Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála. Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

Oonagh Buckley

Cathaoirleach

Oonagh Buckley

Cathaoirleach


Ceapadh Oonagh Buckley ina Cathaoirleach ar an mBord Pleanála ar an 6 Eanáir 2023.

Bhí post mar Leas-Ard-Rúnaí sa Roinn Dlí agus Cirt ag Oonagh roimhe sula ndeachaigh sí i mbun a róil nua. Bhíodh Oonagh freagrach as an Dlí Sibhialta, lena n-áirítear inimirce, cúirteanna agus reachtaíocht.

Roimhe sin bhí post mar Ard-Stiúrthóir ag Oonagh sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus roimhe sin bhí sí ag obair sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus sa Roinn Comhshaoil agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Nuair a bhí sí sa Roinn Comhshaoil d’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta ar bheartas pleanála agus reachtaíochta agus ar chaomhnú fiadhúlra.

Tá Céim BCL aici; LLM i nDlí Comparáideach na hEorpa; MA sa Léann Eorpach; agus glaodh chun an Bharra í in 1996.

In 2018 chríochnaigh sí céim MSc sa Ghnó i Scoil Ghnó Smurfit, An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in 2017 ceapadh í ina hOllamh cúnta sa Dlí ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ceapadh í ina Cathaoirleach ar an mBord Pleanála ar an 6 Eanáir 2023.