Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála. Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

ABP-313124-22 Cinneadh

Cinneadh arna eisiúint maidir le hiarratas ar Fhorbraíocht Tithíochta Straitéiseach i dtaca le cead deich mbliana le haghaidh 384 aonad cónaithe a thógáil (202 theach, 182 árasán), mar aon le naíolann agus oibreacha láithreáin gaolmhara. Baile Uí Chaoimh, Raithean, Co. Luimnigh. Tagairt an cháis: ABP-313124-22

ABP-313124-22 Cinneadh

10 / 08 / 2022

Dheonaigh An Bord Pleanála cead don fhorbraíocht atá molta.
 
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid An Bhoird Phleanála an 25ú Márta 2022 agus rinneadh cinneadh ina leith an 30ú Meitheamh 2022.
 
San áireamh le próiseas an iarratais bhí tréimhse de chomhairliúchán poiblí tar éis comhairliúchán réamh-iarratais a chur i gcrích leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil ábhartha. 
 
Tá na príomh-dhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuarascáil an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar a leanas: Tá treoir mhionsonraithe maidir le Forbraíochtaí Tithíochta Straitéiseacha d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcointinne ar fáil ag www.pleanala.ie. Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:bord@pleanala.ie.
                                                                                                                   
Is féidir le duine bailíocht cinnidh ón mBord a cheistiú trí bhíthin iarratais ar athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na n-Uaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986), i gcomhréir le halt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir faisnéis phraiticiúil maidir leis an sásra athbhreithnithe a rochtain ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie