Léim go dtí an príomhábhar

Iarratais ar Thoiliú Ionaid

Tá sé beartaithe ag an leathanach seo cabhrú le hiarratasóirí doiciméid a ullmhú chun tacú lena n-iarratais ar Thoiliú Ionaid agus lena n-iarratais faoi alt 37L (Iarratais ar Fhorbairt Bhreise).

Is é cuspóir an doiciméid seo cabhrú le hiarratasóirí doiciméid a ullmhú chun tacú lena n-iarratais ar Thoiliú Ionaid agus lena n-iarratais faoi alt 37L (Iarratais ar Fhorbairt Bhreise). Níl sé beartaithe a bheith ina threoir dhlíthiúil, agus moltar duit an reachtaíocht iomchuí a athbhreithniú agus breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le comhairle ghairmiúil a fháil.

1.0 Réamhrá

1.1 Tagann iarratais ar Thoiliú Ionaid chun cinn i gcás go ndearnadh forbairt a raibh Measúnacht Tionchair Timpeallachta nó Measúnacht Chuí, nó an dá rud, ag teastáil ina leith, agus nár cuireadh na measúnachtaí sin i gcrích nó gur cinneadh iad a bheith lochtach.

1.2 Ní mór Tuarascáil leigheasta ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta nó Ráiteas leigheasta Tionchair Natura, nó an dá rud, a bheith ar áireamh in iarratas ar thoiliú ionaid. I gcás go measfaidh an t-iarratasóir nach bhfuil feidhm ach ag doiciméad amháin den sórt sin, ní mór Tuarascáil Scagtha don doiciméad eile a chur isteach chun a léiriú cén fáth nach bhfuil an doiciméad eile ag teastáil.

1.3 I gcás nach measfaidh iarratasóir nach bhfuil Tuarascáil leigheasta ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ná Ráiteas leigheasta Tionchair Natura ag teastáil i leith forbairt atá ag iarraidh cead coinneála, is féidir leis an iarratasóir smaoineamh ar leas a bhaint as alt 176A den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, chun go ndéanfaidh an t-údarás pleanála scagadh le haghaidh Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta. Tá oibleagáid ar an údarás pleanála scagadh a dhéanamh le haghaidh Measúnacht Chuí ag an am céanna. Féadfar cinneadh arna dhéanamh ag an údarás pleanála a tharchur chuig an gCoimisiún Pleanála le haghaidh athbhreithnithe, faoi alt 176C.

1.4 Má tá an t-iarratasóir ag iarraidh forbairt bhreise a dhéanamh ar na tailte/ar an bhforbairt atá faoi réir ceanglas chun Toiliú Ionaid a fháil, nó má tá sé nó sí ag iarraidh na tailte nó an fhorbairt sin a leathnú chuig talamh tadhlach, is féidir iarratas a dhéanamh faoi alt 37L laistigh de 6 seachtaine ón iarratas ar Thoiliú Ionaid a chur isteach. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh ar an dá chomhad le chéile.

2.0 Ábhar an Iarratais ar Thoiliú Ionaid

2.1Is í Foirm 7 sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú, an fhoirm iarratais atá le húsáid. Tá gach cuid le comhlánú, agus ‘N/B’ léirithe mura mbaineann réimse ar leith le hábhar don fhorbairt.
2.2Fógra Láithreáin – ní mór cóip den Fhógra Láithreáin a chur ar áireamh (Foirm 6 sna Rialacháin). Ní mór an Fógra Láithreáin a bheith ag comhlíonadh cheanglais Airteagal 19(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú, go ginearálta.
2.3Fógra Nuachtáin – ní mór cóip den Fhógra Nuachtáin a chur ar áireamh. Ní mór an nuachtán a úsáidtear le haghaidh an fógra a fhoilsiú teacht faoin liosta ceadaithe nuachtán de chuid an údaráis pleanála ina bhfuil an láithreán suite.
2.4Is de réir Sceideal 9 a ghabhann leis na Rialacháin atá an táille atá ag gabháil leis an iarratas. Molaimid duit nóta a cheangal le ríomh do tháille chun a mhíniú conas a ríomhadh í. Mar shampla, d’fhéadfaí an táille a ríomh ó Aicme 6 (mianadóireacht mianraí), ó Aicme 4 (le haghaidh soláthar foirgneamh) agus ó Aicme 8 (le haghaidh soláthar gléasra nó innealra). Sonraítear in alt 177M(1) go mbeidh an táille i leith iarratais ar thoiliú ionaid comhionann leis an táille a bheadh iníoctha faoi na rialacháin cheada dá mbeadh iarratas á dhéanamh ag an iarratasóir ar chead faoi alt 34(1) seachas iarratas ar thoiliú ionaid. Féadfaidh an Coimisiún cuid de na costais nó na costais uile arna dtabhú ag an gCoimisiún nó ag an údarás pleanála agus Toiliú Ionaid á dheonú aige a iarraidh agus féadfaidh sé, le fógra, a ordú don iarratasóir suimeanna a íoc leis an dá pháirtí nó le ceachtar páirtí. Féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de 2 sheachtain ó fhógra den sórt sin a fháil, aighneacht a dhéanamh chuig an gCoimisiún.
2.5Ba cheart sé chóip chrua de na líníochtaí agus de na sonraí eile a ghabhann leis an iarratas a sholáthar. Ba cheart leagan leictreonach de na doiciméid uile a sholáthar freisin. Mura bhfuil an leagan leictreonach de na doiciméid mar an gcéanna leis na cóipeanna crua, seolfar an t-iarratas ar ais chuig an iarratasóir. Ba cheart litir ón iarratasóir, nó ó ghníomhaire an iarratasóra, a sholáthar ina ndeimhnítear go bhfuil an leagan digiteach mar an gcéanna leis an gcóip chrua.
2.6I gcás go mbeidh Tuarascáil leigheasta ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ag gabháil leis an iarratas, ba cheart admháil á léiriú gur cuireadh í chuig an Tairseach Tuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta atá á cothabháil ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a chur ar áireamh.
2.7I gcás nach gcuirfear Tuarascáil leigheasta ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ná Ráiteas leigheasta Tionchair Natura isteach leis an iarratas, ba cheart doiciméad scagtha le haghaidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta nó Measúnacht Chuí a chur ar áireamh ina léireofar cén fáth nach bhfuil sí ag teastáil.
2.8Ba cheart an dul chun cinn le himeacht ama a léiriú ar líníochtaí, i gcás gurb iomchuí. Is féidir é sin a chur i láthair i dtéarmaí bonnlíne (an chuma a bhí ar an láithreán sular cuireadh tús leis an bhforbairt) agus an staid reatha. I gcás cairéil, is cabhair ar leith iad trasghearrthacha atá dathchódaithe a sholáthar agus úsáid a bhaint as grianghraif ón aer chun dul chun cinn na forbartha a léiriú.
2.9Litir thoilithe ó úinéirí nó áititheoirí na talún, i gcás gurb iomchuí.
2.10Ráiteas faoi Imthosca Eisceachtúla. Ní féidir cead pleanála a dheonú le haghaidh Toiliú Ionaid ach amháin i gcás go gcomhlíonfar gach ceann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas faoi alt 177K. Ba cheart don iarratasóir aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na pointí seo i Ráiteas faoi Imthosca Eisceachtúla. Is féidir é sin a bheith ina dhoiciméad neamhspleách nó is féidir é a bheith mar chuid de thuarascáil pleanála. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas leis an ráiteas:
• An mbeadh tabhairt na forbartha chun rialtachta ina sárú ar an Treoir um Measúnacht Tionchair Timpeallachta nó ar an Treoir um Ghnáthóga? Treoirlínte maidir le Faisnéis atá le cur isteach in éineacht le hiarratais ar Thoiliú Ionaid agus le hiarratais faoi alt 37L Leathanach 6 de 33
• Ar chreid, nó arbh fhéidir le réasún go gcreidfeadh, an t-iarratasóir nach raibh an fhorbairt neamhúdaraithe?
• An féidir cur isteach go mór ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta/ar Mheasúnacht Chuí atá oscailte do rannpháirtíocht an phobail?
• Cé na héifeachtaí iarbhír nó dóchúla a eascróidh as leanúint leis an bhforbairt?
• Cá mhéad is féidir éifeachtaí suntasacha ar an gcomhshaol nó éifeachtaí dochracha ar shláine láithreáin Eorpaigh a leigheas?
• Ar chomhlíon an t-iarratasóir aon cheadanna pleanála eile nó an ndearna sé nó sí gníomhaíochtaí neamhúdaraithe roimhe seo?
• Aon nithe iomchuí eile.
2.11Déanfaidh an Coimisiún breithniú ar nithe a bhaineann le pleanáil chuí agus le forbairt inchothaithe freisin.
2.12Is gnách nach dtugtar leis an iarratas ar Thoiliú Ionaid ach amháin cead le haghaidh forbairt atá déanta cheana féin, mura mbaineann an t-iarratas le forbairt atá ceadaithe cheana féin a chríochnú. Má tá oibreacha le haghaidh forbairt cheadaithe a chríochnú san iarratas, ba cheart don iarratasóir a bhreithniú an bhfuil Measúnacht Tionchair Timpeallachta nó Measúnacht Iomchuí ag teastáil le haghaidh na ngnéithe den fhorbairt atá le críochnú. Má tá an t-iarratasóir den tuairim nach bhfuil na doiciméid sin ag teastáil, ba cheart tuarascálacha scagtha a chur isteach chun tacú leis an tuairim sin.
2.13Má tá an t-iarratasóir ag iarraidh leanúint d’fhorbairt bhreise a dhéanamh, ar an láithreán nó ar thailte tadhlacha, beidh iarratas faoi alt 37L ag teastáil.

