiteas in éineacht leis an iarratas agus an EIS ag fáiltiú roimh aighneachtaí agus breathnóireacht ó chomhlachtaí chuig an mBord a bhaineann le pleanáil agus forbairt inbhuanaithe cheart ar an limistéar agus leis na tionchair dhóchúla ar an timpeallacht, má chomhlíontar an fhorbairt.
Tá fógra samplach chuig na comhlachtaí forordaithe ar fáil ón mBord.
5.4 Cóip Leictreonach
I dteannta an mhéid thuas, d’fhéadfaí go n-éileodh an Bord foirm leictreonach de cháipéis ar bith nó de gach cáipéis iarratais a chuirtear faoina bhráid agus faoi bhráid an údaráis phleanála a bheith i bhfoirm leictreonach. D’fhéadfaí chomh maith go n-éileodh an Bord ar an iarratasóir láithreán gréasáin a chruthú in mbeadh an doiciméadú iarratais ar fad. I gcásanna mar sin, sonróidh an Bord an tréimhse ama ina mbeadh rochtain ag an bpobal ar an láithreán gréasáin agus éileoidh sé ar an iarratasóir deimhniú go bhfuil an doiciméadú ar an láithreán gréasáin comhionann leis an doiciméadú iarratais a taisceadh leis an mBord.
5.5 Liostaí seachtainiúla
Déanfaidh liosta seachtainiúil an Bhoird taifead ar iarratais ar chead ar fhorbairt bhonneagar straitéiseach agus cuirfear ar fáil don phobal lena n-iniúchadh ag oifigí an Bhoird nó ar láithreán gréasáin an Bhoird (www.pleanala.ie).
5.6 Tuarascáil an Údaráis Phleanála
Tá ceanglas ar údarás pleanála sa limistéar tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de dheich seachtaine d’iarratais a bheith faighte ag an mBord. Baineann an fhoráil sin le hiarratais a rinneadh faoi Alt 37E den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 amháin. Leagfaidh an tuarascáil amach tuairimí an údaráis ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an timpeallacht agus/nó pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe ar limistéir an údaráis agus aird á thabhairt ar ghnáthbhreithnithe mar atá leagtha amach in alt 34(2) d’Acht 2000, arna leasú. Caithfear an tuarascáil seo a chur faoi bhráid chomhaltaí tofa an údaráis agus caithfear aon mholtaí a dhéanann siad trí rún a chur i gceangal leis an tuarascáil a sheoltar chuig an mBord in éineacht le taifead riartha cruinnithe an chruinnithe. Chun cabhrú le húdaráis phleanála maidir leis sin, moltar d’iarratasóirí ionchasacha dul i gcomhairle le húdaráis phleanála áitiúla go luath sula gcuirtear isteach iarratas ar phleanáil.
Beidh éagsúlacht idir saincheisteanna sonracha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu in aighneachtaí agus tuairimí an údaráis pleanála ó chás go cás ag brath ar nádúr na forbartha beartaithe agus an chomhshaoil ghlactha. Tabharfaidh an liosta ábhar seo a leanas treoir ghinearálta d’údaráis phleanála – ach ní bheith baint acu ar fad le gach cás.
• Príomhfhorálacha iomchuí an Phlean Forbartha a bhaineann leis an suíomh atá i gceist agus leis an limistéar máguaird. Ba chóir léargas soiléir ar stádas reatha an Phlean Forbartha iomchuí agus aon Dréachtphleananna a thabhairt i gcomhar le haon saincheisteanna iomchuí a thagann chun cinn.
• Mionsonraí forálacha iomchuí i bPleananna eile (m.sh. Pleananna Limistéar Áitiúil) agus ráiteas maidir le stádas na bPleananna sin (glactha nó i bhfoirm dréachta).
• Stair phleanála iomchuí a bhaineann leis an suíomh atá i gceist agus leis an limistéar máguaird.
• Faisnéis fhorfheidhmithe iomchuí a bhaineann leis an suíomh atá i gceist agus leis an bhforbróir dóchúil (más eol).
• Polasaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla iomchuí.
• Aon Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta (SAAO) a bhféadfadh tionchar a bheith orthu ón bhforbairt bheartaithe.
• Ainmniúchán Eorpacha, Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, a bhféadfaí tionchar a bheith ag an bhforbairt bheartaithe orthu (cibé ann nó in aice láimhe).
• Struchtúir Chosanta, Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta (ACA) srl.
• Polasaí dramhaíola, a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach maidir leis an bhforbairt bheartaithe. Beidh seo amhlaidh go háirithe i gcás iarratais ar shaoráidí dramhaíola agus caithfear aird a thabhairt ar pholasaithe, ar chuspóirí agus ar fhorálacha eile na bPleananna um Bhainistiú Dramhaíola sa bhreis ar an bPlean Forbartha.
• Dóthanacht an tsoláthair uisce phoiblí.
• Saoráidí séarachais phoiblí agus cumas freastal ar an bhforbairt bheartaithe.
• Infhaighteacht agus cumas saoráidí draenála uisce dromchla poiblí agus aon stair tuilte a bheadh oiriúnach maidir leis an láithreán.
• Measúnú ar stádas tírdhreacha agus tionchar amhairc, mar is cuí.
• Cumas iompair agus sábháilteacht an líonra bóthair atá ag freastal ar an bhforbairt bheartaithe.
• Cumas iompair comhshaoil an láithreáin atá i gceist agus an limistéir máguaird, agus an tionchar suntasach dóchúil a bheidh mar thoradh ar an bhforbairt bheartaithe, má chomhlíontar sin.
• Tuairisc ar aon úsáid phoiblí de thalamh atá tadhlach le, talamh atá ag teagmháil le nó talamh atá in aice le talamh faoi úinéireacht an iarratasóra agus tuairim an údaráis phleanála maidir le haon choinníoll a d’fhéadfadh a bheith cuí d’fhonn taitneamhacht phoiblí a chaomhnú ar na tailte sin.
• Tuairim an údaráis phleanála i ndáil leis an gcinneadh atá le déanamh ag an mBord.
• Tuairim an údaráis phleanála ar choinníollacha ba chóir a cheangal sa chás go roghnóidh an Bord cead a dheonú. (Sa chás go mbeidh ceadúnas IPPC nó Dramhaíola riachtanach, ní fhéadfaidh an Bord coinníollacha a chur a bhaineann le rialú astaíochtaí).
• Tuairim an údaráis phleanála ar choinníollacha maidir le gnóchan don phobal a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach.
• Forálacha Chuid V (tithíocht shóisialta agus inacmhainne) (a d’fhéadfadh a bheith infheidhme i gcásanna eisceachtúla).
• Mionsonraí de choinníollacha scéime ranníoca forbartha alt 48/49 iomchuí ba chóir a cheangal i gcás deontais.
• Mionsonraí aon choinníollacha ranníoca speisialta ba chóir a cheangal i gcás deontais mar aon le ríomhaireachtaí mionsonraithe agus cúiseanna cóir leis na coinníollacha.
5.7 Próiseáil na n-iarratas
5.7.1 Aighneachtaí agus tuairimí.
Is féidir le haon duine aighneacht nó tuairim a chur faoi bhráid an Bhoird maidir le forbairt bheartaithe. Ní mór aighneacht den sórt sin a bheith faighte ag an mBord taobh istigh den tréimhse atá sonraithe san fhógra poiblí agus táille €50 a bheith in éineacht leis. Ní fhorálann an reachtaíocht d’aighneachtaí scríofa leantacha breise mura n-iarrann an Bord go sonrach é. D’fhéadfadh deis na haighneachtaí a mhionsaothrú teacht chun cinn ag an éisteacht ó bhéal, má thionóltar í, faoi réir rogha an chigire. Ní mór don Bhord aird a thabhairt ar gach aighneacht nó tuairim a dhéanfar de réir an Achta nó na Rialacháin 2000 agus cinneadh á dhéanamh aige.
5.7.2 Eolas Breise
Tá lánrogha ag an mBord a éileamh ar iarratasóir breis eolais a chur isteach, lena n-áirítear EIS athbhreithnithe. Ba chóir iarratas den sórt sin trí fhógra chuig an iarratasóir agus d’fhéadfadh go dteastódh fógraí poiblí nua.
Dhéanfaí iarratas den sórt sin trí fhógra a chur chuig an iarratasóir agus d’fhéadfadh go mbeadh gá le fógraí poiblí. Tá cumhacht ag an mBord a iarraidh ar dhuine ar bith (cibé an ndearna an duine sin aighneachtaí nó tuairimí ar an iarratas nó nach ndearna) i dtuairim an Bhoird, a d’fhéadfadh eolas a bheadh ábhartha do chinneadh an iarratais, (breis) aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh. Féadfaidh an Bord aon eolas a bhaineann leis an iarratas a chur ar fáil lena iniúchadh, fógra a thabhairt d’aon duine nó don phobal go bhfuil eolas ar fáil agus cuireadh a thabhairt do bhreis aighneachtaí nó tuairimí, más cuí, taobh istigh de thréimhse shonraithe.
5.7.3 Éisteachtaí ó Bhéal agus Cruinnithe.
Is polasaí de chuid an Bhoird é éisteacht ó bhéal a reáchtáil i bhformhór na gcásanna forbartha bonneagar straitéiseach ach amháin i gcás saincheisteanna díreacha is féidir a chinneadh go héasca trí aighneachtaí i scríbhinn.
Féadfaidh an Bord cruinniú nó cruinnithe a reáchtáil leis an iarratasóir má bhreithnítear go mbeadh sin riachtanach chun a theacht ar réiteach ar shaincheist nó ar easaontas idir an t-iarratasóir agus aon pháirtí eile nó go n-éascóidh an cruinniú éisteacht ó bhéal éifeachtach. Féadfar cruinniú a reáchtáil roimh éisteacht ó bhéal nó i ndiaidh éisteachta ó bhéal. Déanfar taifead i scríbhinn den chruinniú agus cuirfidh an Bord é sin ar fáil do gach rannpháirtí.
Ní bheith an cigire nó an fhoireann cigireachta a bhíonn ag déileáil leis an iarratas ar fáil chun plé a dhéanamh leis an iarratasóir nó le haon páirtí eile ach amháin trí chruinnithe foirmiúla nó éisteachtaí ó bhéal.
Nuair a ordaítear éisteacht ó bhéal, tionólfar an éisteacht de réir “Treoirlínte ar Nósanna Imeachta ag Éisteachtaí ó Bhéal” an Bhoird.
5.7.4 Saincheisteanna Comhshaoil agus Sábháilteachta.
Sa chás gur iarratas d’fhorbairt lena mbeadh ceadúnas IPPC nó Dramhaíola riachtanach, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) tuairimí a dhéanamh taobh istigh de thréimhse shonrach agus caithfear aird a thabhairt ar bhreathnuithe den sórt sin. Dhéanfaí aon bhreathnú ón EPA gan dochar do chuspóirí ar bith eile na Gníomhaireachta. Sa chás gur iarratas d’fhorbairt dá mbeadh ceadúnas IPPC nó Dramhaíola riachtanach, caithfidh aon fhógra poiblí den fhorbairt bheartaithe é sin a lua.
