An Bord Pleanála

Forbairtí Bonneagair Straitéisigh den 7ú Sceideal - Treoirlínte d'Údaráis Phleanála

Clár

1. Tús Eolais

2. Comhairliúcháin Réamhiarratais

3. Faisnéis i dtaca leis an Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT)

4. Iarratas chuig an mBord ar Chead – alt 37B

5. Leasuithe ar Chead / Soiléiriú an Chinnidh

6. Forfheidhmiú Cinnidh agus Coinníollacha

7. Ceisteanna nár mhór díriú orthu i dTuarascáil an Údaráis Phleanála

1. Tús Eolais

Tháinig forálacha bonneagair straitéisigh an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 (Acht 2006) i bhfeidhm an 31 Eanáir 2007. Foráiltear go ginearálta san Acht, ina leasaítear an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Acht 2000), le haghaidh iarratas ar chead/ar fhormheas d’fhorbairtí bonneagair straitéisigh sonraithe, idir phríobháideach agus phoiblí, a dhéanfar go díreach chuig an mBord.

Tháinig Cuid 18 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2006 (I.R. Uimh. 685 de 2006) (Rialacháin 2006) maidir le forbairt bonneagair straitéisigh i bhfeidhm chomh maith an 31 Eanáir 2007.

Sna Treoirlínte seo, tagairtí d’ailt san Acht, is tagairtí d’Acht 2000, arna leasú, iad agus tagairtí d’airteagail sna Rialacháin is tagairtí do na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú, iad, ach sa chás go ndeirtear a mhalairt.

Tá cineálacha difriúla bonneagair straitéisigh sonraithe in Acht 2000, arna leasú. Le forbairt a shonraítear sa 7ú Sceideal d'Acht 2000 leasaithe amháin a bhaineann na treoirlínte seo. Baineann sin le forbairt phríobháideach den chuid is mó cé go ndéanfar iarratais ar chead maidir le bonneagar poiblí áirithe trí nósanna imeachta an 7ú Sceidil agus déanfar iarratais ar fhormheas do bhonneagar príobháideach áirithe m.sh. bonneagar straitéiseach gáis, trí bhíthin nósanna imeachta eile.

Liostaítear sa Sceideal aicmí na dtionscadal a bhaineann le hiarratais i dtaca le bonneagar ollmhór fuinnimh, iompair, comhshaoil agus sláinte, a chaithfear, má mheasann an Bord gur bonneagar straitéiseach iad, a dhéanamh anois go díreach chuig an mBord seachas chuig an údarás pleanála áitiúil.

Níor cheart d'Údaráis Phleanála déileáil le haon iarratas ar fhorbairt a shonraítear sa 7ú Sceideal ach sa chás gur chinn an Bord nach forbairt bonneagair straitéisigh í an fhorbairt sin. I gcás ina bhfuil údarás pleanála faoi amhras maidir le cibé an bonneagar straitéiseach a bheadh i bhforbairt bheartaithe moltar dóibh a iarraidh ar an iarratasóir ionchasach tuairim an Bhoird a lorg sula dtaisceann siad iarratas leis an údarás pleanála.

2. Comhairliúcháin Réamhiarratais – alt 37B.

Aon duine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar chead chun forbairt a shonraítear sa 7ú Sceideal a dhéanamh, rachaidh sé nó sí i mbun comhairliúcháin réamhiarratais leis an mBord. Leagtar amach in ailt 37B(3) d'Acht 2000, agus in airteagal 210 de Rialacháin um Pleanáil 2001 na nithe a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhair chomhairliúcháin/chomhairle. Cuimsíonn siad saincheisteanna ar nós nósanna imeachta do dhéanamh an iarratais, tréimhsí ama agus seicheamhú an phróisis iarratais, cúrsaí a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe agus leis an gcomhshaol a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chinneadh an Bhoird i dtaca leis an iarratas, na comhlachtaí forordaithe nár mhór a chur ar an eolas i dtaobh iarratais, agus an cineál comhairliúcháin phoiblí ar cheart a bheith ann sula ndéantar iarratas a thaisceadh.

Ar iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais a fháil, ní mór don Bhord an t-iarratas sin a chur in iúl don údarás pleanála iomchuí (nó do na húdaráis phleanála i gcás ina dtrasnódh an láithreán is ábhar limistéir éagsúla údaráis áitiúil). Is éard a bheidh san fhógra litir ina mbeidh tuairisc ar nádúr na forbartha beartaithe agus léarscáil(eanna) de shuíomh an láithreáin.

Ní mór don Bhord taifead scríofa a choimeád d'aon chomhairliúcháin réamhiarratais a bhíonn ann. Ní mór na taifid scríofa sin a bheith ar fáil d'iniúchadh an phobail a luaithe a thabharfar an próiseas comhairliúcháin chun críche.

Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir ionchasach, ní mór don Bhord fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir ionchasach agus ar an údarás pleanála (na húdaráis phleanála) ina luafar a thuairim cibé an bonneagar straitéiseach é an fhorbairt bheartaithe nó nach ea.

