Léim go dtí an príomhábhar

ABP-313268-22 - Cinneadh

Tá cinneadh eisithe maidir le hiarratas um Fhorbairt Tithíochta Straitéisí ar 345 (líon) aonad cónaithe (39 [líon] teach, 306 [líon] árasán), naíolann agus oibreacha láithreáin gaolmhara agus iad ar fad suite ag Baile an Haicéadaigh, sna bailte fearainn seo a leanas: Baile an Mhiolbhardaigh, Baile an Haicéadaigh agus Páirceanna an Bhaile, laistiar de Bhóthar an Mhachaire Ghailf, Na Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath. Tagairt an Cháis: ABP-313268-22

ABP-313268-22 - Cinneadh

21 / 03 / 2023

Tá cinneadh eisithe maidir le hiarratas um Fhorbairt Tithíochta Straitéisí ar 345 (líon) aonad cónaithe (39 [líon] teach, 306 [líon] árasán), naíolann agus oibreacha láithreáin gaolmhara agus iad ar fad suite ag Baile an Haicéadaigh, sna bailte fearainn seo a leanas: Baile an Mhiolbhardaigh, Baile an Haicéadaigh agus Páirceanna an Bhaile, laistiar de Bhóthar an Mhachaire Ghailf, Na Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath.
 
Tagairt an Cháis: ABP-313268-22
 
Thug an Bord Pleanála cead i leith na forbartha beartaithe.
 
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 8 Aibreán 2022 agus rinneadh cinneadh ina leith ar an 21 Márta 2023.         
 
Chuimsigh an próiseas iarratais tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus rinneadh comhairliúchán réamhiarratais roimh ré leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil ábhartha. 
 
Tá na príomhcháipéisí a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuarascáil an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
   
Tá treoir mhionsonraithe ar Fhorbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ar fáil ag www.pleanala.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le bord@pleanala.ie.
                                                                                                                   
Féadfaidh duine bailíocht cinnidh ag an Bord a cheistiú ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir teacht ar eolas praiticiúil ar an gcaoi a n-oibríonn athbhreithniú ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice  nó ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.