Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála. Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

ABP-311040-21 Cinneadh

Cinneadh eisithe ar iarratas ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí maidir le foirgnimh ar an láithreán a scartáil, 204 uimh. aonad cónaithe (98 uimh. teach agus 106 uimh. árasán), áiseanna cúram leanaí agus oibreacha láithreáin gaolmhara a thógáil. Baile Mhaine, Droichead Nua, Co. Chill Dara. Cástagairt: ABP-311040-21

ABP-311040-21 Cinneadh

29 / 11 / 2021

Tá cead tugtha ag an mBord Pleanála le haghaidh na forbartha beartaithe.
 
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 6 Lúnasa 2021 agus cinneadh é ar an 23 Samhain 2021.       
 
San áireamh sa phróiseas iarratais bhí tréimhse chomhairliúcháin phoiblí a lean comhairliúchán réamhiarratais a rinneadh i gcomhar leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil lena mbaineann. 
 
Tá na príomhdhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuairisc an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
   
Gheofar treoir mhionsonraithe maidir le Forbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ag www.pleanala.ie. Gheofar faisnéis bhreise ag bord@pleanala.ie.
                                                                                                                   
Féadfaidh duine ar bith ceist a chur faoina bhailí atá cinneadh de chuid an Bhoird i bhfoirm athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na Cúirte Uachtaraí (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (leasaithe). Gheofar eolas praiticiúil ar an modh athbhreithnithe ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Eolais do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.