Treoir maidir le Rannpháirtíocht an Phobail i bhForbairt Bonneagair Straitéisigh
Rinne An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 athruithe suntasacha ar an tslí a gcinntítear forbairtí bonneagair straitéisigh laistigh den chóras pleanála. Tugtar treoir sa doiciméad seo ar na príomhghnéithe den chóras lena n-áirítear rannpháirtíocht an phobail.
C1 Cad atá i gceist le forbairt bonneagair straitéisigh?
Is féidir cur síos ginearálta a dhéanamh ar fhorbairt bonneagair straitéisigh mar fhorbairt lena mbaineann tábhacht eacnamaíoch nó shóisialta straitéiseach don Stát nó don réigiún. Áirítear leis freisin, forbairt a chuirfidh go suntasach le comhlíonadh aon cheann de na cuspóirí sa Straitéis Spáis Náisiúnta nó aon Treoirlínte pleanála réigiúnacha do limistéar nó a mbeadh éifeachtaí suntasacha acu ar limistéar lena mbaineann níos mó ná aon údarás pleanála amháin.
C2 Cad iad na hathruithe ollmhóra sa chóras pleanála mar thoradh ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach)?
Déanfar iarratais phleanála maidir le forbairt phríobháideach áirithe ar scála mór, go ginearálta den chineál a éileoidh measúnú tionchair timpeallachta (EIA) agus a dheimhneoidh an Bord go gcomhlíonann siad na critéir dá dtagraítear i C1 go díreach chuig an mBord Pleanála (an Bord). Tá siad sin liostaithe sa 7ú Sceideal den Acht um Pleanáil 2000 a chuir Acht 2006 isteach (dá dtagraítear mar fhorbairt sa 7ú Sceideal). Roimhe sin, rinneadh iarratais phleanála den sórt sin chuig an údarás pleanála áitiúil (e.g. an chomhairle chontae) agus bhí ceart achomhairc chuig an mBord. Déanfaidh na soláthróirí áirgiúlachta iomchuí iarratais maidir le ceadú bonneagar gáis agus iarnróid freisin chuig an mBord tríd is tríd.
C3 Cad iad na cineálacha forbartha bonneagair straitéisigh?
Sa bhreis ar fhorbairt sa 7ú Sceideal, áirítear le forbairt bonneagair straitéisigh: forbairt atá beartaithe ag údaráis áitiúla ina limistéar feidhme féin a éilíonn EIA; forbairtí EIA áirithe ag an Stát nach raibh gá le cead pleanála go dtí seo; píblínte gáis ollmhóra agus a gcríochfoirt, foirgnimh agus a suiteálacha gaolmhara; mótarbhealaí agus bóithre ollmhóra eile; forbairt de chuid an údaráis áitiúil ar an gcladach nó thar ceann an údaráis áitiúil; oibreacha iarnróid lena n-áirítear iarnród éadrom agus córais metro agus forbairt thráchtála ghaolmhara áirithe ar thalamh atá tadhlach; agus fáil éigeantach talamh a bhaineann le roinnt de na forbairtí thuas.
C4 Mar sin, conas mar a oibreoidh an córas nua?
Cé nach mbeidh na nósanna imeachta maidir le gach cás comhionann, go ginearálta, beidh próiseas trí chéim i gceist ach ní bheidh feidhm leo sin i ngach cás: -
(i) Comhairliúcháin: sa chás go n-iarrann iarratasóir ionchasach ar chead /ar cheadú/ ar thoiliú eile comhairliúcháin réamhiarratais leis an mBord,
(ii) Scóipeáil: sa chás go n-iarrann iarratasóir ionchasach ar an mBord an EIS don tionscadal a ‘scóipeáil’ (féach C9), agus
(iii) Iarratas: sa chás go gcuireann an t-iarratasóir iarratas faoi bhráid an Bhoird ar chead pleanála, ar cheadú nó toiliú eile.
