ABP-311181-21 Cinneadh
15 / 12 / 2021
Dhiúltaigh An Bord Pleanála cead do Bhloc A agus do Bhloc B agus thug cead don chuid eile don fhorbairt atá beartaithe.Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 20 Lúnasa 2021 agus cinneadh é ar an 9 Nollaig 2021.
San áireamh sa phróiseas iarratais bhí tréimhse chomhairliúcháin phoiblí a lean comhairliúchán réamhiarratais a rinneadh i gcomhar leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil lena mbaineann.
Tá na príomhdhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuairisc an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
- Cásleathanach do https://www.pleanala.ie/ga-ie/case/311181
Gheofar treoir mhionsonraithe maidir le Forbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ag www.pleanala.ie. Gheofar faisnéis bhreise ag bord@pleanala.ie.
Féadfaidh duine ar bith ceist a chur faoina bhailí atá cinneadh de chuid an Bhoird i bhfoirm athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na Cúirte Uachtaraí (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (leasaithe). Gheofar eolas praiticiúil ar an modh athbhreithnithe ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Eolais do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.