Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála. Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

ABP-311933-21 Cinneadh

Cinneadh eisithe ar iarratas ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí maidir le 183 uimh. aonad cónaithe (87 uimh. teach, 96 uimh. árasán), agus oibreacha láithreáin gaolmhara. Baile fearainn an Bhaile Fhliuch, Bóthar Challainn, Gleann na Bréagaí, Cill Chainnigh, Co. Chill Chainnigh. Cástagairt: ABP-311933-21

ABP-311933-21 Cinneadh

13 / 04 / 2022

Tá cead tugtha ag an mBord Pleanála le haghaidh na forbartha beartaithe.
 
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 12ú Samhain 2021 agus cinneadh é ar 11ú Márta 2022.       
 
San áireamh sa phróiseas iarratais bhí tréimhse chomhairliúcháin phoiblí a lean comhairliúchán réamhiarratais a rinneadh i gcomhar leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil lena mbaineann. 
 
Tá na príomhdhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuairisc an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
   
Gheofar treoir mhionsonraithe maidir le Forbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ag www.pleanala.ie. Gheofar faisnéis bhreise ag bord@pleanala.ie.
                                                                                                                   
Féadfaidh duine ar bith ceist a chur faoina bhailí atá cinneadh de chuid an Bhoird i bhfoirm athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na Cúirte Uachtaraí (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (leasaithe). Gheofar eolas praiticiúil ar an modh athbhreithnithe ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Eolais do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.