Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Ceannach Éigeantach

Cásanna d'Fháil Éigeantach Talún (alt 214 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000)

Is é an Bord an t-údarás breithiúnachta maidir le fáil éigeantach talún ón uair a aistríodh feidhmeanna sa bhliain 2001 ón Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go dtí an Bord maidir le fáil éigeantach údaráis áitiúil faoi achtacháin éagsúla

Leathnaíodh feidhmeanna an Bhoird maidir le fáil éigeantach ó shin agus áirítear orthu anois gach ceann de na cineálacha cásanna seo a leanas:

Acht Na d’Tithe 1966 Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (alt 76 agus an Triú Sceideal

Iarratas arna dhéanamh ag údarás áitiúil chuig an mBord ar dheimhniú ordú ceannaigh éigeantaigh (féadfaidh údarás áitiúil an próiseas OCE (mar atá leagtha amach san Acht 1966) a ghníomhachtú chun aon cheann de na críocha faoina shainordú ar féidir leis cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh a fheidhmiú lena n-aghaidh). Is é an OCE an nós imeachta is coitianta a úsáideann údaráis áitiúla chun ceannach éigeantach talún a údarú. 

An tAcht um Láithreáin Thréigthe 1990 (ailt 14, 15 agus 16)

Iarratas údaráis áitiúil chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le fáil éigeantach láithreáin thréigthe.

Acht Soláthairtí Uisce 1942 (ailt 8, 9 agus 10)

Iarratas údaráis sláintíochta chuig an mBord ar ordú sealadach chun togra a údarú chun soláthar uisce a thógáil ó fhoinse uisce.

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 (alt 8)

Iarratas údaráis sláintíochta chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le fáil éigeantach talún ar áit chontúirteach í anois nó ab í roimhe sin.

An tAcht um Shláinte Poiblí (Éire), 1878 (Alt 203)

Achainí údaráis sláintíochta chuig an mBord ar ordú sealadach chun fáil éigeantach talún a údarú.

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 Alt 73

Iarratas údaráis phleanála chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le struchtúr faoi chosaint a fháil go héigeantach.

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 Alt 83

Iarratas údaráis phleanála chuig an mBord ar chomhthoiliú maidir le struchtúr nó talamh eile laistigh de limistéar caomhantais ailtireachta a fháil go héigeantach.

An tAcht Gáis 1976 Alt 32 (alt 215A den Acht um Pleanáil agus 2000 arna leasú)

Iarratas chuig an mBord ar ordú fála chun aon fháil éigeantach talún nó ceart thar talamh a údarú maidir le tógáil nó oibriú píblíne gháis ar forbairt bonneagair straitéisigh gáis í.

An tAcht Gáis 1976 Alt 31 (alt 215A den Acht um Pleanáil agus 2000 arna leasú)

Iarratas chuig an mBord ar chead píblíne gháis a thógáil, a chothabháil, a dheisiú nó a athchur ar forbairt bonneagair straitéisigh gáis é laistigh de theorainneacha formheasta diallais.

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú) 1998 Alt 17

Iarratas ag Údarás Aerfoirt Bhaile Átha Cliath chuig an mBord ar ordú fála chun críocha a bhaineann le forbairt de nó ag Aerfoirt Stáit (mar atá leagtha amach ag Alt18 d'Acht na bliana 1998).

An tAcht Cuanta 1996 Alt 16

Iarratas Chuideachta Cuain chuig an mBord ar ordú fála chun fáil éigeantach talún a údarú le haghaidh forbairt a bhaineann le cuan.

 

Cásanna d'fháil éigeantach talún faoi achtacháin éagsúla le haghaidh forbairtí a aicmítear mar fhorbairt bonneagair straitéisigh

Aicmítear chomh maith mar fhorbairt bonneagair straitéisigh (féach na cásanna d'fháil éigeantach thíos) aon chásanna ar leithligh d'fháil éigeantach a ceapadh chun críche forbairt bheartaithe ar forbairt bonneagair straitéisigh í a éascú. Tabhair ar aird go gcorpraítear san iarratas aon tograí maidir le fáil éigeantach talún chun críocha scéim bóthair (mar a shainítear é in alt 47 den Acht Bóithre 1993) nó oibreacha iarnróid beartaithe atá mar ábhar le hordú iarnróid san iarratas ar fhormheas do scéim bóthair lena mbaineann nó san iarratas ábhartha ar ordú iarnróid.

Éilimh ar Chostais

Tá sé de chumhacht ag an mBord ranníocaíocht a dhámhachtain i leith costas réasúnach a thabhaíonn aon duine a thagann os comhair éisteacht ó bhéal, a bhaineann le talamh a cheannach go héigeantach ag údarás áitiúil. Braithfidh dámhachtain costas ar thoradh an cháis áirithe agus de ghnáth ní íocfar iad ach leo siúd a mbíonn tionchar díreach ag ceannach éigeantach na talún i dtrácht orthu. Tá sé de chumhacht ag an mBord cinneadh a dhéanamh faoi cad iad na costais atá réasúnta agus is féidir leis a chinneadh na costais go léir, cuid díobh nó aon cheann de na costais a iarrann an rannpháirtí a dhámhachtain.