ABP-313144-22 - Cinneadh
07 / 03 / 2023
Tá cinneadh eisithe maidir le hiarratas um Fhorbairt Tithíochta Straitéisí ar 312 (líon) aonad cónaithe (205 [líon] teach, 107 [líon] árasán), saoráid cúraim leanaí agus oibreacha láithreáin gaolmhara i mbaile fearainn An Reigléasa, Bóthar an Mhinistéara, Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath.Tagairt an Cháis: ABP-313144-22
Thug an Bord Pleanála cead i leith na forbartha beartaithe.
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 28 Márta 2022 agus rinneadh cinneadh ina leith ar an 7 Márta 2023.
Chuimsigh an próiseas iarratais tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus rinneadh comhairliúchán réamhiarratais roimh ré leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil ábhartha.
Tá na príomhcháipéisí a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuarascáil an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
- Leathanach an cháis do https://www.pleanala.ie/ga-ie/case/313144
Tá treoir mhionsonraithe ar Fhorbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ar fáil ag www.pleanala.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le bord@pleanala.ie.
Féadfaidh duine bailíocht cinnidh ag an Bord a cheistiú ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir teacht ar eolas praiticiúil ar an gcaoi a n-oibríonn athbhreithniú ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.