I gcásanna ina mbíonn Rialacháin Mhórthionóiscí i gceist, cuirfidh an Bord fógra chuig an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus féadfaidh sé comhairle theicniúil a lorg ar an riosca nó ar na hiarmhairtí a bhaineann le mórthionóiscí a eascraíonn as an bhforbairt bheartaithe. Sa chás gur iarratas d’fhorbairt lena mbaineann Rialacháin Mhórthimpistí atá i gceist, caithfidh aon fhógra poiblí den iarratas bheartaithe é sin a lua.
5.7.5 Breithniú ar chead a dheonú
Tá lánrogha ag an mBord a léiriú go bhfuil sé ag breithniú cead a dheonú, faoi réir sonraí, pleananna nó líníochtaí a bheith curtha isteach. Thabharfaí léiriú den sórt sin trí fhógra chuig an iarratasóir, an údarás pleanála, na comhlachtaí forordaithe agus breathnóirí ar an iarratas agus d’fhéadfaí fógra poiblí a bheith i gceist chomh maith.
5.8 Ábhair a chaithfear a bhreithniú.
Déanfar cinneadh an Bhoird ar bhonn phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe an limistéir agus ar na héifeachtaí dóchúla a bheadh ag an bhforbairt ar an timpeallacht. Agus é ag teacht ar chinneadh, beidh aird ag an mBord ar an méid seo a leanas:
• An tIarratas,
• An EIS,
• Aighneachtaí nó tuairimí a rinneadh chuig an mBord de réir na bhforálacha reachtúla,
• Tuarascáil an údaráis phleanála agus aon mholtaí a rinne na comhaltaí tofa faoi rún agus taifead an riarthóra ar an gcruinniú a bhí ceangailte,
• Aon eolas breise a cuireadh isteach mar fhreagra ar iarratas ón mBord,
• An taifead scríofa de chruinniú ar bith a tionóladh i ndáil leis an iarratas,
• Forálacha an Phlean Forbartha (na bPleananna Forbartha) don limistéar seo,
• Forálacha Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta ar bith a bhaineann leis an limistéar.
• Aon ainmniú ar shuíomh Eorpach nó Limistéar Oidhreachta Nádúrtha a bhaineann leis an suíomh nó aon tionchar ar shuíomh éiceolaíoch ainmnithe den sórt sin,
• Aon pholasaí ábhartha de chuid an Rialtais, Údarás Stáit, an tAire nó aon Aire Rialtais,
• Aon fhoráil ábhartha d’Acht 2000 nó Rialacháin bhainteacha,
• An leas náisiúnta agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm fheidhmeanna an Bhoird ar shaincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach eacnamaíoch nó sóisialach ag baint leo don Stát,
• An Straitéis Spáis Náisiúnta agus aon treoirlínte pleanála réigiúnacha atá i bhfeidhm don am i láthair, agus
• Tuarascáil agus moladh an Chigire a shanntar don chás, lena n-áirítear tuarascáil ar aon éisteacht ó bhéal a thionólfar.
5.9 Sárú an Phlean Forbartha
Féadfaidh an Bord cead a thabhairt d’fhorbairt bheartaithe a sháróidh go hábhartha an Plean Forbartha don limistéar. Níl feidhm ag na srianta in alt 37(2)(b) d’Acht 2000 a bhaineann le hábhair den chineál sin, a bhaineann le hachomhairc phleanála de ghnáth, i gcás fhorbairt bhonneagar straitéiseach.
5.10 Cinntí an Bhoird.
5.10.1 Tráthúlacht
Tá dualgas ar an mBord a chinneadh a dhéanamh chomh dlúsúil agus atá ag teacht le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe, agus chun moilleanna a sheachaint. Tá cuspóir reachtúil ann cinntí a dhéanamh taobh istigh de 18 seachtaine ag tosú ar an lá deiridh ag an bpobal chun aighneachtaí agus tuairimí a dhéanamh i ndiaidh fógra go bhfuil sé i gceist cead a lorg a bheith sna nuachtáin. Nuair nach bhfuil an Bord in ann an tréimhse reachtúil cuspóra a bhaint amach caithfidh sé fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an iarratasóir, ar an údarás pleanála agus aon chomhlacht nó duine a rinne aighneacht nó tuairim agus cúis a thabhairt ar an gcúis nach gcinnfidh sé an cás laistigh den tréimhse sin. Caithfidh sé dáta nua chun an cinneadh a dhéanamh a léiriú chomh maith.
5.10.2 Cineálacha Cinntí
D’fhéadfadh an Bord cinneadh a dhéanamh:-
• Cead a thabhairt, le coinníollacha nó gan choinníollacha,
• Cead a thabhairt le mionathruithe sonraithe, le coinníollacha nó gan coinníollacha,
• Cead a thabhairt i bpáirt, le coinníollacha nó gan choinníollacha,
nó
• Cead a dhiúltú.
5.10.3 Ábhar an Chinnidh
Ní mór na nithe a leanas a bheith luaite maidir le cinneadh an Bhoird:
• na príomhchúiseanna agus na príomhbhreithnithe leis an gcinneadh,
• na príomhchúiseanna a mbeidh aon choinníollacha á bhforchur,
• I gcás nach nglacann an Bord le moladh an Chigire maidir le deonú nó diúltú, an chúis (na cúiseanna) nach nglacann,
• gur thug an Bord aird ar aon aighneachtaí nó tuairimí a fuarthas de réir an Achta nó na Rialachán,
• an méid airgid a chaithfear a íoc:
• leis an mBord
• le haon údarás pleanála agus,
• le haon duine eile – (féach freisin (10) thíos).
5.10.3 Dáta éifeachtach ceada
Ní bheidh feidhm le deonú an ceada go dtí go mbeidh costais arna gcinneadh ag an Bord íoctha.
5.10.4 Fógra faoin gCinneadh
Caithfidh an Bord cóip dá chinneadh a sheoladh chuig an iarratasóir, an t-údarás pleanála agus aon chomhlacht nó duine eile a rinne aighneachtaí nó a thug tuairimí i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe.
5.10.6 Coinníollacha
Agus cinneadh á dhéanamh cead a dheonú d’fhorbairt bhonneagar straitéiseach, féadfaidh an Bord coinníollacha a cheangal sa ghnáthbhealach e.g. mar atá sonraithe in alt 34(4) d’Acht 2000. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna coinníollacha:-
• Coinníoll a fhorálann ‘gnóchan don phobal’. Éileoidh coinníoll den sórt sin go ndéanfaí saoráid a thógáil nó saoráid a mhaoiniú, go hiomlán nó go páirteach, nó go ndéanfaí seirbhís a sholáthar, go hiomlán nó go páirteach, sa limistéar ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe lonnaithe agus a mheasann an Bord a bheith mar ghnóchan don phobal.
• Coinníoll a rialaíonn úsáid talamh a bhíonn tadhlach, talamh a bhíonn ag síneadh le nó talamh atá in aice leis an láithreán iarratais atá faoi rialú an iarratasóra áit a bhfuil sé fóirsteanach do chríocha na forbartha nó i gceangal leis an bhforbairt nó a bheith oiriúnach chun taitneamhacht phoiblí a chaomhnú ar thalamh atá tadhlach, atá ag síneadh le nó atá in aice leis an talamh.
• Coinníollacha a fhorálann go bhféadfar pointí mionsonraithe a bhaineann leis an gcead pleanála a bheith comhaontaithe idir an t-údarás pleanála agus an duine a bheidh ag comhlíonadh na forbartha. Níor mhór comhaontú den sórt sin a bheith dírithe ar na pointí a shonraíonn an Bord. Cheal comhaontaithe, d’fhéadfaí an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an mBord lena chinneadh.
• coinníoll ina mbeidh gá le ranníocaí airgeadais a íoc faoi scéimeanna forbartha nó scéimeanna ranníoca forbartha forlíontacha a dhéanann údaráis phleanála faoi ailt 48 agus/nó 49 d’Acht 2000.
5.10.7 Ábhair Drámhaíola/ IPPC
Sa chás go mbeidh ceadúnas IPPC nó Dramhaíola riachtanach, ní fhéadfaidh an Bord coinníollacha a chur a bhaineann le rialú astaíochtaí ón oibríocht nó ón ngníomhaíocht nó le rialú astaíochtaí a bhaineann le nó a leanann scor na hoibríochta nó na gníomhaíochta.
5.11 Costais an Iarratais
Is ceanglas é go luann cinneadh an Bhoird na costais a bheidh le híoc ag an iarratasóir:-
• chuig an mBord as na costais a bhain leis an iarratas a chinneadh,
• chuig an údarás pleanála as na costais réasúnacha a bhain leis an iarratas a chinneadh,
• chuig duine ar bith eile mar ranníoc as na costais a bhain le hiarratas an duine sin a chinneadh.
Tá lánrogha ag an mBord costais réasúnacha a chinneadh agus caithfear na costais a chomhlíonadh sula gcuirtear cead ón mBord i bhfeidhm. Mura n-íoctar costais, féadfaidh an Bord agus duine ar bith ar dámhadh costais orthu aisghabháil a lorg mar fhiachas simplí in aon chúirt dlínse inniúla.
Déanfar aon táille iarratais arna íoc ag iarratasóir a fhritháireamh i gcoinne chostais an Bhoird.
Caithfear na costais a bhíonn i gceist a íoc cibé an gcinntear cead a dheonú nó a dhiúltú.
6 Earráidí Cléireachais /Cinneadh a Shoiléiriú
Sa chás go mbeidh earráid chléireachais i gceist le cinneadh an Bhoird, nó go mbreithneoidh an Bord é a bheith riachtanach a shoiléiriú cad a bhí i gceist aige a éascú leis an gcead nó leis an gcinneadh, féadfaidh an Bord a chinneadh a leasú. Féadfaidh an Bord aighneachtaí a lorg sula roghnaíonn sé a chumhachtaí a fheidhmiú chun cinneadh a leasú. D’fhéadfadh sé tarlú áfach nach ionann toradh an leasaithe sin agus athrú ábhartha ar théarmaí na forbartha, ábhar an chinnidh.
7 Athrú ar an gCead
Faoi alt 146B d’Acht 2000, féadfaidh an Bord téarmaí ceadaithe d’fhorbairt bhonneagar straitéiseach a athrú ar iarratas ó dhuine ar bith a dhéanann é nó a bhfuil sé i gceist aige/aici é a dhéanamh. Caithfidh an Bord a chinneadh ar dtús arbh ionann athrú iarrtha a dhéanamh agus athrú ábhartha agus féadfaidh sé aighneachtaí a lorg i leith an ábhair ó dhaoine oiriúnacha, lena n-áirítear an t-údarás pleanála. Beidh aird ag an mBord ar aon aighneacht a dhéantar de bhun an chuiridh agus an t-ábhar á chinneadh. Bíonn nósanna imeachta difriúla i bhfeidhm ag brath ar nádúr an athraithe atá beartaithe, mar seo a leanas:-
Ní bheadh an t-athrú ábhartha
Má chinneann an Bord nach bhfuil an t-athrú ábhartha, féadfaidh sé an cead a athrú agus an t-iarratasóir agus údarás pleanála an limistéir a chur ar an eolas faoin athrú.
Bheadh an t-athrú ábhartha ach ní bheadh gá le EIS.
Má chinneann an Bhord go mbeadh an t-athrú ábhartha ach nach dóigh go mbeadh éifeachtaí suntasacha aige ar an timpeallacht, féadfaidh sé athrú a dhéanamh, athrú malartach a dhéanamh nó diúltú aon athrú a dhéanamh, i ndiaidh éileamh ar an iarratasóir eolas ar an athrú a chur ar fáil lena iniúchadh do thréimhse shonraithe agus i ndiaidh aighneachtaí a lorg.
Bheadh an t-athrú ábhartha agus bheadh gá le EIS.
Má chinneann an Bord go mbeadh an t-athrú ábhartha agus gur dóigh go mbeadh éifeachtaí suntasacha aige ar an timpeallacht, éileoidh sé ar an iarratasóir EIS den athrú beartaithe nó athrú eile arna aithint ag an mBord a ullmhú. Nuair a ullmhaítear EIS caithfidh an t-iarratasóir fógra a fhoilsiú sa ghnáthbhealach agus aighneachtaí nó tuairimí a lorg chuig an mBord roimh dáta sonraithe (nach lú ná 4 seachtaine ó fhoilsiú an fhógra). Caithfidh an t-iarratasóir cóip den EIS, in éineacht le fógra san fhoirm fhorordaithe, a sheoladh chuig an mBord i scríbhinn taobh istigh de dháta sonraithe maidir leis na héifeachtaí dóchúla ar thimpeallacht an athraithe bheartaithe. Caithfidh an Bord aird a thabhairt ar aighneachtaí nó tuairimí den sórt sin agus cinneadh á dhéanamh aige. Caithfidh an Bord fógra poiblí ar a chinneadh a thabhairt agus seolfaidh sé cóip den chinneadh chuig an údarás áitiúil cuí.
8 An Cinneadh agus Coinníollacha a fhorfheidhmiú
Is ábhar don údarás pleanála áitiúil é cinntí maidir leis an 7ú Sceideal d’fhorbairt bhonneagar straitéiseach lena n-áirítear na coinníollacha a ghabhann leis a fhorfheidhmiú. Beidh feidhm le forálacha feidhmithe i gCuid VII d’Acht 2000.
9 Achomharc/ Athbhreithniú ar an gCinneadh
Níl aon achomharc i gcoinne an Bhoird ar iarratas chun forbairt bhonneagar straitéiseach a dhéanamh.
Ní féidir a bhailíocht a cheistiú ach amháin trí athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt laistigh de 8 seachtaine. Ní athosclóidh an Chúirt tuillteanais phleanála an cháis agus d’fhéadfadh sé gan ach cead a thabhairt leanúint leis an bpróiseas athbhreithnithe i gcás gur deimhin leis go bhfuil cúiseanna maithe chun a mhaíomh go bhfuil cinneadh an Bhoird neamhbhailí nó gur cheart é a neamhniú agus go bhfuil leas substainteach ag an duine atá ag lorg an athbhreithnithe bhreithiúnaigh san ábhar.
Nóta: Tá na treoirlínte seo faoi réir ag athrú leanúnach i bhfianaise thaithí an Bhoird agus na ngeallsealbhóirí. Fáiltíonn an Bord roimh thuairimí na ngeallsealbhóirí faoi na Treoirlínte.
Modhnaithe go deiridh: 07/07/2008
- Liostaí Seachtainiúla
Cásanna Nua Cásanna Cinnte EISeanna Faighte Cásanna SID Éisteachtaí ó Bhéal Atreoruithe
Achomhairc Phleanála Átha Cliath BaileConnachta LaighinMumhain Uladh
Cásanna Eile
Tionscadail Údarás Áitiúil
CinntíAtreoruithe Forbairtí Bhonneagar Straitéiseach
Eile
San alt seo
Faisnéis ar an Acht Bhonneagar Straitéiseach – Sreabhchairt maidir le Rannpháirtíocht an Phobail TreoirTreoirlínte d’Údaráis Phleanála 7ú Sceideal d’Fhorbairt Bhonneagar Straitéiseach, Treoirlínte d’Iarratasóirí Cásanna SID nua agus cinnte 2007 Cásanna SID nua agus cinnte 2008
Last modified: 28/05/2009