Chun cáiliú mar fhorbairt bonneagair straitéisigh, ní mór d'fhorbairt bheartaithe bheith, ar an gcéad dul síos, faoi réim ceann amháin nó níos mó de na haicmí sa 7ú Sceideal agus géilleadh do na tairseacha atá luaite sa Sceideal sin. Lena chois sin, ní mór don Bhord teacht ar an tuairim go mbeadh an fhorbairt bheartaithe, dá gcuirfí i gcrích é, faoi réim ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: -

  • tábhacht straitéiseach geilleagrach nó sóisialta a bheith léi i dtaca leis an Stát nó leis an réigiún ina mbeadh sí suite,

  • í a bheith ina cuidiú suntasach chun aon cheann de chuspóirí na Frámaíocht Pleanála Náisiúnta nó cuspóirí de chuid straitéisí réigiúnacha spásúla agus eacnamaíocha atá i bhfeidhm sa cheantar a chomhlíonadh,

  • •éifeacht shuntasach a bheith aici ar limistéar feidhme níos mó ná údarás pleanála amháin.

Cuirfear comhairle ar iarratasóirí ionchasacha maidir lena thábhachtaí atá sé, de réir an Bhoird, an tionscadal beartaithe a shuí i gcomhthéacs a phlean agus a bheartais, go háirithe ó thaobh ordlathas na bpleananna, is é sin, an Frámaíocht Pleanála Náisiúnta, Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha, Straitéisí Réigiúnacha Dramhaíola agus Pleananna Forbartha Cathrach, Contae nó Limistéir Áitiúil.

Má chinneann an Bord gur forbairt bonneagair straitéisigh a bheadh san fhorbairt bheartaithe, ansin ní mór an t-iarratas ar chead a dhéanamh go díreach chuig an mBord faoi alt 37E d'Acht 2000, arna leasú. Sa chás go gcinneann an Bord nach forbairt bonneagair straitéisigh a bheadh san fhorbairt bheartaithe, ní mór an t-iarratas a dhéanamh ansin, faoi mar a dhéantaí roimhe sin, chuig an údarás pleanála faoi alt 34 d'Acht 2000.

Molfar d'iarratasóirí ionchasacha dul i gcomhairle go díreach leis an údarás áitiúil ar ina limistéar a bheadh an fhorbairt bheartaithe suite agus le haon chomhlacht forordaithe iomchuí.

Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil/na húdaráis áitiúla ar ina limistéar a bheadh an fhorbairt bheartaithe suite, nó le haon cheann de na comhlachtaí forordaithe. An cuspóir a bheadh le comhairliúcháin dá sórt ná aon srian a mbeadh tionchar aige ar an láithreán a shainaithint agus a fháil amach cibé an bhfuil plean nó clár á bheartú nó á chur i gcrích a bhainfeadh leis an iarratas.

I gcás ina dtéann an Bord i gcomhairle leis an údarás áitiúil ar ina limistéar atá an láithreán suite nó le haon chomhlacht forordaithe, déanfar taifead de chomhairliúcháin dá sórt agus tabhairt cóip den taifead/de na taifid sin don iarratasóir ionchasach. Cuirfear aon taifead dá shórt ar fáil do chigireacht an phobail a luaithe a thugtar an próiseas comhairliúcháin réamh-iarratais chun críche go foirmiúil.

Nuair a bheidh deireadh le céim an chomhairliúcháin réamhiarratais agus a chinneadh/a chomhairle fhoirmiúil ar an iarratas eisithe ag an mBord, foilseoidh sé a chinneadh sa liosta seachtainiúil de 'chásanna a cuireadh de láimh' ar a láithreán Gréasáin agus cuirfidh sé a chomhad ar fáil d'iniúchadh an phobail. Ar chríoch chéim an chomhairliúcháin, cuirfidh an Bord cóip den chomhad sin ar aghaidh chuig an údarás pleanála agus ba cheart an comhad sin a chur ar fáil go háitiúil d'iniúchadh an phobail. I gcás ina ndéanfaí iarratas ar chead chuig an mBord dá éis, ceanglófar an comhad comhairliúcháin réamhiarratais den chomhad iarratais.

3. An Fhaisnéis a bheadh i Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta – Alt 37D.

Ar fhógra a fháil go meastar gur forbairt bonneagair straitéisigh í ábhar an iarratais agus gur cheart an t-iarratas a dhéanamh go díreach chuig an mBord, féadfaidh an t-iarratasóir ionchasach iarraidh ar an mBord comhairle a chur air nó uirthi maidir leis an bhfaisnéis nár mhór a bheith sa Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT) a chuirfí isteach leis an iarratas. Ní féidir comhairle maidir le faisnéis a iarraidh i gcásanna 7ú Sceideal ach sa chás go bhfuil tuairim tugtha ag an mBord faoi alt 37B gur bonneagar straitéiseach a bheadh san fhorbairt bheartaithe.

