Cinneadh - ABP-312987-22
03 / 10 / 2022
Cinneadh eisithe d’iarratas um Fhorbairt Tithíochta Straitéisí le haghaidh 228 (líon) aonad cónaithe (76 [líon] teach, 152 [líon] árasán), naíolann agus oibreacha láithreáin gaolmhara ag Bóthar an Chalafoirt agus Bóthar San Maighréad, Cúil le Gréin, An Inse, Cnoc Rír, Ard na Maoile, An Doirín, Cill Airne, Co. Chiarraí.Tagairt an Cháis: ABP-312987-22
Dhiúltaigh an Bord Pleanála cead i dtaca leis an bhforbairt bheartaithe.
Cuireadh an t-iarratas faoi bhráid an Bhoird Pleanála ar an 11 Márta 2022 agus rinneadh cinneadh ina leith ar an 22 Lúnasa 2022.
Bhí tréimhse comhairliúcháin phoiblí san áireamh sa phróiseas iarratais agus rinneadh comhairliúchán réamhiarratais roimhe sin leis an mBord Pleanála agus leis an údarás áitiúil ábhartha.
Tá na príomhdhoiciméid a bhaineann le cinneadh an Bhoird (Tuarascáil an Chigire, Ordú an Bhoird, Treoir an Bhoird) ar fáil mar seo a leanas:
- Leathanach cáis le haghaidh https://www.pleanala.ie/ga-ie/case/312987
Tá treoir mhionsonraithe maidir le Forbairtí Tithíochta Straitéisí d’iarratasóirí, d’údaráis áitiúla agus don phobal i gcoitinne ar fáil ag www.pleanala.ie. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le bord@pleanala.ie.
Féadfaidh duine bailíocht cinnidh ag an mBord a cheistiú ach iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986), de réir alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir teacht ar eolas praiticiúil ar an meicníocht le haghaidh athbhreithniú ag https://www.pleanala.ie/ga-ie/judicial-review-notice nó ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie.