Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála. Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

Michelle Fagan

Comhalta den Bhord

Michelle Fagan

Comhalta den Bhord


Ceapadh Michelle Fagan Dip Arch, B Arch Sc, MRIAI, ina ball an bhoird i bhFeabhra 2018. Tá Michelle ina hAiltire cláraithe le creidiúnú caomhantais Grád 3. Roimh a ceapachán, bhí sí ina stiúrthóir bunaidh do FKL Architects ó 1998, comhlacht ailtireachta a bhfuil duaiseanna buaite acu, agus tá Michelle ag obair i réimse na hailtireachta sa Ghearmáin agus in Éirinn ó gur bhain sí céim amach san ailtireacht san Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i 1990. Le linn a gairme, bhí sí páirteach i dtaighde ailtireachta, taispeántais agus tá léachtaí tugtha aici go náisiúnta agus idirnáisiúnta. Mhúin Michelle san ailtireacht san Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus i gCÓBÁC. D'fhóin sí ar choiste an RIAI le haghaidh deich mbliana, le dhá bhliain san áireamh mar uachtarán an RIAI.