Sula dtugtar tuairim ar fhaisnéis, ní mór don Bhord dul i gcomhairle le haon chomhlacht a shonraíonn an tAire, lena n-áirítear an t-údarás pleanála iomchuí, agus féadfaidh sé nó sí aighneachtaí nó tuairimí a iarraidh ó chomhlachtaí forordaithe eile (arna liostú in airteagal 213 de Rialacháin 2001, arna leasú) maidir leis an bhfaisnéis a bheadh san TMTT. Táthar ag súil go mbeidh údaráis phleanála lánpháirteach sa phróiseas seo agus go ndéanfaidh siad aighneachtaí chuig an mBord laistigh de thréimhse ama sách gearr a shonróidh an Bord. Tréimhse trí seachtaine nó mar sin a shonrófar de ghnáth. Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí dá sórt ón údarás pleanála a bheith i scríbhinn. Aon iarratas ar thuairim scríofa i dtaobh an ábhair a bheadh i TMTT, cuirfidh an Bord uimhir thagartha an chomhaid sin in iúl don údarás pleanála.

Nuair a bheidh deireadh leis an gcéim fhaisnéise seo agus a thuairim eisithe ag an mBord ar an iarratas ar fhaisnéis, foilseofar an t-eolas sin ar a láithreán Gréasáin ina liosta seachtainiúil de chásanna a cuireadh de láimh agus cuirfear an comhad ar fáil d'iniúchadh an phobail. Ina theannta sin, cuirfidh sé cóip dá chomhad chuig an údarás pleanála chun na críocha céanna

4. Iarratas chuig an mBord ar Chead – Alt 37E.

4.1 Fógra Iarratais

Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh ar chead pleanála maidir le forbairt a liostaítear sa 7ú Sceideal den Acht chuig an mBord nó chuig údarás pleanála ach sa chás go bhfuil a thuairim tugtha ag an mBord faoi alt 37E cibé an bonneagar straitéiseach a bheadh san fhorbairt bheartaithe nó nach ea. Má thagann sé ar an tuairim gur bonneagar straitéiseach a bheadh ann, ní feidir an t-iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála; ní mór aon iarratas dá shórt a dhéanamh go díreach chuig an mBord.

Sula ndéantar iarratas chuig an mBord ar chead faoi alt 37E, ní mór don iarratasóir ionchasach fógraí maidir leis an iarratas sin a fhoilsiú agus a iarraidh go ndéanfaí aighneachtaí agus tuairimí chuig an mBord laistigh de thréimhse ama sonraithe (nach lú ná 6 seachtaine), cóipeanna den iarratas, den TMTT agus i gcás inar cuí an RTN a chur chuig aon chomhlacht forordaithe agus chuig an údarás pleanála/na húdaráis phleanála ar ina limistéar a bheadh an fhorbairt bheartaithe suite. Ní mór é a lua san fhógra i gcás aighneachtaí nó tuairimí dá sórt, gur gá an t-ábhar, na dálaí agus na hargóintí ar a bhfuil siad bunaithe a leagadh amach ina n-iomláine agus gur faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé cibé an seolfar éisteacht ó bhéal nó nach seoltar.

I gcás nach sonraítear sna Rialacháin líon na gcóipeanna den iarratas den TMTT agus den RTN a chuirfidh an t-iarratasóir ionchasach chuig an údarás pleanála/na húdaráis phleanála, ní mór ar a laghad cúig chóip chrua agus dhá chóip leictreonacha a chur chuig an mBord.

De ghnáth iarrfaidh an Bord fógraí a bheith foilsithe i nuachtán náisiúnta agus i nuachtán áitiúil arna gceadú ag an údarás pleanála iomchuí don limistéar ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite.

Ar iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh a bheith déanta chuig an mBord, níor cheart don údarás pleanála faisnéis bhreise a iarraidh ar an iarratasóir, de bhrí nach cuid den iarratas a bheadh i gcomhfhreagras ná i bhfaisnéis dá sórt, agus nach mbeidís san fhearann poiblí.

4.2 Tuarascáil an Údaráis Phleanála

I gcás ina ndéantar iarratas ar chead faoi alt 37E, ní mór don údarás pleanála/do na húdaráis phleanála, de réir alt 37E (4) den Acht, tuarascáil a réiteach agus a chur chuig an mBord laistigh de 10 seachaine den iarratas a bheith déanta chuig an mBord. Meastar nach ndeonófar síneadh ama ach amháin i gcúinsí fíoreisceachtúla. Is éard a bheidh sa tuarascáil tuairimí an údaráis ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an timpeallacht, na héifeachtaí dóchúla ar aon láithreán Eorpach iomchuí, agus ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe limistéar an údaráis, ag féachaint go sonrach do na nithe a shonraítear in alt 34(2) d'Acht 2000.

Ba cheart d’Údaráis Phleanála a thabhairt dá n-aire go mbaineann an tréimhse deich seachtaine seo le hiarratais 37E amháin agus ní bhaineann sí le bonneagar leictreachais, gáis ná Stáit nó le bonneagar ordú iarnróid. Sna cásanna sin, ní mór aighneachtaí an údaráis phleanála a bheith taiscthe laistigh den tréimhse ama chéanna a bhíonn ag an bpobal chun aighneachtaí a dhéanamh.

Iarrtar ar an údarás pleanála scrúdú luath a dhéanamh ar na doiciméid a chuirtear chuige féachaint an leor iad chun críocha tuarascáil a ullmhú. Ba cheart aon easpa a bhraitear orthu a chur in iúl don Bhord i scríbhinn ag céim luath.

Sula gcuirtear an tuarascáil maidir leis an bhforbairt bheartaithe faoi bhráid an Rialtais, ní mór do bhainisteoir an údaráis phleanála cóip den tuarascáil a chur chuig comhaltaí an údaráis dá dtuairimí, agus ní mór aon mholadh a dhéanann siad, i bhfoirm rúin, mar aon le taifead an riarthóra, a cheangal den tuarascáil. Ba cheart an tuarascáil a chur chuig an mBord ansin i gcóip chrua. (Féach, leis, alt 7 a leanas maidir le saincheisteanna ar cheart díriú orthu de ghnáth sa tuarascáil.)

4.3 Aighneachtaí nó Tuairimí

Féadfaidh duine nó comhlacht ar bith aighneacht nó tuairim a dhéanamh maidir le hiarratas ar chead laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fhógra poiblí maidir leis na héifeachtaí ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe an limistéir, ar an timpeallacht agus ar aon láithreán Eorpach i gcás inar cuí. Gearrtar €50 de tháille i gcás aighneachtaí dá sórt ach amháin i gcás comhlachtaí forordaithe (ní bhíonn ar an údarás pleanála ina cháil mar chomhlacht forordaithe an táille seo a íoc). De ghnáth ní ceadmhach aighneachtaí nó tuairimí chuig an mBord a fhormhíniú. Ach d’fhéadfadh an Bord iarraidh ar dhuine ar bith aighneacht nó tuairim a fhorléiriú, agus d’fhéadfadh an t-údarás pleanála a bheith ar áireamh ansin. Le cois thuarascáil an údaráis phleanála dá dtagraítear ag (2) thuas, féadfaidh an Bord iarraidh ar an údarás pleanála iomchuí breis eolais a sholáthar maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe an limistéir agus ar an timpeallacht. Bheadh tréimhse ama chun freagairt a dhéanamh luaite in iarraidh mar sin. Ba cheart gach aighneachta dá sórt a dhéanamh i gcóip chrua.

Ní mór don Bhord féachaint do gach aighneacht a dhéantar maidir leis an bhforbairt bheartaithe i gcás ina ndéantar iad de réir an Achta nó de réir na Rialachán, agus ní mór é sin a bheith ráite i gcinneadh an Bhoird i dtaca leis an iarratas pleanála

4.4 Éisteachtaí ó Bhéal / Cruinnithe

Faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé éisteacht ó bhéal a sheoladh.  Is é beartas an Bhoird seoladh éisteacht ó bhéal a ordú i gcoitinne i gcásanna dá sórt, ach ní ceadmhach dó é sin a dhéanamh i ngach cás, go háirithe i gcás ina measann an Bord go bhféadfaí nádúr na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a mheasúnú go leordhóthanach agus go cuí i bhfoirm aighneachtaí scríofa  I gcás ina seolfar éisteacht ó bhéal, cuirfear fógra maidir leis chuig an údarás pleanála agus beifear ag súil go mbeidh an t-údarás i láthair agus rannpháirteach.  Áireofar air sin oifigigh Ranna ábhartha an údaráis phleanála a bheith i láthair. I gcás ina seoltar éisteacht ó bhéal, faoi lánrogha an chigire a bheidh sé an tslí ina reáchtálfar é a shocrú agus de ghnáth scaipfear clár oibre roimh ré. Lena chois sin, faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé, ag brath ar nádúr na forbartha beartaithe agus na saincheisteanna a thagann chun cinn, agus tar éis moladh an chigire a fháil, breithniú a dhéanamh cibé ar chóir clár oibre teoranta a chur i bhfeidhm maidir leis an éisteacht ó bhéal. Cuirfidh an Bord gach páirtí ar an eolas i scríbhinn má dhéantar cinneadh dá shórt.

Le cois éisteacht ó bhéal a sheoladh, is faoi lánrogha an Bhoird atá sé cruinniú a bheith aige leis an iarratasóir nó le haon duine nó le haon chomhlacht eile má mheastar go mbeadh sé caoithiúil nó riachtanach chun aon cheist a réiteach. D'fhéadfaí cruinniú dá shórt a sheoladh roimh an éisteacht ó bhéal, le linn don éisteacht a bheith ar athló nó tar éis na héisteachta ó bhéal, agus d’fhéadfadh an t-údarás pleanála a bheith bainteach leis in éineacht leis an iarratasóir nó gan an t-iarratasóir. I gcás ina seoltar cruinniú dá shórt ní mór don Bhord taifead scríofa a choimeád den chruinniú agus é a chur ar fáil d’iniúchadh an phobail. Cuirfear cóip den taifead in éineacht le doiciméid an iarratais phleanála agus cuirfear cóip de chuig an údarás pleanála iomchuí lena chur i gceangal leis an gcomhad a chuirfear ar fáil d’iniúchadh an phobail ag oifigí an údaráis phleanála fad a bhíonn an t-iarratas á phróiseáil.

Tá treoirlínte ar leith eisithe ag an mBord maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint in éisteachtaí ó bhéal.

4.5 Iniúchadh an Phobail ar Chomhaid – Ról an Údaráis Phleanála

Ceanglaítear faoin Acht na doiciméid a bhaineann le hiarratas ar chead a bheith curtha ar fáil d'iniúchadh an phobail. Ní mór don fhógra poiblí na hamanna agus na háiteanna agus an tréimhse ar féidir an t-iarratas a iniúchadh agus a cheannach lena linn a shonrú, agus aighneachtaí nó tuairimí a iarraidh lena gcur chuig an mBord. Ní mór taifid d'aon chruinniú a sheoltar a chur in éineacht le doiciméid an iarratais phleanála. Ba cheart aon eolas breise a chuirtear isteach mar fhreagairt ar iarraidh ón mBord a chur in éineacht le doiciméid an iarratais phleanála, leis. Sula gcinntear iarratas, faoi lánrogha an Bhoird a bheidh sé aon eolas a bhaineann leis an iarratas a chur ar fáil d'iniúchadh an phobail agus an pobal a chur ar an eolas go bhfuil sé ar fáil.

Iarrtar ar an údarás pleanála comhad poiblí a choimeád ag a oifigí maidir leis an iarratas, cosúil leis na comhaid a choinníonn sé i láthair na huaire i dtaca le comhaid iarratais phleanála faoin alt 34, agus ba cheart gach doiciméad a chur ar an gcomhad sin agus é a chur ar fáil d'iniúchadh an phobail. Coimeádfaidh an Bord comhad dá shórt ag a oifigí, leis. Ach amháin i gcás doiciméid an iarratais phleanála, an TMTT agus i gcás inar cuí an RTN a cuireadh isteach leis an iarratas agus nach mór don iarratasóir a chur ar aghaidh chuig an údarás pleanála, cuirfidh an Bord gach eolas ar aghaidh chuig an údarás pleanála nó déanfaidh sé socrú chun an t-eolas sin a bheith curtha ar aghaidh. I gcás ina n-iarrann an Bord RTN ón iarratasóir tar éis an t-iarratas a bheith taiscthe agus go bhfaightear é, cuirfidh sé an RTN ar aghaidh chuig an údarás pleanála in éineacht le fógra ina ndéarfar gur féidir aighneachtaí a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de thréimhse shonraithe maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheadh ag an fhorbairt bheartaithe ar láithreán Eorpach dá ndéanfaí é. Ní mór an comhad a uasdátú chun aighneachtaí a dhéantar chuig an mBord le linn phróiseáil an iarratais a chur san áireamh.

De ghnáth ceanglóidh an Bord ar an iarratasóir an t-iarratas a chur ar fáil d'iniúchadh an phobail ar láithreán Gréasáin neamhspleách agus i gcásanna áirithe in áiteanna eile.

Tar éis chinneadh an iarratais, cuirfear cóip de chinneadh agus de threoir an Bhoird in éineacht le doiciméid an iarratais agus beidh teacht ag an bpobal ar an gcomhad le linn ghnáthuaireanta oibre in oifigí an Bhoird ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana. Meastar go ndéanfaidh an t-údarás pleanála socruithe comhchosúla.

4.6 Cuspóir Reachtúil

Is é dualgas an Bhoird a chinntiú go dtugtar comhairliúcháin réamhiarratais chun críche agus go ndéantar cinntí ar iarratais a ghasta is féidir i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir, agus moill a sheachaint. Ceanglaítear ar an mBord, leis, iarrtais ar fhaisnéis maidir le TMTT a chomhlíonadh a luaithe is praiticiúil. Tá dualgas reachtúil ar an mBord cinneadh a dhéanamh ar iarratas alt 37E laistigh de 18 seachtaine ag tosú ar an lá deireanach ar ar féidir leis an bpobal aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh. Is den tábhacht é freagraí prasa tráthúla a fháil ón údarás pleanála ar ionchuir atá ag teastáil ón mBord ag céimeanna difriúla den phróiseas bonneagair straitéisigh le gur féidir leis an mBord cás-obair a chur de láimh go gasta.

4.7 Coinníollacha

Agus cinneadh á dhéanamh chun cead a dheonú faoi alt 37E i leith forbairt bonneagair straitéisigh, d'fhéadfadh an Bord coinníollacha a chur ag gabháil leis sa ghnáthshlí faoi alt 34(4) d'Acht 2000. I gcás inar gá ceadúnas CCRT nó ceadúnas dramhaíola, ní ceadmhach don Bhord coinníollacha a fhorchur maidir le rialú astaíochtaí ón ngníomhaíocht a dteastaíonn cead lena haghaidh. Féadfaidh an Bord iarraidh ar an údarás pleanála liosta coinníollacha a chur ar fáil mar chuid dá aighneacht ar an gcás, coinníollacha a theastódh uaidh go leagfaí síos dá gcinnfeadh an Bord cead a dheonú.

4.7.1 Ranníocaíochtaí airgeadais Alt 48/49

Féadfaidh an Bord coinníollacha maidir le scéim ranníocaíocht airgeadais / ranníocaíocht fhorlíontach nó ranníocaíocht speisialta a chur ag gabháil leis faoi ailt 48 agus 49 d’Acht 2000, arna leasú. Is den tábhacht é, mar sin, go gcuirfeadh an t-údarás pleanála ar áireamh lena thuarascáil ráiteas ina leagfaí amach a thuairimí ar céard iad na ranníocaíochtaí airgeadais, más ann dóibh, faoi na hailt sin ar cheart a chur ag gabháil leis dá gcinnfeadh an Bord cead a dheonú. Ar áireamh i ráiteas mar sin bheadh na ríomhaireachtaí mionsonraithe a bheadh i gceist agus na cúiseanna leis na coinníollacha molta. Bheadh sé sin gan dochar do thuairim an údaráis i gcás ina measann sé gur cheart cead a dhiúltú. Go háirithe, is gá sonraí iomlána na ríomhaireachtaí do ranníocaíochtaí speisialta.

4.7.2 Tairbhe don Phobal

Féadfaidh an Bord coinníollacha maidir le ‘tairbhe don phobal’ a fhorchur, .i. ag ceangal saoráid a thógáil nó a mhaoiniú, go hiomlán nó go páirteach, nó seirbhís a sholáthar nó a mhaoiniú, go hiomlán nó go páirteach, sa cheantar. Níor cheart d’aon choinníoll dá shórt a bheith chomh mór sin go mbainfeadh sé go substaintiúil den té a n-oibríonn an cead ina fhabhar nó ina fabhar, na buntáistí is dócha a thiocfaidh den deonú. Is den tábhacht é aire a bheith dírithe i dtuarascáil an bhainisteora chuig an mBord ar aon áis nó seirbhís sa cheantar a bheadh, i dtuairim an údaráis, ina 'thairbhe don phobal' agus a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach mar choinníoll a ghabhfadh le deonú ceada.

4.7.3 Úsáid Tailte Tadhlacha a Rialú

Ar áireamh in Acht 2006 tá foráil leasaithe a cheadaíonn coinníollacha a chur ag gabháil leis an gcead maidir le húsáid tailte atá tadhlach, teorantach nó comharsanach leis an láithreán iarratais, agus atá faoi rialú an iarratasóra. Ní mór d’aon choinníoll dá shórt a bheith caoithiúil chun críocha nó i dtaca leis an bhforbairt nó a bheith oiriúnach chun áis phoiblí a chaomhnú ar thailte atá tadhlach, teorantach nó comharsanach leo, ach ní ceadmhach dóibh ualach míchuí a chur ar an té a n-oibríonn an cead ina fhabhar nó ina fabhar. Arís, ba cheart do thuarascáil an Bhainisteora díriú ar an gceist seo, más cuí.

4.7.4 Nithe a bheidh le hAontú

Féadfaidh coinníollacha foráil a dhéanamh chun mionsonraí a bhaineann le deonú ceada a bheith aontaithe idir an t-údarás áitiúil / na húdaráis áitiúla agus an té a bheidh i mbun na forbartha, agus d’éagmais comhaontaithe féadfar an t-ábhar a chur ar aghaidh go dtí an Bord dá gcinneadh. Ba cheart d’údaráis phleanála dul i mbun oibre leis an iarratasóir a ghasta is féidir le cinntiú nach gcuirtear moill mhíchuí ar an bhforbairt.

4.8 Cinneadh an Bhoird agus Costais Réasúnta

Féadfaidh an Bord cead a dheonú le mionathruithe nó gan mhionathruithe i gcás na forbartha ar fad, nó cuid de, agus coinníollacha a chur ag gabháil leis, nó cead a dhiúltú.

Ní mór don Bhord cóip dá chinneadh a chur chuig an iarratasóir, chuig an údarás pleanála agus chuig duine nó comhlacht ar bith eile a rinne aighneacht nó tuairim i dtaca leis an iarratas.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith luaite i gcinneadh an Bhoird:

  • na príomhchúiseanna leis an gcinneadh agus na gnéithe a raibh tionchar acu ar an gcinneadh,

  • an phríomhchúis le haon choinníoll a cuireadh ag gabháil leis,

  • gur thug an Bord aird ar aon aighneacht nó tuairim a fuarthas de réir an Achta nó na Rialachán,

  • an méid airgid a bheidh le híoc leis an mBord i leith chostas na gcomhairliúchán réamhiarratais, comhairle maidir leis an bhfaisnéis a bheadh san TMTT agus cinneadh an iarratais agus aon chostas a mheasann an Bord a bheith réasúnta d’aon údarás pleanála a thabhaigh costais i gcúrsa bhreithniú an iarratais. Lena chois sin, féadfaidh an Bord méid a bhronnadh mar ranníocaíocht i leith chostais réasúnta arna dtabhú ag aon duine nó aon chomhlacht eile i gcúrsa bhreithniú an iarratais.

De réir alt 37H (1A) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, ceanglaítear ar an mBord fógra dá chinneadh a fhoilsiú faoi alt 37G i nuachtán amháin nó níos mó atá i gcúrsaíocht sa cheantar. Ní mór é a bheith ráite san fhógra gur féidir le duine bailíocht an chinnidh a cheistiú de réir alt 50 den Acht. Ní mór é a bheith ráite san fhógra, leis, an áit is féidir faisnéis phraiticiúil a fháil ar an modh achomhairc.

I gcás ina gcinneann an Bord cead pleanála a dheonú, ní thiocfaidh an deonú i bhfeidhm go dtí go mbeidh gach costas a dhámh an Bord íoctha. Muna n-íoctar na costais, féadfaidh an Bord, an t-údarás pleanála agus gach duine eile a ndámhtar costais dóibh, aisghabháil a lorg mar fhiach simplí in aon chúirt dlínse inniúla. Tá tréimhse tríocha lá socraithe ag an mBord mar an tréimhse ar cheart don iarratasóir costais a íoc lena linn sula dtionscnaítear caingean chun a chostais féin a aisghabháil.

Ba cheart don údarás pleanála a éileamh ar chostais a chur faoi bhráid an Bhoird ag an am /na hamanna cuí agus níor mhór dó a bheith mionsonraithe agus inchosanta ina iomláine. Ba cheart an t-éileamh a bheith curtha isteach laistigh de thrí seachtaine ó chríoch aon éisteacht ó bhéal, nó i gcás nach raibh éisteacht ó bhéal ann, laistigh de thrí seachtaine ó fhógairt an ní sin. I gcás ina n-iarrann an Bord faisnéis bhreise, ina n-athosclaítear an éisteacht ó bhéal nó ina mbíonn cruinniú ann tar éis éileamh a bheith curtha isteach, ba cheart don údarás pleanála éileamh forlíontach a chur chuig an mBord laistigh de thrí seachtaine ó dhéanamh na haighneachta nó ó chríoch na héisteachta nó an chruinnithe.

I gcoitinne, ní mheastar go bhfostódh an t-údarás pleanála comhairle speisialtóra ag súil leis go n-iarrfadh an Bord ar an iarratasóir costas aon seirbhísí comhairleachta dá sórt a íoc gan fógra a bheith curtha chuig an mBord agus dul i gcomhairle leis roimh ré. Déanfar amhlaidh chun dúbailt chostais an údaráis pleanála agus an Bhoird a sheachaint. Tá sé inmhianaithe, más gá dul i gcomhairle leis an mBord i dtaca le fostú sainchomhairleoirí, go ndéanfaí é go luath tar éis an t-iarratas ar chead a bheith faighte.

5. Leasuithe ar Chead / Soiléiriú an Chinnidh

Féadfaidh an t-iarratasóir nó duine ar bith eile atá i mbun forbartha bonneagair straitéisigh arnú deonú ag an mBord iarraidh ar an mBord téarmaí an cheada a athrú. Mionsonraítear na nósanna imeachta a bheidh le glacadh i gcásanna dá sórt i meabhrán ar leith ón mBord dar teideal "7ú Sceideal: Forbairt Bonneagair Straitéisigh – Treoirlínte d'Iarratasóirí". Ní mór don Bhord fógra poiblí dá chinneadh a fhoilsiú agus cóip de a chur chuig an údarás áitiúil iomchuí. Athrú ar an gcead pleanála a bheidh i gceist le cinneadh dearfach. I gcásanna áirithe d'fhéadfadh TMTT nó RTN a bheith riachtanach agus beidh gá leis na gnáthphróisis chomhairliúcháin leis an bpobal agus le grúpaí eile ar a n-áirítear fógra poiblí a thabhairt maidir leis an TMTT/RTN.

I gcás ina ndéantar earráid chléireachais, nó ina measann an Bord gur gá a shoiléiriú a bhfuil sé ceaptha ag an gcinneadh a éascú, féadfaidh an Bord a chinneadh a leasú. Ní féidir athrú ábhartha ar théarmaí na forbartha bheith ina thoradh ar leasú dá shórt, áfach. Féadfaidh an Bord aighneachtaí a iarraidh sula gcinneann sé cinneadh a leasú.

Táthar ag súil go gcuirfear cóip d'aon chinneadh / soiléiriú dá dtagraítear thuas ar na comhaid phoiblí, lena n-áirítear an comhad atá ag an údarás áitiúil.

6. Forfheidhmiú Cinnidh agus Coinníollacha

Gnó don údarás pleanála is ea cinntí maidir le forbairt bonneagair straitéisigh 7ú Sceideal, lena n-áirítear coinníollacha ag gabháil leo, a fhorfheidhmiú. Beidh feidhm ag forálacha forfheidhmithe an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.

7. Ceisteanna nár mhór díriú orthu i dTuarascáil an Údaráis Phleanála

Beidh na saincheisteanna ar leith a ndíreofar orthu i dtuarascáil an údaráis phleanála atá riachtanach faoi alt 37E(4) d'Acht 2000 éagsúil ó thuarascáil go tuarascáil ag brath ar nádúr na forbartha beartaithe agus ar an timpeallacht ghlactha. Treoir ghinearálta a bheidh sa liosta topaicí seo a leanas d'údaráis phleanála ach d'fhéadfadh leasú a bheidh de dhíth chun iad a chur in oiriúint do thuarascáil ar leith.

