Léim go dtí an príomhábhar

Fáilte ón mBord Pleanála roimh mholtaí Athbhreithniú Oifig an Rialálaí Pleanála (OPR)

Fáilte ón mBord Pleanála roimh mholtaí Athbhreithniú Oifig an Rialálaí Pleanála (OPR)

04 / 10 / 2022

Tá fáilte curtha ag an mBord Pleanála roimh an anailís agus na moltaí a d’eascair as an gcéad chéim d’athbhreithniú Oifig an Rialálaí Pleanála ar an mBord, tuarascáil a foilsíodh inniu, agus fáiltíonn sé go háirithe roimh an toradh ginearálta agus cinneadh an athbhreithnithe nach bhfuil aon cháineadh ar leith ar chleachtais an Bhoird ann ach ina ionad sin tá sé dírithe ar urrúntacht agus doiciméadú a chórais agus a  nósanna imeachta a neartú tuilleadh chun cáil agus seasamh an Bhoird laistigh den chóras pleanála a athbhunú agus a fheabhsú.

Agus scrúdú ar chleachtais chinnteoireachta agus ar shocruithe rialachais an Bhoird mar ábhar leis an tuarascáil tosaigh seo, d’aithin an Fhoireann Athbhreithnithe castacht agus luaineacht na timpeallachta reachtúla agus breithiúnacha ina bhfuil an Bord ag feidhmiú agus na dúshláin shuntasacha agus leanúnacha atá ann ó thaobh cinnteoireacht éifeachtach, éifeachtúil agus phragmatach a dhéanamh i gcomhthéacs beartais agus cásdlí atá ag athrú.

Tá roinnt gníomhartha tráthúla agus pragmatacha molta sa tuarascáil seo, lena n-áirítear comhaltaí Boird a cheapadh go práinneach agus acmhainní a mhéadú chun a chinntiú go bhfuil an cumas ag an eagraíocht an t-ualach oibre suntasach a bhainistiú agus a chinntiú go bhfuil an saineolas agus na struchtúir chuí aici chun a freagrachtaí reachtúla a chomhlíonadh.

Táthar ag súil go dtabharfaidh tuilleadh cruinnithe le Foireann Athbhreithnithe an OPR sa dara céim dá cuid oibre sna seachtainí atá romhainn deis chun cuid de na gníomhartha seo a shoiléiriú agus a bheachtú chun a chinntiú go bhfuil siad pragmatach agus go bhfeabhsóidh siad éifeachtúlacht, éifeachtacht agus trédhearcacht chórais an Bhoird.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil tús curtha ag an mBord cheana féin le gníomhartha ar chuid de na saincheisteanna atá molta, trí dheireadh a chur le cruinnithe Boird beirte, gnásanna níos láidre chun aon choinbhleachtaí leasa a dheimhniú agus a thaifeadadh maidir le cás ar bith a chuirtear faoi bhráid an Bhoird dá chinneadh agus athbhreithnithe ar na próisis leithdháilte comhad agus dearbhuithe.
Beidh na gníomhartha seo go léir mar chuid d’athbhreithniú an Bhoird ar a Chód Iompair, mar aon le go leor de na moltaí atá sa tuarascáil athbhreithnithe seo.

D’aithin an Cathaoirleach an t-uafás oibre atá déanta go dtí seo chun díriú ar go leor de na saincheisteanna a ardaíodh, agus léirigh sé tiomantas do chomhoibriú leanúnach le Foireann Athbhreithnithe OPR agus leis an Roinn chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm, agus do bheith i dteagmháil go díreach leo agus iad ag leanúint dá gcuid oibre athbhreithnithe sna seachtainí atá romhainn.

Deireadh
04/10/2022