Léim go dtí an príomhábhar

Conas coinne a dhéanamh leis an mBord

Forálann an An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, go gceapfar Cathaoirleach agus baill eile ar an mBord. Comhlíonann Baill an Bhoird a gcuid dualgas ar bhonn lánaimseartha feidhmiúcháin.

Is é an Rialtas a cheapann an Cathaoirleach as liosta iarrthóirí a roghnaíonn coiste neamhspleách, arb é Uachtarán na hArdchúirte a chathaoirleach, de réir Alt 105 d'Acht na bliana 2000. De ghnáth caithfidh an Rialtas duine a cheapadh as grúpa iarrthóirí, nach mó ná triúr, a roghnóidh an coiste, toisc iad a bheith oiriúnach don cheapachán, dar leis. Go hiondúil bíonn Cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige ar feadh seacht mbliana agus is féidir é a athcheapadh in oifig téarma eile ar chuntar gurb é an Cathaoirleach é (nó í) nuair a dhéantar an t-athcheapadh. 

Forálann an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, go gceapfar naonúr ball eile ar an mBord. Is é an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil a cheapann ochtar de na baill, as measc daoine a bheidh arna roghnú as na ceithre ghrúpa eagraíochtaí a fhorordaítear sna rialacháin, a bheidh ina n-ionadaithe ar:

  • Gairmeacha nó slite beatha a bhaineann leis an bpleanáil fhisiceach, an innealtóireacht agus an ailtireacht.
  • Eagraíochtaí a bhaineann leis an bhforbairt eacnamaíochta, leis an bhforbairt a chur chun cinn agus a chur i crích, le hinfreastruchtúr a sholáthar nó talamh a fhorbairt, nó a bhaineann ar bhealach eile le tionscal na tógála.
  • Eagraíochtaí a sheasann don rialtas áitiúil, do na feirmeoirí agus do na ceardchumainn.
  • Eagraíochtaí a sheasann do dhaoine ar cás leo cosaint agus caomhnú an chomhshaoil agus na gconláistí / do chomhlachtaí deonacha agus do chomhlachtaí ag a bhfuil aidhmeanna carthannacha / d'fhorbairt comhphobail na tuaithe nó na háite, d'fhorás na teanga Gaeilge nó cur chun cinn na hoidhreachta, na n-ealaíon agus an chultúir/comhlachtaí a sheasann do dhaoine faoi mhíchumas /comhlachtaí a sheasann do dhaoine óga.

Beidh an ball eile ceapaithe ag an Aire ó dhaoine ina bhfuil an tAire den tuairim go bhfuil taithí, inniúlacht nó cáilíochtaí sásúla léirithe aige/aici maidir le cúrsaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus inbhuanaitheacht. De ghnáth bíonn na baill seo I seilbh oifige ar feadh cúig bliana agus is féidir iad a athcheapadh téarma amháin eile nó téarma eile fós ar chuntar gur ball ceanntéarma an duine áirithe nuair an dhéantar an t-áthcheapachán. 5 ngnáthchomalta den Bhord atá ann faoi láthair.