  • Príomhfhorálacha an Phlean Fhorbartha iomchuí maidir leis an láithreán is ábhar agus leis an gceantar máguaird lena n-áirítear forálacha ábhartha na Croí-Straitéise. Ba cheart stádas reatha an Phlean Fhorbartha agus aon Dréachtphlean iomchuí a léiriú go soiléir, mar aon le haon saincheist ag éirí as.

  • Mionsonraí fhorálacha aon Phlean iomchuí eile (m.sh. Pleananna Limistéir Áitiúil) agus ráiteas maidir le stádas na bPleananna sin (glactha nó i bhfoirm dhréachta).

  • Stair iomchuí phleanála an láithreáin is ábhar agus an cheantair máguaird.

  • Eolas forfheidhmiúcháin iomchuí i dtaobh an láithreáin is ábhar.

  • Beartais ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.

  • Aon Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta (OLTS) a bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe tionchar a bheith aici air.

  • Ainmníochtaí Eorpacha, Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, a bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe tionchar a bheith aici orthu (cibé sa chéanna nó gar dó).

  • Struchtúir faoi Chosaint, Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) srl.

  • Beartas dramhaíola, a bhféadfadh baint a bheith aige leis an fhorbairt bheartaithe. Tiocfaidh sé sin chun cinn go háirithe i gcás iarratas ar shaoráidí dramhaíola mar ar cheart tagairt a dhéanamh do bheartais, do chuspóirí agus d’fhorálacha eile Phleananna Réigiúnacha Bainistíocht Dramhaíola le cois an Phlean Forbartha.

  • Leordhóthanacht an tsoláthair uisce phoiblí. (Nóta: Féadfaidh Uisce Éireann, ina cháil mar chomhlacht forordaithe, tuairim a thabhairt)

  • Saoráidí séarachais phoiblí agus acmhainn chun an fhorbairt bheartaithe a éascú. (Nóta: Féadfaidh Uisce Éireann, ina cháil mar chomhlacht forordaithe, tuairim a thabhairt)

  • Infhaighteacht agus acmhainn na saoráidí draenála uisce dhromchla poiblí.

  • Measúnú riosca tuilte de réir The Planning System and Flood Risk Management – Guidelines for Planning Authorities (Samhain 2009).

  • Measúnú faoin gCreat-Treoir Uisce agus faoi rialacháin ghaolmhara.

  • Measúuithe hidreolaíocha agus hidrigeolaíocha má tá siad ábhartha maidir leis an gcás.

  • Measúnú cuí faoin Treoir maidir le Gnáthóga.

  • Tuairimí ar leordhóthanacht, an modheolaíocht a glacadh agus conclúidí agus eile an TMTT a cuireadh isteach leis an iarratas.

  • Measúnú ar stádas an tírdhreacha agus ar an éifeacht ó thaobh amhairc, mar is cuí.

  • Acmhainn iompair agus sábháilteacht líonra na mbóithre a fhreastalaíonn ar an fhorbairt bheartaithe.

  • Acmhainn iompair chomhshaoil an láithreán is ábhar agus an cheantair máguaird, agus an éifeacht is dócha a bheadh ag an fhorbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, dá ndéanfaí í.

  • Forálacha Chuid V (tithíocht shóisialta agus inacmhainne) (a d’fhéadfadh a bheith infheidhme i gcásanna neamhchoitianta).

  • Tuairisc ar aon úsáid a bhaineann an pobal as tailte atá tadhlach, teorantach nó comharsanach leo agus atá faoi úinéireacht an iarratasóra, agus tuairim an údaráis phleanála ar aon choinníoll a d'fhéadfadh a bheith cuí chun críche saoráid phoiblí a chaomhnú ar na tailte sin.

  • Tuairim an údaráis phleanála i leith an chinnidh a bheidh le déanamh ag an mBord.

  • Tuairim an údaráis phleanála ar choinníollacha ar cheart a chur ag gabháil leis i gcás go gcinneann an Bord cead a dheonú. (I gcás inar gá ceadúnas CCRT nó ceadúnas dramhaíola, ní ceadmhach don Bhord coinníollacha a fhorchur maidir le rialú astaíochtaí ón ngníomhaíocht a dteastaíonn cead lena haghaidh).

  • Tuairim an údaráis phleanála ar choinníollacha maidir le tairbhe an phobail a d’fhéadfadh a bheith cuí.

  • Sonraí na scéime do ranníocaíocht forbartha faoi alt 48/49 ar cheart a chur ag gabháil leis i gcás deonú.

  • Sonraí aon choinníll maidir le ranníocaíocht speisialta ar cheart a chur ag gabháil leis i gcás deonú mar aon le ríomhaireachtaí mionsonraithe agus bonn cirt na gcoinníollacha.

  • Aon ghnó eile maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol, dea-phleanáil agus forbairt inbhuanaithe an cheantair nó a thionchair ar láithreán/láithreáin Eorpacha a mheasann an t-údarás pleanála a bheith bainteach leis an gcás.

Nóta. Meastar go mbeidh ar áireamh i dtuarascáil an údaráis phleanála tuairimí/moltaí na ranna agus an phearsanra ar fad lena mbaineann san údarás áitiúil chomh maith le tuairim chiallmhar an údaráis áitiúil ar an togra ina iomláine.

An mionathrú is déanaí: Bealtaine 2018.