ABP-314446-22 - Cinneadh
20 / 03 / 2023
Tá cinneadh eisithe maidir le hiarratas um Fhorbairt Tithíochta Straitéisí chun foirgnimh atá ar an láithreán cheana féin a scartáil, 127 (líon) aonad cónaithe (65 [líon] teach, 62 [líon] árasán) agus naíolann a thógáil chomh maith le hoibreacha láithreáin gaolmhara a chur i gcrích agus iad ar fad suite ar Lána Bhaile an Phléimeannaigh, Brí Mhór, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath.Tagairt an Cháis: ABP-314446-22
Diúltaíonn an Bord Pleanála cead a thabhairt i leith na forbartha beartaithe.
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 25 Lúnasa 2022 agus rinneadh cinneadh ina leith ar an 20 Márta 2023.
Chuimsigh an próiseas iarratais tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus rinneadh comhairliúchán réamhiarratais roimh ré leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil ábhartha.
Tá na príomhcháipéisí a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuarascáil an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
- Leathanach an cháis do https://www.pleanala.ie/ga-ie/case/314446
Tá treoir mhionsonraithe ar Fhorbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ar fáil ag www.pleanala.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le bord@pleanala.ie.
Féadfaidh duine bailíocht cinnidh ag an Bord a cheistiú ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir teacht ar eolas praiticiúil ar an gcaoi a n-oibríonn athbhreithniú ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.