C5 Cad é an difríocht idir iarratas ar chead pleanála agus iarratas ar cheadú?
Baineann iarratais ar chead pleanála le forbairt sa 7ú Sceideal. Baineann ceaduithe go ginearálta le gach forbairt bonneagair straitéisigh eile cé go mbaintear leas as téarmaíocht éagsúil i roinnt cásanna. Seachas an téarmaíocht níl aon difríocht suntasach i gceist.
C6 Cad é an cuspóir atá le comhairliúcháin réamhiarratais agus cathain a bhfuil feidhm leo?
Is é an cuspóir atá le comhairliúcháin iarracht a dhéanamh a chinntiú go mbeidh an t-iarratas a leanfaidh sin ar chead/cheadú ar ardchaighdeán, e.g. go leanfar na nósanna imeachta cearta agus go dtabharfar aird mar is ceart ar shaincheisteanna a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe agus na tionchair ar an gcomhshaol ó chuirfear tús leis an iarratas. Féadfar leas a bhaint as chun a léiriú gur dóigh leis an mBord go bhfuil fadhbanna tromchúiseacha leis an togra nó chun comhairle a chur ar an iarratasóir maidir le comhairliúchán poiblí. Tá feidhm leis maidir leis an 7ú Sceideal, forbairt ar línte tarchurtha leictreachais / idirnascairí, forbairt gáis agus iarnróid an Stáit agus caithfear sin a iarraidh sula ndéanfar iarratas ar chead/cheadú.
C7 Conas a choimeádfar daoine den phobal ar an eolas maidir leis na comhairliúcháin sin?
Sa chás go bhfaighidh an Bord iarratas ar chomhairliúcháin, cuirfidh an Bord an t-iarratas san áireamh sa liosta seachtainiúil ‘cásanna a fuarthas’. Cuirfear in airde ar an láithreán gréasáin é freisin. Nuair a bheidh na comhairliúcháin tugtha chun críche, cuirfidh an Bord san áireamh é ina liosta seachtainiúil ‘cásanna cinntithe’ agus cuirfear ar an láithreán gréasáin é. Ina theannta sin, beidh taifid an Bhoird ar aon chruinnithe a reáchtálfar le hiarratasóirí ionchasacha i rith na céime sin ar fáil lena scrúdú agus lena gceannach nuair a bheidh na comhairliúcháin tugtha chun críche.
C8 An bhféadfaidh iarratasóirí ionchasacha iarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead/cheadú nuair a bheidh na comhairliúcháin tugtha chun críche?
Go ginearálta, féadfaidh siad. I gcás forbairt sa 7ú Sceideal áfach, ní fhéadfar iarratas a dhéanamh chuig an mBord ach amháin sa chás go ndeimhnítear go mbeidh tábhacht eacnamaíoch nó sóisialta straitéiseach leis an bhforbairt nó go gcomhlíonfar critéir áirithe eile – féach C1. Seachas sin caithfear gnáthiarratas pleanála a dhéanamh chuig an údarás pleanála áitiúil leis an ngnáthfhoráil ar achomharc chuig an mBord in aghaidh chinneadh an údaráis phleanála. (Tabhair ar aird nach mbaineann comhairliúcháin ach amháin le forbairtí dá dtagraítear i C6).
C9 Cad atá i gceist le scóipeáil agus cathain a mbíonn feidhm leis?
Is nós imeachta é scóipeáil a sholáthraítear i dtreoracha AE ina bhféadfaidh iarratasóir ionchasach iarratas a dhéanamh ar an údarás toilithe (an Bord sa chás seo) tuairim a thabhairt i scríbhinn maidir leis an bhfaisnéis a éileofar i ráiteas tionchair timpeallachta (EIS) i ndáil le forbairt bheartaithe. I gcás forbairt bonneagair straitéisigh, tá feidhm leis maidir leis an 7ú Sceideal, forbairt ar línte tarchurtha leictreachais / idirnascairí, forbairt gáis agus iarnróid de chuid an údaráis áitiúil, an Stáit ach ní ceanglas éigeantach atá ann.
