Léim go dtí an príomhábhar

Mary Cregg

Comhalta den Bhord

Mary Cregg

Comhalta den Bhord


Ceapadh Mary Cregg mar chomhalta de Bhord Eatramhach an Bhoird Phleanála i mí Aibreáin 2023.
Tá 15 bliana de thaithí bainistíochta sinsearaí ag Mary mar Phríomhoifigeach sa Státseirbhís, lena n-áirítear 8 mbliana san aonad Pleanála agus Tógála Scoile sa Roinn Oideachais áit a raibh freagracht uirthi as maoirseacht a dhéanamh ar phleanáil agus soláthar mhórthionscadal caipitil.
Sular ceapadh í ar an mBord Pleanála, bhí sí ina Príomhoifigeach ar an Aonad um Chuimsiú Sóisialta sa Roinn Oideachais.
Tá MSc aici i mBainistíocht Nuálaíochta sa tSeirbhís Phoiblí, agus PhD in Optaiméadracht. Sular thosaigh sí sa Státseirbhís in 2008, bhí raon leathan taithí faighte ag Mary in ionaid chúraim shláinte agus ardoideachais.'