Cinneadh - ABP-312704-22
03 / 10 / 2022
Cinneadh eisithe d’iarratas um Fhorbairt Tithíochta Straitéisí le haghaidh 336 (líon) aonad cónaithe (245 [líon] teach, 27 [líon] árasán agus 64 [líon] árasán dhá urlár), naíolann agus oibreacha láithreáin gaolmhara ag Baile Mhaine, Droichead Nua, Co. Chill Dara.Tagairt an Cháis: ABP-312704-22
Dheonaigh an Bord Pleanála cead i dtaca leis an bhforbairt bheartaithe.
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 11 Feabhra 2022 agus rinneadh cinneadh ina leith ar an 6 Meán Fómhair 2022.
Bhí tréimhse comhairliúcháin phoiblí san áireamh sa phróiseas iarratais agus rinneadh comhairliúchán réamhiarratais roimhe sin leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil ábhartha.
Tá na príomhdhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuarascáil an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
- Leathanach cáis le haghaidh https://www.pleanala.ie/ga-ie/case/312704
Tá treoir mhionsonraithe maidir le Forbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ar fáil ag www.pleanala.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le bord@pleanala.ie.
Féadfaidh duine bailíocht cinnidh ag an mBord a cheistiú ach iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir teacht ar eolas praiticiúil ar an meicníocht le haghaidh athbhreithniú ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.