Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála. Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

Una Crosse

Comhalta den Bhord

Una Crosse

Comhalta den Bhord


Ceapadh Una Crosse i mí Feabhra 2023 ar feadh téarma bliana. Tá os cionn 25 bliain de thaithí ghairmiúil pleanála ag Una Crosse, ó ba Chigire Sinsearach Pleanála í le déanaí sa Bhord Pleanála, mar ar ceapadh í in 2007. Roimhe sin, bhí róil éagsúla aici san earnáil phríobháideach agus sna húdaráis áitiúla.

 
Le cois Céim BSc (Onóracha) sa Phleanáil Chomhshaoil agus Dioplóma Iarchéime i bPleanáil Baile agus Tuaithe (QUB), tá dioplómaí iarchéime bainte amach ag Una san Innealtóireacht Chomhshaoil (TCD), i mBainistíocht EIA agus SEA (UCD), sa Dlí Pleanála agus Comhshaoil (Óstaí an Rí) mar aon le Máistreacht i mBainistíocht Chrios an Chósta (Ollscoil Uladh). Is ball í Una d’Institiúid Pleanála na hÉireann.