Tionscadail Leasa Choitinn
Is é An Coimisiún Pleanála an t-údarás inniúil maidir le Tionscadail Leasa Choitinn (TLC) faoi Rialachán 374/2013 na hEorpa ar Threoirlínte maidir le bonneagar fuinnimh tras-Eorpach.
D'ullmhaigh An Coimisiún Pleanála Lámhleabhar um Nósanna Imeachta Próisis Deonaithe Ceadanna faoi airteagal 9 de Rialachán 347/2013 ar Threoirlínte maidir le Bonneagar Fuinnimh Tras-Eorpach.
Féadfaidh tú féachaint ar thionscadail reatha agus iar-thionscadail sa phróiseas toilithe.
Forbairt Chónaithe ar Mhórscála
Tugadh an próiseas forbartha cónaithe mórscála isteach an 17 Nollaig 2021 chun áit an phróisis forbartha tithíochta straitéisí a ghlacadh.
Leis an bpróiseas forbartha cónaithe mórscála, athbhunaítear an próiseas pleanála dhá chéim, áit a dtagann an chinnteoireacht i leith iarratais forbartha cónaithe mórscála faoi shainchúram an údaráis áitiúil pleanála ar an gcéad ásc an athuair agus a bhfuil ceart ann chun achomharc a dhéanamh chuig an Choimisiún Pleanála, ina dhiaidh sin.

Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge