Léim go dtí an príomhábhar

ABP-312271-21 - Cinneadh

ABP-312271-21 - Cinneadh

23 / 03 / 2023

Tá cinneadh eisithe maidir le hiarratas um Fhorbairt Tithíochta Straitéisí chun bothán atá ann cheana féin a scartáil, 548 (líon) aonad cónaithe (401 [líon] teach, 147 [líon] árasán) agus 2 naíolann a thógáil chomh maith le hoibreacha láithreáin gaolmhara agus iad ar fad suite ar thailte ag Baile an Alabhóidigh-Cill Mhártain, na bailte fearainn Baile an Alabhóidigh, Cill Mhártain, Ráth an Alabhóidigh, Ráth an Chrúisigh, Na Ballaí Buí, Baile an Phaoraigh agus Baile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15.
 
Tagairt an Cháis: ABP-312271-21
 
Tugann an Bord Pleanála cead i leith na forbartha beartaithe.
 
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 17 Nollaig 2021 agus rinneadh cinneadh ina leith ar an 23 Márta 2023.         
 
Chuimsigh an próiseas iarratais tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus rinneadh comhairliúchán réamhiarratais roimh ré leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil ábhartha. 
 
Tá na príomhcháipéisí a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuarascáil an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
   
Tá treoir mhionsonraithe ar Fhorbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ar fáil ag www.pleanala.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le bord@pleanala.ie.
                                                                                                                   
Féadfaidh duine bailíocht cinnidh ag an Bord a cheistiú ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir teacht ar eolas praiticiúil ar an gcaoi a n-oibríonn athbhreithniú ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.