3.0 Ábhar an iarratais faoi alt 37L

3.1 Is chun forbairt bhreise a dhéanamh ar thalamh a bhaineann le hiarratas ar thoiliú ionaid atá iarratas faoi alt 37L. Mar shampla, is féidir go mbainfidh sé le leathnú fisiciúil isteach ar thalamh tadhlach nó le doimhniú nó síneadh cliathánach cairéil atá ann cheana. Is féidir freisin go mbainfidh sé le críochnú nó síneadh a dhéanamh ar fhorbairt is ábhar d’iarratas ar thoiliú ionaid.
3.2 Foirm – De réir Fhoirm 2 de na Rialacháin.
3.3 Fógra Láithreáin – ní mór an fógra láithreáin a leagan amach de réir Fhoirm B (Foirm Uimh. 10) mar atá leagtha amach sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú. Ní mór an Fógra Láithreáin/na Fógraí Láithreáin a léiriú ar Phlean Leagan Amach an Láithreáin.
3.4 Táillí – tá na táillí le haghaidh iarratais faoi alt 37L mar atá siad leagtha amach in alt 2 de Sceideal 9 a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú.
3.5 Molaimid duit nóta a cheangal le ríomh do tháille chun a mhíniú conas a ríomhadh í. Mar shampla, d’fhéadfaí an táille a ríomh ó Aicme 6 (mianadóireacht mianraí), ó Aicme 4 (le haghaidh soláthar foirgneamh) agus ó Aicme 8 (le haghaidh soláthar gléasra nó innealra).
3.6 Ba cheart sé chóip chrua de na líníochtaí agus de na sonraí eile a ghabhann leis an iarratas a sholáthar. Ba cheart leagan leictreonach de na doiciméid uile a sholáthar freisin. Mura bhfuil an leagan leictreonach de na doiciméid mar an gcéanna leis na cóipeanna crua, seolfar an t-iarratas ar ais chuig an iarratasóir. Ba cheart litir ón iarratasóir, nó ó ghníomhaire an iarratasóra, a sholáthar ina ndeimhnítear go bhfuil an leagan digiteach mar an gcéanna leis an gcóip chrua.
3.7 I gcás go mbeidh Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ag gabháil leis an iarratas, ba cheart admháil á léiriú gur cuireadh í chuig an Tairseach Tuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta atá á cothabháil ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a chur ar áireamh.
3.8 I gcás nach gcuirfear Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta ná Ráiteas Tionchair Natura isteach leis an iarratas, ba cheart doiciméad scagtha le haghaidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta nó Measúnacht Chuí a chur ar áireamh ina léireofar cén fáth nach bhfuil sí ag teastáil.

4.0 Bailíochtú le haghaidh Iarratais ar Thoiliú Ionaid

4.1 Tá na seicliostaí a ndéanfaidh an Coimisiún iarratais a mheasúnú ina gcoinne in Aguisín 1. Moltar d’iarratasóirí a ndoiciméid a sheiceáil i gcoinne na seicliostaí sin chun an dóchúlacht go mbeidh a n-iarratas bailí a mhéadú. Níl na seicliostaí sin uileghabhálach agus níor cheart iad a úsáid ach amháin mar threoir.
4.2 Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh chun go mbeidh sé in ann an t-iarratas a bhailíochtú.
4.3 Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ag dáta níos déanaí, mar shampla, tar éis cuairt ar an láithreán, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach mícheart go substaintiúil nó go ndearnadh easnaimh shuntasacha san iarratas. Is féidir leis an gCoimisiún ag an am sin a chinneadh fós an t-iarratas a dhéanamh neamhbhailí.

5.0 Bailíochtú le haghaidh Iarratais faoi alt 37L

5.1 Ní mór an t-iarratas a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine ó thaisceadh an iarratais ar thoiliú ionaid.
5.2 Déanfar an dá iarratas a phróiseáil agus a chinneadh ag an am céanna ag an gCoimisiún.
5.3 Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh chun go mbeidh sé in ann an t-iarratas a bhailíochtú.
5.4 Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ag dáta níos déanaí, mar shampla, tar éis cuairt ar an láithreán, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach mícheart go substaintiúil nó go ndearnadh easnaimh shuntasacha san iarratas. Is féidir leis an gCoimisiún ag an am sin a chinneadh fós an t-iarratas a dhéanamh neamhbhailí.

6.0 Comhchomhairliúchán Réamhiarratais

6.1 Moltar d’iarratasóir páirt a ghlacadh sa phróiseas Comhchomhairliúcháin Réamhiarratais sula gcuirtear iarratas isteach agus sula n-iarrann sé nó sí cruinniú leis an gCoimisiún.
6.2  Tá sé de rogha ag an gCoimisiún cruinniú a reáchtáil nó gan é a reáchtáil. Mar sin féin, moltar comhchomhairliúcháin, go háirithe i leith cásanna níos casta.
6.3 Níl an cruinniú réamhiarratais bunaithe ar fhiúntas. Is ar an bpróiseas agus ar an doiciméadacht iomchuí ba cheart a bheith ag gabháil leis an iarratas/na hiarratais atá díriú an chruinnithe sin. Ní dhéantar aon chinntí sna cruinnithe Comhchomhairliúcháin Réamhiarratais sin.
6.4 Ba cheart Iarraidh Réamhiarratais ar leith a dhéanamh le haghaidh an iarratais faoi alt 37L. Cé go mbeidh uimhreacha cáis ar leith ag an dá iarratas, is dóigh go gcuirfear an dá chruinniú ar siúl ar an aon lá amháin agus leis an aon fhoireann amháin de chuid an Choimisiúin Pleanála.
6.5 Seolfar taifead ar an gcruinniú chuig an iarratasóir chun a t(h)uairimí a fháil. Mar sin féin, ní athrófar an taifead ar an gcruinniú.