C10 An mbeidh rochtain ag daoine den phobal ar an bpróiseas sin?
Beidh feidhm leis na nósanna imeachta dá dtagraítear ag C7 thuas le scóipeáil freisin.
C11 Conas a bheidh a fhios ag an bpobal nuair a dhéanfar iarratas?
Sula féidir iarratas a dhéanamh chuig an mBord, ní mór don iarratasóir ionchasach fógra den iarratas atá beartaithe a fhoilsiú in aon nuachtán amháin ar a laghad a bhíonn á scaipeadh sa limistéar. Ina theannta sin, éileofar fógraí láithreáin freisin i bhformhór na gcásanna. Léireoidh na fógraí sin nádúr agus suíomh na forbartha beartaithe, go bhfuil EIS ullmhaithe (nuair is gá), amanna agus áiteanna a fhéadfar an t-iarratas (agus an EIS) a scrúdú, go bhfuil iarratas le déanamh chuig an mBord do chead / cheadú pleanála, na cineálacha cinntí a fhéadfaidh an Bord a dhéanamh agus go bhféadfaidh an pobal agus eile e.g. comhlachtaí forordaithe aighneachtaí a dhéanamh chuig an mBord. Cuirfidh an Bord fógra maidir le fáil an iarratais ina liosta seachtainiúil de chásanna nua agus cuirfear ar an láithreán gréasáin é.
C12 An bhféadfaidh an pobal cóipeanna den iarratas a fheiceáil nó a fháil?
Féadfaidh siad. Ní mór don iarratasóir an t-iarratas agus an EIS a chur ar fáil lena scrúdú agus lena cheannach (ar chostas réasúnach cóip a dhéanamh) ar feadh tréimhse sé seachtaine ar a laghad. Beidh na doiciméid ar fáil ag oifigí an Bhoird agus ag oifigí an údaráis phleanála ina mbeidh sé i gceist an fhorbairt bheartaithe a lonnú sa dlínse sin.
C13 An bhféadfaidh daoine den phobal a bheith mar rannpháirtí sa phróiseas iarratais?
Féadfaidh. Déantar soláthar leis an Acht do raon leathan rannpháirtíocht ón bpobal i ndáil le forbairt bonneagair straitéisigh. Féadfaidh aon duine nó aon chomhlacht aighneachtaí a dhéanamh chuig an mBord laistigh den tréimhse atá ceadaithe an t-iarratas a scrúdú (íosmhéid de sé seachtaine) i ndáil le himpleachtaí na forbartha beartaithe ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe agus na héifeachtaí dóchúla ar an gcomhshaol ón bhforbairt bheartaithe. Sa chás go reáchtálfar cruinnithe idir an Bord agus na hiarratasóirí ionchasacha faoi na nósanna imeachta comhairliúcháin nó scóipeála dá dtagraítear roimhe seo, cuifear taifead aon chruinniú den sórt sin ar fáil lena scrúdú. Sa chás go n-iarrann an Bord tuilleadh faisnéise suntasach i ndáil leis an iarratas, déanfar socruithe an fhaisnéis sin ar chur ar fáil go háitiúil ionas go mbeidh an pobal ábalta í a scrúdú.
C14 An bhfuil tréimhse ama i gceist chun aighneachtaí a dhéanamh chuig an mBord i ndáil leis an iarratas? EIS?
Tá. Ní mór aighneachtaí a bheith faighte in oifigí an Bhoird laistigh den tréimhse (íosmhéid sé seachtaine) a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseoidh an t-iarratasóir.
C15 Cad a tharlóidh má bhíonn oifigí an Bhoird dúnta ar an lá deiridh a nglacfar le haighneachtaí?
Sa chás go mbeidh an lá deiridh den tréimhse a nglacfar le haighneachtaí ar an deireadh seachtaine, ar shaoire poiblí nó ar lá eile a mbeidh oifigí an Bhoird dúnta, is ionann an lá deiridh a nglacfar le haighneachtaí agus an chéad lá eile a mbeidh na hoifigí ar oscailt.
C16 Cad a tharlóidh má bhíonn an tréimhse a ndéanfar aighneachtaí ann thar an Nollaig nó an Bhliain Nua?
Beidh an tréimhse ó 24ú Nollaig go dtí an 1ú Eanáir agus iad sin san áireamh (i.e. 9 lá) fágtha ar lár chun críche ríomh na dtréimhsí ama go léir faoi na hAchtanna um Pleanáil. Dá bhrí sin, sa chás go dtitfidh an tréimhse chun aighneacht a dhéanamh idir 24 Nollaig agus 1 Eanáir (an dá dháta sin san áireamh), síneofar an lá deiridh chun aighneacht a dhéanamh. Mar sin, mar shampla, má thiteann an dá deiridh de thréimhse sé seachtaine an 24 Nollaig, is ionann an lá deiridh le haighneacht a dhéanamh agus an 2ú Eanáir, agus más ionann an lá deiridh de thréimhse sé seachtaine agus an 29 Nollaig, is ionann an lá deiridh le haighneachtaí a dhéanamh agus an 7ú Eanáir.
Nóta: féadfar an méid thuas a leasú mar thoradh ar rialacháin. B’fhearr, déarfaimis go luafar an lá deiridh (agus an t-am) maidir le haighneachtaí a fháil ar an bhfógra poiblí agus faoi rialacháin bheadh an t-údarás againn é sin a dheachtú. Ansin bheadh feidhm le hoscailt ar an deireadh seachtaine / i rith tréimhse na Nollag maidir leis an tréimhse iomchuí agus scriosfaí gach tagairt do na tréimhsí sin san fhógra poiblí. Glacfaidh cásanna nach cásanna de chuid Údaráis Áitiúla iad a bheidh faoi réir ag comhairliúchán réamhiarratais an cur chuige sin.
C17 An bhfuil soláthar ann do chruinnithe agus d’éisteachtaí ó bhéal?
Tá. Is é rogha an Bhoird féin amháin é cibé an stiúrfar éisteacht ó bhéal maidir le haon chás faoi fhorbairt bonneagair straitéisigh. Is é polasaí an Bhoird é stiúradh éisteacht ó bhéal ar chásanna den sórt sin a threorú go ginearálta, ach amháin sa chás go bhfuil na saincheisteanna soiléir agus gur féidir déileáil leo go héasca trí aighneacht i scríbhinn. Féadfaidh an Bord cruinniú a reáchtáil leis an iarratasóir freisin agus i gcásanna áirithe, le comhlachtaí/daoine eile, a chreideann an Bord, a bhfuil faisnéis iomchuí acu. Coimeádfar taifead ar na cruinnithe sin agus cuirfear ar fáil don phobal é sin lena scrúdú agus lena cheannach. Féadfaidh an Bord a chinneadh éisteacht ó bhéal agus cruinniú (cruinnithe) a reáchtáil sa chás céanna. Sa chás go nglaofar cruinniú, féadfar é a reáchtáil roimh an éisteacht ó bhéal nó i ndiaidh éisteachta ó bhéal.
C18 An bhfuil táille i gceist le haighneacht a dhéanamh chuig an mBord?
Tá. Tá táille €50 socraithe ag an mBord maidir le haighneacht a dhéanamh chuig an mBord i ndáil le hiarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh. Sa chás go mbeidh an Bord ag lorg tuilleadh aighneachtaí, ní ghearrfar táille bhreise sa chás go mbeidh táille íoctha cheana féin ag an duine a dhéanfaidh an aighneacht.
C19 Mura ndéanfaidh mé aighneacht chuig an mBord sa tréimhse a bheidh ceadaithe chun aighneachtaí a dhéanamh, an bhféadfar éisteacht liom ag an éisteacht ó bhéal, sa chás go mbeidh éisteacht ó bhéal ann?
Níl aon cheart uathoibríoch ann. Tá sé de rogha ag an gcigire a stiúrfaidh an éisteacht ó bhéal áfach éisteacht le duine nach bhfuil aighneachtaí déanta aige/aici chuig an mBord má bhreithneofar sin a bheith cuí ar mhaithe le ceartas éisteacht leis an duine sin. Éileofar ar aon duine den sórt sin a cheadófar dó/di aighneacht a dhéanamh an táillí chuí a íoc.
C20 An bhfuil nósanna imeachta nó treoirlínte ann maidir le héisteachtaí ó bhéal a stiúradh?
Tá. Tá doiciméad Oral Hearing Procedures ar fáil ón mBord agus ar láithreán gréasáin an Bhoird ina leagtar amach na príomhnósanna imeachta atá i gceist. Is iad na príomhphointí atá le tabhairt ar aird go mbeidh sé de rogha an chigire i leith stiúradh na héisteachta ach caithfear an éisteacht a stiúradh go gasta, gan fhoirmeáltacht mhíchuí. Féadfaidh sé/sí an tréimhse ina bhféadfaidh aon duine pointí nó argóintí a dhéanamh a theorannú nó diúltú pointí nó argóint a chloisteáil nach mbaineann leis an éisteacht nó a bheidh athráiteach.
Is cion é cosc nó bac a chur ar dhuine éisteacht a stiúradh. Féadfaidh an chúirt pionóis ghéara a ghearradh ar dhaoine a chiontaítear i gcionta dá shórt. Ina theannta sin, féadfaidh an chúirt ordú a thabhairt don duine ciontaithe nó éinne a ndearnadh an cion lena c(h)omhthoil, c(h)úlcheadú nó f(h)aomhadh na costais bhreise a tharla de bharr na moilleanna de bharr coisc nó baic i gceist a íoc leis an mBord nó le haon pháirtí nó duine a bhí i láthair ag an éisteacht ó bhéal.
C21 An bhféadfaidh mé éisteacht ó bhéal a iarraidh?
Féadfaidh. Féadfaidh an t-iarratasóir nó aon duine a dhéanann aighneachtaí chuig an mBord i ndáil leis an iarratas a iarraidh go ndéanfaí éisteacht ó bhéal a stiúradh. Mar sin féin, caithfear an t-iarratas sin a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a cheadófar maidir le haighneachtaí a dhéanamh. Ní bheidh aon táille bhreise (sa bhreis nó níos airde ná an táille iarratais ná an táille chun aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt) iníoctha (ní ionann agus i gcás achomhairc phleanála).
C22 An bhféadfaidh an Bord tuilleadh faisnéise a lorg?
Féadfaidh. Tá cumhacht leathan ag an mBord tuilleadh faisnéise a lorg ón iarratasóir agus ó dhaoine eile i ndáil leis an iarratas. Féadfaidh an Bord EIS athbhreithnithe a iarraidh ón iarratasóir agus tuilleadh aighneachtaí a iarraidh ón iarratasóir, ó dhaoine a rinne aighneachtaí i ndáil leis an iarratas nó ó aon duine eile lena n-áirítear comhlachtaí forordaithe a bhféadfadh faisnéis iomchuí a bheith acu. Sa chás go bhfaighfear EIS athbhreithnithe nó tuilleadh faisnéise agus i dtuairim an Bhoird go bhfuil faisnéis bhreise shuntasach iontu ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol, cuirfidh an Bord an EIS/an fhaisnéis bhreise ar fáil lena scrúdú, lorgófar tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe agus tabharfar fógra maidir leis na nithe sin.
C23 Cad a bhreithneoidh an Bord agus iarratas á chinneadh?
Cinnfear forbairt bonneagair straitéisigh ar an mbonn céanna le gnáthachomhairc phleanála e.g. pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe ar limistéar agus na héifeachtaí, más ann, a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol. Tabharfaidh an Bord aird ar nithe mar pholasaithe agus cuspóirí an phlean (pleananna) forbartha áitiúil, treoirlínte pleanála ón Aire, treoirlínte pleanála réigiúnacha, an Straitéis Spáis Náisiúnta, polasaithe agus cuspóirí an Rialtais agus an leas náisiúnta. Ina theannta sin, ní mór don Bhord an t-iarratas a bheidh roimhe a bhreithniú, lena n-áirítear an EIS, más ann, aon aighneachtaí a dhéanfar leis an mBord i ndáil leis an iarratas, tuarascáil an údaráis phleanála áitiúil (na húdaráis phleanála áitiúla), lena n-áirítear aon mholtaí a chuirfidh comhaltaí tofa an údaráis i láthair agus tuarascáil agus moltaí chigire an Bhoird maidir leis an iarratas/éisteacht ó bhéal.
C24 An bhféadfaidh cinneadh an Bhoird sárú ábhartha a dhéanamh ar fhorálacha an phlean forbartha áitiúil (pleananna forbartha áitiúla)?
Féadfaidh. Cé go mbeidh aird ag an mBord ar pholasaithe agus ar chuspóirí an phlean forbartha áitiúil, nó sa chás go mbeidh tionchar ag an bhforbairt ar níos mó ná aon údarás áitiúil amháin, gach plean forbartha áitiúil iomchuí, d’fhéadfadh cinneadh an Bhoird sárú ábhartha a dhéanamh ar fhorálacha na bpleananna sin.
C25 An bhféadfaidh an Bord a chinneadh gan glacadh le moladh an chigire?
Féadfaidh. Cé go gcaithfidh an Bord aird a thabhairt ar thuarascáil agus ar mholtaí an chigire, níl sé de dhualgas ar an mBord glacadh leis an moladh sin. In aon chás nach nglacfaidh an Bord le moladh maidir le ceadú nó diúltú, luafar an chúis (na cúiseanna) leis sin. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird freisin, fiú i gcásanna a nglacfaidh an Bord le moltaí maidir le ceadú nó diúltú, féadfaidh an Bord gnéithe den fhorbairt bheartaithe a mhodhnú, athruithe a dhéanamh ar na coinníollacha a bheidh ceangailte leis an gceadú nó leis na cúiseanna a diúltaíodh é, agus i dtéarmaí pleanála, is ionann sin agus athruithe suntasacha ar an gcinneadh i leith an mholta.
C26 An gcaithfidh an Bord cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse ama áirithe?
Tá cuspóir straitéiseach ag an mBord cásanna bonneagair straitéisigh a chinneadh laistigh d’ocht seachtaine déag ón lá deiridh a nglacfar le haighneachtaí ón bpobal. Sa chás nach mbeidh sé indéanta nó cuí an cás a chinneadh laistigh den fhráma ama sin, cuirfidh an Bord é sin in iúl dóibh siúd uile lena mbaineann agus tabharfar dáta athbhreithnithe a mbeidh sé i gceist an ní a chinneadh.
C27 An gcuirfear rannpháirtithe ar an eolas maidir leis an gcinneadh?
Cuirfear. Cuirfear gach duine a bheidh rannpháirteach san iarratas lena n-áirítear na daoine sin a rinne aighneachtaí nó ar éisteadh leo ag an éisteacht ó bhéal ar an eolas maidir leis an gcinneadh tríd an bpost. Seolfar an cinneadh ar láithreán gréasáin an Bhoird freisin.
C28 An bhféadfar forbairt a athrú tar éis dó cead pleanála nó ceadú a fháil?
