Léim go dtí an príomhábhar

ABP-311588-21 Cinneadh

Cinneadh eisithe ar iarratas ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí maidir le 371 uimh. aonad cónaithe (157 uimh. teach, 214 uimh. árasán), creis agus oibreacha láithreáin gaolmhara. Tailte ag Iar-ráschúrsa Greenpark, Bóthar an Duga, Cathair Luimnigh. Cástagairt: ABP-311588-21.

ABP-311588-21 Cinneadh

13 / 04 / 2022

Tá cead tugtha ag an mBord Pleanála le haghaidh na forbartha beartaithe.
 
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 7ú Deireadh Fómhair 2021 agus cinneadh é ar 30ú Márta 2022.   
 
San áireamh sa phróiseas iarratais bhí tréimhse chomhairliúcháin phoiblí a lean comhairliúchán réamhiarratais a rinneadh i gcomhar leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil lena mbaineann. 
 
Tá na príomhdhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuairisc an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
   
Gheofar treoir mhionsonraithe maidir le Forbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ag www.pleanala.ie. Gheofar faisnéis bhreise ag bord@pleanala.ie.
                                                                                                                   
Féadfaidh duine ar bith ceist a chur faoina bhailí atá cinneadh de chuid an Bhoird i bhfoirm athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na Cúirte Uachtaraí (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (leasaithe). Gheofar eolas praiticiúil ar an modh athbhreithnithe ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice  nó ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Eolais do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.