Féadfar ach caithfidh an Bord an ceadú sin a chur in iúl agus sin amháin. Féadfaidh an Bord téarmaí na forbartha a mbeidh cead nó ceadú deonaithe aige a athrú sa chás go bhfaighfear iarratas ó dhuine atá ag déanamh nó a bhfuil sé i gceist aige/aici, forbairt bonneagair straitéisigh a dhéanamh, sna himthosca a leanas:-
(i) Sa chás nach ionann an t-athrú agus athrú ábhartha, féadfar sin a dhéanamh gan comhairliúchán poiblí.
(ii) Sa chás gur ionann an t-athrú atá beartaithe agus athrú ábhartha ach nach dóigh go mbeidh aon éifeachtaí suntasacha ag an athrú ar an gcomhshaol, féadfaidh an Bord athrú den sórt sin a cheadú tar éis an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú atá iarrata a bheith curtha ar fáil lena scrúdú agus gur thug an Bord, dá lánrogha féin, cuireadh d’aon duine (lena n-áirítear daoine den phobal) aighneachtaí a dhéanamh i ndáil leis an iarratas.
(iii) Sa chás gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag an athrú atá beartaithe ar an gcomhshaol, éileoidh an Bord ar an iarratasóir EIS a ullmhú i ndáil leis an athrú atá beartaithe agus seolfar chuig an mBord é. Beidh feidhm leis na gnáthnósanna imeachta EIA ansin, e.g. fógra poiblí maidir leis an EIS, soláthar d’aighneachtaí poiblí chuig an mBord etc.
C29 Seachas na hathruithe dá dtagraítear i C28, an bhféadfar athruithe eile a dhéanamh nó nithe eile a shoiléiriú?
Féadfar, mar seo a leanas:-
(i) Sa chás go mbeidh earráid chléireachais i gceist, nó go mbreithneoidh an Bord é a bheith riachtanach a shoiléiriú cad a bhí sé i gceist aige a éascú leis an gcead nó leis an gceadú, féadfaidh an Bord a chinneadh a leasú. D’fhéadfadh sé tarlú áfach nach ionann toradh an leasaithe sin agus athrú ábhartha ar théarmaí na forbartha. Féadfaidh an Bord aighneachtaí a lorg sula roghnófar cinneadh a leasú.
(ii) I gcás forbartha sa 7ú Sceideal, féadfaidh an Bord soláthar a dhéanamh go mbeadh pointí mionsonraithe i ndáil le deonú an cheada comhaontaithe idir an údarás pleanála (na húdaráis phleanála) sa limistéar sin ina ndéanfar an fhorbairt agus an duine a bheidh ag comhlíonadh na forbartha. Ní mór aon chomhaontú den sórt sin a bheith teoranta do na pointí a bheidh sonraithe ag an mBord. Sa chás nach dtiocfar ar chomhaontú, cuirfear an ní ar aghaidh chuig an mBord lena chinneadh.
C30 An bhféadfaidh duine cinneadh an Bhoird a achomharc?
Ní fhéadfaidh. Soláthraítear leis na hAchtanna um Pleanáil nach féidir bailíocht chinneadh an Bhoird ar iarratas pleanála, achomharc nó aon chás eile a cheistiú ach amháin trí iarratas chuig an Ard-Chúirt ar athbhreithniú breithiúnach go ginearálta laistigh de 8 seachtaine ón dáta a chinnfear nó a sheolfar an cinneadh. Ní athosclóidh an Chúirt tuillteanais phleanála an cháis agus ní dheonófar cead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach ach amháin má bhíonn an Ard-Chúirt sásta go bhfuil cúiseanna maithe ann a áitiú go bhfuil an cinneadh neamhbhailí nó gur chóir é a chur ar neamhní agus go bhfuil leas substaintiúil ag an duine atá ag lorg an athbhreithnithe breithiúnaigh ar an ní. Soláthraítear leis an Acht freisin nach mór roinnt rialacha eile a chomhlíonadh sula ndeonóidh an Chúirt cead iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach.
C31 An bhféadfaidh duine costais a bhaineann le bheith rannpháirteach sa phróiseas a aisghabháil?
Féadfaidh an Bord, dá lánrogha féin, ranníoc a bhreithníonn sé a bheith réasúnach a dhámhadh i dtreo costais a thabhóidh daoine agus iarratas á bhreithniú. Tá feidhm leis sin maidir le forbairt urraithe údaráis áitiúla, fáil éigeantach údaráis áitiúla, forbairtí bóithre sa 7ú Sceideal agus fáil éigeantach a bhaineann leis an Acht Gáis, 1976 agus an tAcht Aerloingseoireachta 1998.
I gcás cásanna sa 7ú Sceideal, ní mór don Bhord an dámhadh costas a dhéanamh ag an tráth chéanna a dhéanfar an cinneadh ar an iarratas pleanála atá roimhe. Dá réir sin, éileofar aighneachtaí i ndáil le dámhadh costas ó dhaoine iomchuí ag céim idirmheánach sa chás de ghnáth; i ndiaidh tabhairt chun críche na héisteachta ó bhéal, sa chás go mbíonn ceann ann de ghnáth. Ní fhreastalófar ar iarratais ar chostais i ndiaidh na tréimhse a shocrófar in aon chás aonair.
C32 Conas mar a chinnteoidh duine go gcloífear le coinníollacha a leagfaidh an Bord síos?
Sa chás go ndeonóidh an Bord iarratas d’ordú iarnróid, féadfaidh an Bord an t-ordú a aisghairm sa chás nach gcloífear le coinníoll, bac nó riachtanas nó go ndiúltófar cloí le coinníoll, bac nó riachtanas atá sonraithe san ordú iarnróid. Féadfaidh aon duine scríobh chuig an mBord má bhreithníonn siad nach bhfuil ordú an Bhoird á fheidhmiú de réir an deonaithe agus leanfaidh an Bord leis an ní.
Seachas sin, níl aon chumhachtaí forfheidhmithe ag an mBord. Is é an t-údarás pleanála áitiúil go príomha atá freagrach as forfheidhmiú cinntí pleanála agus as léirmhíniú ar choinníollacha a ghearrtar i gcinntí. De réir fhorálacha forfheidhmithe i gCuid VIII den Acht um Pleanáil 2000, ní mór d’údarás pleanála fíor-ghearáin a dhéanann daoine den phobal leis i ndáil le forbairt neamhúdaraithe a fhiosrú lena n-áirítear neamhchomhlíonadh cinntí pleanála. Féadfaidh aon duine iarratas ar urghaire a dhéanamh ar an Ard-Chúirt nó ar an gCúirt Chuarda i ndáil le forbairt neamhúdaraithe in imthosca áirithe.
In imthosca a bhreithneofar nach mbeidh an t-údarás pleanála ag fiosrú fíor-ghearán i ndáil le forbairt / forfheidhmiú neamhúdaraithe, d’fhéadfadh go mbeadh an Ombudsman sásta cuidiú chun an fhadhb a réiteach.
C33 An bhféadfaidh duine gearán a dhéanamh mura mbeidh sé/sí sásta leis an tslí ar dhéileáil an Bord leis an tionscadal?
Féadfaidh. Coimeádann an Bord córas dea-phoiblithe, inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid chun déileáil le gearáin maidir le cáilíocht na seirbhísí a sholáthraítear. Tá mionsonraí den chóras leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí. Déileálfar le gach gearán go cothrom agus go neamhchlaonta agus tá meicníocht achomharc infheidhme. Mar sin féin, ní féidir leis an mBord cás a bhíonn cinntithe a athoscailt ach amháin de réir na nósanna imeachta dá dtagraítear i C28 agus i C29 thuas agus ní phléifear tuillteanais an cháis nuair a bheidh an cinneadh déanta.
Last modified: 02/04/2009



